i dtaobh le
depending on
An ceann is túisce a rithfeadh leat ná go bhfuilimid
i dtaobh le foclóir Béarla-Gaeilge a ullmhaíodh go gearr i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
i dTaobh an Bhogaigh
in the Bogside
Chuaigh muid síos go Doire ansin, agus d'amharc muid ar na ballaí agus ar na múrphictiúir
i dTaobh an Bhogaigh.
ag dul i gcomhairle le gnáthdhaoine fá dtaobh de
consulting ordinary people about it
Beidh siad ag caitheamh £7 milliún gach bliain ar an phlean agus
ag dul i gcomhairle le gnáthdhaoine fá dtaobh de sa samhradh i mbliana.
diúltach i dtaobh na Gaeilge
negative as regards Irish
”
Thuig Ó Ciardha agus a chomhghleacaithe go raibh go leor daoine
diúltach i dtaobh na Gaeilge mar gheall ar a dtaithí ar scoil, go raibh ceangal déanta acu ina n-intinn idir an Ghaeilge agus rudaí diúltacha: an leabhar *Peig*, mar shampla, nó Bráthair Críostaí éigin a bhuail iad go rialta agus iad óg.
i dtaobh imreora áirithe
regarding a certain player
An chéad bhliain bhí conspóid ann
i dtaobh imreora áirithe a raibh mioncháil air mar iománaí agus a bhí, dá bhrí sin, i bhfad rómhaith do ghrád s’againne.
i dtaobh an olltoghcháin
about the general election
Ag caint ar chúrsaí reatha, cuirim roinnt ceisteanna ar Peter
i dtaobh an olltoghcháin sa bPoblacht.
i dtaobh an ghá a bhí le nuachtán laethúil trí mheán na Gaeilge,
regarding the need for a daily paper through the medium of Irish,
Tar éis dó plé a bheith aige le leithéidí Sheáin agus Shéamuis Mhic Sheáin ó Bhóthar Seoige
i dtaobh an ghá a bhí le nuachtán laethúil trí mheán na Gaeilge, bhunaigh grúpa daoine (Gearóid Ó Cairealláin agus Eoghan Ó Néill ina measc) an nuachtán Preas an Phobail ag tús na n-ochtóidí.
tairiscint i dtaobh Aerfort na Sionainne
a motion about Shannon Airport
Ba bheag nár theip ar an Rialtas maidir le
tairiscint i dtaobh Aerfort na Sionainne ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus chuir an Freasúra rún eile os comhair na Dála an tseachtain chéanna – tairiscint mhímhuiníne i leith an Taoisigh.
i dtaobh theoiricí na fiontraíochta
about the theories of entrepreneurship
Tá neart scríofa
i dtaobh theoiricí na fiontraíochta agus i dtaobh thréithe an fhiontraí.
i dtaobh thréithe an fhiontraí.
about the traits of the entrepreneur.
Tá neart scríofa i dtaobh theoiricí na fiontraíochta agus
i dtaobh thréithe an fhiontraí.
i dtaobh cé hé féin,
about who he is,
Ach ní ag caint ar “fhís” i dtéarmaí teibí atá mé – is é an cineál físe atá ag Mac Murchú ná tuiscint domhain
i dtaobh cé hé féin, céard é an jab atá le déanamh aige, cén treo ina bhfuil a chomhlacht ag dul agus cén cineál ainmhithe go díreach í an earnáil ina bhfuil sé ag saothrú.
i dtaobh riachtanais leanaí na tíre.
about the needs of the children of the country
Ag ócáid a sheolta, dúirt sé gur chéim thábhachtach ab ea an curaclam seo i stair oideachas na hÉireann agus gur eascair sé as blianta fada de thaighde agus de dhianmhachnamh
i dtaobh riachtanais leanaí na tíre.
i dtaobh tionlacain
about an accompaniament
Bíonn ceolchoirmeacha á n-eagrú acu i gcónaí, mar sin cén fáth nach mbeadh siad ag díol ceirníní chomh maith? Agus níos tábhachtaí fós, cén fáth nach ndíolfaidís féin na ceirníní a bheadh eisithe acu?
