Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dtromchodladh duairc a heavy, gloomy sleep
" Cloisim i mo chloigeann anois é, an t-uaillmhaíomh macallach úd a dhúisíonn iad siúd atá tar éis an geimhreadh a chaitheamh ina dtromchodladh duairc.
ciachmhar gloomy, dark
" Is beag cat a chorraíonn nó cú a chacann ar an oileán ciachmhar, ciaptha seo nach dtig a iomrá 'fhad le Balor na Súile Nimhe luath nó mall.
gruama gloomy
" Tá dath gruama ar na ballaí, tá na fuinneoga clúdaithe agus tá na staighrí cúng agus crochta.
duairc gloomy
" Cén fáth ansin gur chuir mé romham an Camino de Santiago de Compostella a shiúl mar shaoire? Nach bhfuil an saol sa bhaile duairc agus dian go leor gan cur leis an duairceas agus an phian trí breis agus 20 ciliméadar a shiúl sa teas, faoin ngrian, le mála mór ar mo dhroim le mo chuid balcaisí agus bia an lae ann.
duairce gloomy
" Ach caithfear an cheist a chur na laethanta duairce faiteacha seo: céard a tharlódh in Éirinn dá dtarlódh tubaiste mhór ag Sellafield? Ceist í seo a chuir an tArd-Aighne, Ruairí Ó Brádaigh, nuair a sheas sé suas sa gcúirt idirnáisiúnta sa Háig an mhí seo caite.
dobhartha gloomy/dull
" "Inseoidh mé an scéal díreach mar a thagann sé isteach i mo chrúb, gan cur leis ná baint de!" Seo daoibh anois sliocht as dialann dobhartha, doilbhir, duairc an Aire Chráite, Chraiceáilte, Chonfaigh: (nóta ón eagarthóir: Feicfidh sibh leis na lúibíní thíos gurbh éigean dúinn cinsireacht a dhéanamh ar roinnt de na focail dána a tháinig chugainn díreach ón chrúb iomráiteach sin.
gruama gloomy
" " As go brách leis an scódaí súgach ansin, suas fá chósta thiar na hÉireann, fríd na tuillte agus na stoirmeacha, fríd an anfa agus an doineann ar dlúthchuid iad de shamhradh gruama na hÉireann.
gruama gloomy
" Ar an lá stairiúil sin i 1789 réab na *sans culottes* isteach sa bpríosún gruama i bPáras agus tús á chur acu le Réabhlóid na Fraince.
murdaróirí modarthacha gloomy murderers
" Thuig an chosmhuintir go maith nach fada go mbeadh seansálaithe, amhais anaithnide agus murdaróirí modarthacha an treo ar thóir seod, óir agus vótaí.
gruama gloomy
" An rud a chuir iontas orm ná go raibh aoibh mhaith ar Adams nuair a bhí an pobal i gcoitinne traochta, buartha, gruama.
dubhaigeanta gloomy
" Bhí Laoch na Litríochta dubhaigeanta agus lagspridiúil an mhí seo a chuaigh thart de thairbhe nach raibh mórán ag tarlú sa tír a dtiocfadh leis a shúil nimhe a chaitheamh air.
gruama gloomy
" Thug sé súil suas ar an spéir, a bhí scamallach gruama, díreach mar a bhíonn go minic in Coatbridge.
spéartha duairce scamallacha gloomy cloudy skies
" Mar sin, ar thoghadh Polannaigh mar Phápa i 1978 bhí sé mar a bheadh solas gréine ag taitneamh ar an tír tar éis blianta de spéartha duairce scamallacha.
spéartha duairce scamallacha gloomy cloudy skies
" Mar sin, ar thoghadh Polannaigh mar Phápa i 1978 bhí sé mar a bheadh solas gréine ag taitneamh ar an tír tar éis blianta de spéartha duairce scamallacha.
machnamh gruama gloomy reflection
" Agus téann machnamh gruama na ndialann i gcion ar an té a bhíonn ag dul i ngleic leo.
go raibh smúid uirthi. that she was gloomy.
" Chonaic a hathair go raibh smúid uirthi.
pailéad dorcha gruama a dark gloomy palette
" Ba é an cleachtadh a bhí aige go dtí sin ná pailéad dorcha gruama a úsáid agus é ag léiriú an tsaoil laethúil a bhí á scrúdú aige ina thír dhúchais, an Ísiltír.
móinteán ollmhór gruama. a huge gloomy moor.
" Ansin chuaigh muid trasna A’Mhòine, móinteán ollmhór gruama.
róthrom agus ródhuairc, too heavy and too gloomy,
" Agus ar eagla go measann tú, mar a mheas mise agus mé fós i mo dhéagóir tútach, nach bhfuil bun ná barr lena chuid scannán, go bhfuilid róthrom agus ródhuairc, nach bhfuil aon scéal iontu, gurbh léachtóir fealsúnachta go bunúsach é, seachas fear scannán, ní fíor sin, ná baol air.
