Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gníomhaithe teanga language activists
" Bhí baint ag Taoiseach na huaire, Éamon de Valera, lena bunú chomh maith le heagraíochtaí agus gníomhaithe teanga na linne sin.
gníomhaithe activists
" " Taobh amuigh de na páirtithe polaitiúla a bhíonn an chuid is mó de na gníomhaithe ag obair na laethanta seo agus tá sin le feiceáil sa titim i mballraíocht Pháirtí an Lucht Oibre, síos ó 400,000 i 1997 go dtí 280,000 inniu.
ghníomhaithe pobail community activists
" Beidh ar mhuintir an chontae féin, idir údaráis áitiúla, thionsclóirí, ghníomhaithe pobail agus eile a theacht le chéile luath nó mall le bealaí éifeachtacha, eacnamúla agus glana a aimsiú le soláthar leictreachais den ardghrád a thabhairt chun an chontae.
Phlean Gníomhaithe don Phóilíneacht Implementation Plan of Policing
" Tá maíte ag Gerry Adams gur ghlac an SDLP an cinneadh glacadh leis an Phlean Gníomhaithe don Phóilíneacht le "fíoruisce glas" (focail s'agamsa) a chur idir iad agus Sinn Féin.
níos gníomhaí more active
" Cad é faoin Fhronta Pan-Náisiúnaíoch? Tá bearna idir an SDLP agus Sinn Féin, tá Bertie Ahern ag obair lámh ar láimh le Tony Blair (agus é ag breathnú ar an chéad olltoghchán eile ó dheas), tá rialtas úr i Meiriceá nach bhfuil chomh tógtha sin fá cheist na hÉireann, ainneoin go raibh siad níos gníomhaí go dtí seo ná mar bhí daoine ag dúil leis (ach ní chuideoidh cás "Thriúr Bogota" le nascanna rathúla le Washington a chothú do Shinn Féin).
gníomhaí pobail community activist
" Chinn gníomhaí pobail áitiúil, Maria Gomez, ar chabhrú leo.
gníomhaí active
" Tá an Ghaeilge i bhfad níos fearr as ná mar a shíltear, ach tá feidhm le hatmaisféar na gcríoch déanach, nó coinníonn sé an sracadh sa chuid is gníomhaí de ghluaiseacht na Gaeilge.
is gníomhaí agus is ilghnéithí most active and most diverse
" Ach, cé go gcuirfeadh sé iontas ar dhaoine, le deich mbliana anuas tá machaireacha fairsinge Indiana tar éis baile a chur ar fáil do cheann de na pobail is gníomhaí agus is ilghnéithí i Meiriceá.
gníomhaithe teanga language activists
" Bhunaigh grúpa gníomhaithe teanga an chraobh seo sa bhliain 1983 leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc phobal Dhoire agus leis an ráchairt a bhí ann ag an am ar ranganna Gaeilge a shásamh.
ghníomhaithe Gaeilge Irish language activists
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an ionad agus leis an eagraíocht? Is iad na laigí atá ag baint linn ná na dúshláin a gcaithfidh gach eagraíocht Ghaeilge déileáil leo ó thaobh stádas mionlach na teanga de ach, níos mó ná sin, tá an dúshlán níos géire agus níos deacra do ghníomhaithe Gaeilge sa Tuaisceart.
ba ghníomhaí most active
" Ba iad na daoine óga ba ghníomhaí sa streachailt seo chun neamhspleáchas a bhaint amach ón Danmhairg agus sna hiarrachtaí chun an tseanteanga a athbheochan.
ghníomhaí agent
" An gníomhaí ======= Neach fireann éigin nach n-ainmnítear atá ina ghníomhaí sa chéad abairt ar fad, agus is é gníomh a rinne sé glam a ligean as ar dhul as radharc theach a athar dó.
ní ba ghníomhaí more active
" Ach de réir a chéile d'éirigh sí ní ba ghníomhaí.
easpa gníomhaithe lack of action
" Ag an am, d'fhoilsigh an iris *Hibernia *alt inar dúradh go raibh gá le fiosrúchán neamhspleách maidir le himeachtaí Shaor Éire agus easpa gníomhaithe an rialtais ina leith.
níos gníomhaí more active
" Le tamall anuas tá an Astráil ag éirí níos gníomhaí i dtíortha eile san Aigéan Ciúin.
