Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dalladh gréine plenty of sun
" Fuaireadar ithir shaibhir, dóthain báistí agus dalladh gréine rompu ach ní raibh aon fhíon le fáil.
bricíní gréine freckles
" Trí mhilliún duine agus beagáinín sa bhreis ar aon mhilliún duine daonra na gceantracha seo atá suite ar an chósta idir an Phortaingéil agus Tír na mBascach agus corrdhuine le cloigeann rua agus bricíní gréine ina measc.
Cuirtear fuinneamh gréine ar fáil let solar energy be provided
" Cuirtear fuinneamh gréine ar fáil ar fud an domhain, fuinneamh gaoithe, fuinneamh na dtaoidí.
ga gréine sunbeam
" Géaga ag trasnú ar a chéile, patrúin gheoiméadracha, mar a bheadh líníochtaí de chuid Paul Klee, scrábáil páiste, dlúithe an duilliúir agus ansan, ar an imeall, duilleoigín léi féin, scoite amach ar ghéag lom, éan cuideáin… torthúlacht, éagsúlacht agus neamhbhuaine an tsaoil, ciorcal na beatha, na ceithre ráithe… ga gréine, scáth… agus na clocha is na carraigreacha arís, a ndath, a n-uigeacht, a gcruth.
spéaclóirí gréine sunglasses
" Ach beir leat na spéaclóirí gréine ar aon chuma.
ag tóraíocht na gréine agus na gaoise looking for sun and wisdom
" Cúis lúcháire dúinn uilig go bhfuil Balor na Baothchainte ar ais i dtír na mbeo agus ar a sheanléim arís, i ndiaidh dó an domhan a shiúl agus é ar a chuid laethanta saoire ag tóraíocht na gréine agus na gaoise.
dhíon gréine glass roof
" Ina áit sin, áfach, chaith muid an tráthnóna faoi dhíon gréine ag caife galánta cois locha, ag stánadh go díomúch ar an mbáisteach a bhí ag titim ina sruthanna móra troma mórthimpeall orainn.
ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire casting a ray of sunshine, light and joy
" Spéirbhean - nó spéirfhear - ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire timpeall na cathrach.
gealladh an ghrian agus an ghealach the sun and the moon were promised
" Níor tharla mórán ach gur gealladh an ghrian agus an ghealach don phobal dá gcuirfidís an rialtas céanna ar ais i gcumhacht, agus nach bhfuair muid ach an ghealach - an ceann a bhíonn istigh i lár an phráta leathbhruite atá i gceist agam! Tá gach aon rud ar ais mar a bhí, le cúpla hathrú: is leis na *Stickies *Lucht Oibre anois - is fíor-Pháirtí na nOibrithe anois iad.
gealladh an ghrian agus an ghealach the sun and the moon were promised
" Níor tharla mórán ach gur gealladh an ghrian agus an ghealach don phobal dá gcuirfidís an rialtas céanna ar ais i gcumhacht, agus nach bhfuair muid ach an ghealach - an ceann a bhíonn istigh i lár an phráta leathbhruite atá i gceist agam! Tá gach aon rud ar ais mar a bhí, le cúpla hathrú: is leis na *Stickies *Lucht Oibre anois - is fíor-Pháirtí na nOibrithe anois iad.
ag sú na gréine sun-bathing
" Le linn samhraidh bhreá, bíonn na mílte duine ag sú na gréine anseo.
nuair a thabharfadh an ghrian coirnéal an tí when the sun made its way around the corner of the house
" Bhí snag beag sa ghaoth anois agus nuair a thabharfadh an ghrian coirnéal an tí bheadh teas ann fosta.
Soilseadh an ghrian! Let the sun shine!
