Pota Focal Intergaelic
| dhe | E | H | ha
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Díbríodh He was banished
" Ach i ndeireadh na dála, tar éis seala i bpríosún Chill Mhaighneáin, ba go dtí an Astráil a Díbríodh é.
Ní mó ná sásta a bhí sé He wasn't one bit happy
" Ní mó ná sásta a bhí sé faoi sin.
ba ghnách leis he used to
" Ba é an t-ainm a bhí air, William Henry Mc Carty, ach 'Henry Mc Carty' ba ghnách leis a thabhairt air féin i dtús a réime.
nocht sé foléine he showed an undershirt
" Ní raibh sé sásta teacht go Learpholl chun labhairt leo fiú, cé go ndearna Robbie Fowler, captaen Learpholl FC, ráiteas os comhair an tsaoil mhóir ar an chlár teilifíse "Match of the Day" nuair a nocht sé foléine a raibh "Support the dockers" scríofa uirthi.
Dearann sé he designs
" Dearann sé píosaí péintéireachta atá geoiméadrach agus láidir ó thaobh dathanna de.
a ghráigh he loved
" Nuair a bhíothas ag sainiú leasainm agus ag rianadh ghinealach Choirpri Liphechair, is é an cuntas a rinneadh ar an 'Liphechair': a Liphu dia m*áthair* (= don/ón Life dá m*háthair?*) ara mbét rochar Liphe, nó **il**-Liphe a m(h)áthair (= ar an méid a ghráigh sé an Life, nó a mháthair, 'il-Liphe') Amhail sin, gona fhleiscín, a breacadh arís é sa dán 'A Brigit **il**-Life Luirc'.
bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé he was a chatterbox at the best of times
" Ach Dónall, bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé agus ní tháinig druid ar a bhéal nuair a chuaigh sé i mbun na biotáilte.
chinn sé ar he decided
" Ag an am sin, chaith sé tréimhse ag obair go lánaimseartha leis na príosúnaigh phoblachtánacha a bhí ar stailc ocrais agus ansin chinn sé ar dhul isteach i Sinn Féin.
gur nocht sé é féin that he exposed himself
" Cuireadh ina leith go raibh sé ag eascainí, gur nocht sé é féin go poiblí agus go raibh sé ar meisce.
Fuarthas ciontach é he was found guilty
" Fuarthas ciontach é agus ghearr an Breitheamh Murray Goodman téarma príosúnachta sé mhí le daorobair agus fíneáil $500 air.
bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé he was a chatterbox at the best of times
" Ach Dónall, bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé agus ní tháinig druid ar a bhéal nuair a chuaigh sé i mbun na biotáilte.
Tá sé siúd caoch He's very drunk
" Tá sé siúd caoch agus níl a dhath níos cinntí ná go mbeidh sé ag tarraingt orla bomaite ar bith anois," arsa Deirdre.
steall sé amach he poured with gusto, lashed out
" Ach níor éist an fear fada léi agus steall sé amach gloine eile.
Féadann sé fad a bhaint as he'd better make it last
" "Féadann sé fad a bhaint as nó sin a chuid anocht.
sin a chuid anocht that's all he'll have tonight
" "Féadann sé fad a bhaint as nó sin a chuid anocht.
tá sé ar obair he's started
" "Ó, tá sé ar obair," arsa Deirdre.
as ar fáisceadh é from which he was bred
" B'ionann é agus laoch de chuid an GAA a bheith dúnmharaithe, ionsaí ar an duine agus ionsaí ar an chultúr as ar fáisceadh é.
Tá sé siúd caoch He's very drunk
" Tá sé siúd caoch agus níl a dhath níos cinntí ná go mbeidh sé ag tarraingt orla bomaite ar bith anois," arsa Deirdre.
steall sé amach he poured with gusto, lashed out
" Ach níor éist an fear fada léi agus steall sé amach gloine eile.
