Pota Focal Intergaelic
ard | had | hand | hardy | hare | hark
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
inneoin chrua the hard anvil
" Tá siad múnlaithe ar inneoin chrua na staire agus tá siad tréitheach, cumasach ar páirc nó ar pár: Tomás Ó Criomhtainn, Piaras Feirtéar, Pádraig Ó Fiannachta, Eibhlín Ní Mhurchú, Maidhc Dainín Ó Sé, Páidí Ó Sé, Tom Crean, Jerome O'Connor, Seosamh Ó Dálaigh, Paddy Bán Ó Brosnacháin, Peig Sayers, Diarmuid Ó Duibhne.
dian hard
" Na huaireanta a chloig a chaitheamh i mbun báire, ag cleachtadh le comhghleacaithe, nó cluiche dian a imirt in aghaidh foirne eile, sin é an pléisiúr is mó ag an iománaí díograiseach.
daorobair hard labour
" Fuarthas ciontach é agus ghearr an Breitheamh Murray Goodman téarma príosúnachta sé mhí le daorobair agus fíneáil $500 air.
go dian hard
" Ach le dearcadh eile a fháil ar an bhféile chuaigh mé chun cainte le Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir na féile agus duine den fhoireann dhíograiseach a bhíonn ag obair go dian leis an rud ar fad a tharraingt le chéile.
Is deacair á shárú It's hard to beat
" "Is deacair á shárú lá fuar geimhridh agus níl caill ar é seo ina cheann.
ana-dhian very hard
" Chaith sí é a thabhairt suas agus bhí sé ana-dhian uirthi.
cruachroíoch hard-hearted
" Impíodh ar an rialtas na hionaid choinneála a dhúnadh ar mhaithe le cearta daonna ach níor bhog siad óna seasamh cruachroíoch.
fíorghanntanas fianaise crua a big shortage of hard evidence
" Nach raibh Gerry Adams i gCúba i mbliana? Nár dhúirt oifigeach sinsireach de chuid Arm na Colóime go raibh cúig bhall déag éagsúla de chuid Shinn Féin ina thír? Ach, arís eile, tá fíorghanntanas fianaise crua le sonrú go raibh an triúr Éireannach - Martin McCauley, James Monaghan agus Niall Connolly - ag traenáil FARC le buamaí a dhéanamh.
an-dian very hard
" Níl an oiread céanna reatha le déanamh ag iománaithe toisc go dtaistealaíonn an sliotar chomh fada agus chomh tapaidh sin, ach déanann siad san traenáil an-dian freisin.
speisialtóirí i sranadh go hard specialists in loud snoring
" Is saineolaí mé anois ar chúram spuaiceanna agus ar conas codladh i leaba gan bhraillíní atá níos cosúla le hámóg, i seomra le 30 duine eile, cuid acu ina speisialtóirí i sranadh go hard.
dian hard
" Cén fáth ansin gur chuir mé romham an Camino de Santiago de Compostella a shiúl mar shaoire? Nach bhfuil an saol sa bhaile duairc agus dian go leor gan cur leis an duairceas agus an phian trí breis agus 20 ciliméadar a shiúl sa teas, faoin ngrian, le mála mór ar mo dhroim le mo chuid balcaisí agus bia an lae ann.
coimhlintí géara hard rivalries
" An scil a bhí acu, an luas agus an chrógacht, na scóranna iontacha agus na coimhlintí géara, troma (a scanraigh mé ar uairibh), chomh fada siar agus is cuimhin liom is í an iomáint a chuir sceitimíní agus gliondar agus iontas orm gach uair a bhí mé i láthair i bPáirc an Chrócaigh ag cluiche mór.
dian hard
" Thug Alan Kennedy ráiteas scríofa don fhiosrúchán cheana féin ach tá an dóigh a bhfuil an scéal ag teacht amach de réir a chéile dian air.
dian hard
" Bhí na céad bhlianta sa scoil sin dian go maith.
gur chóir dioscaí crua a fhormáidiú arís that hard disks should be formatted again
" Deirtear gur chóir dioscaí crua a fhormáidiú arís chun an t-eolas a ghlanadh uathu agus moltar scian a úsáid chun dlúthdhioscaí a scríobadh agus "úsáid gan údarás" a sheachaint.
a throid go fada agus go tréan who fought long and hard
" Ba iad sinsear Doherty a chuaigh trasna an Atlantaigh, agus a throid go fada agus go tréan chun áit a bhaint amach sa tsochaí Mheiriceánach.
