Pota Focal Intergaelic
goad | god | goid | gold | goody
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na hearraí the goods
" Tá pacáiste eolais agus liosta áiseanna againn do bhaill nua, á gcur ar an eolas faoi imeachtaí agus faoi na hearraí éagsúla atá ar fáil (leabhair, téipeanna, etc.
togha na Gaeilge the best of Irish
" Is anseo a gheobhaidh tú Máire Uí Eaghráin taobh thiar den chuntar, bean uasal a bhfuil togha na Gaeilge aici agus croí mór flaithiúil fáiltiúil.
Ina theannta sin As well as that
" Ina theannta sin, tá ceisteanna móra á n-ardú faoin mhéid taistil a bhíonn ar chaoirigh a dheánamh agus iad ag dul ó fheirm go seamlas.
go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi that she had been well warned
" Ach dúirt sé leis féin ansin gur dóigh go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi nó go raibh fógra beo tugtha di gan a theach a thaobhachtáil ar a bhfaca sí riamh.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Agus sin ráite, thiocfadh leis go ndéanfadh na hathruithe a tháinig nó a thiocfas mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta (nó cibé comharba a bheas air) an cinneadh i bhfad níos éasca, más fíor do Shinn Féin go réitíonn an Comhaontú an bealach d'athaontú na tíre.
sháraigh sháraigh siad: they got the better of
" Mar shampla, i dtoghcháin an Tionóil i 1998, fuair an SDLP 177,963 vóta, an chéad uair riamh a sháraigh an páirtí sin Aontachtaithe Uladh.
Aoirí Maithe Good Shepherds
" Chaith Balor a shúil nimhe ar chúrsaí caorach an mhí seo agus go háirithe ar Aoirí Maithe na tíre.
leas comónta common good
" Cén fáth ar bunaíodh í? Theastaigh ó eagraíochtaí agus ó dhaoine aonair deis a bheith acu a theacht le chéile agus ábhair a phlé agus gníomhaíochtaí a rachadh chun leas comónta na Gaeilge a chur chun cinn.
beidh biseach ort you'll be better
" An rud a dúirt sé ná má fhaigheann tú galrú ón fhríd sin, de ghnáth beidh biseach ort taobh istigh de choicís nó trí seachtainí.
scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí the best of musicians and singers
" Bíonn scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí i láthair ag an bhféile seo gach bliain.
Is mór an gar it's just as well
" Is mór an gar go bhfuair tú éalú nó d'imeofá ón tsaol ach a bheith ag éisteacht leo beirt ar ábhar éidithe an aosa óig.
tú breá cluimhrithe well done up/spruced up
" Tá leat, mar is dócha go sílfidh do chuid cairde go bhfuil tú breá cluimhrithe.
bíodh siad ar a n-aire they had better watch out
" Iad siúd sa tír a bhfuil páiste acu nach bhfuil cumas acadúil ard go leor aige/aici, bíodh siad ar a n-aire.
Is mór an gar it's just as well
" Is mór an gar go bhfuair tú éalú nó d'imeofá ón tsaol ach a bheith ag éisteacht leo beirt ar ábhar éidithe an aosa óig.
tú breá cluimhrithe well done up/spruced up
" Tá leat, mar is dócha go sílfidh do chuid cairde go bhfuil tú breá cluimhrithe.
Chomhaontú Aoine an Chéasta Good Friday Agreement
" Bunaíodh an t-eagras seo mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus taispeánann an tuarascáil na difríochtaí idir na leibhéil bháis sa dá chuid den tír, agus sna grúpaí éagsúla socheacnamaíocha.
ar theann a ndíchill doing their best
" Ní nach ionadh go bhfuil siad ar theann a ndíchill an Tionól a choinneáil.
bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé he was a chatterbox at the best of times
" Ach Dónall, bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé agus ní tháinig druid ar a bhéal nuair a chuaigh sé i mbun na biotáilte.
