Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
má ghortaítear imreoir if a player is hurt
" Aontaím ar fad nár chóir go mbeadh aon imreoir as póca de bharr a chuid iarrachtaí ar son a chontae agus má ghortaítear imreoir is cóir aire a thabhairt dó agus a chostais mhíochaine a íoc as ciste éigin nó scéim árachais cuí (rud atá ann ach go mb'fhéidir gur gá a fheabhsú) agus níor chóir go mbeadh sé thíos leis ó thaobh tuarastail de ach oiread.
gortaithe hurt
" "Mothaíonn muintir na háite gortaithe faoin mhéid a tharla agus ba mhaith liom labhairt le Shipman go pearsanta faoin chás, faoin fáth ar mharaigh sé daoine a bhí cairdiúil leis, daoine a chuir a muinín ann.
ní ghortaítí éinne no-one would be hurt
" Coimhlint ghéar agus chrua a bhíodh ann ach ní ghortaítí éinne mar bhí gach duine in ann aire a thabhairt dó féin.
An rud is giorra is géire the truth hurts
" "An rud is giorra is géire," arsa Nóirín léi féin.
Ghoill sé sin ar chuid acu That hurt some of them
gortú hurt
" Cultúir bhriste ======= Agus tú ag caint le Gearóid, is léir go bhfuil gortú ann, an gortú a bhaineann leis na glúnta a chaith bunús a saoil i lár cogaíochta anseo in Éirinn, nó in áiteanna eile sa domhan a bhfuil cultúir bhriste iontu.
ag goilliúint hurting
" "Tá sé ag goilliúint go fóill ar na fir anseo," a deir Cole.
ghoin hurt
" Tá an chailliúint seo mar ghoin i meon na mBolavach go dtí an lá atá inniu ann agus tá an ghráin acu ar mhuintir na Sile.
a ghortú to hurt
" Shíl siad go mbeadh siad ábalta an Bhreatain a ghortú níos mó ná mar a bhí siad; níor thuig siad diongbháilteacht na n-aontachtaithe ó thuaidh agus ní bhfuair siad a sáith tacaíochta ón taobh eile den teorainn d’fheachtas ionsaitheach in áit feachtais chosanta.
a d’fhéadfaí a ghortú go ró-éasca who could be too easily hurt
" Duine ceanúil mothálach a d’fhéadfaí a ghortú go ró-éasca.
a d’fhéadfaí a ghortú go ró-éasca who could be too easily hurt
" Duine ceanúil mothálach a d’fhéadfaí a ghortú go ró-éasca.
anachain hurt, harm
" Cé go rabhthas fós ag fulaingt faoi chuing an chumannachais, tuigeadh anois nach ina n-aonar a bhíothas a thuilleadh, ná ní i ngan fhios don domhan a bhí an anachain sa bhuaic orthu.
gortaithe go dona badly hurt
" Ba chuaranfa de chatagóir a cúig é, an cineál is measa, agus is é an t-ábhar iontais is mó nár maraíodh aon duine is nach raibh aon duine gortaithe go dona.
anachain hurt, harm
" Cé go rabhthas fós ag fulaingt faoi chuing an chumannachais, tuigeadh anois nach ina n-aonar a bhíothas a thuilleadh, ná ní i ngan fhios don domhan a bhí an anachain sa bhuaic orthu.
gortaithe go dona badly hurt
" Ba chuaranfa de chatagóir a cúig é, an cineál is measa, agus is é an t-ábhar iontais is mó nár maraíodh aon duine is nach raibh aon duine gortaithe go dona.
chun iad a náiriú agus a ghortú. to shame and to hurt them.
" Cruthaítear scéalta bréagacha gan bhunús faoi dhaoine, chun iad a náiriú agus a ghortú.
gortaithe agus leonta hurt and wounded
" Ar nós 1955, bhí muintir Átha Cliath gortaithe agus leonta anois.
