Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag rith i ndiaidh a n-eireabaill chasing their tail
" Tá daoine ann a chaitheann an tseachtain ar fad ag rith i ndiaidh a n-eireabaill de bharr an dul amú intinne seo.
ag rith i dtreo an chúil running towards the goal
" Is é sin, in ionad imreoirí peile a thaispeáint ag rith i dtreo an chúil, d'fhéadfaí leagan moillithe a thaispeáint, agus anailís a dhéanamh ar an eachtra sin sa chluiche.
i gcúrsaí reatha in current affairs
" Mar sin féin, bím ag súil go mór le teacht abhaile freisin! AÓF: Cad é an rud is mó a mhothaíonn tú uait nuair a bhíonn tú i bhfad ó bhaile? OMD: Bím ag smaoineamh faoi na seisiúin iontacha nach féidir liom a bheith páirteach iontu in Éirinn, agus freisin bím croíbhriste gan comhluadar mo chailín! AÓF: Nuair nach mbíonn tú ag plé leis an gceol, cad a dhéanann tú mar chaitheamh aimsire? OMD: Tá an-suim agam sa pholaitíocht agus i gcúrsaí reatha sa tír seo agus thar lear.
Ní mór duit a bheith le rith isteach i dtine. You gotta be to run into a fire.
" Ní mór duit a bheith le rith isteach i dtine.
gur fhógair Zapatero i rith an fheachtais that Zapatero announced during the campaign
" Ní cúis iontais é, mar sin, go raibh an bua ag an Partido Socialista, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh gur fhógair Zapatero i rith an fheachtais go mbeadh na trúpaí Spáinneacha ag dul abhaile dá mbeadh an bua ag na sóisialaithe.
I rith an Charghais during Lent
" I rith an Charghais, timpeall deich mbliana ó shin, a rinne Buckley a bhealach den chéad uair chuig an séipéal beag Caitliceach atá suite trasna na sráide ó Chríochfort Bhád Farantóireachta Staten Island.
i rith na gcogaí domhanda during the world wars
" I dtaca leis Am Mòd (nó "tionól" sa Ghaeilge), tá sé bunaithe le fada agus rinneadh céad bliain na féile (bhí sos ann i rith na gcogaí domhanda) a cheiliúradh anuraidh san Oban, Earraghàidheal.
sáite cheana féin i gcúrsaí reatha already engrossed in current affairs
" Sáite i gcúrsaí reatha ======= Ar scoil, bhí Fisk sáite cheana féin i gcúrsaí reatha, ag léamh *The Times *gach tráthnóna agus ag baint duaiseanna as ucht a chuid eolais ar chúrsaí an domhain.
i rith ghéarchéim an ghalair crúibe is béil during the foot-and-mouth crisis
" ” Tharraing Leigh aird air féin den chéad uair in 2001 i rith ghéarchéim an ghalair crúibe is béil.
Níl i gceist ach go rithfidís they only have to run
" Níl i gceist ach go rithfidís mórthimpeall pháirc na scoile ar chúrsa thart ar 500 méadar ar fhad, agus é sin a dhéanamh faoi thrí.
i rith an fhrithdhúnta during the lockout
" D'iarr muid ar an rialtas i rith an fhrithdhúnta idirghabháil a dhéanamh.
bhí an-cháil air i rith a shaoil he was very famous during his life
" Ní léann mórán daoine leabhair Carlyle anois, taobh amuigh den ollscoil, ach bhí an-cháil air i rith a shaoil.
i rith na tochailte during the excavation
" Nochtadh loirg den tréimhse sin i rith na tochailte.
i rith an tsearmanais during the ceremony
" D’eitil héileacaptar ó Aerchór na hÉireann thar Chró na Rad i rith an tsearmanais.
i rith na dtéarmaí scoile during the school term
" Cén fáth ar bunaíodh é?***Bunaíodh é le go mbeadh seirbhís náisiúnta ar fáil i rith na dtéarmaí scoile do dhéagóirí a bheadh ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh, go háirithe iad siúd a bheadh tar éis freastal ar chúrsaí samhraidh Choláiste na bhFiann.
i rith an Ghorta Mhóir. during the Great Famine.
