Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Níl an teachtaireacht sin in am ná in aicearracht That message is not timely
" Níl aird ar bith agam ar na rialacha atá ag dul sa lá atá inniu ann!" "Níl an teachtaireacht sin in am ná in aicearracht.
Níl tú in am nó in uair you're never on time
" "Níl tú in am nó in uair, a mhic," arsa an t-athair.
Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe he made it known at the time of its founding
" Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe go raibh dáimh faoi leith aige leis an Ghaelscolaíocht agus leis an oideachas iomlánaithe.
in am breise in extra time
" Cheana féin i mbliana ba chóir go mbuafadh Áth Cliath Craobh Laighean faoi 21 i gcoinne Loch Garman ach chaill siad an cluiche in am breise agus cuid mhaith den mhilleán orthu féin.
Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe he made it known at the time of its founding
" Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe go raibh dáimh faoi leith aige leis an Ghaelscolaíocht agus leis an oideachas iomlánaithe.
in am an ghátair in time of distress/trouble
" Tá cur síos ag Maier chomh maith ar an tslí a rachadh Bobby Kennedy - agus fiú JFK adharcach féin - i dtuilleamaí an chreidimh in am an ghátair.
in am an ghátair when times are hard
" Ba léir go ndeachaigh léiriú Sheridan ar an chruatan i gcion ar na daltaí óga, agus an bhéim atá curtha aige sa scannán ar thábhacht ghrá an teaghlaigh in am an ghátair.
Ní bhíonn tú in am ná in uair ag a dhath. You're never on time for anything.
" "Ní bhíonn tú in am ná in uair ag a dhath.
bhínn uaigneach in amanna I used to be lonely sometimes
" Ach bhíodh sé deacair orm bheith i bhfad ó mo mhuintir - bhínn uaigneach in amanna.
in am a ngátair in their time of need
" Rud eile, bhí mórán cainte faoi dhualgas Chumann Lúthchleas Gael teacht i gcabhair ar an FAI agus an IRFU in am a ngátair.
in am an ghátair in time of need
" “Cá bhfuil an IRA anois in am an ghátair le sinn a chosaint,” a d'fhiafraigh náisiúnaithe na Sé Chontae? Ach níor tháinig aon fhreagra.
in am an ghátair in the time of difficulty
" Ní rún é gur nós le príomhcholúin an stáit seasamh le chéile in am an ghátair.
in am an ghátair in the time of need
" Ní haon duine mise a dhéanann faillí sna daoine a chuidigh liom in am an ghátair, na daoine a d’oibrigh ó dhubh go dubh ar nós daoine gorma.
seachadadh “díreach in am” 'just in time' deliveries
" Bíonn siad ag lorg seachadadh “díreach in am” agus ciallaíonn sé sin go mbíonn ar a soláthróirí (a bhíonn go minic i dtíortha eile) comhpáirteanna a sheoladh go tapa.
Dhóbair nár bhain sé an teach beag amach in am he nearly didn't make it to the toilet in time
" Dhóbair nár bhain sé an teach beag amach in am agus, le linn dó a bheith ag déanamh a mhúin, bhí sé mar a bheadh uisce as coire a bhí á bhrú amach aige.
in am cuí at the right time
" D’fhéadfaí a rá go bhfuil *ethos* leathrúnda, neamhfhoirmeálta i gCLG a deir: gur cluichí “fearúla” iad peil agus iomáint agus is cód é sin a deir “má bhuailtear buille ort, glac leis ach tabhair ceann níos fearr ar ais in am cuí”; go dtarlaíonn scliúchais ó am go ham de bharr theannas na hócáide ach nach bhfuil aon dochar ansin; gur féidir an milleán a chur ar an réiteoir de ghnáth toisc (a) nach raibh smacht aige nó (b) gur shéid sé an fheadóg rómhinic agus araile; baineadh leas as (a) go minic i gcomhthéacs eachtraí na hÓmaí; go bhfuil droch-chaint gháirsiúil inghlactha ag cluichí, ar an taobhlíne, i seomraí gléasta agus araile, go fiú agus mná agus gasúir i láthair.
