Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an gheilleagair the economy
" Forbairt an gheilleagair ======= Tá an t-ardú seo i leibhéal oideachais an Stáit an-tábhachtach d'fhorbairt an gheilleagair agus d'fhorbairt na sochaí.
bunchlocha an gheilleagair foundation-stones of the economy
" Ag deireadh na gcaogaidí ceapadh é mar Rúnaí ar an Roinn Airgeadais agus, le linn a thréimhse sa roinn sin, chuir sé polasaithe maidir le sochair chánach d'infheisteoirí eachtrannacha, saorthrádáil agus tráchtáil onnmhairíochta chun cinn - bunchlocha an gheilleagair a tháinig faoi bhláth sna nóchaidí.
an gheilleagair nua ocraigh of the new hungry economy
" Tá PuDong ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán anois: suanliosanna do mheitheal oibre an gheilleagair nua ocraigh.
bhainistiú an gheilleagair the management of the economy
" Chuir an rialtas béim ar bhainistiú an gheilleagair agus an chaoi a raibh cúrsaí go maith faoina stiúir.
gheilleagair economies
" Tagann na mílte turasóir gach bliain ar a chuid eitleán go hInis Bó Finne agus Toraigh, rud atá tar éis spreagadh a thabhairt do gheilleagair na gceantar sin ach atá tar éis iad a athrú go hiomlán.
leas an gheilleagair the benefit of the economy
" “Déanann daoine ar an phá íosta obair bhunúsach agus ní le leas an gheilleagair é pá na ndaoine sin a ghearradh,” ar sé.
dírithe ar bhainistiú an gheilleagair, concentrated on the management of the economy,
" B’fhearr leis an rialtas go mbeadh aird an phobail dírithe ar bhainistiú an gheilleagair, ach is ríléir go bhfuil aird á díriú ar na dlíthe nua caidrimh thionsclaíoch a chuir an rialtas i bhfeidhm anuraidh.
ach bád an gheilleagair a choinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuil sé faoi láthair. to keep the economy on its current course
" Is dócha nach bhfuil le déanamh ag PO, mar sin, ach bád an gheilleagair a choinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuil sé faoi láthair.
ó thaobh an gheilleagair de. as regards the economy.
" Comórtas mór le rá atá ann, a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ar leith ag baint leis i dtaca le híomhá na hÉireann thar lear, ó thaobh na turasóireachta de agus, go háirithe, ó thaobh an gheilleagair de.
garbhshíon an gheilleagair financial storm
" Is olc an ghaoth nach séideann maith Tharla go mbeidh garbhshíon an gheilleagair inár gcoinne go ceann tamaill eile, ní miste na deiseanna atá fanta againn a áireamh.
ó thaobh an gheilleagair de from the point of economics
" Tá an tír ar fad, an dá dhlínse nó oileán na hÉireann mar a thugtar anois ar ár dtrírín iathghlas, go beag de mhaith ó thaobh an gheilleagair de agus a fhad is atá muid sásta díorthaigh airgeadais agus Malartaithe Loicthe Creidmheasa agus mistéirí dothuigthe eile an ardairgeadais a fhágáil ag daoine nach bhfuil fios a ngnoithe acu, .
bhonnstrúchtúr an gheilleagair financial infrastructure
" Ní hamháin go bhfuil geilleagar na hÉireann á tharraingt go tóin poill ag fórsaí móra domhanda, ach is cosúil go bhfuil mórlochtanna ar bhonnstrúchtúr an gheilleagair intíre.
fhorbairt gheilleagair economic development
" Bhíodh baint an-láidir ag an fhorbairt gheilleagair leis an mhéid gháis cheaptha teasa a gineadh roimhe seo.
anfa gheilleagair financial tempest
" Anois agus Éire buailte ag an anfa gheilleagair, cuirtear an cheist, an bhfuil bua na ceannaireachta ag an Taoiseach Brian Cowen.
i gcroílár an gheilleagair in the centre of the economy
" Ansin sheol rialtas Roosevelt an New Deal, beartas nua a chuirfeadh an rialtas ar ais i gcroílár an gheilleagair.
drochstaid an gheilleagair the bad financial state of affairs
" An Rogha Ceann Scríbe Is é Sasana an rogha ceann scríbe atá acu ar fad in ainneoin drochstaid an gheilleagair ina bhfuil an tír sin faoi láthair.