" An síleann tusa go bhfuil sé de cheart agat ba a bheith agat? Cuimhnigh ar na mílte a fuair bás i rith an Ghorta Mhóir.
a chraoltar i rith leathama, which are broadcast at half time,
" Tá cáil dhomhanda ar na fógraí teilifíse a chraoltar i rith leathama, agus faightear na ceoltóirí agus na hoirfidigh is clúití chun an t-amhrán náisiúnta a rá roimh an gcluiche.
i rith na gearchéime during the crisis
" Níos measa fós, i rith na gearchéime rinne mé dearmad scriú amháin a bhaint amach agus b'éigean dom dreapadh síos le hé a fháil.
ag rith i ndiaidh bitseachaí bodógaí running after bitches of heifers
" Cén chaoi a bhfuil sibh inniu? Peadar: Beo ar éigean, agus thú féin? Peaitín: Maraithe, a mhac, maraithe ag rith i ndiaidh bitseachaí bodógaí ó mhaidin is gan a’m ach dhá sheanchois is maide agus Rex bocht atá ag éirí caoch.
i rith an tsosa during the break
" Mholfainn féin triail a bhaint as na brioscaí a bhíonn ar fáil i rith an tsosa – déanta sa bhaile agus fós te ón oigheann.
i gcúrsaí reatha agus nuachta. in current affairs and news.
" Is iad na dúshláin is mó atá anois ann, dar leis, ná an lucht féachana a mhéadú, na struchtúir mhaoinithe a chur in oiriúint don tseirbhís agus scileanna na seirbhíse a fhorbairt i gcúrsaí reatha agus nuachta.
i rith na n-ochtóidí during the Eighties
" Cuireadh tús leis an táirgeadh fíona anseo i gceart sna seachtóidí agus tháinig borradh as cuimse faoin tionscal i rith na n-ochtóidí nuair a thit an tóin as an margadh idirmhalartach leis an mBreatain.
i rith na gcogaí domhanda, during the world wars,
" Ach is cuan mór nádúrtha den scoth é Caolas Chrombaidh, agus i rith na gcogaí domhanda, ba bhunáit thábhachtach cabhlaigh é.
bodhraithe i rith an ama deafened all the time
" “Ar aghaidh liom thar an *Bold Fenian Men Burger Joint*, thar an *Rosie O’Grady Pizza Parlour* agus thar an *Courtin’ in the Kitchen Corn Stall*, mé bodhraithe i rith an ama ag Béarla, ag bodhráin, ag boscaí agus ag bainseónna dá seinm ag muintir Mheiriceá, muintir Cheanada, muintir na Polainne agus na hÍsiltíre agus na hAstráile ón trí chéad stáitse i bhFearann na Féile.
i rith cluiche peile Meiriceánach during an American Football game
" Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.
i rith ochtóidí an chéid sin, during the eighties of that century,
" Sa bhliain 1875, thosaigh ollscoileanna in Massachusetts ag imirt faoi na rialacha nua seo, agus i rith ochtóidí an chéid sin, thosaíodar ag athrú an chluiche sa chaoi nach raibh sé chomh cosúil le rugbaí níos mó.
i rith na n-ochtóidí, during the Eighties,
" Is léir go bhfuil cuid de na tuismitheoirí in Croxteth agus Norris Green ar nós cuma liom maidir lena bpáistí, ach nach raibh an rialtas ar nós cuma liom maidir *leosan* idir 1979 agus 1997?Ba léir, i rith na n-ochtóidí, go raibh polasaí rialtas Thatcher ag cruthú fadhbanna millteanacha sóisialta in áiteanna mar Learpholl, ach in agallamh le Woman's Own i mí Dheireadh Fómhair 1987, dúirt an príomh-aire, "There is no such thing as society.
ar siúl i rith na tréimhse sin. on during that period.