Súim isteach an t-atmaisféar duairc, I absorb the gloomy atmosphere,
" Súim isteach an t-atmaisféar duairc, cuirim figiúirí uamhnacha uafáis de ghlanmheabhair.
gruama gloomy
" Bhí an lá breá gruama nuair a d’éirigh mé, ach ní raibh agam ach cúpla uair an chloig sula mbeinn gafa leis an obair a bhí le déanamh agam sa Ghearmáin.
duairc gruama morose and gloomy
" Saor-Phreispitéireach cartúnach a bhí ann, é duairc gruama lán fuatha do dhaoine nár aontaigh sé leo.
gruama agus duairc gloomy and pessemistic
" Is minic a bhíonn an sean-*cliché* sin le cloisteáil mar gheall ar fhuirseoirí a bheith gruama agus duairc nuair nach mbíonn an *persona* poiblí i gceist.
gruama. gloomy
duairce gloomy
" Seo daoibh anois, más ea, smaointe doimhne, duairce, domhaiseacha eagarthóir na liarlóige leimhe leibidí seo: Balor: Den chéad uair riamh tá an deis agam agallamh a chur ar eagarthóir Beo Ar Éigean!, ach fós tá mé cinnte nach gcuirfidh tú an sliocht seo ar bharr an leathanaigh bhaile.
gruama gloomy
" org/wiki/National_Asset_Management_Agency) Tá scamall gruama os cionn na tíre.
ródhuairc too gloomy
" Tá an colún seo éirithe ródhuairc le déanaí.
ghruama gloomy
" ag súil le bronntanas iontach lá Nollag, ach i mbliana, ní bronntanas a fhaigheann sé ach fírinne - fírinne ghruama, fhuar a mhúchann spiorad draíochtúil na Nollag .
duairc dark, gloomy
" Is cuma cén leagan a roghnaíonn tú, is duairc an todhchaí atá i ndán do na heagrais dheonacha Gaeilge! Thig a bheith cinnte, áfach, faoi athrú amháin atá i ndán do shaol na Gaeltachta.
ghruama gloomy
" Aimsir ghruama, fhliuch a bhí ann agus mé ag tiomáint suas an M6 i dtreo na teorann agus shíl mé agus mo chara Jamie nach mbeadh deis ar bith againn dul ar na cnoic an lá sin, ach nuair a bhain muid Moffat amach thosaigh sé ag glanadh.
duairc dúr dark and gloomy
" Is fada íomhá ag lucht an aineolais den Ghaeilgeoir mar dhuine duairc dúr gan aoibh ar leasc leis a bheith ag magadh faoi féin nó faoi éinne eile.
duairc gloomy
" Léaró Dóchais: Mayawati Ní dubh duairc ar fad atá scéal an mhionlaigh líonmhair seo, áfach.
duairc gloomy
" Tá rogha cinniúnach le déanamh ag muintir na hÍsiltíre ar an 9 Meitheamh: aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna i sochaí na tíre faoi cheannas dhuine a chreideann san ilchultúrachas ach a thuigeann na deacrachtaí a bhaineann leis, nó aghaidh a thabhairt ar thodhchaí a bhreathnaíonn thar a bheith duairc.
duairc, gruama gloomy and sad
" Agus, leis sin, tá athrú meacain tagtha ar na scéalta, iad ag éirí duairc, gruama – scéal i ndiaidh scéil.
Is doilbhe gloomier
" ” “A chlann liom,” ar seisean, “Is doilbhe go mór an áit é seomra comhdhála Fhine Gael ná íochtar Ifrinn.
gruama gloomy
" Is cuimhin liom Polkowice mar bhaile salach agus gruama – ach ní mar sin atá sé anois.
ghruama gloomy
" Is é a theastaíonn anois ná ding le cur faoin doras chun é a choinneáil ar oscailt, chun go ligfear roinnt aeir úir isteach san áit mhúisiúnta ghruama dhochma sin – chomh maith le roinnt céille agus réasúin.
gruama gloomy
" Mealladh Mheiriceá ======= Ach ná bímis gruama inniu.
dúluachair gloomy dark period
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
cuma ghruama a gloomy appearance
" Seo an áit a bhfuair mo chara James bás nuair a thit sé i 2009 (Beo eagrán 100) agus bhí cuma ghruama ar an sliabh, caithfidh mé a admháil.
