Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Doilbhe gloom, melancholy
" Doilbhe, dubhachas agus duifean atá mar shainchomharthaí ag a gcuid teachtaí úra uilig.
chiamhaire gloom
" Bhí mé cinnte gur ag tagairt do chiach agus do chiamhaire agus do chian an amhráin a bhí siad, ach ní hea! Ag tagairt don spota buí ar thóin a dhráir a bhí siad! An duine nach raibh spota buí ar thóin a dhráir ariamh seasadh sé suas.
ghruaim gloom
" Bhí an greann (a lán de) agus an ghruaim ann, an troime agus an éadroime fite fuaite lena chéile go healaíonta agus téamaí éagsúla á nochtadh sa dráma go cliste.
doilbhe gloom
" "An bhfuil a dhath ar bith ag bogadh istigh ansin i ndiamhracht agus i ndoilbhe agus i marbhchiúnas Fhoraois na Gaeilge?" a fhiafraíonn Balor an Bhéil Bhinn.
smúid gloom
" Tháinig an smúid seo orm agus mé ag éisteacht le Barry Gardiner go háirithe, aire in Oifig Thuaisceart Éireann a bhfuil cúram an oideachais air.
ghruaim gloom
" Ach comhghairdeas leo as a ngaisce, rud a chuidigh le cuid den ghruaim a ardú de lucht iomána na hardchathrach tar éis bhliain na hainnise ag na sinsir.
gruaim gloom
" Chuir an marú gruaim ar Fisk.
ghruaim gloom
" Píosa seacht nóiméad ar fhad ar an bhfeadóg íseal a ghluais ó mhall go tapa, ó ghruaim go suáilceas, ó uaigneas aonair go ceiliúradh comhluadair.
an ghruaim gloom
" I dteach tábhairne ceann tuí i gceartlár Ghaeltacht Chonamara a bhíos agus comhluadar breá i mo thimpeall agus cé gur thit an ghruaim ar an gcomhluadar ar feadh scathaimhín tar éis an chluiche ba ghearr gur thosaigh an ceol agus an amhránaíocht agus an spraoi arís.
chun gruaim dhosheachanta na háite a mhaolú. to lessen the unavoidable gloom of the place.
" Bhí an ghrian ag taitneamh ar an lá i mí an Aibreáin ar thóg mé an GHF go Majdanek ach ba bheag a rinne na gathanna teo gréine chun gruaim dhosheachanta na háite a mhaolú.
mar fhaoiseamh ón leamhthuirse agus ón dubhachas as a relief from the boredom and gloom
" Chuaigh cuid mhór acu i dtreo na coireachta le hairgead a fháil, agus thosaigh siad ag tógáil drugaí mar fhaoiseamh ón leamhthuirse agus ón dubhachas a bhain leis an dól.
duairce gloom
" B'shin cúis duairce Mikey, infheisteoir ar Wall Street a tháinig isteach chuig an ngruagadóir maidin Dé Sathairn seo caite.
ghruaim gloom
" Leas an Cheachta Chrua An uile ní meáite, níor chóir an ghruaim as féin amháin a nochtú i gcuntas mar seo ach an oiread.
duairceas gloom
" Shhhh! Don iarthaoiseach iarghaoiseach Garret Mac Gearailt thabharfainn fiacla úra – foireann iomlán acu – sa dóigh go mbeadh daoine in ann corrfhocal eile a thuigbheáil ag teacht amach as a bhéal seachas ‘duairceas agus doineann agus gruamacht’ agus ‘deich mbliana eile ar a laghad’.
gruamacht gloom
" Shhhh! Don iarthaoiseach iarghaoiseach Garret Mac Gearailt thabharfainn fiacla úra – foireann iomlán acu – sa dóigh go mbeadh daoine in ann corrfhocal eile a thuigbheáil ag teacht amach as a bhéal seachas ‘duairceas agus doineann agus gruamacht’ agus ‘deich mbliana eile ar a laghad’.