" Ón mbliain 1949, níor tháinig ach ceithre athrú ar an rialtas náisiúnta, cé go raibh 23 olltoghchán ar siúl i rith na tréimhse sin.
i rith an tsearmanais, during the ceremony
" Ní bheidh ceol orgáin le cloisteáil i rith an tsearmanais, ach oiread, ach ceol ó bhosca pianó Willie féin, agus é ag canadh “*What A Friend You Have In Willie”*.
i rith chogadh cathartha na Liobáine during the Lebanese civil war
" Chaith sé tréimhsí ag tuairisciú ó ionaid choinbhleachta i rith chogadh cathartha na Liobáine sna hochtóidí agus sa Bhoisnia le linn na nóchaidí.
I rith na tréimhse céanna, during the same period
" I rith na tréimhse céanna, tá méadú 18 faoin gcéad tagtha ar líon na ndaoine a bhaineann úsáid as carr le dul chuig an obair go laethúil – i 1991, bhí 39 faoin gcéad ag tiomáint chun na hoifige i gcomparáid le 57 faoin gcéad in 2006.
I rith na trialach, during the trial
" I rith na trialach, rinne Bobby Molloy – a bhí ina aire stáit ag an am – iarracht teagmháil a dhéanamh leis an mBreitheamh Philip O’Sullivan, breitheamh den Ard-Chúirt a bhí i gceannas ar an triail.
i rith na bliana during the year
" Bhuel, tá bliain úr eile buailte linn – bliain bhisigh, a deirtear linn, agus tá muid ar fad ag súil le Dia go mbeidh biseach inteacht ar chúrsaí thar mar a bhí i rith na bliana atá díreach caite.
i rith an tsamhraidh during the summer
" Tiocfaidh na páirtithe le chéile i rith an tsamhraidh ansin chun vóta na stát éagsúil a chomhaireamh agus a n-iarrthóirí oifigiúla a ainmniú.
i rith na seachtaine saoire during the free (as in not working) week
" Craic ar bith ag gabháil sa tír, taobh amuigh de na múinteoirí bochta ag gearán faoi tháillí eitiltí Ryanair i rith na seachtaine saoire a bheas acu faoi lár na míosa seo.
i rith na mblianta deireanacha sin, during those last years,
" Ní hé nár thaitin sé liom i rith na mblianta deireanacha sin, ach is dóigh liom nach raibh mo chroí istigh ann a thuilleadh.
i rith na tréimhse sin during that period
" Agus an rud ba mheasa faoin gclár i rith na tréimhse sin ná go mbínn faoi cheangal ar feadh tréimhsí fada ama.
i rith na heipidéime fliú. during the flu epidemic.
" Rugadh í i Learpholl sa bhliain 1891, agus fuair sí bás i mBaile Átha Cliath i 1918 i rith na heipidéime fliú.
i rith an fheachtais during the campaign
" Beidh imeachtaí éagsúla ar siúl i rith an fheachtais le daoine óga agus daoine fásta a chur ag léamh.
i rith luathstair na coilíneachta. during the colony's early history.
" Tá go leor fianaise ar fáil a chruthaíonn go mbíodh caidreamh collaí i gceist go minic idir na fir i rith luathstair na coilíneachta.
i rith an Chogaidh Chathartha. during the Civil War.
" Cailleadh athair Chaitlín san eachtra a tharla i mBaile an tSíoda i rith an Chogaidh Chathartha.
i rith na tréimhse sin. during that period.
