Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i dtús báire at first
" Nuair a chonaic siad an tinteán i gcúinne a n-árasáin bhrócaigh i Ráth Garbh i mBaile Átha Cliath i dtús báire bhí siad den bharúil gur ornáid a bhí ann.
i dtús na seachtóidí in the early Seventies
" Ba iad seo na léirsithe ba mhó san Astráil ó aimsir an chogaidh i Vítneam i dtús na seachtóidí.
i dtús báire at first
" Ní raibh focal ar bith agam ach "Sláinte!" i dtús báire.
i dtús cadhnaíochta to the forefront
" San áit a mbíodh muid i dtús cadhnaíochta i gcúrsaí teileachumarsáide, tá Éire anois ag bun an dréimire maidir le seirbhísí leathanbhanda a chur ar fáil, go mór mór i gceantair tuaithe.
i dtús na nóchaidí at the beginning of the Nineties
" Is é an ceoltóir agus an scríbhneoir Maidhc Dainín Ó Sé a chuir Barra in aithne dhomsa ar dtús, lá a thug Maidhc ar cuairt é go Raidió na Gaeltachta, m'ionad oibrese ag an am, i dtús na nóchaidí den gcéad seo caite.
i dtús báire at first
" "B'fhéidir gurbh é an grá don teanga a bhí ag Deaid faoi deara é (a spéis sa teanga) i dtús báire, cé nach raibh sé ábalta í a labhairt ar chor ar bith aige.
i dtús na n-ochtóidí at the beginning of the Eighties
" Bhí mé pósta agus ansin scartha agus bhraith mé an-an-imeallach nuair a scar muid i dtús na n-ochtóidí agus bhraith mé go mba an-mháchail orm é.
i dtús báire at first
" " Chaith sí sé bliana sa Fhrainc ar fad - in Bordeaux, Brest agus Rennes - mar mhac léinn iarchéime i dtús báire, agus mar léachtóir ina dhiaidh sin.
i dtús báire at first
" Comhlachtaí ón mBreatain agus ó Mheirceá amháin a léirigh spéis sa ghnó i dtús báire.
i dtús na nóchaidí in the early Nineties
" Cúpla lá ina dhiaidh sin, tháinig sé chun solais nár dhíol sé pingin as obair phéinteála a rinneadh ar a theach i dtús na nóchaidí, tráth a bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord Sláinte an Oirthir.
i dtús báire. at first.
" Tá an t-alt seo á scríobh agam ag úsáid Google “Docs” ar ríomhaire Apple, agus cé go bhfuil rudaí ag feidhmiú go sásúil anois, bhí fadhb nó dhó agam á chur ag oibriú i dtús báire.
i dtús báire initially
" Bhíothas in ann gual a thochailt ar dhromchla an talaimh i dtús báire.
i dtús báire initially
" D’fhógair siad a gcinntí ag preas ócáid ar 7 Meán Fómhair agus bhí an chuma ar an scéal i dtús báire go mbeadh rialtas coimeádach againn.
i dtús báire firstly
" Ba mhaith liom i dtús báire mo bhuíochas a ghlacadh libh as bhur dtacaíocht liom mar cheannaire úr ar an pháirtí úr seo.
i dtús báire initially
" Bhí fórsaí na hAstráile páirteach san ionradh ar an Afganastáin i dtús báire i mí Dheireadh Fómhair 2001, mar chuid den fhreagra idirnáisiúnta ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar na Stáit Aontaithe ar 11 Meán Fómhair 2001.
I dtús at the start
" I dtús *Twelfth Night* de chuid Shakespeare, fiafraíonn Viola, príomhcharachtar an dráma, dá comhluadar, “Cén tír í seo, a chairde?” Bhuail stoirm an long ar a raibh sí ag taisteal agus cuireadh go tóin poill í.
i dtús báire initially
" Ceapadh daoine mar Astrálaigh na Bliana i dtús báire a bhí iomráiteach thar toinn, dá bhrí sin.
i dtús báire initially
" Agus é ag obair ar thírhreach, tharraingíodh sé cuid mhór sceitseanna de i dtús báire, ag dul ar ais arís is arís eile chuig an áit chéanna ag déanamh staidéir air.
i dtús at the start
" Nuair a tháinig siad i réim i dtús ré an tíogair, lig siad don gheilleagar imeacht ó smacht.
i dtús báire initially
" Ceadaíodh meaisíní cearrbhachais sna clubanna sóisialta in *New South Wales* (NSW) i dtús báire sa bhliain 1956, ar an gcuntar go mbainfí feidhm as cuid den bhrabús le tairbhí don chomhphobal a mhaoiniú.
I dtús báire firstly
" I dtús báire, aithníodh Éagóir na cinedheighilte.
I dtús báire initially
" I dtús báire, bhí an-spéis ag rialtais na hAfraice ann, agus roinneadh go leor airgid ar na ranna talmhaíochta.
I dtús báire firstly
" Muirear na dTeangacha Oifigiúla ============ I dtús báire, is ann dóibh siúd i bpáirtithe an Rialtais ar mhaith leo an muirear Gaeilge a thabhairt isteach.