Féadann sé fad a bhaint as he'd better make it last
" "Féadann sé fad a bhaint as nó sin a chuid anocht.
sin a chuid anocht that's all he'll have tonight
" "Féadann sé fad a bhaint as nó sin a chuid anocht.
tá sé ar obair he's started
" "Ó, tá sé ar obair," arsa Deirdre.
fuadaíodh (he was) kidnapped
" Ar an 6 Deireadh Fómhair, 1998, fuadaíodh Matthew Shepard, fear aerach bliain is fiche a bhí ina chónaí in Albany County, Wyoming, tugadh amach faoin tuath é, tugadh léasadh brúidiúil dó, agus fágadh ansin é le bás a fháil.
gur éignigh that he raped
" Inis sin do theaghlach Mario Marquez, fear faoi bhac meabhrach, agus gan aige ach IQ 65, a cuireadh chun báis i 1995 de bharr gur éignigh agus gur mharaigh sé déagóir.
nuair a gabhadh é when he was caught
" Ba phíosa gualainne é den éide chatha a bhí ar Ned Kelly, an ceithearnach coille ba mhó cáil sa tír, nuair a gabhadh é in Glenrowan in 1880.
Tá fios a ghnótha aige he knows what he's at
" Tá fios a ghnótha aige.
beidh an craiceann agus a luach aige he'll have it both ways
" Ach nuair a dhiúltaíonn na Seanadóirí rud a dhéanamh air cuirfidh sé an milleán ar na Daonlathaigh agus beidh an craiceann agus a luach aige.
toghadh é he was elected
" Thosaigh sé ag obair go lánaimseartha leis an nuachtán radaiceach *Militant* agus ansin i 1991 toghadh é mar bhall de Chomhairle Contae Átha Cliath.
bainfidh sé an gaosán duit he'll chew the face off you
" Fan go bhfeicfidh an Stiúrthóir seo, bainfidh sé an gaosán duit.
nach gcuireann sé suas don phíle that he doesn't stand up to that big lump of a man
" "Níl a fhios agam cad chuige nach gcuireann sé suas don phíle sin.
Ní dhéanfadh sé spaid bhanraí mar sin domhsa he wouldn't walk all over me like that
" Ní dhéanfadh sé spaid bhanraí mar sin domhsa, tá mé ag inse sin duit.
an té a thuigfeadh é he who could understand it
" Bhuel, ba bhreá an dán é, an té a thuigfeadh é, ach níor thuig mé féin focal ar bith, agus ní raibh mé in ann na focail scríofa agus na fuaimeanna a fhreagairt dá chéile! "Seo do dhúshlán," a shíl mé.
Muna ndeimhníonn if he doesn't affirm
" Muna ndeimhníonn sé go bhfuil an sos cogaidh thart, beidh an toradh céanna i gceist! Má bhriseann an UFF (arm marfach an UDA) suas ina smidiríní - cealla beaga de cheathrar agus cead a gcinn acu agus ainm ar leith ar achan cheann acu - cad é a dhéanfaidh an rialtas? Agus cad é a dhéanfaidh sé leis an IRA a bhfuil daoine maraithe acu ó d'fhógair siad sos lámhaigh i 1994? Má bhíonn an UDA - nó dream ar bith eile - "specified" ag an Aire Stáit, ní chiallaíonn sé sin go dtógfar achan bhall den ghrúpa agus go gcuirfear i bpríosún iad.
go mbeadh sé thíos leis that he should suffer
" Aontaím ar fad nár chóir go mbeadh aon imreoir as póca de bharr a chuid iarrachtaí ar son a chontae agus má ghortaítear imreoir is cóir aire a thabhairt dó agus a chostais mhíochaine a íoc as ciste éigin nó scéim árachais cuí (rud atá ann ach go mb'fhéidir gur gá a fheabhsú) agus níor chóir go mbeadh sé thíos leis ó thaobh tuarastail de ach oiread.