Géarchéim an Gheilleagair the financial crisis
" Géarchéim an Gheilleagair Anois don chéad uair tá sé ag teacht chun solais chomh cóngarach do chiumhais na haille a tháinig an tír i ndeireadh 2008 agus tús 2009.
dul chun cinn an gheilleagair economic progress
" Bhí mé ar tí ‘dul chun cinn an gheilleagair’ a rá, ach seo í an cheist: an tábhachtaí, dar leat, béim a leagan ar an dul chun sóisialta in áit a leagan don chuid is mó ar dul chun cinn geilleagair? **An Bealach Ceart nó Botún?** Níl amhras dá laghad orm go bhfuil an stát in iomrall sa treo a bhfuil siad ag leagan béim na forbartha.
forbairt an gheilleagair economic development
" Is é bun agus barr an scéil acu, gur fás agus forbairt an gheilleagair a chaithfear a dhéanamh.
géarchéim an gheilleagair the finance crisis
" Easpa ceannródaíochta le dul i ngleic le géarchéim an gheilleagair agus gan an téagar polaitiúil léirithe le go mbeadh meas coitianta tuillte aici (à la Dan Quayle).
chuaranfa gheilleagair financial storm
" Ó thaobh thodhchaí na nuachtán de, tiocfaidh deireadh leis an chuaranfa gheilleagair, ach leanfar ar aghaidh le forbairt an idirlín.
gheilleagair economic
" Rinne mé tuar san iris seo an t-am seo anuraidh go mbainfí leas as an ghéarchéim gheilleagair le tuairimí agus dúnghaoisí a chur chun tosaigh nach nglacfaí leo cúpla bliain ó shin.
ngéarchéim gheilleagair economic crisis
" Buartha faoin ngéarchéim gheilleagair? I d’intinn atá sé sin ar fad, a deir príomhshaineolaí airgeadais.
gheilleagair economy
" Balor an Bhéil Bhinn a roghnaíodh as measc iriseoirí uile na liarlóige seo chun aghaidh a thabhairt ar chathair cháiliúil sin na beorach cois locha i Stáit Aontaithe Mheiriceá, féachaint cad é mar a bhí ag éirí leo thall agus lagtrá an gheilleagair ag brú go géar orthu.
gheilleagair economy
" Cén chaoi a dtiocfadh nó tá Éire ar cheann de na tíortha is mó atá ceangailte leis (agus ag brath ar) an ghréasán idirnáisiúnta gheilleagair.
gheilleagair economy
" Saoirse gan Só Ní féidir a rá, ar an drochuair, go bhfuil cúrsaí sa Tíomór Thoir níos fearr anois ná a bhí siad seacht mbliana ó shin, go háirithe ó thaobh an gheilleagair de.
cúinsí gheilleagair economic conditions
" Ní thig a shéanadh gur sprioc fiúntach é seo agus an bhróg ag teannadh ar chuile ghné eile den státchóras de bharr cúinsí gheilleagair na tíre is na cruinne.
an gheilleagair of the economy
" Admhaíonn Roddy go bhfuil athrú mór ar chaint na ndaoine i mBaile Átha Cliath le 20 bliana anuas, mar gheall ar inimirce le linn ré bhorrtha an gheilleagair: *“I wrote ‘The Commitments in 1986 and I suppose it is now like a historical record of the way people in Dublin spoke then.
forbairt gheilleagair economic development
" Níos tábhachtaí fós deirtear i Moladh 4 go mba cheart go bhfágfaí ‘forbairt gheilleagair agus bhonneagair na Gaeltachta’ mar ‘phríomhchúram’ ag an Údarás.
gheilleagair economic
" Tá an tsochaí athraithe as a riocht ó shin, ar ndóigh, ach an féidir go gcruthóidh géarchéim gheilleagair an 21ú haois caoinfhulaingt níos buaine?
gheilleagair economy
" Tá go leor fianaise ann go mbeidh an tSín ar an tír is cumhachtaí ó thaobh an gheilleagair faoi cheann fiche bliain nó mar sin, agus creidim go mbeidh ról lárnach ag an eolaíocht agus ag an innealtóireacht sa scéal sin.