" Soilseadh an ghrian! Sin an rud atá á rá ag Tim Carey agus ag go leor daoine eile i Nua-Eabhrac ar de shliocht Éireannach iad, agus ní go díreach toisc gur mhaith leo laethanta leisciúla samhraidh a fheiceáil tar éis aimsir chomh léanmhar sin a bheith ann i rith an gheimhridh.
mhionscáth gréine mini parasol
" Ansin thug sí gloine dó ina raibh leacht ina luí faoi mhionscáth gréine.
ag crú na gréine saorga milking the artificial sun
" Agus mé i mo sheasamh ag amharc síos ar Ionad Úr Oidhreachta Ghleann Cholm Cille (tógtha le deontais mhóra ó Roinn na Gaeltachta agus ón Údarás) bhí mé ábalta na daoine áille ina gcuid *bikinis *agus gan a gcuid *bikinis *a fheiceáil ina mílte thíos: daoine as gach tír ar domhan, seachas Éire, ag crú na gréine saorga, á dtumadh féin sna tobáin feamainne, ag dul ó *jacuzzi *go linn snámha, ag teacht amach as na *Casinos *ar an Chaiseal agus isteach sna bialanna ardnósacha fán Chlachán.
ag crú na gréine taking in the sun
" Bhí Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánais sínte siar ag crú na gréine agus ag sú shú na heorna agus dar leo gur ag cumadh lúibín a bhí siad.
níos mó ná a sáith den ghrian more than enough of the sun
" Bhí bean bheag ramhar chruinn ina seasamh díreach roimhe agus níos mó ná a sáith den ghrian aici.
fuinneamh na gréine solar energy
" Bhí na carranna páirteach sa World Solar Challenge do charranna nach n-úsáideann mar bhreosla ach fuinneamh na gréine.
grian líomóideach shearbh Van Gogh Van Gogh's bitter lemon sun
" * Gluais • Glossary grian líomóideach shearbh Van GoghVan Gogh's bitter lemon sun dá mo dhallúblinding me sócúlachcomfortable go diansmaointeachextremely thoughtful mar is dual dóas it usually does scáthannashadows ag atswelling, expanding in aice an chaibinéidbeside the cabinet ag siotgháiresniggering fá dtaobh deabout it aitstrange ag gríosú mo chuid samhlaíochtainciting my imagination searmanasceremony chóir a bheithnearly ag druidim liomapproaching dá freagairtanswering her go drúisiúillustfully ag teannadh liomgoing close up to me ba ghnách liom amharc uirthiI used to look at her fireannmale i dtólamhalways marcaíocht ar rudaíto ride things leasrachathighs de shíor dá mo leanstan thartalways following me around chomh tógtha sin liomso taken with me ghoillfeadh sí go dtí an croí ormit would really upset/bother me dá tochas féinscratching herself ag casachtáilcoughing dá mhacasamhail seolike this ag goillstean ortbothering you drochspionna bad mood bulógloaf corruairsometimes buanchairdefriends for life gliondarjoy faoi smachtunder control bosca na mbréagánthe toy box go dtí gur ghéill m'athairuntil my father gave in brionglóid ar dóigha great dream corroíchethe odd night smúitdust gníomhaction rachtanna na fírinneachtabouts of truthfulness dóighiúilgood-looking aibíripe a cuid murnán beag bánher little white ankles osnasigh ag barr a malaíat the top of her brows smigeadchin toradhfruit a scoilteadhwhich was split stán mé uirthiI stared at her mo chuid lochtannasamy faults íomháimage Más ionúin an chráin is ionúin an t-ál.
bhí an ghrian á ndalladh the sun was blinding them
" Fá láthair bhí siad i mbarr teaspaigh an lae agus bhí an ghrian á ndalladh agus ann ach go raibh siad plúchta ag an teas sa charr.
le baint ó thréine na gréine to make the sun less intense
" Bhí a raibh d'fhuinneoga ar an charr foscailte agus bhí na dalloga gréine abhus le baint ó thréine na gréine, ach dheamhan má bhí difear le sonrú ó thaobh an teasa de.
tiocfaidh an ghrian i ndiaidh na fearthana there's light at the end of the tunnel
" Fan go bhfeicfidh tú, tiocfaidh an ghrian i ndiaidh na fearthana.
luí drámata na gréine a dramatic sunset
" " Rinne an t-ealaíontóir ceithre leagan de *An Scréach*, pictiúr a tháinig chuige i ndiaidh dó luí drámata na gréine a fheiceáil agus é amuigh ag siúl ar an 22 Eanáir, 1892.
saoirí gréine sun holidays
" Tá borradh nach beag fán earnáil thar sáile de bharr an baol sláinte a bhaineann le saoirí gréine.