dhianobair hard work
" Mar gheall ar dhianobair na múinteoirí scoile, tá Gaeilge ag éirí coitianta ag an aos óg arís.
dian hard, intense
" Bhíos ann ag seinnt ceithre huaire sa ló, seachtain lá na seachtaine, ar feadh sé mhí nach mór! Bhí spórt agam ach bhí sé dian.
coimhlint ghéar a hard contest
" I gCúige Mumhan, beidh an Clár i gcoinne Thiobraid Árann sa chéad bhabhta agus is dóigh go mbeidh coimhlint ghéar eatarthu, ach muna mbíonn cúpla tosach nua ar fónamh aimsithe ag Contae an Chláir gan mhoill, ní móide go mbuafaidh siad ar Thiobraid Árann i mbliana.
cinntí diana hard decisions
" Ní fhéadfá drochrud a rá faoi," a dúirt Cunningham, a fheiceann Bloomberg mar chineál eile ceannaire, a bhfuil an mianach céanna ann is a bhí i méaraí eile de chuid Nua-Eabhrac a raibh an-chion orthu, Ed Koch nó Rudy Giuliani, cuir i gcás, agus nach bhfuil eagla air cinntí diana a dhéanamh.
dian go leor hard enough
" An é go raibh daoine róshantach nuair a tugadh isteach an euro nó an é nach raibh an rialtas dian go leor ar na gaimbíní a mhéadaigh a gcuid praghsanna go slítheánta nuair a fuair siad an deis ag tús na bliana seo caite? Níor smaoinigh na daoine seo, nuair a athraíodh go dtí an euro, go mbeadh sé níos fusa as sin amach comparáid a dhéanamh idir tíortha na hEorpa maidir leis na praghsanna atá a ngearradh ar earraí siopadóireachta.
a moladh go hard which was highly praised
" Mar shampla den mheon a bhaineann leis an Craobhchomórtas, in agallamh le nuachtán náisiúnta, dúirt iarchaptaen de chuid Chontae an Chláir nach raibh sa chluiche ceannais den tSraith Náisiúnta idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann (cluiche a moladh go hard) ach "cluiche taispeántais" agus go mbeadh "fíorchluiche" iománaíochta idir an Clár agus Tiobraid Árann i gCraobhchomórtas na Mumhan.
an-dian very hard
" Sin méadú ón chúigear a bhí againn don nuachtán seachtainiúil suas go dtí deireadh mhí an Aibreáin 2003, agus tá na costais bhreise an-dian orainn.
gur doiligh that it is hard
" Tá cúrsaí polaitíochta chomh leamh sin faoi láthair, Groundhog Day arís agus arís eile, gur doiligh greann ar bith a shú as na himeachtaí.
dian hard
" Bhí Elisa den tuairim go raibh an tír go hálainn, "cé is moite den bháisteach, an ghaoth agus an ceo!" Bhí meascán ann ó thaobh aimsire de i mí Iúil, ach cé go raibh sé dian in amanna, níor chaill sí féin ná a cara Sara Cerrutí lá ar bith de shé lá an chúrsa, rud atá neamhchoitianta.
a gcuid iarrachtaí a mhéadú to try harder
" Is faoi na contaetha eile atá sé a gcuid iarrachtaí a mhéadú agus a gcaighdeán a ardú.
dua (hard) work
" dualgas cine agus dílseacht do mo mhuintir a spreag mé agus a choinnnigh orm cloí leis an obair go deireadh.
in am an ghátair when times are hard
" Ba léir go ndeachaigh léiriú Sheridan ar an chruatan i gcion ar na daltaí óga, agus an bhéim atá curtha aige sa scannán ar thábhacht ghrá an teaghlaigh in am an ghátair.
diosca crua mór faoi leith separate hard disk
" Ar ndóigh, chabhródh diosca crua mór faoi leith freisin, agus tá gá le tiomántán DVD-R chun na scannáin a scaipeadh ar dhioscaí digiteacha ilúsáide.
níos déine harder, more intense
" Traenáil níos déine ======= Dar ndóigh tá an traenáil a dhéanann siad mar imreoirí gairmiúla i bhfad níos sofaisticiúla agus níos déine (ag plé le meáchain etc.
chomh dian is a bhíodh as hard as it used to be
bod crua a hard penis
" Is é an rud a chonaic sé a chuir fearg air ná pictiúr den Chroch Chéasta agus seamhan ag sileadh aisti agus, ar an taobh clé di, bod crua ina sheasamh suas díreach.
trí obair dhian through hard work
" Is mian leo é sin a dhéanamh seachas a bheith ag iarraidh post maith a fháil trí obair dhian agus, ag an am céanna, a lán ama a chaitheamh i mbun traenála i lár an gheimhridh agus i mbun taistil ar fud na tíre chun cluichí a imirt, ag filleadh déanach oíche Dhomhnaigh agus ag éirí go moch maidin Dé Luain chun lá oibre a dhéanamh.