go mbeidh sé in am dom it will be time for me
" Ach ag an bpointe seo, sílim go mbeidh sé in am dom dul abhaile go Tír Chonaill i gceann bliana nó mar sin.
chun iad a tharrtháil in am a ngátair! to save them in their time of need
" Dar le lucht iomána Bhaile Átha Cliath, áfach, ní bhíodh sé ach “ar iasacht” ag na peileadóirí sna blianta sin chun iad a tharrtháil in am a ngátair! Is cuimhin liom go maith an chéad teagmháil a bhí agam le Mick.
Guth eile sa díospóireacht atá ionam. I am another voice in the debate
" Guth eile sa díospóireacht atá ionam.
casta in amanna, complex at times
" Tá na rialacha a bhaineann leis na raonta rothar sa tír seo casta in amanna, agus ní bhíonn sé soiléir cé aige a bhfuil an ceart slí Ní hamháin go gcuireann leagan amach na raonta rothar mearbhall ar dhaoine, ach bíonn sé doiléir freisin cad iad na hamanna ar féidir úsáid a bhaint astu.
Tá suim agam i gceol tíre Mheiriceá, I am interested in American country music
" Tá suim agam i gceol tíre Mheiriceá, nó tá baint mhór idir sin agus ceol Éireannach agus ceol Albanach, a bhfuil an-suim agam ann chomh maith.
in am leis an cheol. in tim with the music
" Diomaite de na bróga a bheith difriúil – agus cé go bhfuil “batar” (bunfhuaim) bunúsach an tsean-nóis níos mó cosúil le batar an tseitrince – is ionann an dá chineál damhsa aonair sa dóigh is go baineann siad araon le cruthú rithime leis na cosa in am leis an cheol.
in am dúinn time for us
" Bhíos cinnte go raibh an oíche caillte againn gur dtí gur chas Shea chugam, a shúile lán fíona drithligh, agus dúirt sé go raibh sé in am dúinn filleadh ar an stiúideo le luí isteach ar an obair.
bím ag tabhairt cuiridh dóibh I am giving them in invitation
" Mar sin, tá tuiscint eadrainn agus bím ag tabhairt cuiridh dóibh teacht isteach i mo spás pearsanta.
tá sé in am scaoileadh leis mar scéal. it is time to let is go as a story
" Ach tá sé rómhall agus tá sé in am scaoileadh leis mar scéal.
in imeacht ama. in time
" Tá iarsmalann bheag ann, agus eolas (suarach go maith, mar a tharlaíonn) ar an Manainnis ach bímis ag súil go gcuirfear leis in imeacht ama.
in am a ngátair in their time of need
" Ní bheidh na “Críostaithe” ar nós Hagee ann chun na Giúdaigh a tharrtháil in am a ngátair, áfach, mar beidh siad tugtha suas go Neamh agus iad fós beo sa “rapture” - focal nach bhfuil trácht ar bith air sa Bhíobla.
in amanna by times
" Lena chois sin, tá traidisiún fadbhunaithe ariamh anall in Éirinn gur fir is mó a bhíonn ag traenáil foirne peile is iomána agus, cé go bhfuil sé in am dul i ngleic le buanchruthú inscne den chineál sin, is mall a mhilleann na muilte in amanna.