Ceol ar líne
Le déanaí, bhí obair ar siúl agam sa stiúideo agus rith smaoineamh liom
i dtaobh tionlacain a bheadh oiriúnach do phort a scríobh Rossa.
i dtaobh na ndánta agus na bhfilí
about the poems and the poets
Tá nótaí dátheangacha ar chuile phíosa véarsaíochta scríofa ag Mac Dhonnagáin chomh maith, a chuireann eolas suimiúil
i dtaobh na ndánta agus na bhfilí os comhair an léitheora.
i dtaobh an phróisis chruthaithigh amháin.
about the creative process only
Bhí sé ar intinn agam i dtosach agallamh a chur ar Mhac Dhonnagáin
i dtaobh an phróisis chruthaithigh amháin.
i dtaobh an treo ina bhfuil an tAontas ag gluaiseacht.
about the direction in which the Union is moving
Tá go leor tíortha eile in éad linn as cead a bheith againn ár nguth a chaitheamh ar cheist chomh tromchúiseach agus chomh bunúsach
i dtaobh an treo ina bhfuil an tAontas ag gluaiseacht.
i dtaobh na n-ábhar gaolmhar ar fad
about all the related subjects
Cabhraíonn an saghas seo cuardaigh ghrafaigh go mór le duine agus é ag iarraidh taighde a dhéanamh ar ábhar go tapa toisc go bhfaigheann sé eolas láithreach bonn, ní hamháin i dtaobh an ábhair atá á chuardach aige ach
i dtaobh na n-ábhar gaolmhar ar fad chomh maith – agus ní gá go mbeadh an t-úsáideoir eolach ar na hábhair ghaolmhara roimh ré.
i dTaobh an Bhogaigh
in the Bogside
An ionann an David Ervine, “sceimhlitheoir” de chuid an UVF a bhí ag bogadh buama ar Bhóthar Ard Mhic Nasca i 1974 – ní fios cá háit – agus an David Ervine a bhí ina lóchrann i saol dorcha na polaitíochta ó thuaidh 30 bliain ina dhiaidh sin?
An ionann ceannaire óg an IRA
i dTaobh an Bhogaigh ag tús na dTrioblóidí agus LeasChéad-Aire an lae inniu?
Caithfidh Coimisiún na nÍospartach agus na híospartaigh iad féin an chastacht sin a aithint ach níl dóigh ar bith ann go maolóidh sé a bpian.
i dtaobh na hIaráine
in relation to Iran
Fuair an bheirt, Steve Rosen agus Keith Weissman, na doiciméid
i dtaobh na hIaráine ó Larry Franklin, anailísí sinsearach sa Pheinteagán.
i dtaobh
in matters
In ainneoin a ndúirt an tAire ar Raidió na Gaeltachta le gairid, bhí sé molta ag a Roinn go mb’fhéidir go mbeadh Enterprise Ireland freagrach
i dtaobh fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht! Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Roinn atá ceapaithe a bheith freagrach as an nGaeltacht ag sá na scine go feirc san aon áisíneacht Ghaeltachta atá againn.
i dtaobh le
curtail
Líon fíorbheag de mhuintir na Gaeilge féin a shantaíonn fanacht
i dtaobh le saol na Gaeilge, saol atá, dar leo, de leataobh ó shaol mhór Bhéarla na hÉireann.
i dtaobh
in regards to
Toghadh go leor a raibh tuairimí láidre acu
i dtaobh cúrsaí clé-deas, agus ba é Scott Mac an tSiùlaich, an rialtóir nua, an duine ba threise díobh.
i dtaobh
in regard to
Chuaigh mé chun cainte le hAodán le déanaí agus roinn sé go leor dá chuid smaointe
i dtaobh ceird na réiteoireachta liom.
i dtaobh
in matters
Ghnóthaigh na hOileáin Mhic Cùga stádas neamhspleách sna 1960í, cé go dtagann siad faoi scáth na Nua-Shéalainne fós
i dtaobh gnóthaí eachtracha agus gnóthaí cosanta.
i dtaobh tíre
in a neck of the woods
Is saoithiúil ar bhealach gur
i dtaobh tíre a raibh muintir Laoire go láidir ann tráth den saol gur tháinig muintir Calvert chun tosaigh ar ball.
i dtaobh na ceiste
in regards to the matter
“Is féidir leat a bheith cinnte” a dúirt sé liom “ go mbeidh rud éicint dearfach á dhéanamh
i dtaobh na ceiste”.
i dtaobh
regarding
Tá ráflaí láidre le roinnt mhaith blianta anuas
i dtaobh íocaíochtaí neamhoifigiúla, neamhrialta agus neamhrialaithe, a bheith á ndéanamh le bainisteoirí foirne peile agus iomána, idir fhoirne clubanna agus fhoirne contae.
i dtaobh
regarding
Is é a leagan amach
i dtaobh an Aontais Eorpaigh, áfach, is mó a tharraing aird na gceannairí eachtrannacha.
i dtaobh
about
Tá bunús an scéil Pygmalion tógtha as finscéalaíocht na Gréige,
i dtaobh an dealbhadóir Pygmalion agus an dealbh a chruthaigh sé.
i dtaobh
about
Ar an 19 Bealtaine, labhair an tUachtarán Obama ag Roinn an Stáit
i dtaobh an Mheánoirthir.