Is deacair a shamhlú it's hard to imagine
" Is deacair a shamhlú go n-inseodh ceachtar dream bréag - nach polaiteoirí iad? *Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney.
díograiseach enthusiastic, hard-working
" Sin ráite, caithfidh mé a rá gur bhuail mé le roinnt oibrithe óga sealadacha a bhí iontach cumasach agus díograiseach.
molta go hard greatly praised
" Mar is eol do chách, is dóigh, tá bainisteoir ar United (nach bhfuil chomh haontaithe sin faoi láthair, de réir mar a thuigim) agus tá sé molta go hard mar bhainisteoir i ngeall ar an méid corn agus craobh atá buaite ag an gclub úd faoina stiúir le beagnach 20 bliain anuas.
dian ar dhaoine hard on people
" Abair, níl mé ag iarraidh a bheith dian ar dhaoine mar tá daoine díograiseacha ann i gcónaí, ach ar éigean go bhfuil scríbhneoir ar bith Gaeilge arb é an cháil atá air gurb í an drámaíocht an chloch is mó ar a phaidrín, rud atá spéisiúil.
dícheallacha hard-working
" Deir sé gur daoine dícheallacha agus ionraice, den chuid is mó, an dream a raibh sé ag obair leo, daoine a raibh cion acu ar a dteaghlach agus ar theastaigh deimhneacht uathu ina bpost.
dian go leor hard enough
" AÓF: An maith leat a bheith leis an ngrúpa? MNA: Is breá liom é, cé go mbíonn sé dian go leor uaireanta.
Bhí rompu. They had hard work ahead of them.
dian hard
go dian hard
" Ach tá an coiste ag obair go dian chun Cumann na bPiarsach a choinneáil ar an mbóthar ceart agus b'fhéidir an Comórtas Seachtar-an-Taobh a bhí an-láidir sna 1980í a athbheochan.
an pholaitíocht chrua eitneach hard-boiled ethnic politics
" " an pholaitíocht chrua eitneach ======= Bhí an dearg-ghráin, ar ndóigh, ag Nixon ar mhuintir Kennedy ar fad.
is deacair a shamhlú it is hard to imagine
" Ach má bhí Garda nó Gardaí i gclaonpáirtíocht leis an IRA, agus is deacair a shamhlú nach raibh, is ag rannóg eolais an IRA a bheadh an t-eolas seo agus is féidir a bheith measartha cinnte nach mbeidh an IRA ag tabhairt aon eolas maidir lena ngréasán eolais, ar luachmhaire go mór é ná gach píosa armlóin dá bhfuil acu.
doiligh a chreidbheáil hard to believe
" Tá sé doiligh a chreidbheáil, ach is ann dóibh siúd a deir nach bhfuil ann ach an méid atá tuillte acu, agus iad ag maíomh agus ag ceol gan stad faoi "Chonamara na hÁille".
an-dian very hard
" Nuair a bhí foireann Átha Cliath ag imirt agus ag traenáil sna 70í, thraenáil siad an-dian ar fad, ach ní raibh aon eolas ná tuiscint acu ar 'théamh suas' i gceart, na meatáin a shíneadh i gceart, deochanna cearta agus bia ceart a thógáil, 'téamh síos', folcadh oighir a ghlacadh agus mar sin de.
ródhian too hard
" Is dócha go raibh mé ródhian orm féin, agus b'in an fáth go raibh mé chomh dian sin ar dhaoine eile.
dian hard
" Ná bí dian ort féin más deacair duit riail a thuiscint nó cuimhneamh ar fhocal.
níos déine harder
" Is minic iadsan ag obair níos déine ina dhiaidh le rudaí a chur ina gceart, dar leo féin.
roghanna deacra hard choices
" Ach ní ag oifigigh na heaglaise amháin atá roghanna deacra le déanamh.
ar an ghannchuid hard-up
" "Is furasta dó sin bheith ag gearán nuair nach raibh sé féin riamh ar an ghannchuid, agus nach mbeidh.