Is díobh é he is of them
" Is díobh é, agus is cuid den phobal é.
tá an-líofacht bainte amach aige he has become extremely fluent
" " Tá sé ag foghlaim na Gaeilge le roinnt blianta anuas anois agus tá an-líofacht bainte amach aige.
nach mbeadh uchtach aige dul ina ceann he wouldn't have the courage to tackle it
" Thosaigh sé ar an chisteanach nó bhí a fhios aige mura dtabharfadh sé aghaidh air sin ar tús nach mbeadh uchtach aige dul ina ceann tráthnóna.
Ba bheag nach dtáinig a raibh ina ghoile aniar he nearly vomited
" Ba bheag nach dtáinig a raibh ina ghoile aniar nuair a chonaic sé an píosa feola a bhí folaithe ag cúl an chuisneora, ann ach go raibh sé beo.
Bhí sé ag dúil he was hoping
" Bhí sé ag dúil go mbeadh na prátaí i gceart nó ní raibh uaidh tuilleadh a cheannacht, ach bhí bachlógaí ar na sceidíní a bhí fágtha agus bhí siad righin seargaithe.
ní raibh uaidh he didn't want to
" Bhí sé ag dúil go mbeadh na prátaí i gceart nó ní raibh uaidh tuilleadh a cheannacht, ach bhí bachlógaí ar na sceidíní a bhí fágtha agus bhí siad righin seargaithe.
Bheadh a chuid aige he'd have his work cut out
" Bheadh a chuid aige an seomra seo a chur in ord agus in eagar.
lena chuimhne as long as he could remember
" Bhí an tine lán luatha nó níor cuireadh amach iad lena chuimhne.
bhí an droim síos leis he had a sore back
" Faoin am a bhí an seomra sin glanta aige bhí an droim síos leis agus bhí sé ag tabhairt buíochais do Dhia nach raibh dualgas ghlanadh an leithris airsean.
go dtiocfadh leis a sheacht sáith codlata a dhéanamh that he could have slept soundly
" Bhí sé chomh tuirseach sin anois go dtiocfadh leis a sheacht sáith codlata a dhéanamh.
D'fhógair sé dóibh he ordered them
" D'fhógair sé dóibh gach aon Mheireánach a shuífidh ar an mbabhla ar an ochtú lá fichead den mhí seo a ionsaí agus greim a bhaint as.
an mholadh atáthar a thabhairt dó the praise that he's being given
" Mí ó shin, d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP ach leis an ghníomh díchoimisiúnaithe an mhí seo caite, má thógann David Trimble ar an mholadh atáthar a thabhairt dó faoi láthair, seans mór go mbainfidh an UUP na vótairí a thréig iad, a bhuíochas sin ar an imní agus an mhímhuinín a bhí á spré ag an DUP.
le taobh mar a bheidh sé compared to what he'll be like
" "Níl a dhath anseo le taobh mar a bheidh sé agus é ag gearradh fiacla.
Féadann sé He'd better
" " "Féadann sé," arsa Sinéad.
níl caill ar é seo ina cheann he's not bad at it (i.e. he does it well)
" "Is deacair á shárú lá fuar geimhridh agus níl caill ar é seo ina cheann.
go saorfaí é that he be freed
" Baineadh siar as muintir Hyde nuair a ghabh na póilíní Harold Shipman agus shínigh Joyce achainí a chuaigh thart ag iarraidh go saorfaí é.
admhaíonn sé he admits
" 143", píosa scríofa ó 1995, deir sé: whole world + the work= the whole world An rud is fiúntaí ======= Ag déanamh beag is fiú dá shaothar féin, admhaíonn sé nach fiú mórán é agus sa deireadh thiar thall gurb é a domhan atá thart orainn an rud is fiúntaí.