gníomhaí activist
" Ainneoin gur thuairiscigh nuachtán áirithe gur gníomhaí de chuid Shinn Féin ab ea George Hegarty, a bhfuarthas £60,000 ina theach i nDúglas i gContae Chorcaigh, tuigtear do *Beo!* nach ball de chuid Shinn Féin é.
gníomhaí pobail community activist
" Ceardchumannaí agus gníomhaí pobail ab ea é agus bhí banna ceoil Jim Larkin mar gharda gradaim ag a shochraid.
is gníomhaí most active
" Is aisteach an chomhtharlúint é gur as an gcontae sin triúr de na fir is gníomhaí i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i nGaillimh ó na seachtóidí ar aghaidh: Pól Ó Foighil a bhásaigh le gairid, Pádraig Ó hAoláin atá ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta agus Donncha féin.
is gníomhaí most active
" Duine de na daoine is gníomhaí é sa nGaeltacht, ó thaobh na Gaeilge de, le scór bliain anuas.
ghníomhaithe agents
" An t-am seo, ní bheadh siad “ag cur a mbeatha i mbaol mar óglaigh de chuid an IRA ach mar ghníomhaithe i ngluaiseacht náisiúnta i dtreo neamhspleáchais agus aontais.
gníomhaithe polaitíochta political activists
" Ach anois tar éis feachtas ocht seachtaine, tá olltoghchán Cheanada thart agus tig leis na gníomhaithe polaitíochta an t-arm faobhair is ansa leo, an *BlackBerry*, an gléas ilmheánach boise sin, a scaoileadh uathu, seal saoire a bheith acu, is ullmhú don chéad fheachtas eile.
ghníomhaithe activists
" Chuir Jenkins ceamara spiaireachta os comhair chlár fógraí an NATFHE le súil a choinneáil ar ghníomhaithe an cheardchumainn (*Guardian Eduaction*, 17 Feabhra 1998).
níos gníomhaí more active
" Tá iarrachtaí á ndeanamh faoi láthair maoiniú buan a fháil ionas gur féidir linn bheith níos gníomhaí agus craobhacha a bhunú ar fud na tíre.
gníomhaí activist
"gníomhaíochtaí radacacha úrnua ag teastáil agus tá an chuma ar an scéal nach ón Ghaeltacht a thiocfaidh an splanc an iarraidh seo.
gníomhaí agent
" “Sa mhéid sin, tá an IRA ag comhlíonadh na ngealltanas a rinne siad mí Iúil seo caite, ní hamháin maidir le deireadh a chur le gníomhaíocht pharaimíleatach ach maidir le stop a chur le coiriúlacht.
gníomhaithe agents
" Is gá an cheist a chur: An raibh a fhios ag Rúnaithe Stáit na linne, nuair a bhí gníomhaithe an Bhrainse Speisialta ag marú daoine, cad é a bhí ar bun acu? Má bhí a fhios, nach bhfuil siad féin ciontach? Is ceist bhunúsach í.
gníomhaithe activists
" Ní dhéanfaidh aontachtaithe dearmad – mar ní ligfidh Nelson McCausland dóibh dearmad a dhéanamh – gur dhúirt gníomhaithe de chuid Shinn Féin gurbh ionann an Ghaeilge a fhoghlaim agus piléar eile sa streachailt armtha.
gníomhaí teanga amháin one language activist
" “Tá na laethanta sin thart le fada,” arsa scríbhneoir an eagarfhocail, ach mar a dúirt gníomhaí teanga amháin liom, tá an t-am a dtig le haontachtaithe a rá linn cad é le déanamh thart fosta.
gníomhaí activist
" Ní fheictear dó go bhfuil aon choimhlint anseo – is féidir le gníomhaí do chearta ceannasacha a phobail glacadh le teideal mar seo, dar leis.
gníomhaithe agents
" Ghnóthaigh an scannán gradam an Directors Finders, mar shampla agus ag deireadh mhí Mheán Fómhair taispeánadh Kings i bpictiúrlann an Director’s Guild of America ar Sunset Boulevard in Los Angeles do lucht féachana ina raibh dáileoirí agus gníomhaithe – daoine a mbeadh sé ar a gcumas, b’fhéidir, an scannán a thabhairt chun na Stát Aontaithe agus sprioc gach léiritheora agus stiúrthóra a bhaint amach do Collins.