Bhí an ghrian ag siúl ar a leiceann the sun was dancing on his cheek
" Bhí an ghrian ag siúl ar a leiceann ach ní raibh solas ar bith sna súile aige.
meall gréine orb
" Anois siúlaim leat i gcaorán na bhfuiseog is éistim le monabhar abhna do bhriathra ó Bhéal an Áthaagus cuirim mo bheola le do chneas atá cumhra, a ghrá, le sméara dubha Ghleann an Átha …i dtobainne, tá mé lán díot, a mhian, is níl a dhath le déanamh agam ach luí síos leat go dianar leaba seo an dáin agus tú a bhriatharú chun beatha … Gluais • Glossary glao coiligh a póigethe rooster call of her kiss mullaightop of house buí-ómrayellow-amber bruth análahot breathing múr teasabank of heat cága callánachanoisy jackdaws á ngríosúinciting them a ngiúmaráilhumouring them go breabhsántasprightly meall gréineorb cabhail chathrachcity body spréite go hanástaspread awkwardly tnáitejaded basár a brollaighthe bazaar of her bosom ag borradhswelling dlaoithe casacurly tresses cabhsaí dúshlánachachallenging lanes á gclutharú féinhiding themselves méalasorrow buairtvexation cruachásdistress ag déanamh tochtagrieving silently an tréanthe strong ag tromaíocht ar an truadenigrating the wretch meannánkid méileachbleating scrínteshrines bean feasa na gclós ársawise woman of the ancient yards dhorchaigh spéir a súlthe sky of her eyes darkened ceannaircrevolt a d’fheall orthuwhich failed them boige paidrethe softness of prayer le báinífurious bhruth bréan bildeálathe foul heat of the building site ag déanamh angaidhfestering i bhforógraí bagracha lucht léirsithein the threatening proclamations of the demonstrators bhachlógachindistinct siogairlínípendants glémhaiseachexquisitely beautiful go ríogúilregally teanga túisetongue of incense ag clingireachtringing bantracht bheoshúileachthe quickeyed women le coim na hoícheat nightfall ag spréamh cheannbhrat glé an dorchadaisspreading the bright canopy of darkness bioráinpins ag lonrúshining clóca sróilcloak of satin aigeantaspirited buimefoster-mother deoch shuainsleeping-draft spréachspark súgachmerry ag glinniúintsparkling tú a mhuirniúto caress you linntepools cumhaloneliness le tú a aoibhnniúto make you blissful ionúinbeloved másaíthighs a niamhraigh mo dhánwho made resplendent my poem i gcaorán na bhfuiseogin the bog of the larks monabharmurmur chneasskin cumhrafragrant miandesire
faoiseamh ón ghrian relief from the sun
" Bun agus barr cúig shráid le chéile atá sa tsráid eicléicteach seo, agus is tearmann faoi scáth crann agus faoiseamh ón ghrian í an chuid lárnach do choisithe, agus do na céadta díoltóir earraí agus aisteoir a bhíonn in iomaíocht lena chéile chun d’aird a tharraingt.
breathnú ar dhul faoi na gréine to look at the sunset
" Bhí sé chomh speisialta a bheith in ann breathnú ar dhul faoi na gréine agus na céadta míle réalta a fheiceáil sa spéir.
an ghrian ag scalladh the sun shining
" I mbliana, agus an ghrian ag scalladh, rinne an t-eitleán paisinéirí is mó ar domhan, an Airbus A380, taispeántas a bhí go hiontach ar fad.
nuair a thaitneoidh an ghrian when the sun will shine
" Táthar ag súil, nuair a thaitneoidh an ghrian ar Farnborough i mí Iúil 2008, go mbeidh fadhbanna Airbus réitithe, go mbeidh sé ag eitilt níos tapúla agus ar bhealach níos suaimhní arís.
ag crú na gréine milking the sun
" Bhí May Mac Ránais agus Daddy Joe Ó Dónaill sínte siar ag crú na gréine agus ag sú shú na heorna agus dar leo gur ag cumadh lúibín a bhí siad.
i dtreo na gréine. towards the sun.