" Chaith sí naoi mbliana ansin, agus ba mhinic nach mbíodh a máthair in éineacht léi i rith na tréimhse sin.
i rith a óráide. during his speech
" Ó thaobh na ngunnaí seo de, tharla an eachtra ab fheiceálaí anuraidh nuair a d'úsáid póilíní Florida State University Taser ar mhac léinn darbh ainm Andrew Meyer nuair a chuir sé ceist ar John Kerry i rith a óráide.
i rith an bhealaigh as far as
" Bhí an bus ag dul i rith an bhealaigh go Nashville fríd cheantar Amanach agus tá mé cinnte go ndearna mé amadán díom féin ag amharc ar na daoine sin.
i gcúrsaí reatha in current affairs
" **Fáithscéal**D’aithneodh an té is lú a bhfuil spéis aige i gcúrsaí reatha plota an scéil seo.
i rith an Ghorta Mhóir during the Great Famine
" Agus ansin sa bhliain 1997, nocht sí leacht cuimhneacháin in ómós do na mílte Éireannach a tháinig go Learpholl i rith an Ghorta Mhóir 150 bliain roimhe sin.
I rith an tseisiúin taifeadta during the recording session
" I rith an tseisiúin taifeadta chuaigh Colm, ar chuireadh ó Glen, suas chuig a seisiún-na.
i rith an ama all the time
" Caithfidh siad fanacht go dtí go dtiocfaidh siad chuig an gcéad sortie eile, nó ‘slí éalaithe’- nach oiriúnach an téarma é - 50 cileaméadar níos faide ar shiúl agus iad ag iarraidh i rith an ama teagmháil a dhéanamh leis an gendarmerie nationale chun teacht i gcabhair ar an bpáiste.
i rith an lae throughout the day
" Ba dhuine é a raibh meas an phobail air i rith an lae; ach b’ainbheartach uafáis san oíche é.
i rith na Cásca during Easter
" Tá an t-eolas seo a tugadh dom ag teacht sna sála ar thaighde a léiríodh le linn comhdháil bhliantúil Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) i rith na Cásca maidir le neamh-chomhionannas inscne sa ghairm.
i rith during
" Is dlí é a mbaintear drochúsáid as, dlí a chuireann i gcuimhne dó na ruathair a dhéantaí ar an bpobal Giúdach i rith an Dara Cogadh Domhanda, dlí atá cumtha chun eagla a chur ar an ngnáthdhuine gan aon bhaint a bheith aige le duine sans papiers.
i rith during
" Ina leabhar Suite Française, tugann Irène Némirovsky cur síos ar an gcíor thuathail inar fágadh na daoine i rith na tréimhse sin.
i rith an ama continually, during that time
" Toisc nach raibh na mic léinn in ann freastal ar ranganna i rith an ama sin, ná an obair leanúnach a mbíonn céatadán den mharc iomlán ag dul di a chur ar fáil, tá amhras ann faoin stádas a bheas ag na scrúduithe deireadh bliana sna hollscoileanna seo.
i rith period
" Dar le Mary Ann Lyons agus Thomas O Connor ina leabhar Strangers to Citizens: The Irish in Europe 1600-1800, tháinig thart ar ocht míle déag saighdiúir Éireannach go dtí an Fhrainc i rith an achair a raibh Séamas II ag cur faoi i St Germain.
i rith during
" 09), costas atá níos ísle ná mar a bhí sé i rith na tréimhse Samhain/Nollaig 2008 (€0.
i rith during
" Is é an baisteadh an deasghnáth is mó atá ag na Mandaean agus is deasghnáth é a tharlaíonn breis is uair amháin i rith shaol an duine.
i rith na n-ochtóidí during the 1980s
" Chaith Keenan 1574 lá i mbraighdeanas, é ceilte in áiteanna éagsúla sa chathair agus ar fud na Liobáine, tír a bhí á scriosadh de réir a chéile sa chogadh cathartha idir Hezbollah, na Falangaithe, buíonta Moslamacha agus airm Iosrael agus na Siria i rith na n-ochtóidí.