ó ghníomhaithe teanga from language activists
" Ach cén mhaitheas a leithéid a bheith ann mura bhfuil sé á chur i bhfeidhm ach ar bhealach *ad hoc* i go leor de na contaetha Gaeltachta? Thig a bheith ag súil, i mo thuairimse, le cás cúirte amach anseo ó ghníomhaithe teanga in éadan forbróirí nó Comhairle Contae éigin faoin bhealach fuarbhruite atá an chuid seo de dhlí na tíre á chur i bhfeidhm.
gníomhaithe Gaeilge language activists
" ***Tacaíocht:*** Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus is gá dúinn ár mbuíochas a chur in iúl do na gníomhaithe Gaeilge agus do na polaiteoirí a ghníomhaigh go sciobtha nuair a thuig siad ár gcás.
gníomhaithe agents
" “Anois an t-am le bheith ag ceannach, tá an margadh ag iompú,” a mhaíonn gníomhaithe eastáit go hardghlórach, ach ní chreideann aon duine iad! Mar shampla, táthar ag déanamh a mhór de Cheathrú an Titanic, forbairt níos mó ná £1 bhilliún in oirthear na cathrach, san áit ina mbíodh longlann Harland and Wolff.
níos gníomhaí more active
" Sa chéad áit (agus na cluichí idir chontae is mó atá i gceist agam mar bheadh sé deacair ag leibhéal na gclubanna é a dhéanamh), ba mhaith liom féin go mbeadh dualgas níos tromchúisí ar na maoir shleasa agus chúil, agus go mbeadh ról níos gníomhaí acu, maidir le feallanna agus calaoisí a chur in iúl don réiteoir a thúisce a tharlaíonn siad.
ghníomhaithe activists
" Céad Mhuintir na hAfraice Láir Glactar leis gurbh iad na Pigmithe a bhí sna háitritheoirí bunaidh i bhforaoiseacha meánchreasa na hAfraice Láir agus is é sin is cúis leis an bhfonn atá ar ghníomhaithe Batwa an téarma Pigmí a úsáid mar gheall orthu féin le blianta beaga anuas.
gníomhaithe activists
" Tá eagraíochtaí tábhachtacha curtha ar bun ag gníomhaithe a ghlac páirt san Earrach, leis.
gníomhaí activist
" Bíonn blianta áirithe ann nuair nach mbíonn aon rogha ag an tráchtaire nó gníomhaí teanga ach séideadh faoin gcorrchonspoíd nó salann a chur sa díospóireacht ar mhaithe le haird a tharraingt ar an gceist is sia i gcultúr na hÉireann – ‘ceist na Gaeilge’.
gníomhaí activist
" Mar an iliomad duine ar a aicíd, de thaisme a rinneadh gníomhaí Gaeilge d’Aodán.
gníomhaithe activists
" Tháinig iarurlabhraí Gaeltachta an pháirtí, Fergus O'Dowd, i gcomharbacht air agus bhí gníomhaithe teangan áirithe dóchasach go mbeadh a mhalairt de phort aige, ó tharla gur léir go bhfuil bá aige leis an Ghaeilge.
ghníomhaithe activists
" Cosúil le cur chuige ghníomhaithe agus scríbhneoirí eile a glúine, d’fhoilsigh Ní Mhaolagáin a cuid scríbhinní i nuachtáin náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus bhí siad uilig scaipthe i ngach ball go dtí gur thosaigh coimeádaí an taispeántais, an Dr.
ghníomhaithe teangan language activists
" Mar a bhí sonraithe sa Dréachtstraitéis tá sé i gceist go mbeadh an eagraíocht ag feidhmiú ar bhonn náisiúnta feasta ach beidh lúcháir ar ghníomhaithe teangan áirithe mar go gcoinneoidh sé a shainchúram Gaeltachta.