" Seinnim an fonn agus samhlaím Pádraig agus cailín, pé cailín ar mian leis, lena thaobh ag máirseáil lámh le lámh i dtreo na gréine.
i ndallrú gréine an mheán lae in the glaring mid-day sun
" Amach liom arís ón eaglais dhorcha, fhionnuar i ndallrú gréine an mheán lae sa Spáinn.
ag claonadh a chloiginn i dtreo na gréine inclining his head towards the sun
" Bhraithfeá gur duine é atá ag éirí amach as trinsí an teagaisc agus atá ag claonadh a chloiginn i dtreo na gréine den chéad uair le fada.
nuair a thaitníonn an ghrian when the sun shines
" Go deimhin, tá sé cosúil le dorchla dorcha, ábhalmhór agus bíonn ceiliúradh speisialta ar siúl i mí an Aibreáin nuair a thaitníonn an ghrian ar lár Rjukan den chéad uair sa bhliain.
faoi ghrian ghleoite bhríomhar an mheán lae under the lovely lively sun of mid-day
" Maolaíonn an aimsir leis agus lá na sochraide siúlann muid an míle ó thigh an teaghlaigh chun na heaglaise, faoi ghrian ghleoite bhríomhar an mheán lae agus dathanna an tsamhraidh ag damhsa sna goirt taobh an bhóthair.
dul faoi na gréine the sunset
" Nuair a shúigh mé isteach an t-aer úr, agus nuair a chonaic mé dul faoi na gréine agus éirí na gealaí an chéad oíche sin, bhí a fhios agam go raibh mé in áit ar leith.
Imíonn siad leo i dtreo na gréine. They head off towards the sun.
" Imíonn siad leo i dtreo na gréine.
an easpa gréine the lack of sun
" “Ní hí an bháisteach an rud is measa ach an ghaoth agus an easpa gréine – ní féidir liom cur suas leis.
le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, so they would be able to look out over sunrise,
" Shocraigh Tauhara agus Putauaki go rachaidís i dtreo na farraige le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, ach b'éigean dóibh bogadh in aon oíche amháin.
ar thóir na gréine, seeking the sun,
" Ón uair a cuireadh tús le lonnaíocht na nEorpach sa tSír, mealladh turasóirí a bhí ar thóir na gréine, na trá agus bhruth na farraige chun an cheantair álainn seo.
na gathanna teo gréine the warm rays of sun
" Bhí an ghrian ag taitneamh ar an lá i mí an Aibreáin ar thóg mé an GHF go Majdanek ach ba bheag a rinne na gathanna teo gréine chun gruaim dhosheachanta na háite a mhaolú.
ó bhreacadh an lae go luí na gréine. from daybreak to sunset.
" Ní raibh a fhios agam cén lá den tseachtain a bhí ann - nó cén t-am den lá, fiú - mar níor athraigh mé as na héadaí compordacha oíche a bhí á gcaitheamh agam ó bhreacadh an lae go luí na gréine.
Bíonn an ghrian níos ísle. the sun is lower
an ghrian ag scoilteadh na gcloch the sun splitting the stones
" Murach na brístí gearra agus na t-léinte a bhí á gcaitheamh ag fir agus ag mná, agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch taobh amuigh, ní chreidfinn nach sa mbaile a bhí mé – i bpub éigin, áit éigin sa tír.
gaineamh, grian agus gloiní fíona sand, sun and glasses of wine
" Ní raibh ach cúpla lá saoire fágtha agam ón jab agus bhí gaineamh, grian agus gloiní fíona ag teastáil uaim!Bhí an bháisteach ag titim gan stop i mBaile Átha Cliath agus bhí aimsir níos tirime de dhíth orm.
liamhán gréine basking-shark
" Tuigim anois gur liamhán gréine a bhí ann, ach ní raibh barúil ar bith agam faoina leithéid ag an am sin.
tráthnóna gréine sunny evening
" Bhí abairt Mhanainnise ar an admháil a tugadh dom sa bheár ar bord na loinge Ben My Chree agus sinn ag seoladh amach as cuan Bhaile Átha Cliath tráthnóna gréine mí Lúnasa seo caite.
Agus an ghrian ag dul faoi when the sun was setting
bhí an ghrian ag dul faoi the sun was setting
" Faoin am a bhí an séú scéal inste ag Danny, bhí an ghrian ag dul faoi agus bhí sé in am an Tóirse a athbhreoslú.
gathanna na gréine rays of the sun
" Mo cheannín maol i mbaol a dhóite ag gathanna na gréine – aimsir Manhattan fíorthé go deo.
ar maos sa ghrian soaked in sun
" D’fhág mé an bháisteach agus an easpa gréine i mo dhiaidh in Éirinn agus mé ar maos sa ghrian i ndeisceart na Fraince.
