Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níl tionlacan i gceist there is no musical accompaniment
" Tá blas shean-nós na Gaeilge ann freisin - níl tionlacan i gceist agus canann gach duine den phobal ina dhóigh féin.
Níl i gceist ach go rithfidís they only have to run
" Níl i gceist ach go rithfidís mórthimpeall pháirc na scoile ar chúrsa thart ar 500 méadar ar fhad, agus é sin a dhéanamh faoi thrí.
níl aon ghanntanas óige, taithí, ilghnéitheachta ná feiceálachta i gceist, there is no shortage of youth, experience, diversity or conspicuousness,
" Agus Barack Obama, Hillary Clinton, agus John Edwards mar na hiarrthóirí atá chun tosaigh faoi láthair, níl aon ghanntanas óige, taithí, ilghnéitheachta ná feiceálachta i gceist, agus síltear go fairsing gur duine den triúr seo a bheas mar chéad uachtarán eile Mheiriceá.
níl rogha rófhairsing i gceist. there isn't a very wide choice.
" Má tá glór don Ghaeilge ar cheann de na nithe atá á lorg agat, níl rogha rófhairsing i gceist.
ach amháin go raibh rialacha i gceist. only that rules were involved.
" 138 bliain ina dhiaidh sin, tá sé deacair a thomhas céard a d'imir siad i ndáiríre, ach amháin go raibh rialacha i gceist.
Bhíodh smacht an-mhaith i gceist, There used to be very good discipline,
" Bhíodh smacht an-mhaith i gceist, léirítí ómós don réiteoir agus ní bhíodh achrann ná troid ann riamh.
cur i gcéill atá i gceist it is a pretence
" Is mithid dúinn a admháil gur cur i gcéill atá i gceist – *the emperor is naked*! Cur amú acmhainní agus fuinnimh atá inti ar gá dúinn a bheith réadúil fúithi anois.
tá cead isteach saor in aisce i gceist, there is free entry
" Cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ar a seacht a chlog agus tá cead isteach saor in aisce i gceist, ach d’áit a chur in áirithe roimh ré (tá sonraí teagmhála ar fáil do gach rud a luaitear san alt seo ag bun an leathanaigh).
go mbeidh mic an Easpaig i gceist sa todhchaí that he will have kids in the future (not direct trans)
" Agus deir sé go mbeidh mic an Easpaig i gceist sa todhchaí – agus gur Gaeilgeoir a bheidh i ngach duine acu.
a raibh airgead ollmhór i gceist leis, which involved a lot of money
" Ach bhí Phil agus fear darbh ainm Bill Martin tar éis comhlacht léiriúcháin a bhunú agus chuaigh siad chuig Polydor agus, mar gheall ar gur chomhlacht léiriúcháin iad, fuair siad conradh dúinn a raibh airgead ollmhór i gceist leis, tríocha míle (punt), sin timpeall trí chéad míle in airgead an lae inniu.
bíonn meascán mothúchán i gceist lena linn. there are a fixture of feelings during it
" ************************************************ An chéad bhliain ar an ollscoil – i gcás na mílte duine, bíonn meascán mothúchán i gceist lena linn.
ba cheol comhaimseartha a bhí i gceist. it was comtemporary music.
" Agus ní hé gur amhráin ar an sean-nós a bhí á rá againn, ach ba cheol comhaimseartha a bhí i gceist.
gan idirbheartaíocht a bheith i gceist. without negotiations taking place.
" Dúirt sé nach dtiocfadh leis smaoineamh ar aon fheachtas sceimhlitheoireachta ar cuireadh deireadh leis gan idirbheartaíocht a bheith i gceist.
is baolach go mbeidh clampar i gceist there is a danger that there will be a commotion
" Ach mar is iondúil le beartais inimirce san Astráil, is baolach go mbeidh clampar i gceist sula gcuirfear an cur chuige nua i bhfeidhm.
éanna atá i gceist leis an Marianne
" Is é an coincheap céanna atá i gceist leis an Marianne.
Níl sé i gceist agam I don't intend
"Níl sé i gceist agam aon duine a mhaslú”, arsa Babs, “ach dá mbeadh Henry Shefflin (a scóráil aon chúilín déag sa chluiche) agus araile ag imirt ar a seacht ndícheall, ní bheadh Átha Cliath chomh gar dóibh ar chlár na scór.
i gceist acu they intend
" Daoine ag caint faoi na pleananna atá acu i gcomhair na laethanta saoire, cén áit a bhfuil sé i gceist acu dul agus cén t-achar a mbeidh siad ar shiúl.