gníomhaithe activists
" I ndiaidh do Soros eagarfhocal a scríobh mar thaca leis an muirthéacht, tháinig sé chun solais ar Al Jazeera agus sa New York Times go bhfuair na gníomhaithe a d’eagraigh na léirsithe ar fud an Mheánoirthir oiliúint ó dhaoine a bhí páirteach sna muirthéachtaí síochánta sa tSeirbia, sa tSeoirsia, san Úcráin agus i dtíortha eile nach iad — dreamanna a bhí maoinithe ag eagraíochtaí neamhrialtasacha ar nós an *Open Society Institute* de chuid George Soros.
gníomhaithe activists
" Tá an claonadh seo feicthe arís agus arís eile ag gníomhaithe éagsúla.
ghníomhaí geilleagair economic agent
" Tá sláinte agus oideachas na saoránach faoina chúram; caomhnaíonn an stát bunchearta an duine; déanann idirbheartaíocht ar aontais idirnáisiúnta, stiúrann agus spreagann sé an geilleagar náisiúnta, agus leis an fhírinne a dhéanamh, níl ról lárnach ag an stát féin ann mar ghníomhaí geilleagair.
ghníomhaí dhílseacha loyalist activists
" “Thug mé mo chéad chuairt ar Bhóthar na Seanchille i 1998 agus is cuimhin liom beirt ghníomhaí dhílseacha, Plum Smith agus Billy Hutchinson, ag rá liom nár oibrigh an 11+ don phobal s'acusan ach ag éisteacht le hAontachtaithe ag Stormont - agus leis an BBC chomh maith - tá sé soiléir gurb é an rud is mó atá ag cur isteach orthu nó go bhfuil Aire Oideachais Shinn Féineach ann.
gníomhaithe agents
" I mí Meán Fómhair 2004, d'fhogair Rúnaí Stáit na linne sin, Paul Murphy, go mbeadh fiosrúchán poiblí á reáchtáil mar thoradh ar thuarascáil Cory - agus thosaigh a chur gach constaic sa bhealach, an Inquiries Act, 2005 ar cheann acu, acht a raibh sé mar aidhm aige gníomhaithe an Stáit a chosaint níos mó ná an chóir a sholáthar.
thacaigh le gníomhaithe assisted agents
" ” Is ar éigean a luafar, áfach, go bhfuil airgead mór ciste fálaithe ag tacú leis an iarrthóir “radacach” seo, nó gurb iad an dream céanna a thacaigh le gníomhaithe an Earraigh Arabaigh anuraidh atá ag iarraidh “daonlathas” a chur chun cinn sa mbaile i mbliana.
mar ghníomhaithe nó mar íobartaigh as participants or as victims
" tá próiseas an athmhuintearais ag dul ar aghaidh ar bhonn laethúil ó thuaidh agus ní i measc an mheánaicme daonchairdiúil amháin, ach sna háiteanna is mó coimhlint san am atá thart i measc daoine is mó a bhí páirteach sna troideanna sin, mar ghníomhaithe nó mar íobartaigh.
níos gníomhaí arís more active still
" Má tá tú ag iarraidh a bheith níos gníomhaí arís i leith ár gcomharsan neamhaí is féidir páirt a ghlacadh i *MoonZoo.
gníomhaithe activists
" Labhair sé le os cionn 120 iarchime, gníomhaithe poblachtacha, baill d’eagraíochtaí tacaíochta na gcimí agus gaolta na gcimí.
gníomhaithe eile ag bunú Gaeltachta other activists founding a G.
" "Taobh amuigh bhí gníomhaithe eile ag bunú Gaeltachta agus bhunaigh siad an chéad scoil lán-Ghaeilge ó thuaidh.
Polaiteoir agus gníomhaí pobail politician and community activist
" Polaiteoir agus gníomhaí pobail a bhíodh ina athair, Pól Ó Foighil, fear ar éirigh leis an t-uafás rudaí a bhaint amach lena linn dá phobal altrama, i ndiaidh dó bogadh go Conamara as Tiobraid Árann sna 1960í.
an gníomhaí ar son na SÍOCHÁNA the peace activist
" Maidir le síniú banna síochána, níl ann ach seafóid! Is mise an gníomhaí ar son na SÍOCHÁNA.
gníomhaí teanga language activist
" Chas Robert McMillen le húdar an leabhair ‘Language, Resistance and Revival’, gníomhaí teanga, Feargal Mac Ionnrachtaigh, le cuid de scéal corrach Bhéal Feirste agus de scéal na Gaeilge a chíoradh is a mheas.