Díograiseach hard-working
" Marc: C Corcaigh ======= *Mícheál Ó Scanaill (FG)* An-stuama, staidéarach, Díograiseach agus cliste.
cnagáin cháidheacha dirty hard lumps
" Nuair a labhair Balor Fáidh leo níor éist siad lena fhírinne ghlan, agus ní dhearna siad beart de réir a bhriathair, agus chruaigh siad a gcroí agus chaith maslaí leis agus clocha agus cnagáin cháidheacha as cairn aoiligh.
díograiseacha diligent, hard-working
" Bealaí OSP thar lear ======= Ní hí Éirinn an t-aon tír amháin a bhfuil bealaí OSP le fáil inti: is amhlaidh go bhfuil roinnt mhaith bealaí idir mórthír na hAlban agus Inse Orc, an tSealtainn agus Inse Ghall; cuid de na bealaí idir bailte iargúlta san Iorua; idir tír mór san Iodáil agus an tSairdín; agus (*vive la différence!*) bealaí idirnaisiúnta ó Strasbourg go cathracha Eorpacha, chun go mbeidh turas deas simplí abhaile ag na Teachtaí Eorpacha díograiseacha.
spadchluasach hard of hearing
" “Bhail, mhínigh mé dó go raibh muid ar fad spadchluasach go hiomlán sa bhanna ó bheith ag éisteacht linn féin ag screadaíl agus ag béiceadh agus ag caisliúireach oíche i ndiaidh a chéile ag ár gceolchoirmeacha féin, agus gur shíl muid gur *Vertigo *a dúirt sé seachas *Bertie Show*.
níos déine harder
" I sochaithe ina bhfuil meas mór ar an obair agus ar stádas geilleagrach, “tá daoine ag obair uaireanta níos faide agus ag obair níos déine,” a deir Barbara Taylor ó Matchfinder.
spadchluasach hard of hearing
" “Bhail, mhínigh mé dó go raibh muid ar fad spadchluasach go hiomlán sa bhanna ó bheith ag éisteacht linn féin ag screadaíl agus ag béiceadh agus ag caisliúireach oíche i ndiaidh a chéile ag ár gceolchoirmeacha féin, agus gur shíl muid gur *Vertigo *a dúirt sé seachas *Bertie Show*.
níos déine harder
" “Tá sibhse anois dífhostaithe agus díomhaoin, ach caithfidh sibh oibriú níos déine ná mar a rinne sibh riamh roimhe chun airgead a chruinniú do Shinn Féin.
cadránta hard
" Chuir an Ceisteoir Cunaí Cliste sraith ceisteanna crua cadránta cointinneacha ar dhuine de mhór-Oráistigh agus de mhórdhílseoirí ár linne, agus ní dhearna sé stad mara ná mórchónaí go bhfuair sé freagraí fírinneacha ar a chuid ceisteanna.
ball an-díograiseach dícheallach den chumann a very enthusiastic and hard-working member of the society
" Ba é Cumann Seandálaíochta Uladh a reáchtáil an turas, agus bhí Billy Dunlop, ball an-díograiseach dícheallach den chumann, mar threoraí againn.
go dian hard
" Bhí fíor-dhrochthorthaí ag an bhfoireann in 2004 agus 2005 agus chuir sin an-bhrú agus strus ar an mbainisteoir Humphrey Kelleher, a bhí ag obair go dian ar son na foirne.
bhínn an-dian orm féin I used to be very hard on myself
" Aon uair a bhíos féin i gceannas ar fhoireann, cuma cén grád nó aois, bhínn an-dian orm féin aon uair a bhí cluiche caillte.
chadránta hard-hearted
" Breast RTÉ agus na scannáin chéanna arís agus arís eile Lá Nollag! Breast na pubanna a bhíonn druidte ar an lá is mó fonn óil sa bhliain!” Is beag gairdeas Nollag ná croí na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Balor faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach.
an-dian very hard
" ” Níl sé i gceist ag Muireann seasamh i dtoghchán san am atá romhainn mar gur dóigh léi go bhfuil saol an pholaiteora an-dian.
go dian hard
ag léim go hard san aer jumping high in the air
" Is cinnte go mairfidh a chuimhne agus a cháil go ceann i bhfad i measc na ndaoine a chonaic é ag léim go hard san aer agus ag breith ar an liathróid i lár scata imreoirí eile.