A bhFuil i gCeist what's at stake
" A bhFuil i gCeist Céard atá sa bhille seo? Ar an gcéad dul síos, cuireann sé iachall ar dhaoine árachas a cheannach, mar atá sé sa Ghearmáin faoi láthair.
rogha de dheoin atá i gceist le saoire a holiday is a free choice
" Ní dhearna muid é seo le pionós a ghearradh orainn féin: is é an mana atá againn ná "rogha de dheoin atá i gceist le saoire".
Ní shin é atá i gceist agam that’s not what I’m about
ba mhór i gceist cás was a matter of great import
" Lenár linn féin, ba mhór i gceist cás Chorsica: an teanga, an náisiúnachas, an treabhachas, an fiántas diamhair, an foréigean ainnis.
stair bhrónach atá lán de chian atá i gceist it’s a sad poignant history
" Ach is stair bhrónach atá lán de chian atá i gceist.
Séard a bhí i gceist this concerned
" Ceann amháin a thaitin go mór liom i mbliana ná ceann a eagraíodh ar Instagram (bhuel sin an áit ar chuala mise faoi!) Séard a bhí i gceist ná taispeántas de ghrianghrafanna a tarraingíodh is a roinneadh ar Instagram.
agus é i gceist acu críochnú ansin intending to finish it there
" Bhí na reathaithe ar an mbealach isteach go Cathair na Gaillimhe, agus é i gceist acu críochnú ansin, tar éis dóibh an tír a thrasnú.
nach raibh i gceist leo ach coirpigh uirísle they were just mean criminals
" Breathnaíonn daoine áirithe orthu mar fhir chróga a thug dúshlán d’údaráis lochtacha a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir na tíre, ach mothaíonn a lánoiread nach raibh i gceist leo ach coirpigh uirísle a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin.
Níl i gceist ach cnaipe one has only to turn a switch
" Níl i gceist ach cnaipe sa chleachtas smaointeoireachta a thugann sonas saoil thar meán do roinnt daoine.
i gceist le in the case of
" Léirigh taighde de chuid an TUC go síleann an pobal go bhfuil calaois i gceist le 27% den airgead a chaitear ar leasa shóisialaigh.
go háirithe agus é i gceist particularly as it’s intended
" Is comhartha an-mhaith é seo, ach tá an earnáil iomlán ar bís agus iad ag súil le huimhreacha maithe ag deireadh na bliana, go háirithe agus é i gceist an cinéal seo cláruimhreach a bheith againn feasta.
i gceist le pertaining to
" Ceacht a haon: ní leor díriú ar na meáin sóisialta – tá i bhfad níos mó i gceist le gnó a chur chun cinn, ar líne nó di.
Dá mbeadh dhá mhíle carr i gceist were two thousand cars involved
" Dá mbeadh dhá mhíle carr i gceist agus dá bhfeicfí greamán Gaeilge achan charr acu 20 uair sa tseachtain, chiallódh sé go mbeifí ag imirt tionchair ar 40,000 duine níos mó sa tseachtain nó breis is dhá mhilliún uaire in aghaidh na bliana ná mar a tá anois roimh an Oireachtas! Is furasta 'Éire', 'Ná póg mo thóin' nó 'Gaeltacht bheag an carr seo' a thuiscint.
mí-oiriúnú i gceist a question of unsuitability / mismatching
" Is fíor go bhfuil mí-oiriúnú i gceist idir an dream dífhostaithe agus an margadh oibre, cuirim i gcás na scórtha míle a chaill a gcuid post san earnáil tógála agus na mílte post atá ar fáil in earnáil na teicneolaíochta.
modh déanta atá i gceist agat a method of making something you have in mind
" Nuair is modh déanta atá i gceist agat, tá na torthaí sin ina gcabhair mhór.
níos mó ná réalta i gceist le more than stars involved
" Ach tá níos mó ná réalta i gceist le sacar sa ghnáthshaol agus bhain muid an-sult as an scannán ghearr Our Beautiful Game.
Is éard atá i gceist le what ... means is
" Is éard atá i gceist le RS ná gur inneall ardfheidhmeach atá sa charr seo.
tá sé i gceist agam achomharc a dhéanamh I intend to appeal
" Ar ndóigh, tá sé i gceist agam achomharc a dhéanamh chuig an Choimisinéir Faisnéise sa chás áirithe seo agus tá mé iontach dóchasach go rialófar ar mo shon.
an té atá i gceist the person in question
" Má áirtear gur duine homafóbach nó ciníoch an té atá i gceist, cén chaoi a ndéantar sainmhíniú agus bainistiú ar lipéid den sórt sin? Agus cé leis na lipéid sin? An t-íospartach nó an t-úsáideoir? Cé hé ‘réiteoir’ chluiche na lipéad? Tá cumhacht na teanga in úsáid mar uirlis shóisialta agus mar bhuthal aithneachtála go tréan i gcúlra na ceiste seo; go ndéantar daoine ar leith a aicmiú de réir iompair, tuairimí agus de réir chur i láthair.