braon maith sa ghrágán aige well-oiled, well gone
" " Thug Síle cluas bhodhar dó nó bhí a fhios aici go raibh braon maith sa ghrágán aige le seo.
féadann muid giota a bhaint dó we'd better get going
" Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár agus a tóin fúithi nuair a dúirt Cian: "Caith siar anois é nó tá cóisir i dtigh Úna agus féadann muid giota a bhaint dó más mian linn an bus deireanach a fháil.
móide as well as
" Bíodh dátaí socraithe do na clubanna freisin, mar shampla idir Meán Fómhair agus Aibreán, móide tréimhse anseo is ansiúd sa samhradh.
maitheas good
" Measann sé go bhfuil go leor "*nutcases*" i saol na Gaeilge, go leor acu sna Sé Chontae, a dhéanann iarracht a gcuid tuairimí faoi iompar teanga a bhrú ar mhuintir na Gaeltachta agus gur beag maitheas a dhéanann sé seo.
bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé he was a chatterbox at the best of times
" Ach Dónall, bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé agus ní tháinig druid ar a bhéal nuair a chuaigh sé i mbun na biotáilte.
braon maith sa ghrágán aige well-oiled, well gone
" " Thug Síle cluas bhodhar dó nó bhí a fhios aici go raibh braon maith sa ghrágán aige le seo.
féadann muid giota a bhaint dó we'd better get going
" Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár agus a tóin fúithi nuair a dúirt Cian: "Caith siar anois é nó tá cóisir i dtigh Úna agus féadann muid giota a bhaint dó más mian linn an bus deireanach a fháil.
Féadann sé fad a bhaint as he'd better make it last
" "Féadann sé fad a bhaint as nó sin a chuid anocht.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Bhí iarrtha ag RTÉ orm tuairiscí a chur ar fáil faoi Chomhdháil Chomhairle Aontachtach Uladh in Óstán an Europa i mBéal Feirste i mí Aibreáin 1998, comhdháil a tarraingíodh le chéile le tacaíocht an pháirtí do Chomhaontú Aoine an Chéasta a iarraidh.
ag fáil an chinn is fearr getting the better of
" Faraor, is cuma cén sampla a thógann an FAI ó Rosenborg, beidh muid ag fanacht tamall eile sula bhfeicfidh muid Shelbourne ag bualadh AC Milan sa San Siro, nó Bohemians ag fáil an chinn is fearr ar Real Madrid in Dalymount.
maitheas good
" Ní hamháin sin ach bheadh an lá tugtha ag éisteacht agam leis an mbean seo atá chomh paiseanta sin faoina cuid oibre; chomh tógtha le maitheas a dhéanamh; lena gcearta a fháil do na daoine atá ar an imeall; le haird dhaoine a tharraingt ar na héagóracha atá á ndéanamh ar na daoine is laige sa tsochaí.
níos fearr chuige better at it
" Tá sé an-tábhachtach bealaí a aimsiú chun é seo a dhéanamh agus tá mná níos fearr chuige ná fir.
Féadann sé fad a bhaint as he'd better make it last
" "Féadann sé fad a bhaint as nó sin a chuid anocht.
sách maith good enough
" Is minic a chuirtear an cheist eile seo: cén fáth nach féidir cúig iománaí dhéag a fháil i mBaile Átha Cliath a bheadh inchurtha le haon chúigear déag eile as aon chontae eile sa tír? Nach bhfuil milliún duine nó mar sin ina gcónaí i gContae Átha Cliath? Caithfidh sé go bhféadfaí foireann sách maith a fháil as an méid sin daoine! Ceist an-réasúnta í seo mar i ngach spórt eile bíonn foirne as Baile Átha Cliath in uachtar ó am go ham.
maitheas good
" Is é an tuairim choitianta freisin go ndearna an tslí ar dhéileáil Martin Collins ó Pavee Point leis an eachtra ar "Prime Time" ar RTÉ níos mó dochair ná maitheas do chás na dTaistealaithe.