Bhí an Briathar ann i dtús báire in the beginning there was the word
i dtús báire initially
" Thug na coilínigh Eorpacha ‘an béar dúchasach’ ar an gcóála i dtús báire, ach ní mathúin é.
i dtús mhí an Mheithimh at the start of June
" Ní raibh ach cúpla rang ar siúl an chéad cúpla bliain, le múinteoirí na buíne féin i mbun na ranganna, ach i mbliana, mar gheall ar an ráchairt a bhí ag teacht air, cuireadh rang ardleibhéil leis, agus b’shin an fáth domsa a bheith in eitleán ag taisteal ó thuaidh as Nua-Eabhrac go hAerfort Billy Bishop i lár chathair Toronto i dtús mhí an Mheithimh chun rang ardleibhéil a mhúineadh don Deireadh Seachtaine.
An cheasacht a bhí ar bun i dtús aimsire the initial complaint
" An Bhearna ag Dul i Méid ========== An cheasacht a bhí ar bun i dtús aimsire go raibh bearna rómhór idir na rialacha gramadaí in eagrán 1958 agus an chaint bheo, chuaigh sí i méid i gcaitheamh na mblianta.
i dtús báire initially
" Bhaist coilínigh sna Fritíortha ainmneacha Eorpacha ar na cathracha agus bailte a bhunaigh siad abhus i dtús báire, ach thosaigh siad ag baint feidhme as logainmneacha dúchais ar áiteanna éagsúla roimh i bhfad.
i dtús báire firstly
" Chuir deValera cogar ina gcluasa sular fhág siad Éire áfach gan aon rud tromchúiseach a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis i dtús báire.
in aimsir an OSI i dtús the era of the Ordinance Survey
" Tharla sé sin siar in aimsir an OSI i dtús agus tá sé leanthaí ar aghaidh riamh ó shin.
I dtús báire in the first place
" I dtús báire, céard is fiú YouTube i ndáiríre.
a chruthaíonn fadhbanna i dtús báire which creates problems initially
" Bhí Simon sásta ceithre, cúig agus sé nóiméad iomlán a thabhairt do cheolchoirmeacha éagsúla i ngach aon chlár de chuid Treme, rud a chruthaíonn fadhbanna i dtús báire.
i dtús báire initially
" Cuireadh fáilte dhoicheallach roimhe i dtús báire, ach ba léir go raibh an mianach ceart ag Kiernan a chuspóir dúshlánach a bhaint amach.
bean a bhí i dtús cadhnaíochta a woman who was to the fore
" Ba é ab aite faoi sin nár éirigh fiú duine amháin den ochtar airí mná san aireacht as a post le dlúthpháirtíocht a léiriú le céad príomh-aire mná na tíre, bean a bhí i dtús cadhnaíochta ar mhaithe le cur chun cinn cearta na mban.
atá i dtús a fáis sa bhroinn which is at the start of its growth
" Téann sé in aghaidh gach réasúnaíocht daonna, go mbeadh comhcheart ag an ubh, nó an ghin, atá i dtús a fáis sa bhroinn le máthair na broinne sin ar a bhfuil an ghin ag brath le bheith beo.
i dtús báire in the first place
" Cách im’ Éadan ====== Thug Armstrong an díograis chéanna dá chuid oibre léi agus ní dhéanadh sí aon chinneadh tábhachtach gan a chomhairle a dhíleá i dtús báire.
i dtús na bliana at the start of the year
" Mharaigh an tIRA beirt pháiste i Warrington, Cheshire i dtús na bliana, agus i mí na Samhna scaoil an UFF ochtar i nGlas-stiall, Contae Dhoire.
I dtús an scéil an chéad fhocal first things first
" Amhrán a chum Pádraig Ó Mileadha céad bliain ó shin in 1913 ar deoraíocht dó i Newport na Breataine Bige, cé mar a tharla dó san áit seo? I dtús an scéil an chéad fhocal.
I dtús na míosa at the start of the month
" I dtús na míosa ceapadh file teallaigh sa teach mór a dtugannn siad Rhos-y-Gilwen air.
i dtús báire at first
" : Ní saol éasca é ar chor ar bith, go háirithe agus tú ag tosú ar an mbóthar i dtús báire.
i dtús báire first, before we start
" Ach i dtús báire féach an sliocht seo a leanas as an iris *Punch* 1844.
i dtús báire in the first place
" “Agus cérbh é an fear a chuir an Cód Sibhialta agus an Code Commerciale le chéile i dtús báire - Dalmacio Vélez Sarsfield.
Thoisigh mé i dtús ama I started initially
" Thoisigh mé i dtús ama ag scríobh do Ros na Rún.
I dtús na heachtra at the start of his travels
" I dtús na heachtra tá an méid seo aige: 'A léightheoir, ná tabhair breithiúnas obann 's ná déan cinsireacht ar an lagealaín so,' a deir sé, 'ó tháinig bruithnigh agus gallthochas na traibhléireacht i mo cheann, is gearr gur thuit an galar céanna ar na cosa agam.
i mbun an damhsa ar dtús to start dancing initially
" **SMM: Dhá cheist in aon cheist amháin: cá bhfaca tú an damhsa ar an sean-nós an chéad lá ariamh agus céard a spreag thusa tú féin i mbun an damhsa ar dtús?** Edwina Nig Eochaidhean: Is dóigh nár thuig mé céard a bhí ann féin an chéad iarraidh.