I rith during
" I rith an lae, bíonn timthriall craolta fiche nóiméad, nó mar sin, acu, ina n-athchraoltar na scéalta céanna, nach mór, idir shosanna fógartha.
i rith an ama all the time
" Anois gan a shúil a bhaint den leabhar sin, shiúil sé thart le taobh an tobair agus lean ar aghaidh gan breathnú ormsa ná ar éinne ach é sáite sa leabhar i rith an ama.
i rith an tSamhraidh during the summer
" Táim an-shásta a bheith anseo dá bhrí sin, ach ar ndóigh, is breá dul ar ais abhaile agus a bheith ann i rith an tSamhraidh ar feadh tamaillín agus i rith na Nollag.
i rith na Nollag during Christmas
" Táim an-shásta a bheith anseo dá bhrí sin, ach ar ndóigh, is breá dul ar ais abhaile agus a bheith ann i rith an tSamhraidh ar feadh tamaillín agus i rith na Nollag.
i rith during
" ” Ocht míle cúig chéad cóip den leabhar a díoladh i siopa Sevestre i rith mhí na Nollag amháin.
i rith during
" Fear nárbh é an scian ba ghéire sa chistin é, a raibh eagla a chraicinn air aghaidh a thabhairt ar Vincent Brown ach a bheas ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann in éadan shaoistí airgeadais dhúra na hEorpa, fear a bhí chomh feiceálach le yeti i rith an fheachtais toghchánaíochta ach atá anois - suí síos bomaite - atá anois ina Thaoiseach ar thírín iathghlas s'againn.
i rith an lae during the day
" D'inis mé dó go raibh fúm dreapadh suas Raeburns Gully ar Chreag Meagaidh (1130 méadar) Dé Domhnaigh, ach chuir sé scairt orm oíche Dé Sathairn le cur in iúl dom go bhfaca siad maidhm shneachta ansin i rith an lae agus bheadh sé róchontúirteach.
i rith an lae during the day
" Tá sé ar bhóthar eadarstáit 95, an mótarbhealach a ritheann ó cheann ceann an cheantair seo, an bóthar is mó trácht sa tír, nach mór, agus tá na tranglaim tráchta chomh dona air go moltar anois tiomáint air i lár na hoíche agus é a sheachaint go hiomlán i rith an lae! Más ea, bhuaileamar bóthar i lár an lae mar sin féin, agus mar a tuaradh, chaitheamar seacht n-uaire an chloig ar an mbóthar seachas an trí go leith a thógfadh sé gan trácht.
I rith an tsamhraidh in the summer
" Ceathrú na gCloch ========== **SMM: An dtéann tú abhaile go Ceathrú na gCloch go minic a Bhríd?** BNC: I rith an tsamhraidh, óó! (Gáire) Síos ansin, dhea, síos ag an Rinn Rua! An áit a bhfuil mo chroí; suí ar chloch, ag an’c amach ar an bhfarraige.
I rith during
" I rith na séimhse seo, chun cothrom na Féinne a thabhairt dí agus mo bhuíochas a ghabháil léi as a crogacht i mo rangsa, chuir mé m’ainm síos don chúrsa Seapáinise.
i rith an lae during the day
" Siúlann sí timpeall ag coimeád súile ar na rónta i rith an lae.
i rith ár saoil during our lives
" Cad tuige go bhfuil tú ag iarraidh bualadh leis? An mbeadh mórán le foghlaim agat ón bhoc sin?” “Ní bheadh, i ndáiríre, a Bhaloir, tá an bheirt againn ar chomhchaighdeán i dtaca leis an mhéid atá foghlamtha againn i rith ár saoil, a déarfainn, cé go bhfuil rud beag níos mó cumhachta ag Liam ná mar atá agam féin.
i rith during
" Thosaigh sé seo le hamadán nó dhó i rith feachtas toghchánaíochta Obama, ach tá sé ina bhunalt creidimh i measc cuid mhaith de lucht an "Tea Party" anois, na daoine i bhfad amach ar eite dheis an Pháirtí Phoblachtánaigh a sheasann in aghaidh bheartais lárchlé an uachtaráin agus an Pháirtí Dhaonlathaigh.