áit ar ghortaigh sé a rúitín go dona, where he hurt his ankle badly,
" Bhog Seán go St Albans ansin, áit ar ghortaigh sé a rúitín go dona, agus d’éirigh sé as an sacar agus gan é ach seacht mbliana déag.
goilliúnach, easily hurt,
" Neamhspleách, dáigh, mothálach, goilliúnach, spioradálta – is iad seo airde a chompáis chultúrtha; is iad seo na tréithe a threoraigh é le linn dó bheith ag scríobh.
gur ghortaigh mé daoine leochaileacha. that I hurt vulnerable people
" Bhí aiféala an domhain orm gur ghortaigh mé daoine leochaileacha.
ghoill sé go mór orthu, it affected, hurt, them badly
" Maidir le Cill Chainnigh, ghoill sé go mór orthu, agus ar a mbainisteoir Brian Cody go mór mór, nuair a sciob Corcaigh an tríú craobh uathu sa bhliain 2004.
a ghoilleann which hurts
" Ach tá rud amháin déanta ag Hilarious Hillary a ghoilleann thar rud ar bith eile ar an Ghraoisín Bréagchráifeach agus nach dtig leis é a mhaitheamh di riamh.
a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu whom my opinions on the Catholic church would hurt greatly
" Mar sin, d’fhéadfadh daoine a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu a bheith ag breathnú ar mo cuid cláracha, daoine nach bhfuil taithí acu ar an dearcadh atá agam nó ar an stíl fuirseoireachta atá agam.
uafás iad a ghoilleann ar a horror which hurts
" An bhfuil sé de cheart againn na pictiúir seo a bhaint anuas mar sin nó an bhfuil siad mar chuid shuntasach d’oidhreacht fhuilteach an tuaiscirt ? An cóir iad a shábháíl nó an uafás iad a ghoilleann ar an intinn agus a choinníonn an nimh beo i gcuisle daoine agus ar cheart dúinn a bheith réidh leo? Dar leis an ealaíontóir áitiúil Peadar Seoighe, atá ag obair ar an cheathrú pictiúr i lár eastát tithíochta protastúnach i nDoire go bhfuil daoine sásta go bhfuil athrú ag teacht ar a dtimpeallacht.
Ghoill it hurt
" Ghoill bás an chait, Marbles, orthu.
ghoilleann hurts
" Naimhde ar an IdirlíonA luaithe is a luaim leathshlí tríd an agallamh go bhfuil an cur síos atá le fáil mar gheall ar Harris ar Wikipedia léite agam tuigim go bhfuilim tagtha ar phointe íogair, pointe a ghoilleann go mór air.
ghoill it hurt, affected
" Tá a athair sa phríosún i ngeall ar fhear a dhúnmharú agus ghoill agus goilleann sé sin go mór ar an Súilleabhánach.
gortaíodh was/were hurt
" Infheisteoirí ‘bochtaithe’ a déarfas tú is dóigh in áit infheisteoirí ‘bochta’ is dóigh, ach is cinnte gur gortaíodh daoine nach raibh an t-uafás gustail riamh acu.
gortaíodh were hurt
" Maraíodh 34 agus gortaíodh 174 mairnéalach Meiriceánach nuair a d’ionsaigh Iosrael an long USS Liberty ar an 8 Meitheamh, 1967.
Gortaíodh were hurt
" Gortaíodh lucht seachadta na bpizza san eachtra chéanna.
gortú millteanach terrible hurt
" Thuig mé fosta gur threisigh mé féin agus daoine eile an gortú millteanach nuair nár chreid mé an scéal uafáis an chéad iarraidh.
ghortú to hurt
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
gortaíodh were hurt
" Ba é toradh an fhoréigin seo go léir, de réir an eolais a d’eisigh údaráis na Síne, ná gur maraíodh 184 agus gortaíodh breis is 1500.
ngoillfeadh would affect, hurt
" Ach níl amhras ar bith ach go ngoillfeadh a leithéid de shocrú, go mór ar fheirmeoirí sléibhe na tíre.
Gortaíodh tú you were hurt
" SMM: Gortaíodh tú blianta ó shin agus chuaigh sé sin idir tú féin an chaid.
gortaithe hurt
" Is measa an t-imreoir a dhéanann iarracht cic pionóis a thuilleamh trí thitim bhréige nó a ligeann air féin go bhfuil sé gortaithe le súil go bhfaighidh a chéile comhraic fainic nó níos measa ón réiteoir.
gortaíodh were hurt
" Iompar a Insíos go Leor Le linn na trioblóide, gortaíodh deichniúr póilín ach is éigean an cheist a chur, cén fáth nach raibh an PSNI in ann stad a chur leis an rúscadh sular thosaigh sé.
ghoill ar hurt
" Níorbh é sin amháin a ghoill ar mhuintir Imazighen a nglaotar Caibíl, nó Kabyle na hAilgéire orthu, áfach.
