Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chuaigh an dá shúil siar i gceann Gerry Gerry's eyes rolled back
" Chuaigh an dá shúil siar i gceann Gerry agus chroith sé a cheann.
thit sí i gceann a cos she collapsed
" Cuireadh bindealán ar a glúin san otharlann, agus nuair a d'fhill sí ansin Dé Máirt le haghaidh scrúdú eile, thit sí i gceann a cos.
i gceann deich mbliana eile in ten years' time
" Bhí mé thar a bheith sásta! AÓF: Cá mbeidh tú i gceann deich mbliana eile, an gceapann tú? OMD: Níl mé cinnte, ach ba bhreá liom a bheith páirteach sa cheol ag leibhéal éigin.
sula raibh sé i gceann a chéile aige before he had assembled it
" Ní bheadh éalú ó chur an fhútóin le chéile nó bheadh orthu luí ar an urlár gan é, agus chuir Seán scrios agus fiche ar an diabhal rud sula raibh sé i gceann a chéile aige.
gabh i gceann na mballaí set about the walls
" "Tabhair leat scuab mhór agus gabh i gceann na mballaí.
i gceann 500 bliain in five hundred years
" Tá "géarchéim féiniúlachta" againn i gCeanada - cé hé muid féin, agus cén rud faoi leith atá againn le tabhairt don chomhphobal domhanda? Faoi dheireadh (i gceann 500 bliain, b'fhéidir) beidh orainn a admháil gurb é inphrionta na mbundúchasach Ceanadach an t-aon rud amháin sainiúil atá againn nach bhfuil le fáil in aon áit eile ar domhan - sin í " an fhéiniúlacht" agus an "rud áirithe sin" atáimid ag lorg.
nach raibh sé ag dul i gceann na súl that he wasn't going to tackle the eyes
" Bhí a fhios aige gur cuma cad é chomh hocrach agus a bhí sé nach raibh sé ag dul i gceann na súl.
i gceann a chéile together, a couple
" Ní raibh Cathal ná Bríd le feicéail ar chor ar bith agus, ar ndóighe, níorbh iontas mór ar bith sin, nó ghlacfá a bheith i do bhodhrán amach mura n-aithneofá go raibh an bheirt udaí i gceann a chéile.
i gceann an mhórshiúil at the top of the procession
" De ghnáth máirseálann siad i gceann an mhórshiúil, ach anuraidh níorbh fhéidir leo agus iad thar lear.
i gceann mo mharana engaged in contemplation
" * Gluais • Glossary cuairteoirvisitor saoithiúilpeculiar prochógcave, hovel i gceann mo mharanaengaged in contemplation meanaawl a thriailto try oidíteachers dá ngníomhóinn mar a iarradh ormhad I acted as I had been told brocaisden le m’uillinnbeside my elbow ag stánadh uirthistaring at it go mínósachrudely an léaráid áirithe sinthat particular sketch sula gcuirfeadh sé forrán ormbefore he would address me dúil bheolive creature cruinniú mo mheabhrachthe gathering of my thoughts frídín deannaighdust germ m’fhabhramy eyelash aireattention glasuainevivid green donnliath na huaimhethe grey brown of the cave feisteas coimhthíochstrange attire seacht fairsingeseven times more wide leadhb leathana wide piece fionnachrithgoose-flesh tír shiocthafrozen country géagalimbs aeráid fhionnuar s'againneour cool climate ionsar achan rud sa phluaistowards everything in the cave Cliseadh Shráid Wallthe Wall Street Crash Géarchéim Munchenthe Munich Crisis slis creigea piece of rock ina dhornin his fist ionsormtowards me cén treo a léifinn íwhat direction I'd read it treoraitheguides toilteanachwilling comhléaráideoirífellow illustrators cúigear glaschraicneach eilefive other green-skinned creatures brollach is másaíbosom and thighs ag sciolladóireachtscolding ag fiafraí dá chéileasking each other dheamhan fonn ormI wasn't in the mood ghréasobairfancywork saothraithelabourers mo chuid líníochta féinmy own drawing mo shamhlaíocht féinmy own imagination a míniúto explain it tinfeadhinspiration leamhdull páistí fuaite earraí leathairthe children who sew leather goods sclábhlannasweatshops fá mo choinne féinfor myself a dhath ar bithanything i gceathrú inteacht eile den domhanin some other quarter of the world
i gceann a chéile at each other
" Ba bheag an tsócmhainn aige iad a bheith i gceann a chéile na laetha seo, nó bhí siad beirt chomh colgach sin gur thóg an rud ba lú amuigh iad.
i measc na gceann dlisteanach. amongst the legitimate ones.