gruaime gloom
" Deireadh Ré BD: Ag amharc chun tosaigh anois, an bhfuil aon rud a gcuirfidh tú béim air agus tú ag ullmhú do dheireadh an téarma Uachtaránachta? Uachtarán na hÉireann: Agus cúrsaí geilleagair anois athraithe as éadan ar fad, ní miste dúinn, mar phobal, spiorad soirbhíochais a chothú sa tír, le cur i gcoinne na lagspride agus na gruaime.
gruaim gloom
" Chuir teacht na foirne ón CAI (IMF) agus ón AE (Banc an AE) go hÉirinn an mhí seo caite gruaim ar an tír.
faoi smúit an gheimhridh in wintery gloom
" Ba chomhartha dóchais an fás nua san Earrach tar éis do gach rud a bheith sioctha síos go dorcha rúnda faoi smúit an gheimhridh.
ghruaim chéanna same gloom
" Ní bhíonn an ghruaim chéanna orthu faoi chúrsaí agus a bhíonn ar an nglúin os a gcionn.
an duairceas gloom
" Siúltar raon leathan mothúchán agus na húdair ag dul i ngleic leis an bhás, idir an duairceas, an cur síos lomnocht agus fiú amháin an greann.
dhuairceas gloom
" Ritheann fuarchreathanna an bháis tríom féin aon uair a chuirim síos ar dhuairceas na gcaogadaí.
duairceas gloom
" Titim Tóna na Gréige =========== Agus má chuireann na scéalta sin duairceas agus dobhracht agus dúire oraibh, a léitheoirí dílse, fanaigí go léann sibh an scéal seo: bhí croí bocht brúite Bhaloir ar tí briseadh nuair a chuala sé faoi chás cara eile dá chuid, Achilles Drinkadropulous.
dobhracht gloom
" Titim Tóna na Gréige =========== Agus má chuireann na scéalta sin duairceas agus dobhracht agus dúire oraibh, a léitheoirí dílse, fanaigí go léann sibh an scéal seo: bhí croí bocht brúite Bhaloir ar tí briseadh nuair a chuala sé faoi chás cara eile dá chuid, Achilles Drinkadropulous.
dúire gloom
" Titim Tóna na Gréige =========== Agus má chuireann na scéalta sin duairceas agus dobhracht agus dúire oraibh, a léitheoirí dílse, fanaigí go léann sibh an scéal seo: bhí croí bocht brúite Bhaloir ar tí briseadh nuair a chuala sé faoi chás cara eile dá chuid, Achilles Drinkadropulous.
ghruaim gloom
" Tháinig na scríbhneoirí Beat chun cinn mar chuid den ghlúin Mheiriceánach sin a raibh súil acu le ré nua spreagúil agus spraíúil tar éis ghruaim an Dara Cogadh Domhanda.
duairceas is bonn leis gloom is not the reason
" I mBéal an Phobail Abhus ============= Caintítear cuid mhaith ar an *crisis* abhus, ach ní hé an duairceas is bonn leis an allagar céanna de ghnáth, agus ní tréith í a shamhlaím le muintir na Gailíse trí chéile.
bhí díomách le gruaim na cathrach was depressed with the urban gloom
" Bhíodh sí ag inseacht dhúinn faoi bhean eile ón mbaile a chuaigh anonn agus a bhí díomách le gruaim na cathrach.
claonta chun an duaircis inclined towards gloom
" Agus thar aon rud eile bhí daoine claonta chun an duaircis – an claonadh céanna is a léirigh staidéar an Ollaimh Lucey.
Níor ghruaim go dtí iad they were the picture of gloom
gruaim thruamhéalach na hinscribhinne the inscription's piteous gloom
" Agus gruaim thruamhéalach na hinscribhinne.
Cuireadh an dubh ina bhán the gloom was lifted
" Cuireadh an dubh ina bhán.