Agus an ghrian ag dul faoi when the sun set
" Agus an ghrian ag dul faoi gach oíche, thit an teocht léi agus fágadh muid in aeráid bhogthe, chompordach, shláintiúil.
dath na gréine tan
" Tháinig na póilíní orainn agus go tobann d'oir sé domh nár thuig siad mo chuid Fraincise! Tá mé ag déanamh go bhfuil ádh an tosaitheora iontach tábhachtach agus tú ag imirt Boules nó bhí mé iontach maith aige, agus bímse *cat* go maith ag cluichí liathróide go hiondúil! Tá sé tábhachtach dul amach le dath na gréine a fháil más Aixois thú, mar sin, agus bomaite saor agam i rith an lae, d'éalaínn amach doras cúil an stiúideo damhsa agus “ghlacainn grian” mar a deir muintir na háite.
lus na gréine sunflower
" Fásann labhandar agus lus na gréine in Provence, cuibhrinn mhóra díofa, agus idir iad sin agus na dathanna éagsúla a bhíonn ar Mont Sainte-Victoire le linn an lae, ní hiontas ar bith go raibh Cézanne i ngrá leis an cheantar.
an ghrian ag dul faoi the sun setting
" Is cuimhin liom go n-insíodh sé scéalta dúinn mar gheall ar na síogaí a thagadh amach i ndiaidh leath i ndiaidh a deich san oíche agus an ghrian ag dul faoi sa samhradh.
spéaclóidí gréine sunglasses
" Buandaingneán na háite a bhí ann – gruaig fhada, spéaclóidí gréine, madadh agus ríomhaire.
ag Sú na Gréine sunbathing
" Cait ag Sú na Gréine ar Oileán Mhic Guaire Cuireadh na chéad ainmhithe andúchasacha ar Oileán Mhic Guaire i lár na naoú haoise déag nuair a scaoil sealgaire míolta móra agus rónta gabhair agus coiníní air, ionas go mbeadh bia ar fáil do chuairteoirí nó do bháid a bhí ag dul thart.
bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch it was incredibly warm
" Agus bhí an t-ádh orainn an tréimhse a chaith muid ann, nó bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
diomaite de dhath na gréine apart from a suntan
" Ach tá achan rud ar fáil san Iorua, a bhí mise ag rá léi (diomaite de dhath na gréine, ach níl sin furasta a fháil in Éirinn ach an oiread).
ghrian ag scoilteadh na gcloch sun breaking the rocks
" Ní hamháin go raibh an ghrian ag scoilteadh na gcloch, ach bhí sé chomh te sin go bhféadfá ubh a róstadh ar na clocha dá mbeadh ubh agat, mar a dúirt cara liom fadó.
ghrian ag scalladh sun beating down
" Bhí an ghrian ag scalladh! Stopamar ag seinnt ag leath uaire tar éís a dó dhéag.
ghrian sun
" Tá an loch i lár an fhásaigh agus imíonn an t-uisce go tapaigh trí ghalú de dheasca go mbíonn an ghrian ag taitneamh anuas air an lá ar fad agus go bhfuil an loch an-éadomhain.
luí na gréine sunset
" D’fhógair Mahatma Ghandí gur mhéadaigh a anam in ómós don Chruthaitheoir, nuair a mheabhraigh sé ar áilleacht luí na gréine nó na gealaí.
ghrian sun
" Ní fhágtar, mar sin, ach an ghaoth agus an ghrian chomh maith le fuinneamh in-athnuaite eile, bithmhais agus cumhacht hidrileictreach, cuir i gcás, chun freastal ar riachtanais fuinnimh an 80 milliún duine atá ina gcónaí sa tír.
painéil ghréine sun panels
" Ní féidir a rá ach oiread go bhfuil na muilte gaoithe nó na painéil ghréine iomlán ‘glas’ sa mhéid is nach mbíonn aon drochthionchar acu ar an timpeallacht.
ghrian sun
loise na gréine sun's radiance
" Cronaímid uainn glóire an tsamhraidh: boladh na mbláth, saoirse an fheileacáin, loise na gréine, agus gártha na bpáistí.
solas na gréine sunlight
" Is aoibhinn liom féin an tsoiléire a bhaineann le maidin seaca, an bháine thréan a bhaineann le solas na gréine.