gruama gloomy
" Ní thosaíonn an bóthar ag dul in airde i gceart go dtí go bhfágfar Moutiers, baile gruama faoi scáth na sléibhte a dtugtar baile tairsí na nAlp air sna bróisiúir thurasóireachta.
bhí cuma dhuairc ar an áit seo the place looked gloomy
In umar na haimiléise in the gloomiest moments
" Aisteoireacht Éachtach =========== In umar na haimiléise, fiú, aimsíonn Mija laistigh di féin modhúlacht agus samhlaíocht an chailín bhig óig inmhéanaigh nár fhás suas riamh.
duairc gloomy
" ’Sé an lasc dubh bacailite, sreangán cas ar sileadh uaidh, meafar duairc na mblianta sin domhsa.
duairc gloomy
" Bhí Laoch na Litríochta dubhaigeanta, dúlionnach agus duairc an mhí seo a chuaigh thart, de thairbhe cainte gan stad gan staonadh faoi dhrochstaid na tíre.
an tuar duairc úd that gloomy prediction
" Tá cúig bliana caite ó deineadh an tuar duairc úd sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, nach mairfeadh an teanga mar rogha-theanga an phobail níos mó ná fiche bliain mura nglacfaí céimeanna ar leith le dul i ngleic leis an mheath.
an dtiocfaidh an tuar fán tairngreacht dhuairc whether the gloomy prophesy shall come into being
" Is le linn do shealsa mar Phríomhfheidhmeanach mar sin a chinnteofar cinniúint na Gaeltachta agus an dtiocfaidh an tuar fán tairngreacht dhuairc a rinne údair an Staidéir Chuimsithigh.
ab ea an t-aitheasc gruama seo was this gloomy speech
" Osna Chalvineach ab ea an t-aitheasc gruama seo dar leis an scoláire Lincoln is fear sa lá atá inniu ann, Allen C.
bíonn gruaim agus míshásamh oraibh you’re (always) gloomy and disgruntled
" Sa dráma teilifíse Meiriceánach, The Sopranos, deir inimirceach Rúiseach “Tá gach rud agaibh, mar Mheiriceánaigh, ach bíonn gruaim agus míshásamh oraibh i gcónaí”.
timpeallacht dhearóil ghruama seo these bleak gloomy surroundings
" D’fhás grá idir an bheirt acu sa timpeallacht dhearóil ghruama seo ach, ar nós scéal grá maith ar bith eile, bhí cúpla casadh sa bhealach rompu.
cuma ghruama a gloomy appearance
" uk> Athchúrsáil Ballóg Teampaill ============ Leis an ailtireacht Gotach ann, bhí cuma ghruama ar an bhallóg i gcónaí, agus chuir an lucht meisce agus na handúiligh drugaí ina suí ar na céimeanna leis an atmasféar brónach san áit.
tabhairt faoi chúinne dorcha dúr get into a dark and gloomy nook
" Chuige sin, níl an dara rogha ag lucht na teanga (lasmuigh den Ghaeltacht) ach dreamanna comhrá eagraithe a chur ar bun agus tabhairt faoi chúinne dorcha dúr chun dul i mbun cainte.
gruama gloomy
" Na Lóchrainn Draíochta ============= Ní hionadh ar bith é go raibh na Francaigh tógtha leis an fantasmagorie ag an tréimhse sin mar bhí ré an ghilitín agus na muirthéachta díreach curtha díobh acu agus atmaisféar dorcha gruama fós san aer.
cruth gruama cinniúnach na hÉireann the fateful and gloomy appearance of Ireland
" D’oir argóintí Allers cruth gruama cinniúnach na hÉireann dar le de Fréine: “Tá dhá phríomhábhar spreagtha sa duine, ‘mian na cumhachta’ agus ‘mian an chuideachtanais’ (ar cuspóir di duine a oiriúnt i gcomhair saoil mar bhall de phobal sóisialta.
fógra duairc a gloomy announcement
" In áit ghnáthphictiúirí na coileáin óga i mbun oibre ag cabhrú le daoine faoi mhíchumas, bhí fógra duairc ann.
a n-óige i ndílleachtlann ghruama the childhood in gloomy orphanage
" Tá aithne ag an mbeirt chailíní seo ar a chéile le blianta fada; chaitheadar beirt a n-óige i ndílleachtlann ghruama mar ar fhulaingíodar mí-úsáid chorpartha agus ní fios cad eile tráth den saol.
an domhan laethúil chomh duairc daily life as gloomy
" Is éard atá á rá ag Muingu ná seo: Tá Ceaușescu imithe, tá an euro i bhfeidhm mar airgead reatha, ach tá an domhan laethúil chomh duairc agus chomh leatromach agus a bhí riamh, é ar maos le saint, cruálacht agus an dúshaothrú ceannann céanna agus a bhí ann faoin seanchóras.