maitheas good
" " Measann sé gur éirigh leis maitheas éigin a dhéanamh sa scoil ina raibh sé agus gur chabhraigh sé le go leor de na daltaí forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta.
scoth na bhfonnadóirí the best of singers
" Mar sin bíonn meascán de sheisiúin agus de cheardlanna ar siúl le linn na féile inar féidir le daoine amhráin a fhoghlaim ó scoth na bhfonnadóirí.
iomráiteacha well-known
" Ar chuala tú riamh trácht ar na seanadóirí Peter Callanan, Paul Coghlan nó Camillus Glynn? Ceapann an Taoiseach aon duine dhéag eile - daoine iomráiteacha (mar dhea), leithéidí Frank Chambers agus Ann Leonard, ina measc.
log staighre well of staircase
" Tachtadh iad nuair a shúigh na tinte an t-aer as an log staighre ina rabhadar.
sciúradh maith a good scrubbing
" Bheadh sciúradh maith de dhíth ar an urlár chéanna ach chaithfeadh sé é a scuabadh ar tús.
dathúil good-looking
" Tá na láithreoirí proifisiúnta agus dathúil, an dá rud atá riachtanach sna meáin chumarsáide sa lá atá inniu ann.
sách maith good enough
" Bhuaigh an Iarmhí craobh pheile na hÉireann i ngrád na mionúr agus faoi 21 ó shin agus dealraíonn sé go bhfuil siad sách maith leis an gcraobh Shinsear a bhuachan ach beagán eile taithí a fháil.
leas fadtéarmach long-term well-being
" Ach ní hé an straitéis is fearr do leas fadtéarmach an pháirtí.
d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP an election would suit the DUP very well
" Mí ó shin, d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP ach leis an ghníomh díchoimisiúnaithe an mhí seo caite, má thógann David Trimble ar an mholadh atáthar a thabhairt dó faoi láthair, seans mór go mbainfidh an UUP na vótairí a thréig iad, a bhuíochas sin ar an imní agus an mhímhuinín a bhí á spré ag an DUP.
a thaiscidh Dear/love (term of endearment, only used in intimate situations and with those you know extremely well, not for casual conversation. Usually reserved for the very young and very old)
" "Anois, a thaiscidh, nach bhfuil sin níos fearr? Tá a rún," arsa Nuala.
Is mór an gar It's a good thing
" "Is mór an gar," arsa Sinéad.
Féadann sé He'd better
" " "Féadann sé," arsa Sinéad.
dea-rud good thing
" Níor thóg sé i bhfad ar scamall na gciorruithe a scáil a chaitheamh ar gach dea-rud a bhí déanta ag an stáisiún le tamall anuas.
Breast an plobaire That flabby person is no good
" "Breast an plobaire agus a Hó Hó Hó! Breast Rúdolf agus na réinfhianna bogéiseacha eile!" a fhógraíonn sé.
níl caill ar é seo ina cheann he's not bad at it (i.e. he does it well)
" "Is deacair á shárú lá fuar geimhridh agus níl caill ar é seo ina cheann.
le cois áis chuardaigh as well as a search facility
" Tá sé furasta do bhealach a dhéanamh fríd an suíomh agus tá léarscáil ann ina bhfuil mionsceitsí de na táirgí go léir, le cois áis chuardaigh.
scoth na n-iománaithe óga the best young hurlers
" Is é an cuspóir ná deis a thabhairt do scoth na n-iománaithe óga as Baile Átha Cliath imirt i gcoinne na n-imreoirí is fearr sna coláistí is láidre i gCúige Laighean ar nós Choláiste Naomh Ciarán, Cill Chainnigh, Coláiste Naomh Peadar, Loch Garman, Coláiste na Dea-Chomhairle, Ros Mhic Thriúin, etc, agus ar an gcaoi sin caighdeán na himeartha i mBaile Átha Cliath a ardú.