i dtaobh an chonartha
in regard to contract
Bhí ceangal againn le One-Vision, bhí ceangal acu siúd le RTENL ach ní raibh aon nasc idir an ÚCÉ agus RTENL, ní raibh aon tionchar againn orthu siúd, ní rabhamar páirteach sna cainteanna agus ní raibh muid in ann dul i bhfeidhm ar RTÉ
i dtaobh an chonartha a theastaigh uathu leis an chomhlacht agus sin locht ins an reachtaíocht agus chuir mé sin in iúl ach bhí sé ródhéanach ag an bpointe sin,” arsa Collins.
i dtaobh an tuaiscirt
about the north
Bheadh cur chuige rialtais éagsúla Theach Laighean
i dtaobh an tuaiscirt bréagnaithe.
i dtaobh guthaíochta
in regard to voting
Cérbh í Bernadette?
=========
Mar a deir sí féin, ba ghnáthdhuine í Bernadette Ní Dhoibhlin ón aicme oibre Caitliceach, a fáisceadh as an bhfeachtas a bhí ar bun ag NICRA (Gluaiseacht na gCearta Síbhialta i dTuaisceart Éireann), le cothromaíocht a fháil do Chaitlicigh/náisiúnaithe
i dtaobh guthaíochta, i dtaobh fostaíochta agus i dtaobh tithíochta.
i dtaobh a ndílseachta
regarding their loyalty
Ba mhinic daoine a raibh amhras fúthu
i dtaobh a ndílseachta don pháirtí (dá laghad nó dá neamhiontaoibhe an t-amhras céanna) curtha i ngéibheann, nó seolta chuig na mianaigh agus na Cumannaigh i gceannas na tíre.
i dtaobh
regarding
Cuireadh, dá ainneoin sin, cainteanna
i dtaobh tuilleadh comhcheangal polaitiúil agus comhtháthú geilleagrach na hÚcráine leis an AE ar an méar fhada.
i dtaobh dreamanna eile
in reference to other groups
Is spéisiúil ina dhiaidh sin, go gcaithfidh an t-idirlíon naisc aníos mórán chomh líonmhar céanna
i dtaobh dreamanna eile ar domhan a samhlaítear an mheisce leo, ón Rúis anoir agus i bhfad siar i gceithre aird an domhain, i ndáiríre.
ná fanaimis i dtaobh leis an drochscéala i dtólamh
let’s not remain tied to negative news all the time
Abair amach é nuair a chasfar duine leat agus
ná fanaimis i dtaobh leis an drochscéala i dtólamh.
i dtaobh solais agus fuinnimh
about light and energy
Is lucht campála muid, agus ba bheag faitís a bhí orainn
i dtaobh solais agus fuinnimh, ach bhí cúrsaí taobh amuigh ag déanamh scime dúinn.
i dtaobh na haigne nua iardhigití daonna
about the new postdigital human mind
Rianaíonn Carr príomhchomhlachtaí na réabhlóide digití (Google agus Kindle, cuir i gcás) agus cuireann sé stair chuimsitheach i láthair don léitheoir, stair a thugann léargas dúinn ar thuiscint reatha na n-eolaíochtaí
i dtaobh na haigne nua iardhigití daonna.
Tá tú an-dáiríre i dtaobh
you’re very serious about
**CMS
Tá tú an-dáiríre i dtaobh na Gaeilge?**
BD Anseo i mo theach, déanaim iarracht Gaeilge a labhairt gach lá leis na gasúir.
i dtaobh imreora a fuair
about a player who received
‘B’fhéidir go dtiocfaidh sé timpeall gan rómhoill’ a dúradh uair eile
i dtaobh imreora a fuair buille láidir sa chloigeann agus nach raibh cinnte ar feadh tamaill an raibh sé i bPáirc an Chrócaigh nó sa bhaile ar an tolg.
cinneadh a dhéanamh i dtaobh
decide about
Tagann an t-am i saol gach imreoir spóirt go gcaithfidh sé nó sí
cinneadh a dhéanamh i dtaobh éirí as a bheith ag imirt.
chaith an Chúirt Chuarda amhras i dtaobh
the circuit court doubted in regard to
Ins an chás sin,
chaith an Chúirt Chuarda amhras i dtaobh tosaíocht a bheith ag páistí de chuid iarscoláirí, ach nuair a deineadh achomhrac chun na hArd-Chúirte rialaíodh go raibh de chumhacht ag an scoil idirdhealú den chineál sin a chur i réim ina dúnghaois iontrála.
bhféadfainn tagairt dó i dtaobh
I could refer to as
Ní raibh mórán thart ag an am sin go
bhféadfainn tagairt dó i dtaobh cumadóirí ceoil comhaimseartha Gaeilge, seachas léithidí Thaidhg Mhic Dhonnagáin agus Na Fíréin – thaitin a gcuid ceoil go mór liom agus de réir a chéile thosaigh mé ag scríobh i mo theanga féin, ar mo stíl féin.