Goilleann hurts
" Goilleann sé go mór orm an méid sin a rá.
soghonta easily hurt
" Leoga, duine nach dtig leis an coup de grace a thabhairt do Phríomh-Aire chomh soghonta le Gordon Brown, tá sé ar leathstuaic.
ghoill hurt, affected
" Le scéal fada a dhéanamh gearr, bhí an smaoineamh ag roinnt againn, ar ghoill an tuarascáil orainn, ‘Sochraid na Gaeltachta’ a eagrú, ag tosnú i gCarna agus ár mbealach a dhéanamh aniar le cósta, ag bailiú isteach sa chónra iarsmaí de chultúr na Gaeltachta ar an mbealach aniar agus sa deireadh an cónra a ligint le sruth ag Cladach na Gaillimhe.
go smior (cut, hurt) to the bone
" Chuaigh iompar na mná Francaí go smior i muintir dhúchais na háite.
ghortú hurting
" “Tá bealaí eile ann an t-easnamh a ghearradh gan daoine bochta a ghortú,” ar sé, agus bheadh sé mar a gcéanna ó dheas ar ndóigh.
Ghoill sé ar it hurt
" Ghoill sé ar John W Henry, gan amhras, nuair a chonaic sé na sráideanna bochta thart an pháirc sacair galánta atá aige anois – a leithéid de chodarsnacht! Agus imreoirí a faigheann pá gan insint do gnáthdhaoine.
chithréim dhomhain ghoineach deep hurting scar
" Bhainfeadh an tagairt a dhéanann Corduff don chithréim dhomhain ghoineach atá fágtha, dar leis, ag na himeachtaí seo ar phobal beag tuaithe, deor as cloich, lorg a mhairfidh, dar le Corduff, ar feadh na nglún agus a chuirfidh comharsana agus clanna in adharca a chéile go ceann i bhfad.
ghoilleann ar hurts
" An t-aon rud amháin a ghoilleann ar réiteoir ná cinneadh mícheart a dhéanamh a athraíonn treo cluiche i bhfabhar foireann amháin.
ghortóidh shall hurt
" Tá sé de bhuntáiste ag Sinn Féin go mbeidh siad sa fhreasúra san am a mbeidh rialtas Fhine Gael/Lucht Oibre ag cur ciorruithe i bhfeidhm a ghortóidh bunús gach duine ó dheas.
Sin é an buille that’s where it hurts
ní móide go ngortófar é it's hardly going to be hurt
" Fanann an rón beag leis an máthair agus snámhann sé thar na tonnta ar dhroim a mháthar, dá bhrí sin, ní móide go ngortófar é má fhanann sé lena mháthair.
gortóidh siad sinn they’ll hurt us
" Tá comhdhearcadh ann gur gá ciorruithe, ‘buiséad cothromaithe’ agus go gcaithfidh muid a bheith deas le lucht an rachmais nó gortóidh siad sinn agus tá an comhdhearcadh sin ag na páirtithe ó thuaidh, agus ag Sinn Féin féin chomh maith le cách.
ghoill ar hurt
" Cosgrave agus rialtas Chumann na nGael a scantrú le dlí a thabhairt isteach i 1925 chun deireadh a chur le colscaradh, rud a ghoill ar an mionlach Protastúnach agus a chruthaigh go raibh bunús leis an mana a bhí ag Aontachtóirí Uladh go mba ionann *‘Home Rule’* agus *‘Rome Rule’*.
ag luí go trom ar hurting
" Beidh na ciorruithe céanna ag luí go trom ar na daoine is mó a thugann tacaíocht don Lucht Oibre agus ar gheall Gilmore dóibh, le linn an fheachtais toghcháin, go dtabharfadh an Lucht Oibre cosaint dóibh, dá mbeidís i rialtas.
beag beann ar éinne a ghortófar no matter who’s hurt
" Bean inste na fírinne loime, caol díreach amach, beag beann ar éinne a ghortófar.
Gortaíodh were hurt
" Gortaíodh roinnt mac léinn a rinne stáidéar i gcoláistí Tvind eile san Eoraip de bharr easpa cúraim le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta.
ciorruithe ag goilliúint oraibh cutbacks hurting you
" **SMM: An bhfuil na ciorruithe ag goilliúint oraibh?** ENíCh: Tá, tá.
ag goilleadh go róghéar ar hurting too severely
" Tá múscailt de dhíth má táimid chun an pholaitíocht a athnuachan i gceart, ach ní dóigh liom go bhfuil an cheist seo ag goilleadh go róghéar ar mhuintir Theach Laighean.
ag crá daoine hurting the people
" Ní hionann cuimhne a bheith agat agus tú a bheith spreagtha chun gnímh ar son na córa ach is mithid dúinn fá dheireadh thiar dul i ngleic leis na tromluithe atá ag crá daoine agus muid ag sleamhnú go malltriallach amach as dorchadas an chéid seo caite.