dea-luachanna good values
" Cé mhéad againn féin a bhfuil coinsias iomlán gan smál againn? Cad iad na dea-rúin atá againn ar fad anois sa bhliain úr? Cad is féidir linn a dhéanamh le cinntiú go mbeidh polaiteoirí le dea-luachanna seachas iad siúd a bhfuil ceisteanna ann faoina gcaighdeáin eiticiúla i gceannas tar éis an chéad toghchán eile? *Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
maitheas good
" Ní raibh oiread plé ann riamh ar an ealaín chomhaimseartha is atá faoi láthair, mar sin tá maitheas déanta ag an duais sa chaoi sin … Ní ealaíontóir ró-iontach é Martin Creed ach tá a lán poiblíochta faighte aige.
seanchaite well-worn
" Focal seanchaite ======= Sin rud amháin fá stair na Sé Chontae - tá sé stairiúil.
Comhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Ba chasta, pianmmhar an bealach fhad le Comhaontú Aoine an Chéasta do na polaiteoirí.
réitíonn siad go maith le chéile they get on well with each other
" Tá triúr tánaistí aigesean agus deir sé go réitíonn siad go maith le chéile agus go dtugann siad tacaíocht láidir dá chéile i gcónaí.
cad é an teanga is fearr dúinn what language is best for us
" Beidh an rogha againn cad é an teanga is fearr dúinn, agus is cinnte go roghnóimid ár dteanga féin.
ag dul chun siobarnaí going to the dogs, not going well
" Ní dhearna McAllister ach cúpla nóta a scríobh agus ní raibh ar intinn Chiain ach go raibh gach aon rud ag dul chun siobarnaí.
B'fhéidir nach raibh an tobar tráite Perhaps the well wasn't dry
" B'fhéidir nach raibh an tobar tráite: "Bhuel, a dhochtúir, cad é do mheas?" agus chlaon mé mo cheann ina threo.
dea-spionn good mood
" Ní raibh an dea-spionn ar Thadhg le seachtain anois.
an ghalar cloíte enervating disease, disease that doesn't allow you to function well
" Bhí sé gaibhte ag an ghalar cloíte.
gur mhór an gar that it was a good thing
" "Tchím," arsa Máire agus shiúil siad leo i dtreo stad na mbus agus í ag smaointiú gur mhór an gar gur preachán í féin nó níor lú uirthi an diabhal ná seisiún taifeadta mar bhronntanas Vailintín.
Bullaí fir Good man, in the sense 'Good on you'
" "Bullaí fir," arsa Máire, "ní smaointeoinn féin air sin go deo.
billí smolchaite well-woren bills
" Agus tugann na deontais mhóra ó fhondúireachtaí, na bronntanais ó sheanchairde de Mary's Center agus na billí smolchaite a chuirtear faoi dhoras an chlinic i ndiaidh am dúnta le fios go bhfuil daoine sásta aire a thabhairt dóibh siúd a bhfuil sí ag teastáil uathu.
dea-thoil good will
" Níl de dhíth ach foilsitheoir toilteanach, eagarthóir díocasach, agus dea-thoil na ndaoine sin a bhfuil an chuid is mó den obair - an bailiú - déanta acu cheana féin.
go measartha minic fosta quite often as well
" Téim ar thurais chun na Gaeltachta go measartha minic fosta, go speisialta go Gaeltacht Thír Chonaill.
maithe agus móruaisle the great and the good
" Bhí maithe agus móruaisle na Gaeilge bailithe in óstán breá an Radisson le cúrsaí na Gaeilge a phlé roimh an toghchán atá romhainn.
gur mhaith an rud é that it would be a good thing
" Am agus dua ======= Ar an gcéad amharc, déarfadh duine gur mhaith an rud é cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá ag iomaíocht thar ceann na tíre ag leibhéal ard idirnáisiunta i spóirt aonair a mbíonn go leor ama agus dua ag baint leo agus costas go leor freisin.
ag teacht chuici féin getting better
" Deir sí go bhfuil sí ag teacht chuici féin anois ach go gcuireann sé isteach go mór uirthi go bhfuil daoine áirithe ann nach dtuigeann gur galar atá i gceist agus nach mbíonn aon trua acu di.