na smachtbhannaí a bhí á mbeartú aige the sanctions he was considering
" Ní fios cad é an modh a socraíodh idir an IRA agus an Ginearál de Chastelain, ach thug sé deis don DUP a rá gur "stunt" a bhí ann agus an lá ina dhiaidh thug David Trimble le fios go mbeadh sé ag leagan síos spriocama eile - Feabhra 2002 - do chríochnú an díchoimisiúnaithe, agus d'fhiafraigh de Tony Blair cad é na smachtbhannaí a bhí á mbeartú aige do dhream ar bith nár dhíchoimisiúnaigh.
tá sé ar bís he can't wait
" Fuair sé cúrsa Laidine mar bhronntanas Nollag óna sheanchara Gael-Éireannach, *Barrus Ó Donnabhanus Rossus* agus tá sé ar bís a *copulare* focal a roinnt leis an saol mór.
nuair a ghrinnigh sé when he closely studied
" Agus seo agaibh anois roinnt dá bhfaca Balor Fáidh nuair a ghrinnigh sé putóga an tráchtaire polaitíochta a bhí aige mar dhinnéar Lá Nollag: **Earrach 2002**: Agus tarlóidh sé san am sin go mbeidh caint mhór ar olltoghchán in Éirinn.
thuirling sé he disembarked
" " Ansin thuirling sé ón tram sula bhféadfainn ailleog cheoil a chur asam.
Ní raibh de dhroch-nós dá raibh aige nach raibh leis He'd adopted every one of his bad habits
" Ní raibh de dhroch-nós dá raibh aige nach raibh leis.
thug sé sciord ghasta daofa le bréid he gave them a quick wipe with a cloth
" Thug sé faoi deara go raibh na scátháin chliatháin chomh dubh le súiche agus thug sé sciord ghasta daofa le bréid a bhí sa charr aige.
thug sé comhartha go mbeadh sé ag dul ar chlé he indicated left
" Rinne Cian mar a iarradh air agus thug sé comhartha go mbeadh sé ag dul ar chlé.
is beag nár thug sé fúm he nearly attacked me
" Ach chuir sé cár air féin agus, cé go raibh mé ag iarraidh cuidiú leis, is beag nár thug sé fúm.
agus go muirfí é and that he'd be killed
" Ach bhí a fhios agam dá bhfágfainn san áit a raibh sé go dtiocfadh gluaisteán air agus go muirfí é.
Murar scar sé le pingin mhaith if he didn't part with a fair amount of money
" Murar scar sé le pingin mhaith bheifí ag déanamh nach raibh meas madaidh aige uirthi.
go raibh a dhá shúil sáite inti that he couldn't take his eyes off her
" Thug sé faoi deara go raibh a dhá shúil sáite inti am ar bith a raibh siad beirt sa tseomra amháin.
ag meath díobháil itheacháin wasting away because he wasn't eating
" Bhí sé ag meath díobháil itheacháin.
go mbraitheann sé uaidh that he misses
" Spiorad ======= Deir sé go mbraitheann sé uaidh na Fánaithe go mór.
deireadh sé he would say
" "Tharla sé go minic go gcaithinn an oíche ar fad ag labhairt Gàidhlig, mar a cheap mise, agus chasadh duine éicint timpeall agus deireadh sé, 'Féach air sin.
d'aimsigh sé stiúrthóir he found a director
" Nuair a bhí an dráma críochnaithe aige, d'aimsigh sé stiúrthóir, Paul Brennan, agus chaith siad beirt roinnt seachtainí ag cur snasa air i seomra suí Dhiarmuda i gContae an Chláir.
amhail is gur aisteoir amaitéarach é as if he were an amateur actor
" Tá sé sásta leis an tacaíocht atá faighte aige ó mhuintir na Gaeilge go dtí seo cé go gcuireann sé díomá air go gcaitear leis uaireanta amhail is gur aisteoir amaitéarach é.
gur earcaíodh é that he was recruited
" Tugaimis faoi deara, ámh, gur earcaíodh é ar chonradh cúig bliana.
thugadh sé chuig imeachtaí he used to bring us to events
" Chan amháin go raibh mé ag freastal ar an rang le Pádraig, ach thugadh sé chuig imeachtaí ar fud na tíre muid, áiteacha a raibh an Ghaeilge le fáil.
cumann sé he composes
" Seinneann sé go leor uirlisí ceoil, canann sé, cumann sé amhráin agus scríobhann sé giotaí fílíochta.
ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó he would tell him straight out, i.e. not behind his back
" Ní raibh Fiachra dall ar an mheas a bhí ag Féilim ar a chuid éadaí agus ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó ach an oiread.
nach mbeadh Féilim mar údar aige that he wouldn't have Féilim as an authority, wouldn't take advice from him
" Ach chinn Fiachra i bhfad ó shin nach mbeadh Féilim mar údar aige sna cúrsaí seo.
siocair go bhfuair sé an ceann caol den mhargadh because he got the poor end of the bargain
" Bhí suim ag Féilim i gcónaí san éadach agus bhí siad siúd ann a shíl gur chothaigh sé an tsuim sin siocair go bhfuair sé an ceann caol den mhargadh ó thaobh na dóighiúlachta de.
gáire go cluas air he had a huge grin
" " Shuigh Féilim siar go sómasach agus gáire go cluas air.
chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar Nuala he greatly influenced Nuala
" Ní raibh mo mhuintir aon phioc sásta ach bhíos ag rá liom féin 'Cad ina thaobh go gcaithfinn mo shaol le rud nach bhfuil suim dá laghad agam ann?'" Bhí an file Seán Ó Ríordáin ag obair san ollscoil ag an am agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar Nuala agus ar mhic léinn eile de chuid na Gaeilge, leithéidí Michael Davitt agus Liam Uí Mhuirthile, agus spreag sé iad le dul i mbun na scríbhneoireachta.
nuair a chuir sé i leith na dteifeach when he accused the refugees
" Líomhaintí ======= Rinne John Howard deimhin dá lucht tacaíochta nuair a chuir sé i leith na dteifeach i mbád eile gur chaith siad páistí isteach san fharraige ag súil go dtabharfaí i dtír iad de bharr a gclann a bheith i gcontúirt.
a mhaíonn sé he claims
" Ar ndóigh chabhraigh sé go raibh beirt chuntasóirí mar stiúrthóirí ar an gcomhlacht!" Agus ar ndóigh chabhraigh sé freisin go bhfuil muinín aige as an gcomhlacht: "Is muidne an comhlacht soghluaiste idirlín is fearr ar domhan" a mhaíonn sé.
Baineadh siar as he was taken aback
" Baineadh siar as i mbliana, áfach.
gur á adhradh a bhí sé that he was worshiping it
" An mairnéalach féasógach, an lógó cáiliúil úd i lár chrios sábhála, íomhá mhistéireach ó m'óige, agus ba dhóigh leat ón ngiolla cráifeach gur á adhradh a bhí sé.
a rogha amhrán any songs he liked
" Deir Spillane go raibh saoirse iomlán aige a rogha amhrán a chur ar an albam ach gur mhol an comhlacht léiritheoir dó.
go n-aontóidh that he'll agree
" " Aon duine a éisteoidh leis an albam nua, tá mé cinnte go n-aontóidh sé leis an tuairim sin.
amharcóidh sé fosta he will also look
" Agus amharcóidh sé fosta ar na slite beatha nua a dtéann siad leo in ionad na múinteoireachta, agus cén fáth.
bhí dhá chuid á dhéanamh den fhocal ina bhéal leis an smeacharnaigh he was so out of breath he couldn't even talk
" Ach fán am a dtáinig Bríd ar Thomás bhí dhá chuid á dhéanamh den fhocal ina bhéal leis an smeacharnaigh.