Titim Gheilleagair the Economic Collapse
" Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh a fhios againn céard a thug sinn go dtí an pointe seo, go dtuigfimis an Drochshaol, Cogadh na Talún, Éirí Amach na Cásca, Titim Gheilleagair 1929 agus 1999.
ghéarchéim gheilleagair financial crisis
" Sa cheantar sin cois Loch Michigan ar an taobh ó thuaidh de Chicago, meas tú cad é an cnámh spairne is mó idir na hiarrthóirí? Ní hé na cogaí atá an tír ag troid san Iaráic agus san Afganastáin ná an ceann atá siad ag tosnú sa Phacastáin, ná an ghéarchéim gheilleagair a bhfuil baint láidir aige leis na cogaí sin.
gheilleagair economic
" ” Deir sé go bhfuil eagraíocht ann chun forbairt shóisialta agus gheilleagair a dhéanamh ar an nGaeilge in Éirinn.
neart an gheilleagair economic strenght
" Tá sí ar an tír is mó a tháirgíonn bithbhreosla cheana féin agus ní mar gheall ar neart an gheilleagair amháin a bheidh súile na cruinne ar thír an samba as seo go ceann scaithimh: beidh Corn an Domhain ar siúl ann in 2014 agus na Cluichí Oilimpeacha in 2016.
ghéarchéim gheilleagair economic crisis
" Ach b'fhéidir go gcuirfeadh an ghéarchéim gheilleagair borradh éigin faoin ghluaiseacht i dtreo an oideachais chomhtháite.
géarchéim an gheilleagair the economic crisis
" Bhí siad den bharúil go dtí bliain ó shin gur chóir é a athleasú ach de réir a chéile, ó lár na bliana seo caite, thiontaigh géarchéim an gheilleagair ina géarchéim pholaitíochta.
an chóras gheilleagair of the economic system
" An dream bídeach a mhaígh roimh thitim ó dhíomais an chóras gheilleagair, níor tugadh aon aird mórán orthu ag an am, Peter Schiff i Meiriceá, David McWilliams agus Eddie Hobbs in Éirinn.
gheilleagair economic
" Brains Bocht Cowen! Tháinig sé fríd an dara reifreann ar Chonradh Lisbon; choinnigh sé greim ar an tír nuair a tháinig an ghéarchéim gheilleagair; stiúir sé sinn trí thrioblóid i ndiaidh trioblóide gan tuisle, gan leagadh, gan leonadh, ach… Nuair a bhí cluiche beag cairdiúil gailf aige le Seánie Beag Fitzpatrick, bhuel, bhí a phort seinnte.
thitim an gheilleagair the economic flop
" Cén fáth an diamhracht go léir faoi na seanadóirí teifeacha? Téann sé ar ais sé mhí nó mar sin, nuair a bhí Meiriceá agus an Páirtí Daonlathach in ísle brí mar gheall ar thitim an gheilleagair.
d’innealra táirgiúil an gheilleagair of the productive economic machinery
" Amach ó na Marxaigh is díograisí, ní chreideann páirtí ar bith sa lá inniu gur chóir go mbeadh an chuid is mó d’innealra táirgiúil an gheilleagair i seilbh an stáit.
dúnghaois gheilleagair agus cánach economic and tax policy
" Ba faoin Lucht Oibre a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
dúnghaois gheilleagair agus cánach economic and tax policy
" Ba faoin Lucht Oibre sa gcás sin a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
forbairt gheilleagair economic development
" ” An Mheanma a Mhúscailt ============ Labhair muid ar leabhar úr John Walsh, Contests and Contexts: The Irish Language and Ireland’s Socio-Economic Development, a léiríonn go bhfuil nasc idir cur chun cinn na Gaeilge agus forbairt gheilleagair na hÉireann.
tuairteáil gheilleagair economic crash
" Céard is cúis leis an sonas i saol na n-óg in Éirinn? Lena bhfuil de dhrochscéalta thart faoin tuairteáil gheilleagair, faoin dífhostaíocht agus faoi chaimiléireacht na bpolaiteoirí, is deacair a shamhlú gur as an méid seo a spreagtar aon chineál sonais sa chroí óg.
an gheilleagair of the economy
" Ní meath na Gaeilge an fhadhb is mó atá ag an gceantar seo ach meath an gheilleagair ar bhonn áitiúil.
an tuairt gheilleagair the economic collapse
" Níor lochtaíodh é san am áfach, go mb'fhéidir an ceart a bheith ag mionlach an amhrais a thuar an tuairt gheilleagair, tuairt a bhí ag tórmach gan stad ag an am.