ar fónamh well
" Cén rud is mó a chuireann isteach ort? Nach bhfuilim ar fónamh ar fad agus nach dtuigeann daoine dom ("You're always depressed").
dhathúil good-looking
" Tá cartúin pholaitiúla curtha i gcló a thaispeánann "Father O'Malley", é á nochtadh féin dá phobal, é ar crith agus cuma fhiáin ina chuid súl, agus ceann eile a thaispeánann sagart sa tóir ar chléirigh altóra, díreach mar a bheadh fostóir drúisiúil ag rith i ndiaidh a rúnaí dhathúil.
dea-scéala good news
" Ach is é an dea-scéala ná go bhfuil ardú ar na figiúirí i gceantracha faoi leith - deisceart lár chathair Bhaile Átha Cliath mar shampla - ardaithe ó 11% go 20%.
an ceann is fearr the better
" Bhí na Brianaigh ina dtiarnaí ar thrí oileán Árann ar feadh 450 bliain go dtí 1585, tráth a bhfuair na Flaitheartaigh an ceann is fearr orthu.
i mbarr do shláinte in good health
" Tá sé deacair go leor ríomhaire a úsáid nuair atá tú i mbarr do shláinte, gan trácht ar cheann a úsáid nuair atá tú faoi mhíchumas ar shlí éigin.
dea-íoctha well-paid
" Tráchtar go tarcaisneach ar ghníomhaireachtaí oifigiúla, mar shampla an Northern Ireland Tourist Board, "a chruthaigh na céadta post dea-íoctha, agus iad uilig ag an Northern Ireland Tourist Board".
sách well-fed person
" Tá tuairim agam gur réamhbhlaiseadh is ea é seo - gurb é seo atá romhainn, an sách is an seang.
mhaitheas good
" Agus ní *Mad Provie* ar bith é David Cook, an chéad Ardmhéara Caitliceach ar Bhéal Feirste agus iar-cheannaire Pháirtí an Alliance a dúirt go measann sé gur mó an dochar ná an mhaitheas a rinne siad.
lena míle dícheall a dhéanamh to do their very best
" Nuair a rith na fír óga as Biorra, Droichead an Chláirín, Nemo agus Baile an Doire amach ar Pháirc Semple ar Lá Fhéile Pádraig, a gcroí lán le bród agus paisean dá n-áit dhúchais is dá bpobal féin, bhí siad réidh lena míle dícheall a dhéanamh ar son cairde agus comharsana ar fhás siad suas in éineacht leo.
istigh agus amuigh le cúig bliana the better part of five years
" Cé go raibh seanaithne acu ar a chéile ó bhí siad beirt ar an ollscoil i nGaillimh, bhí sé istigh agus amuigh le cúig bliana ó chonaic siad a chéile anois.
Tá boladh breá agat it smells good (referring to the food)
" Sa deireadh, le cor a chur sa chaint, dúirt sí, "Tá boladh breá agat, Bolognaise ab é?" "Is é.
nach mblaisfidh tú go deo a shárú that you'll never taste better
" Bhí duine de na comharsana ar laetha saoire ansin agus mionnann sí nach mblaisfidh tú go deo a shárú.
ag dul i bhfeabhas getting better
" Thosaigh na hamhráin ag teacht chugam agus tá rudaí ag dul i bhfeabhas ó shin.
leis as well
" de)) breis is 25% i gcomparáid leis an ngnáth-thrácht laethúil.
leis as well
" Tar éis dom tuirlingt ó thraein an Euro-City ar bhruach na Máine beagnach ceithre bliana ó shin, bhuail mé le a lán Gearmánach, agus a lán daoine ó thíortha eile leis atá ag cur fúthu anseo, nach bhfuil tada is fearr leo a dhéanamh ná bualadh isteach i dteach tábhairne seachtain i ndiaidh seachtaine agus ceol traidisiúnta na hÉireann a sheinm nó rincí seite a dhéanamh.