Ghoill hurt
" Míshásamh an Phobail ====== Ghoill gníomhartha seo na buíne go mór ar go leor de lucht leanúna na hEaglaise Ceartchreidmhí agus de réir meastúcháin, a rinne na taighdeoirí neamhspleácha, Levada, is léir go raibh níos lú ná 6% den phobal Rúiseach báúil lena raibh déanta ag na mná agus mhothaigh 51% den phobal neamhshuim, cantalacht nó fiú naimhdeas ina leith.
a ghoilleann orainn which hurts us
" Ar an mbonn sláinte, is léir go neartaíonn an gáire do chóras imdhíonachta, treisíonn sé d’fhuinneamh agus laghdaíonn sé an phian a ghoilleann orainn go laethúil.
gortaithe go dona hurt badly
" Tuigim an duine lag go rímhaith mar bhí mé mór le níos mó ná duine amháin a bhí gortaithe go dona agus a bhí lagaithe go mór ag an saol.
atá gearrtha gonta i dtólamh who are cut and hurt all the while
" Múnlaíonn agus treoraíonn na heachtraí óige seo sinn amach sa saol, mórán i ngan fhios dúinn féin is dócha, ach tá an-chuid daoine thart orainn sa saol, níos mó ná mar a shamhlaítear, atá gearrtha gonta i dtólamh.
Is measa an ghoin nach mbraitear the unseen hurt is worse
" Is measa an ghoin nach mbraitear mar gur féidir leis oibriú faoi choim agus gor a dhéanamh i ngan fhios.
an iomarca daoine róghortaithe too many people too hurt
" Smacht in Ionad na hAinrialach =========== Tá an iomarca daoine róghortaithe sa saol agus tá sciar líonmhar a gortaíodh agus a bhfuil laige éigin fanta iontu, nó go bhfuil goimh aisteach iontu ó shin.
sciar líonmhar a gortaíodh a fair number who were hurt
" Smacht in Ionad na hAinrialach =========== Tá an iomarca daoine róghortaithe sa saol agus tá sciar líonmhar a gortaíodh agus a bhfuil laige éigin fanta iontu, nó go bhfuil goimh aisteach iontu ó shin.
gortaithe go dona hurt too badly
" Ní raibh mé gortaithe go dona, ach nuair a chonaic daoine eile an grianghraf ar Facebook bhí imni orthu.
Ghortaigh sé sin that hurt
" Ghortaigh sé sin Ó Drisceoil déarfainn agus ní dhearna sé maith don fhoireann ach oiread dar liom, cé nach gceapfá sin i ndiaidh an bhua i gcoinne na Breataine Bige.
ag goilleadh ar hurting
" Ach sílim féin go bhfuil sé ag goilleadh ar dhaoine go bhfuil an saol níos deacra ná mar a bhí.
ghoill a bhfaca what (MR) saw hurt
" (sna naisc ar dheis) Is cinnte gur ghoill a bhfaca Mhic Róibín thar lear uirthi, sa tSomáil go háirithe.
Ghoill sé ar bhallstáit an Chomhlathais it hurt the member states of the Commonwealth
" Ghoill sé ar bhallstáit an Chomhlathais go linn bhuí na gcaolán nuair a shínigh an Taoiseach, Éamon de Valera, leabhar an chomhbhróin faoi bhás Adolf Hitler i mí na Bealtaine 1945, cé nach raibh i gceist ach nósmhaireacht taidhleoireachta.
go linn bhuí na gcaolán (hurt them) grievously
" Ghoill sé ar bhallstáit an Chomhlathais go linn bhuí na gcaolán nuair a shínigh an Taoiseach, Éamon de Valera, leabhar an chomhbhróin faoi bhás Adolf Hitler i mí na Bealtaine 1945, cé nach raibh i gceist ach nósmhaireacht taidhleoireachta.
ghoill sé sin orm that hurt me
" Chun filleadh ar do cheist faoin gcreideamh, mo thuismitheoirí i dtosach, an sagart paróiste i gCill Ghlas, an tAthair Joe Smith, fuair sé bás i dtimpíste agus ghoill sé sin orm.
scéalta a bhí ina mbior sa bheo di stories which really hurt her
" Is annamh a d’imigh mí thart sa tréimhse sin nach raibh scéal éigin sna meáin ó ‘fhoinse fheasach’ faoi challóid sa pháirtí i dtaca le ceannaireacht Gillard, scéalta a bhí ina mbior sa bheo di.