Is doiligh a shamhlú it is hard to imagine
" Is doiligh a shamhlú sa lá atá inniu ann an tionchar a bhí ag na “haistriúcháin” seo ar mheon aos ealaíon na hEorpa san 18ú agus an 19ú haois.
ní ba dhéine fós harder still
" Bhíothas ní ba dhéine fós ar an chlár ar an suíomh gréasáin Tviscrying.
an-dian ar fad very hard indeed
" ” Bhí cuid de na léiritheoirí ar bhuail sí leo an-dian ar fad uirthi.
chomh tréan is a thiocfadh liom as hard as I could
" “Amuigh i gclós an tí, fuair mé *bin lid *agus rith mé amach chun na sráide agus bhuail an talamh chomh tréan is a thiocfadh liom.
dian hard
" Cinnte tá an-suim san iomáint le fáil sna “contaetha laga” agus daoine ag obair go dian chun í a chur chun cinn, ach tá constaicí móra roimh fhorbairt dháiríre, go háirithe i measc lucht peile nach cás leo iománaíocht ar chor ar bith.
níos troime ar na scamhóga harder on the lungs
" Tá sí níos troime ar na scamhóga freisin, mar sin ní féidir aistriú ón bhfeadóg stáin go dtí an fheadóg mhór d’aon gheábh amháin – tá cleachtadh agus foighid ag teastáil.
an choisíocht chrua a chur isteach to do the hard slogging
" Díograiseoir cruthanta Gerry Adams, d’oibrigh Denis Donaldson laistigh d’eangach riaracháin na Sealadach, é i gcónaí sásta an choisíocht chrua a chur isteach, lasmuigh den spotsolas, chun clár oibre phróiseas na síochána a bhrú chun tosaigh.
ag obair go dian working hard
" Ní rabhamar ar fad riamh suite síos ag obair go dian gan bheith ag caint.
poblachtaigh dhígeanta, phraiticiúla die-hard, practical republicans
" B’in iad na geallúintí faoinar sheol Dev agus a bhuíon isteach i dTeach Laighean arís, bíodh scéal na boilge amuigh fíor nó a mhalairt! B’in an chéad sluachorraíl – poblachtaigh dhígeanta, phraiticiúla ab ea an dream nua seo.
bónaí crua sciathánacha hard winged collars
" Fir óga ab ea móramh an Rialtais sin, formhór acu a bhí fós míchompordach sna bónaí crua sciathánacha, gan trácht ar na cótaí eireaballacha foirmeálta a thóg áit anois na seantuiní uaine a chaitheadar le mórtas – éide Óglaigh na hÉireann, éide gharchogaithe na saoirse, éide Arm na Poblachta.
ar chora crua na haimsire atá caite of the hard turns of times gone by
" I bhfianaise an dearcaidh seo tá seans go mbeadh Polannaigh gach pioc chomh híogair maidir lena stair fiú muna mbeadh beo fós daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar chora crua na haimsire atá caite.
saothraígí go dian work very hard
" Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian Mar níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
dian ar Fhoras na Gaeilge uaireanta hard on Foras na Gaeilge at times
" Bíonn na meáin chumarsáide dian ar Fhoras na Gaeilge uaireanta, agus bíonn cúis mhaith leis an cháineadh uaireanta, ach is ceart tacaíocht a léiriú d’fhear Thír Eoghain agus é ag dul i mbun oibre.
mar chártaí grafacha crua-earraí as hard-ware graphics cards
" Ach tá iomaitheoirí ag Havok, agus tá roinnt de na bogearraí a chuireann fisic i bhfeidhm i gcluichí anois á gcur ar fáil mar chártaí grafacha crua-earraí.
cruashreangaithe hard-wired
" Tá na foirmlí matamaitice ar fad cruashreangaithe ar na cártaí seo.
dianobair hard work
" Ach ní bheidh an t-eitleán nua réidh roimh 2012; tá mórán ama curtha amú ag Airbus agus dianobair le déanamh sular féidir leo dul san iomaíocht le Boeing arís.
téann sé dian orthu go léir they all find it hard
" Ach téann sé dian orthu go léir an t-idirdhealú a dhéanamh idir leas an náisiúin, leas an rialtais agus leas an pháirtí, gan trácht ar leas pearsanta an cheannaire féinig.
ar an ngannchuid hard up
" Ní fheicim rachmasóirí Fhine Gael ná An Pháirtí Dhaonlathaigh ar an ngannchuid mar nár thugadar airgead do Charles J Haughey.
obair dhian hard work
" Bhí Seán Óg ag marcáil Dhónail Uí Sheanacháin agus is beag tionchar a bhí ag Dónal Mór ar an gcluiche de bharr obair dhian Sheáin Óig.