gheilleagair economy
" Tá drumaí an gheilleagair ag bualadh i ngach cearn, tá dífhostaíocht i bhfad ró-ard fós, agus (Dia dár sábháil!) tá na páirtithe ag réiteach don chéad toghchán uachtaránachta eile cheana féin, i mí na Samhna 2012, 16 mí amach romhainn.
chúlú gheilleagair economic decline
" De réir an iriseora le RTÉ, Feargal Keane, dúirt máistir fómhais de chuid na gcúirteanna leis gur ar mhaithe leis an chúlú gheilleagair atá costais na n-abhcóidí tite ó chúig mhíle sa lá go ceithre mhíle sa lá.
fhás gheilleagair economic growth
" Ach ar chóir go ngearrfaí an cháin bhreise ar thithe (nó ar luach talaimh) ar ioncaim, ar chaiteachas (CBL), nó ar fhoinsí eile? Is cosúil go bhfuil na heacnamaithe ar aon intinn maidir le cén cháin is mó a dhéanann dochar don fhás gheilleagair.
bhorradh gheilleagair economic growth
" Sular chlis ar an bhorradh gheilleagair, bhaineadh an rialtas níos mó na míle milliúin amach ar dhleacht stampála.
ghéarchéim gheilleagair economic emergency
" Tá bánú na tuaithe ar siúl go leanúnach agus tugann an ghéarchéim gheilleagair an deis dóibh siúd a shíleann gur rud maith é, leithéidí an iriseoir ardphróifil Frank McDonald, an dearcadh a bhrú ar aghaidh mar phríomhchlár nó ‘agenda’ s’acu.
leagan amach an gheilleagair economic structures
" Mealladh infheistíocht Mheiriceánach, léirscaoileadh gnóthaí tráchtála, agus cuireadh athruithe ar leagan amach an gheilleagair.
ghéarchéim gheilleagair economic crisis
" An ghéarchéim gheilleagair ar a dtugtar an crisis abhus faoi deara do dhoras an túir a bheith faoi ghlas go daingean.
fiontair ghnó agus an gheilleagair shóisialta business and socio-economic projects
" Ba é Nelson McCausland ón DUP a d'fhógair gur cinneadh go dtógfaí réileán peile, sacair agus rugbaí, láthair laistigh spóirt, foirgneamh tráchtála ina mbeidh fiontair ghnó agus an gheilleagair shóisialta anuas ar na tithe.
aontacht pholaíochta agus gheilleagair political and economic agreement
" Scríobh a chomhghleacaí Frank Griffin ná raibh i gceist san acht seo ach geallúint teibí go ndéanfadh Rialtas na hÉireann lán a dhíchill chun aontacht pholaíochta agus gheilleagair an Aontais Eorpaigh a bhaint amach.
sláinte an gheilleagair the economic health
" Buanna Mórálacha agus an Geilleagar ============== Cé acu gur chóir tús áite a thabhairt dóibh, iompar príobháideach an tsaoránaigh nó forais ghinearálta dár thóg na saoránaigh céanna? An rud dleathach seachas matamaticiúil í sláinte an gheilleagair i ndeireadh báire? An n-éireoidh le Páirtí Cumannach na Síne riamh glúin dúchasach cosúil le Jefferson agus Madison na Meiriceánach a chruthú roimis chúlú i bhforbairt a ngeilleagair? Bhain ceann amháin des na léachtaí leis an nasc idir an dlí coiteann agus sláinte an gheilleagair.
an chúlú gheilleagair the economic crisis
" Is léir nach bhfuil polaiteoirí Thuaisceart Éireann in ann smacht a fháil ar an chúlú gheilleagair agus ní i gcúrsaí fostaíochta amháin.
i ré seo an chúlaithe gheilleagair in these times as the economic shrinks
" Ach tá daoine sa Bhreatain, agus i ngach tír eile ar domhan, ar ndóigh, nach bhfuil chomh láidir sin ar son na hinimirce, go háirithe i ré seo an chúlaithe gheilleagair.
tá daoine beo i saol réadúil an gheilleagair people live in the real economic world
" Mar a dúirt Eamon Phoenix, tá daoine beo i saol réadúil an gheilleagair, an cúlú geilleagair, cúrsaí oideachais, fadhbanna pearsanta agus feiceann siad gur féidir na cuspóirí pearsanta agus na gairm-mhianta atá acu a chomhlíonadh sa tuaisceart.