Imíonn an ghrian the sun sets
" Imíonn an ghrian go tobann laistiar den chnoc is slogtar mé ag búir na gaoithe sna crainn ghiúise.
ga gréine ray of sunlight
" Is dolmen faoi leith é Maen ar Boudiged (i bhFraincis La Roche aux Fées; Leacra an tSlua Sí), i ngar do Raozhon/Rennes, atá leagtha amach mar Bhrú na Bóinne le ga gréine na ngrianstad a cheapadh isteach isteach trína lár.
Liamhán Gréine basking shark
" Tá siorc sna farraigí Éireannacha fosta, darbh ainm an Liamhán Gréine, ach níl aon chontúirt ag baint leo.
togha na gréine the best sunshine
" Bhí gach cineál áise san ionad saoire sin – beár snámha, cluichí uisce, cúrsa mionghailf, móide togha na gréine gach lá.
Lusanna na Gréine sunflowers
" com/movie-clips/tree-of-life/nature-vs-grace> *‘The Nuns have taught us there are two ways through life…The way of Nature* (uan beag ina láimh aici), *or the way of Grace* (Lusanna na Gréine, a lán díobh)….
lus na gréine sunflower(s)
" Is gearr go raibh mé féin agus leathbhuidéal uisce ar an mbealach go Búdaipeist agus milliún acra de lus na gréine ag rince agus ag scairteadh timpeall orainn.
ag dul faoi na gréine at sunset
" Scríobh Munch i 1895, mar mhiniú ar an phictiúr, go raibh sé ag siúl ar bhóthar tuaithe le beirt chara ag dul faoi na gréine agus gur tháinig dath fuilteach dearg ar an spéir.
dhó na gréine sunburn
" Thuig sé trí rud: cuireann na préamhacha srian le creimeadh na talún; bíonn foscadh faoi chraobh ó sceo na gaoithe agus ó dhó na gréine; agus is leasú créafóige atá sa duilliúr a sceitheann an choill sa bhfómhar.
faoi sholas na gréine in sunlight
" Níl, ar ndóigh, fiúntas ar bith leis an áis *iOS* faoi sholas na gréine! B’fhéidir go n-oirfeadh Audible.
baineadh díom spéaclóirí gréine sunglasses had been removed from me
" An mhaidin dár gcionn, tá soiléire neamhghnách ar an saol, amhail is gur baineadh díom spéaclóirí gréine a bhí orm i ngan fhios dom féin.
easpa gréine lack of sun(shine)
" An rud nach bhfuil leigheas air caithfear cur suas leis, deir siad, ach d’ainneoin sin, bítear ag síorghearán sa tír seo samhradh i ndiaidh samhraidh faoin easpa gréine.
an ghrian ag scoilteadh na gcloch the sun splitting the rocks
" Tús an tsamhraidh a bhí ann, agus bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch, agus gártha daoine, idir óg agus aosta, le cloisteáil i mo thimpeall ar an trá.
D’imigh mé roimh éirí na gréine I left before sunrise
" D’imigh mé roimh éirí na gréine chun teas an lae a sheachaint.
le heaspa gréine due to lack of sun
" Is mó an baol dá réir go dtitfidh daoine thart orainn in isle brí le heaspa gréine amach i ndúluachair na bliana.
nuair a théann an ghrian faoin toinn oícheanta an tsaoil when the sun dips below the sea of an evening
" Bíonn an fharraige le feiceáil ag síneadh siar go deo deo, agus luisne dhearg ar bhun na spéire nuair a théann an ghrian faoin toinn oícheanta an tsaoil.
le luí na gréine go mórmór particularly at sunset
" Ar feadh an fhómhair i mbliana, le luí na gréine go mórmór, bhí an dá chaipín le feiceáil go soiléir agam.
le fuineadh gréine at sunset
" Ag féachaint dom le fuineadh gréine ar Log na Coille agus eile os cionn cheithre scór míle siar uaim thar muir, thuig mé de phlimp gur guta cúnta (ə) atá idir an ‘-ll’ agus an ‘M-‘.
bhíonn an ghrian faoi smúid when the sun is clouded over
" Ach muna bhfuil an aimsir leat is féidir *Star Walk* don *iPad* a úsáid fiú nuair a bhíonn an ghrian faoi smúid.