ghoil affected, hurt
" Míníonn de Paor gur ghoil an ‘easpa fiosrachta intleachtúil’ seo go mór ar an gCadhnach, easpa ‘nach léir Freud in aon áit’.
cé gur ghoill sé ar although it hurt
" Léiríonn ceannlíne ar chéad leathanach an *Daily Telegraph* in Sydney an lá dár gcionn a dhú-naimhdí is a bhí leagan phreas Murdoch: *Kick This Mob Out!* É sin ráite, ní mheastar go raibh cuimsiú claonta phreas Murdoch freagrach as treascairt an pháirtí, cé gur ghoill sé ar dhaoine go leor, orthu siúd a chreideann go bhfuil preas saor mar mhír lárnach i dtír dhaonlathach.
má ghoill an torann cáinteach ar if the disapproving noise hurt
" Ach má ghoill an torann cáinteach ar Scarlett Johansson, príomhaisteoir an scannáin, ní raibh sé le haithint uirthi.
créacht agus loscadh cléibh eile another hurt and sadness
"créacht agus loscadh cléibh eile ag creimeadh misnigh óg is aosta, in Éirinn go háirithe, agus braithim, ceart nó mícheart, go bhfuil ciúnas aduain ina thaobh.
Ghortaigh sé sin ana-mhór it really hurt me
" Ghortaigh sé sin ana-mhór nuair a bhíos ocht mbliana déag ach ina dhiaidh sin níor chuir sé isteach ná amach orm.
is mó a chuirfeadh anró ar dhaoine which shall mostly hurt people
" Anuas air sin rinneadh athruithe suntasacha ar ghnéithe áirithe den tsochar leasa shóisialaigh a bhíonn ar fáil do phinsinéirí, ach is iad na ciorraithe is mó a chuirfeadh anró ar dhaoine.
Goilleann an scéal air go fóill the matter still hurts him
" " Goilleann an scéal air go fóill.
ghoill sé go mór ar it really hurt
" Tá sé intuigthe, mar sin, gur ghoill sé go mór ar mhuintir na hAstráile nuair a d’fhógair Holden coicís roimh an Nollaig go gcuirfear deireadh lena dhéantúsaíocht gluaisteán san Astráil faoin mbliain 2017.
ghoill cuid de na heaspaí thuasluaite ar some of the above mentioned lacks hurt
" easpa suime:** Ní haon áibhéil a rá ach gur ghoill cuid de na heaspaí thuasluaite ar réamhtheachtaí an nuachtáin nua, a bheagán nó a mhórán.
Ghoill sé go háirithe ar it particularly hurt
" Ghoill sé go háirithe ar rannpháirtithe na bpobalbhreitheanna go raibh an cháinaisnéis dian ar na daoine is leochailí sa tsochaí, iad siúd a fhaigheann leas sóisialach agus teaghlaigh ar pá íseal.
Muintir a chuir deireadh le goirteannas a people who expelled the hurt, bitterness
" An bhféadfadh duine ar bith agaibh gan a bheith bródúil as muintir a tháinig chomh fada seo chun cinn le scór bliain anuas? Muintir a chuir deireadh le goirteannas as súil na ndeorachtaí, tré monarchana a éileamh agus a fháil.
Ní hamháin go ngoilleann not only does ... hurt
" Ní hamháin go ngoilleann cinneadh seo a dlúthcharad ar Alina ach, anuas air sin, tá drochshláinte ag cur as di.
deacrachtaí an tsaoil ag luí go trom orainn life’s vicisstitudes really hurting us
" Tuigim anois go bhfuil cúrsaí tar éis feabhsú go mór, go bhfuil muintir na hÉireann anois sásta a bheith oscailte agus a bheith ionraic nuair atá deacrachtaí an tsaoil ag luí go trom orainn.
ghortaigh (it) hurt, injured
" Thit cara le Tony Birtill ar a’ Mhònadh Ruadh in Albain ar na mallaibh, titim a ghortaigh go dona é agus a thug a bhás.
neanta hurting
" Chaith Balor a leathshúil nimhe neanta ar Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne, mar a raibh idir Bhanríon is Bhaincéirí ar princeam damhsa agus ar rancás drabhláis.
ag goilliúint ar hurting
" Tá cruatan na múinteoirí ag goilliúint ar Bhalor, iriseoir an chroí bhoig mhaoithnigh, óir tuigeann sé go maith gur i muinín árasáin sa Bhulgáir a bheas roinnt acu an samhradh suarach seo.