" Bhí Drewe chomh maith sin ag cur dallamullóg ar dhaoine gur éirigh leis fáil isteach chuig cartlann na hiarsmalainne Victoria agus Albert, agus cartlann na hiarsmalainne Tate, le tuairiscí bréagacha ar a gcuid pictiúr a chur isteach i measc na gceann dlisteanach.
i gceann míosa in a month
" ieAr an ábhar go mbeidh mé ag pósadh i mbliana (bhuel i gceann míosa chun a bheith cruinn), bím ag tabhairt cuairte ar an suíomh seo, atá an-úsáideach, go minic.
i gceann de na heagraíochtaí Gaeilge, in one of the Irish language organisations
" Measaim go gcuirfeadh sé go mór leis an saothar dá mbeadh roinnt aistí ag daoine ann atá ag obair sa phobal nó i gceann de na heagraíochtaí Gaeilge, cuir i gcás.
a gcomhairlí a chur i gceann a chéile to put their heads together
" Caithfidh gach duine a bhfuil baint aige leis an bhfadhb áirithe seo – idir mhúinteoirí, thuismitheoirí, shíceolaithe, ghardaí agus dhaoine óga – a gcomhairlí a chur i gceann a chéile le go dtiocfar ar bhealaí chun dul i ngleic léi.
i gCeann an Chairn in Carnsfort
" Ag deireadh na seachtóidí, bhí sé de rún ag an rialtas ceithre stáisiún núicléacha a thógáil i gCeann an Chairn, Loch Garman.
i gceann coicíse in a fortnight’s time
" Ná habair liom nach mbeadh sé sin ina chabhair mhór duit i gceann coicíse! Féach, cuirim i gcás, ar son do leannáin: (People Love Presents)(http://www.
i gceann a chéile together
" Mac Cárthaigh Neamhcharthanach ================ In alt a scríobh Colm McCarthy (údar na tuarascála a chuir an ‘bord snip nua’ i gceann a chéile) ar an Farmers Journal an mhí seo caite, leag sé an-bhéim ar chostas an tSeanaid agus é ag moladh go gcuirfí deireadh leis.
i gceann after
" Ní bheidh siad ach ag seasamh in aon dáilcheantar amháin sa toghchán don tionól agus gan ach ochtar sna toghcháin áitiúla ach cad é mar a fheiceann Ervine a a pháirtí i gceann cúig bliana? “Ba mhaith liom go mbeadh suíocháin againn ar fud Thuaisceart Éireann,” ar sé agus ansin dúirt sé rud éigin thar a bheith suimiúil.
i gceann d’ollscoileanna in one of (Salvador’s) universities
" Thosaigh Luciano, léachtóir staire i gceann d’ollscoileanna Salvador, ag ól Santo Daime breis is scór go leith bliain ó shin, nuair a bhí a leithéid go hiomlán i gcoinne an dlí.
i gceann within
" Ba scéal gáifeach é agus bhí an láithreán campála ag cur thar maoil leis na meáin i gceann cúpla lá.
i gceann de na heaglaisí is ársa in one of the oldest churches
" Tá fianaise ar cheann de na samplaí is luaithe den turasóireacht spioradálta seo le fáil i gceann de na heaglaisí is ársa sa chathair, chomh maith le mórán gnéithe inspéise eile.
i gceann thiar agus i gceann thoir na hEorpa at the western and eastern extremity of Europe
" An cheist más ea: cén fáth an chosúlacht mhór seo idir dhá thírín i gceann thiar agus i gceann thoir na hEorpa? An dátheangachas an chéad ní.
I gceann roinnt blianta eile in another few years
" Ach ’sé an cheist ar cheart a bheith curtha ar an Aire Oideachais agus ar gach Aire eile ná seo: Más amhlaidh nach bhfuil dóthain foirne ag do Roinn le déileáil le pobal na Gaeilge ina rogha teanga, céard tá sibh le déanamh faoi? An Tréas a Chomóradh ======== I gceann roinnt blianta eile beidh ar an státchóras daoine a earcú arís.
caithfidh tú insíothlú i gceann you have to infiltrate
" Níl ach dhá pháirtí i gcóras na Stát Aontaithe, agus más mian leat breith ar chumhacht ansin, caithfidh tú insíothlú i gceann de na páirtithe sin.
chuir sí an tarcaisne i gceann na héagóra she added insult to injury
" Ba dhóigh liom, ámh, gur chuir sí an tarcaisne i gceann na héagóra nuair a dúirt sí nach raibh ní ba mhó ban san aireacht de bharr go raibh an ceapachán bunaithe ar thuillteanas! Folly agus Fallaí ======= D’admhaigh Abbott san aitheasc a thug sé le linn fhógairt a aireachta go raibh díomá air nach raibh níos mó ná bean amháin ina chomh-aireacht, ach go raibh mná den scoth sna páirtithe coimeádacha ‘ag bualadh ar dhoras’ na comh-aireachta.
i gceann cúig bliana in five years time
" Tá cinneadh gan freasúra glactha ag Comhairle Chathair Dhoire ar na mallaibh, fágaim, le bheith san iomaíocht leis an ghradam Cathair Chultúir na hEireann a bhaint amach i gceann cúig bliana.
agus ag Mac Óda i gceann na foirne with Cody leading the pack
" Ba iontach le Colm Mac Séalaigh tuairisc spóirt Raidió na Gaeltachta an mhí seo caite a mhínigh go mbeidh lá eile ag an Seibhleánach le tabhairt faoi Chraobh na hÉireann agus ag Mac Óda i gceann na foirne.