i rith na dtríoblóidí deiridh during the recent troubles
" org> Tá íobairt na laochra seo fós i gcuimhne na ndaoine ar Merseyside, d'ainneoin an chur ina gcoinne i rith na dtríoblóidí deiridh.
i rith an ama all the while
" Bhí sí ar thraein chomh compordach ’s a bhí fúm le fada: pasáiste leathan, fuinneoga breátha ar an dá thaobh ionas go raibh feiceáil ar spéir agus ar thalamh i rith an ama.
i rith na hathbheochana during the revival
" Cheannaíodh sé foilseacháin Ghaeilge den uile chineál i rith na hathbheochana, beag beann ar an gcineál seánra lenar bhain siad.
i rith na ráithe sin during that season
" Roghnaítear cúlra an Fhómhair leis an gceiliúradh a chur ar bun mar tagann claochló ar an timpeallacht i rith na ráithe sin ar an oileán.
i rith an bhealaigh along the way
" As a bheith ag fiosrú agus ag ceistiú i rith an bhealaigh, tháinig mé ar an eolas nach raibh cearca le ceannach ach amháin ó mhuintir na tuaithe.
cultúrtha/ealaíonta a bheidh ag tarlú ansin i rith na bliana sin.
" Cathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe ==================== Ba é Doire an chéad chathair ar ar bronnadh an teideal Cathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe agus beidh sé aici don bhliain 2013 agus beidh an Fhleadh ar an imeacht is suntasaí i measc lear mór imeachtaí cultúrtha/ealaíonta a bheidh ag tarlú ansin i rith na bliana sin.
i rith during
" Bhí an tSeicslóvaic faoi chois ag tíortha ollchumhachtacha éagsúla ar chaon taobh i rith an chéid seo caite: an tríú Reich ó 1939 go 1945, agus an tAontas Sóivéadach ó dheireadh na 1940í go dtí 1989, agus ar feadh cúpla céad bliain roimhe sin, anuas go dtí an chéad chogadh mór, Impireacht Hapsburg.
i rith na speirlinge during the hurricane
" Tá ceantar na turasóireachta ar ard os cionn abhann an Mhississippi, agus mar sin níor deineadh dochar dó i rith na speirlinge, ach bádh na codanna na cathrach.
i rith a saoil in their lives
" Labharfaidh tuismitheoirí Gaeilge lena gclann má fheiceann siad go mbeidh sé ina chuidiú dóibh i rith a saoil.
i rith an gheimhridh during the winter
" Is minic peileadóirí Gaelacha ó thuaidh ag imirt an spóirt Ghallda seo go fonnmhar i rith an gheimhridh in áit iad a bheith á gcaitheamh amach as an Chumann Lúthchleas Gael cionn is go bhfaca spiairí an Chumainn iad ag imirt le liathróid ubhchruthach, gníomh a bhí in éadan Riail 27 go dtí 1971.
i rith na míosa seo during this month
" Pé scéal é níl aon amhras ná go mbeidh fiabhras an tsacair go láidir i rith na míosa seo agus lucht leanúna ag gríosú a gcuid laochra, bídís ar an láthair nó os comhair na teilifíse sa teach tábhairne nó sa bhaile.
i rith na bliana during the year
" Téim abhaile faoi thrí nó mar sin i rith na bliana.
i rith an earraigh in springtime
" Glactar leis go bhfuil nasc idir an dea-aimsir, aoibh mhaith, agus cuimhne níos fearr a bheith ag an duine i rith an earraigh, toisc go gcaitear tuilleadh ama amuigh faoin aer.
i rith seachtain dheireanach in the last week
" Gach ceathrú bliain sna Stáit Aontaithe, cruinníonn maithe móra an dá pháirtí polaitiúla i rith seachtain dheireanach mhí Lúnasa agus céad seachtain mhí Mheán Fómhair.
i rith an ama all the time
" Saor-Raidió Chonamara, Teilifís na Gaeltachta/Gaeilge agus tá daoine ag spreagadh na coda eile againn i rith an ama.