fheabhsú an gheilleagair improving the economy
" Beidh orainn obair go dian ar fheabhsú an gheilleagair, ach sílim go bhfuil an deis ag sleamhnú uainn na ceisteanna eile a chur.
a mba cúis iad leis an ngéarchéim gheilleagair which caused the economic crisis
" Nuair a chuir Enda Kenny tús leis an bhfeachtas cúpla seachtain ó shin dúirt sé nach raibh aon mhaith leis an Seanad mar nár chuir an Seanad in aghaidh na bpolasaithe geilleagair a mba cúis iad leis an ngéarchéim gheilleagair ina bhfuil an tír faoi láthair.
i réimse an gheilleagair in the area of economics
" Ardaíonn an líon suntasach seo daoine ceisteanna tábhachtacha i réimse an gheilleagair, réimse an chomhair idirnáisiúnta agus i réimsí eile nach iad.
gheilleagair na dtíortha seo the economies of these countries
" Tá bunús maith leis seo nó tháinig méadú mór ar an choiriúlacht sna seachtóidí agus i dtús na n-ochtóidí i roinnt tíortha saibhre, agus ar ndóigh, tugadh suaitheadh láidir do gheilleagair na dtíortha seo le linn na tréimhse úd.
roimh chliseadh an gheilleagair before the economic collapse
" Cuireann an flosc chun forbartha an borradh a bhí faoi thionscal na tógála roimh chliseadh an gheilleagair i gcuimhne dom.
an fhreagracht atá orthu i réimse an gheilleagair their responsibility in area of economics
" I measc na gcúram atá ar rialtas an lae inniu níl aon cheann acu chomh tábhachtach leis an fhreagracht atá orthu i réimse an gheilleagair.
a cuid beartais gheilleagair her financial policies
" Ba chuma léi gur cháin rúnaí airgid nua na Stát Aontaithe a cuid beartais gheilleagair go poiblí i 1980.
cliseadh an gheilleagair the economic collapse
" Ní raibh cliseadh an gheilleagair ceaptha le tarlú, agus murar d'aon ghnó a tharla sé, léiríonn sé gur treise dlí Uí Mhurchú i saol an domhain ná dlíthe go leor eile.
díreach sular ar tharla an ghéarchéim gheilleagair just before the financial crisis occurred
" Tá an Ghréig go daingean den bharúil go gcaithfidh an saothar a thabhairt ar ais agus tógadh Iarsmalann an Acrapolas i 2009, díreach sular ar tharla an ghéarchéim gheilleagair, mar a bhfuil leath na bhfríosanna le feiceáil ann taobh le cóipeanna plastair de na cinn atá i Londain.
as drochriocht an gheilleagair for the bad shape of the economy
" Bíonn buntáiste an-mhór ag rialtas nua faoi go mbíonn siad in ann an milleán a chur ar mhíbhainistí an iar-rialtais as drochriocht an gheilleagair nuair a chuireann siad cáinaisnéis déine i ngníomh i gcéad bhliain a réime.
ar son an gheilleagair iomláin for the entire local economy
" Déanann siad amhlaidh ar son an gheilleagair iomláin: sa ráig fhorleata den ghalar crúb is béal sa Bhreatain i 2001, £1 billiún a chosain sé ar an talmhaíocht, ach £4 billiún an costas a cailleadh i réimse na turasóireachta.
Tá cromnasc an gheilleagair the economic constraints
" Tá cromnasc an gheilleagair buailte ar gach éinne agus dearcfaidh siad go léir an treo eile.
gheilleagair economic
" Caitheann Donncha Ó hÉallaithe a shúil ar an ngéarchéim gheilleagair ina bhfuil an tír, a tharla le barr sainte daoine, dar leis.
dhúnghaois gheilleagair na tíre the national economic policy
" Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag coinneáil súil ar a raibh ar bun sa Dáil ar an 18 Samhain, an lá stairiúil ar ghlac an IMF ceannas ar dhúnghaois gheilleagair na tíre.
i dtaobh an gheilleagair in regard to the economy
" Tá ceachtanna i dtaobh an gheilleagair le foghlaim dar le John-Paul Mc Carthy ach éisteacht le Léachtaí Reith a thug Niall Ferguson le déanaí.