dian hard
" De réir na dtuairiscí, áfach, níl ag éirí go rómhaith leo siúd atá ag obair san earnáil Leaba agus Bricfeasta, i mbliana go háirithe; deirtear go bhfuil deacrachtaí dosháraithe acu agus go rachaidh sé dian ar go leor acu leanúint ar aghaidh i bhfad eile leis an ghnó.
mholfainn an Namaib go hard duit I'd recommend Namibia highly to you
" Más laethanta saoire gnóthacha atá uait, mholfainn an Namaib go hard duit.
clogad crua na ceartaiseachta the hard helmet of priggishness
" Cé a bhí ina sheasamh idir mé agus maidneachan ach Éamonn Ó Doornail, an tEagarthóir Téagartha; clogad crua na ceartaiseachta fána cheann, sciath nuachtán crochta lena thaobh, claíomh géar na fíréantachta ina láimh dheas agus péire peann ina láimh eile, agus nuair a chonaic mé é gléasta mar a bhí agus solas niamhrach na húrmhaidine ag lonrú fríd a chuid gruaige cataí ciardhuibhe, dúirt mé gur mhór an trua nach raibh mo Canon EOS Digital liom nó nach gcreidfeadh duine ar bith ar chlár an domhain an chuma churata, oscartha, laochta a bhí air an mhaidin sin.
an-dian very hard
" Fuair mé tacaíocht ó mo thuismitheoirí – ainneoin go raibh m’athair buartha go mbeadh sé an-dian slí bheatha a bhaint amach dom féin sa phéintéireacht.
thar a bheith dian extremely hard
" ’ “Bhí an chéad bhliain go leith thar a bheith dian ach, ina dhiaidh sin, bhí muid féin níos socraithe ar ár gcúrsa agus, chomh maith leis sin, bhí ár misneach ag neartú.
ag staidéar go dian. studying hard.
" Ag an am sin, bhí an-suim agam sa léann – bhí mé ag staidéar go dian.
ba dheacair aon ghiorracht dá thuama a bhaint amach it was hard to get anywhere near his grave
" Cailleadh an ceoltóir mór le rá Czeslaw Niemen in 2004 agus ba dheacair aon ghiorracht dá thuama a bhaint amach toisc go raibh an méid sin coinnle timpeall air.
aon dath níos déine any harder
" Níl mé ag rá go raibh muid ag obair aon dath níos déine ná mar a bhí oifigigh an choiste láir ach idir a saothar siúd agus saothar na ndaoine anseo ar an talamh tá cuid mhór oibre curtha isteach ann ceart go leor.
saol ní ba dhéine a harder life
" ” Ba é Risteard ab óige de chúigear páistí agus deir sé go raibh saol ní ba dhéine ag an bheirt ba shine sa teaghlach ná mar a bhí ag an chuid eile acu.
tá sé iontach deacair smacht a choinneáil air. it's very hard to control.
" Tá mórán an dearcadh céanna agam is atá ag macasamhail Hume i nDoire: nuair a chuireann tú tús leis an fhoréigean, tá sé iontach deacair smacht a choinneáil air.
an-dian very hard
" “Sílim go bhfuil sé sin athraithe anois ach bhí sé an-dian air.
deacair a chreidiúint hard to believe
" Le fírinne, bhí níos mó *Dubs* ar fhoireann iománaíochta Laighean sna blianta úd ná mar a bhí ar an bhfoireann pheile, rud atá deacair a chreidiúint anois, i bhfianaise stádas íseal Átha Cliath ag an leibhéal sinsearach.
Ba dhaoine dlúsúla dícheallacha iad tuismitheoirí Justine. Justine's parents were industrious, hard-working people.
" Ba dhaoine dlúsúla dícheallacha iad tuismitheoirí Justine.
go han-dian ar fad extremely hard
" An fianaise é seo ar an eiticláidir atá ag Browne? "Oibríonn Emma go han-dian ar fad ag Villageagus is cinnte go bhféadfadh sí i bhfad níos mó airgid a thuilleamh diféin dá ndéanfadh sí an méid céanna oibre áit éigin eile".
agus gur mhaígh sé go hard sollúnta and that he boasted loudly and solemnly
" * - *Ach ba é seoidín an lae inniu uaidh ná gur cheannaigh mac le Woody Guthrie, Arló, píobaí tráth, agus gur mhaígh sé go hard sollúnta leo siúd ina thimpeall go mbeadh sé ábalta iad a mháistriú i dtrí lá.