Lastar suas an scáileán le gae nó dhó gréine the screen lights up with a ray or a blast of sunlight
" Lastar suas an scáileán le gae nó dhó gréine nuair a thagann Anne ar ais chuici féin ó am go chéile.
an ghrian ag scoilteadh na gcloch the sun splitting the rocks
" Ní raibh scamall sa spéir agus bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
Agus an ghrian ag dul faoi while the sun was going down
" Agus an ghrian ag dul faoi os cionn na farraige, lasamar tine ar an trá agus lean an ceiliúradh go maidin le canadh agus damhsa.
lucht gréine agus gainimh fans of sun and sand
" Uair amháin, ba iad Na hAlpa an áit a bhí mór le rá i measc sléibhteoirí, agus d’amharc siad ar An Spáinn mar cheann scribe don ‘lucht gréine agus gainimh.
faoi theas ghrian an tráthnóna under the heat of an evening sun
" Bhí síocháin, dóchas agus tírghrá i réim ar chearnóg mhór Campo Grande, i lár cathair Salvador, áit ar chruinnigh fiche míle duine le chéile faoi theas ghrian an tráthnóna.
amhail an ghrian ag dul deiseal dóibh it’s all natural to them
" Chuireadh an cleas seo muintir na hAstráile le báiní tráth dá raibh, ach amhail an ghrian ag dul deiseal dóibh atá sé faoi láthair.
boladh uachtar gréine uathu having a smell of suncream
" Bíonn na sluaite le feiceáil i rith an lae ag siúl suas síos sráideanna cúnga an Lido, cóin gelato ina nglaic acu, boladh uachtar gréine uathu agus iad ag triall ar an trá nó ar cheann den iliomad bialanna atá daite timpeall an oileáin.
Níor imirt gréine é ach oiread it wasn’t the sun’s effect either
" Níor imirt gréine é ach oiread, bhí a fhios agam.
gathanna gréine shafts of sunlight
" “*We’ve never played in a bombed-out church before - they are few and far between!*” Is é an míbhuntaiste is mó faoin eaglais ná easpa díon, ach bhí an t-ádh ar na hUltaigh, agus cé go raibh ceathanna troma i rith an lae, bhí sé deas geal tirim don cheolcheoirm agus tháinig gathanna gréine tríd na frámaí fuinneoige mar spotsolas draíochtúil ar an ardán.
mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian I tender to you the sun and the moon
" An tabharfar cead dóibh teacht ar ais - an leor iad an tríocha páiste seo chun cur in iúl go mbeadh suim níos mó ann an chéad uair eile? Nó an mbeadh hypersexualisation pléite ag an Seanad mairtheanach s’againn féin? > ‘A iníon bhán, seo dearbhú ó do mhaithrín go mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian is go seasfainn lem chorp féin idir dhá bhró an mhuilinn i muilte Dé chun nach meilfí tú mín mín.
aon léas de sholas na gréine any ray of sunlight
" Ba dheas a cheapadh go dtiocfadh duine thall is abhus slán i ndiaidh an tríú cogadh domhanda, ach cé ar mhaith leis fanacht beo faoin talamh ar feadh breis is sé mhí le teacht aníos ina dhiaidh sin chuig domhan nach mbeadh aon léas de sholas na gréine le feiceáil ann ar feadh blianta fada? Dá gcuimhneodh daoine go leor ar a leithéid in am, d’fhéadfaí é sheachaint.
an ghrian ag spalpadh anuas orthu the sun blazing down on them
" De ghnáth, bíonn neart siamsa ann freisin! Céard faoi na dúshláin a bhaineann le bheith ar an gcoigrích, áfach? Téann mórán Éireannach agus Sasanach bliain i ndiaidh bliana ar laethanta saoire chun na Spáinne – an ghrian ag spalpadh anuas orthu agus iad ina luí ar na tránna áille, deochanna a cheannaigh siad ar leath an phraghais a bheadh orthu sa bhaile ina nglaic acu, sona sásta ar feadh coicíse agus tuige nach mbeadh? Ach sin iad na hionaid saoire, ceann scríbe na dturasóirí.
maidin gréine sa bhfómhar a sunny autumn morning
" Dá réir sin seo mé anois maidin gréine sa bhfómhar i mo sheasamh le 14,500 daoine eile i gCearnóg Mhic Liam ag fanacht go dtosóidh rás 26.