ar a seacht ndícheall doing their best
" Tháinig eascairdeas millteanach idir Ó Peann Luaidhe agus Fear na Súile Nimhe blianta fada ó shin nuair a bhí an bheirt acu ar a seacht ndícheall ag iarraidh éalú ó shéirse na searbhóige seineafóbaí sin, Ainbhlinn Ní Chonaill.
ar a ndícheall doing their best
" Beidh orthu a bheith céim chun tosaigh ar *wits* Bhaile Átha Cliath atá ar a ndícheall cheana féin ag cumadh leasainmneacha don Spíce, leithéidí "The Stiletto in the Ghetto" agus "The Needle at the Cathedral"! *Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
ar maos le hairgead very well-off financially
" Tá fíric amháin faoi Shinn Féin nár chóir dearmad a dhéanamh air: tá an páirtí ar maos le hairgead, agus tig leat go leor a dhéanamh ach na pingineacha a bheith agat.
gnaíúil good-looking, decent
" Daoine iontach gnaíúil, cairdiúil atá iontu gan dabht, gan aon éirí in airde ag baint leo.
múinte well-mannered
" Tá siad iontach múinte agus séimh.
maitheas good
" Dúirt ceannaire an UUP go mbeadh cibé maitheas a chothaigh an dara beart díchoimisiúnaithe curtha ó mhaith dá mb'fhíor do na líomhaintí thuasluaite.
Cuma an rachmais orthu they look well-off
phánaí fir plump, well-rounded man
" " Bhí Áine ina seasamh ag an doras ag amharc i ndiaidh an phánaí fir a bhí i ndiaidh na bocsaí a thabhairt aníos an staighre.
Ní fhéadfá níos mó a iarraidh You couldn't ask for anything better
" "Ní fhéadfá níos mó a iarraidh," ar seisean.
pioctha go paiteanta chosen well/with care
" Tomhaiste go tuisceanach, pioctha go paiteanta agus leagtha amach in ord a léiríonn tuiscint ar thionchar an cheoil ar an éisteoir.
chun feabhais getting better
" Tá an-athrú tar éis teacht ar chúrsaí traenála ó thaobh na gcluichí Gaelacha de le cúig bliana fichead anuas agus b'fhéidir nach chun feabhais ar fad atá siad ag dul.
gur deacair é a sharú that it is difficult to do better
" Is éard a rinne gach duine den cheathrar bainisteoirí atá luaite san alt seo ná an leibhéal traenála a ardú agus a chur ar phlána chomh hard gur deacair é a sharú.
fios gnaithe common/good sense
" Ní raibh a raibh fán doras ag cur lá buartha ar Derek agus mheas sé nár cheart dó a bheith ina ábhar buartha ag duine ar bith a raibh fios gnaithe aige agus iad ag tarraingt ar theach faire.
Chomhaontú Aoine an Chéasta The Good Friday Agreement
" "Ag breathnú ar an chomhthéacs iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis na hathruithe atá ag tarlú sa tír seo agus ar fud na hEorpa, níl aon dul as ach go mbeadh an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna 26 Chontae ag daingniú na dáimhe atá aige cheana leis an pháirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna Sé Chontae," arsa Malcolm Byrne, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i nGuaire, Contae Loch Garman atá ar dhuine den dream atá ag iarraidh go mbeadh diminsean uile-Éireann ag baint le Fianna Fáil.
sárobair a good job
" sárobair ======= Rinne an comhrialtas a bhí i réim go dtí anois sárobair: tá an tír níos láidre ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de anois agus tá daoine níos fearr as.
idir mhaith agus olc both good and bad
" Bíonn na hamhráin agus na hamhránaithe, idir mhaith agus olc, i dTigh Marrinan.
Is mór an gar it's fortunate/just as well
" " Is mór an gar gur ól an seanphéire deoch nó beirt, ar an laghad bhí caolsheans ann go mbainfeadh siad sult as an lá nuair a thiocfadh sé.