Thapaigh sé an deis he grabbed the opportunity
" Thapaigh sé an deis agus in earrach bhliain a chéime fuair sé seans an iris a chur in eagar nuair a d'fhág an té a bhí ag déanamh na hoibre sin go tobann.
lámhachadh é he was shot
" Tar éis an chonartha i 1921 bhí Patrick King ina oifigeach san arm náisiúnta, ach d'fhan George King san IRA agus lámhachadh é ar an 6 Feabhra 1923 agus é seacht mbliana is fiche d'aois.
d'admhaigh he admitted
" ar an 4 Nollag d'admhaigh Frank McBrearty Junior gur mharaigh sé díoltóir eallaigh, Richie Barron.
sular chrom sé ar before he began
" Labhair sé, á chur féin in aithne agus d'umhlaigh sé dúinn sular chrom sé ar na ticéid a sheiceáil.
phlúch sé he drowned out
" An teilifís a chasadh air a rinne sé agus é a chasadh suas chomh hard is gur phlúch sé caint an athar.
na ceisteanna ar dhírigh sé orthu the issues he focused on
" Ní raibh a fhios ag na "seanpháirtithe" agus a gcuid ceannairí cén dóigh ab fhearr le déileáil le stíl ionsaitheach díospóireachta Fortuyn nó le dul i ngleic leis na ceisteanna ar dhírigh sé orthu.
d'éirigh sé as an uachtaránacht he resigned from the presidency
" Ní raibh de hÍde sásta rud mar seo a chur isteach sa bhunreacht agus d'éirigh sé as an uachtaránacht.
ba ghnách leis he used to
" Bhí Pádraig MacPiaras ina eagarthóir ar *An Claidheamh Soluis* ó Mhárta 1903 agus ba ghnách leis dul ar thurais go Gaeltachtaí agus craobhacha i gcéin is i gcóngar.
Chasadh sé corramhrán he'd sing an odd song
" Chasadh sé corramhrán agus ba chomhluadar maith i seisiún é lena chuid scéalta agus lena ghreann.
bhraith sé he felt
" Chaith Conall seal ag teagasc ealaíne do dhaoine fásta agus bhraith sé go raibh sé tábhachtach go mbeadh deiseanna ann chun ligint do dhaoine leanúint ar aghaidh ag saothrú agus chun tacaíocht a thabhairt dá chéile.
ní raibh sé chun deiridh á chur sin in iúl he wasn't backward/shy about letting that be known
" Ní raibh dúil ar bith aige sa bhean a bhí Mark le pósadh agus ní raibh sé chun deiridh á chur sin in iúl ach an oiread.
Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd Mark will have his work cut out with her, he'll have more than enough to handle
" "Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd.
Chinn sé he decided
" Chinn sé ina dhiaidh sin ar dhíriú ar an cheol den chuid is mó.
tá slite aimsithe aige he has found ways
" Deir siad fós leis ó am go chéile gan a bheith ag seinm liricí Béarla ach tá slite aimsithe aige le déileáil leis seo.
agus go bhféadfadh sé nó sí a mhaíomh and that he or she could state
" Ach d'fhéadfadh sé go bhfuil deis fós ann don té atá ag iarraidh turas aonair a dhéanamh idir 15° thuaidh agus 15° theas abair agus go bhféadfadh sé nó sí a mhaíomh go ndearnadar an chéad turas aonair timpeall an domhain.
nach bhféadfadh sé a shaol a shamhlú that he couldn't imagine his life
" Nuair a d'fhiafraigh mé dó faoi chúrsaí ama, dúirt sé nach bhféadfadh sé a shaol a shamhlú gan an phéintéireacht.
Tá sé ina bhróis déanta he's a total mess
" "A Dhia mór na glóire, an bhfeiceann tú Tadhg? Tá sé ina bhróis déanta," arsa Siobhán.