caithfidh tú a bheith beo i rith an ama you have to live as well
" Ní ghlanfadh an t-airgead a thógann tú ó Fundit na costais uilig a bhaineann leis agus caithfidh tú a bheith beo i rith an ama.
i rith na bliana during the year
" “Anois féach an méid atá scríofa ag Enda: ‘A Shanta, a chara, is buachaill an-mhaith mé agus bhí mé thar a bheith béasach agus cineálta i rith na bliana.
i rith an Drochshaoil during the Great Hunger
" 3 milliún Éireannach a tháinig go Learpholl i rith an Drochshaoil, agus ár ndóigh ‘feidhmniú fórsaí an mhargaidh’ an leithscéal a bhí ag Rialtas Shasana ag an t-am sin chomh maith.
i rith an ama all the time
" Tá méadú 40,000 ar líon na n-éilitheoirí dífhostaithe le cúig bliain anuas, méadú 17 faoin chéad agus é ag méadú i rith an ama.
i rith an ama all the time
" Agus i rith an ama, tá easaontóirí poblachtánacha ag éirí níos gníomhaí.
i rith na bliana seo chuaigh thart during the past year
" Bhí AFRICOM ag téamh ina chur i láthair i rith na bliana seo chuaigh thart, ag tréigean íomhá na maitheasa agus na córa.
i rith na tréimhse sin in that time
" Ceist amháin nár pléadh ar chor ar bith i rith na tréimhse sin ná cén bunús stairiúil a bhí leis an gcóras institiúideach sin a fuair greim docht ar aigne na hÉireann.
i rith an ama all the time
" Déanaimid neamhchúram in aicme amháin nó eile i rith an ama is cosúil, faraor.
i rith thréimhse during the period
" Imeachtaí Eorpacha iad seo ar nós na gceann eile ar fad i rith thréimhse na huachtaránachta.
i rith an achair in that time
" (Is ionann an Treas Domhan ar ndóigh, agus Domhan Céad Fhoinse gach saibhris!) Tuigeann Máire Nic Róibín go mbeidh na milliúin ag fáil bháis den ocras fós faoin am a bhfaighe sí féin bás, nach dtig léi an scéal a leigheas, ach gur féidir léi roinnt éicint a thabhairt slán agus gur féidir cur le tuiscint an uafáis i measc níos mó daoine i rith an achair.
i rith an bhealaigh along the way
" Ní rás atá ann ach ar mhaithe le leas na ndreapadóirí, ní mór duit poll a fháil i do chárta ag seacht n-ionad seiceála éagsúil i rith an bhealaigh.
i rith a shaoil fhada during his long life
" Tá sé chomh beag ag breathnú sa chathaoir rotha anois, is go gcaithfeá ceist a chur ort féin, cad é tá dhá choinneáil anseo? Dar liom, is é an fuinneamh sin a thug sásamh agus sonas dó i rith a shaoil fhada atá dhá choinneáil.
as gach rud a d’fhulaing siad i rith a saoil for all they suffered in life
" Dúirt Luigi nuair a nochtadh an dealbh an mhí seo cháite, agus é gleasta ina éide airm, go raibh sé go mór faoi chomaoin ag muintir Chív agus na hÚcráine agus dúirt sé fosta gur mór an cúiteamh a bhí san aitheantas seo as gach rud a d’fhulaing siad i rith a saoil.
i rith an chogaidh during the war
" Cás-staidéar a 2: Pórtó Ríce ========= Sa bhliain 1898 ghlac SAM oileán Phórtó Ríce chuige féin i rith an chogaidh idir an Spáinn is na Stáit.
i rith an tsamhraidh during the summer
" Duine díobh sin, Tomás, bhí sé ag obair i siopa leabhar Ystwyth ar an mbaile i rith an tsamhraidh, agus nuair a chonaic sé an doras isteach mé, is i nGaeilge a bheannaigh sé dom.