i dtaobh
in regard to
Cá sheasann ‘An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge’, mar a thugtar air, trí bliana tar éis a seolta? Chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tuarascáil ar fáil ag deireadh mí Iúil faoin ‘dul chun cinn’ atá déanta le trí bliana anuas
i dtaobh feidhmiú na straitéise.
i dtaobh an fhiachais náisiúnta
in regard to the national debt
An rud céanna
i dtaobh an fhiachais náisiúnta, méid an phacáiste tarrthála, agus céatadán na morgáistí atá i riaráiste.
athrú i dtaobh ábhar éagsúla
to change on various matters
“Is féidir leat meon dhuine éicint atá ag breathnú ar an TV a
athrú i dtaobh ábhar éagsúla agus b'fhéidir tuiscint níos fearr a thabhairt do dhaoine ar shaol daoine eile ar an saol atá thart orthu.
i dtaobh staid reatha
about the current state of affairs
Tá Preas-Oifig an Gharda ina tost ó shin
i dtaobh staid reatha an athbhreithnithe.
i dtaobh an stádais phósta
in regard to marriage status
Pobal faoi leith é an pobal aerach atá ag dul ó neart go neart le deireanas agus cearta bunúsacha daonna bainte amach acu
i dtaobh an stádais phósta agus na cothromaíochta dhe.
lena dtaobh i dtólamh
by their side always
Bheidís gléasta go snasta agus moll
lena dtaobh i dtólamh.
i dtaobh oidhreacht chultúr na hÉireann
in the matter of Irish cultural heritage
I bhFóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain i mbliana cuireadh breis béime aríst ar thábhacht na sainiúlachta
i dtaobh oidhreacht chultúr na hÉireann d’fhonn ratha i ngnó idirnáisiúnta a chothú agus a chur chun cinn.
i dtaobh pleanáil teanga
in regard to language planning
“Tubaist chríocnaithe ab ea Acht na Gaeltachta 2012, a brúdh tríd an Oireachtas, gan aon aird ar thuairimí pobal na Gaeltachta ná ar thuairimí na saineolaithe, a bhfuil scil faoi leith acu
i dtaobh pleanáil teanga.
i dtaobh
as to
An bhfuil an baol ann go bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht
i dtaobh an steiréitíopa náisiúnta, ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan?
Cumas Teanga sa Mheá
==========
Eascraíonn an cheist ar ndóigh faoi cad is brí le bheith id’ Éireannach sa lá atá inniu ann? An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá 'le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean? Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach?
Ní thig a shéanadh ach an oiread go bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach a tháinig chun na tíre seo le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh ar an aitheantas dúchasach fosta.
Nílimid i dtaobh le
we’re not dependent on
Nílimid i dtaobh le haon phocán ghabhair anseo, ach is tionscal meall comhlachtaí is craoltóirí, aisteoirí is scríbhneoirí atá againn, tionscal a bhfuil mianach is fuinneamh iontu.
i dtaobh leasuithe polaitíochta
about political welfare
Léirigh an feachtas sin nach raibh plean soiléir nó beartais chruinne acu
i dtaobh leasuithe polaitíochta.
fanacht i dtaobh leis
to restrict (oneself)
Tá ‘fíricí’ agus fíricí sa saol, dar le Donncha Ó hÉallaithe, ach is fearr
fanacht i dtaobh leis an daonáireamh le teacht ar an gcineál fírice atá ceart!
i dtaobh
in regards to
Tá caint go leor agus bagairtí nach beag á ndéanamh
i dtaobh acmhainní an Artaigh anois agus claibín oighir an domhain ag leá leis in aghaidh an lae.
i dtaobh an gheilleagair
in regard to the economy
Tá ceachtanna
i dtaobh an gheilleagair le foghlaim dar le John-Paul Mc Carthy ach éisteacht le Léachtaí Reith a thug Niall Ferguson le déanaí.
i dtaobh carr a cheannach ar athláimh
about buying a second-hand car
Murab é an rud is costasaí a cheannófas tú, is é an dara rud is daoire a deir Daragh Ó Tuama agus tugann sé comhairle shiosmaideach san alt seo
i dtaobh carr a cheannach ar athláimh.
ná cuirimis dallamullóg orainn féin i dtaobh srian aon pháirtí
let’s not blind ourselves with talk of party restraints
Tá saoirse ag polaiteoir a rogha bealaigh a ghlacadh os comhair na Dála dar le Muiris Ó Meara agus
ná cuirimis dallamullóg orainn féin i dtaobh srian aon pháirtí ar thoil aon Teachta Dála.
ann as i dtaobh
undecided about
Tá Ciarán Mac Aonghusa
ann as i dtaobh saoirse iomlán na hAlban.