In imeacht an ama in time
" In imeacht an ama, blianta, thuig mé gurb é an rud ab fhearr a d’fhéadfainn labhairt faoi, an teanga.
in amanna at times
" Cuireadh go mór le tionchar an ráitis nuair a shínigh dáréag é, dáréag duine a bhí ar a seal ina nAstrálach na Bliana, in amanna cheana.
in amanna éagsúla at various times
" Ach in amanna éagsúla filleann Fionn Mac Cumhaill ag féachaint an bhfuil sé tráthúil do na Fianna teacht ar ais.
in am an ghátair in times of emergency
" Ar €100,000+ ===== Tá ciall leis an méid a dúirt Mary Lou Mc Donald (Sinn Féin) ar Frontline an oíche faoi dheireadh: in am an ghátair níor cheart don Státchiste a bheith ag íoc níos mó ná €100,000 le aon duine atá ag obair sa státchóras - na Airí, An Taoiseach agus an tUachtarán san áireamh.
in am an ghátair in times of need
" Is cinnte go bhfuil áit ar leith ag an Ghaeilge i gcroí na ndaoine, ach léiríonn an scéal seo fosta gur iomaí íobairt a dhéantar in am an ghátair.
sholáthar in am to provide in time
" Ach fiú sa chás sin, theip ar an Fhoras na doiciméid chuí a sholáthar in am don dá roinn agus níor cuireadh ar fáil iad go ceann míosa eile.
in am fíor in real time
" D’fhógair *Kickstarter* ar an 21 Meitheamh go mbeadh siad ag roinnt eolais faoina staidreamh in am fíor as seo amach.
In am an ghátair in times of need
" In am an ghátair is éacht ar leith é sin! Tabhair bualadh bos daoibh féin, a mhuintir na hÉirinn!
tochtmhar in amanna sad at times
" Bhí an chaint thar a bheith suimiúil agus tochtmhar in amanna agus í ag caint ar fhaopach mhná an Chongó agus in áiteanna eile ar fud na cruinne, An Tíomór Thoir, Peiriú, srl.
mar a bheirtear air in amanna as he’s sometimes called
" Apacailipsis Eoin is ea an leabhar sin, nó Leabhar na dTaibhreamh, mar a bheirtear air in amanna.
casta, in amanna complicated at times
" Bíonn sé casta, in amanna, nuair a cheannaíonn duine carr ar athláimh.
gur mhaith a thuig sí in imeacht ama she knew well as time went by
" Is cosúil gur mhaith a thuig sí in imeacht ama nach dtiocfadh léi féin, ná le dream ardghradaim dá gcumasaí de chuid na Náisiún Aontaithe, cor a chur in iompar lucht idirnáisiúnta na tráchtála.
in am an ghátair at a time of need
" Mhothaigh an rialtas abhus dá bharr, dála na dtíortha eile sa Chomhlathas, gur loic Éire ar a comhghleacaithe in am an ghátair.
go háirithe in am seo an ghátair particularly now in this time of need
" “Cén mhaith dúinn a bheith ag caitheamh airgid ar theanga atá marbh, ná atá ag fáil bháis?” Cé chomh minic a chluintear abairtí mar seo, go háirithe in am seo an ghátair ó thaobh an gheilleagair de? In ainneoin go bhfuil creideamh an-láidir ar fad ag Balor i dtodhchaí gheal na Gaeilge, bhí an tsíorcháisíneacht agus an chnáimhseáil shíoraí ag creimeadh a dhóchais… go dtí gur thug sé cuairt ar Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí i mBaile Gaelach sa chathair cois Life.
in am Chéasair in the time of Caesar
" Táimid ag amharc go bunúsach ar athimirt cluiche garbh Arverni na Gaille in aghaidh na nEilbhéiseach – Helvetti - in am Chéasair, Breatnaigh in aghaidh na nGael in Éirinn, Gaeil na hÉireann in aghaidh na mBreatnach sa Bhreatain Bhig (‘Fedlimid h.
In am marbh na hoíche fiú amháin even at the dead of night
" In am marbh na hoíche fiú amháin, ag 02.
caithfear rud éicint a rá in am corraíola something has to be said in turbulent times
" Bíonn ciúin ciontach agus caithfear rud éicint a rá in am corraíola leis na meáin.
in am agus i dtráth in due time
" Beidh fhios againn faoi sin in am agus i dtráth, ach idir an dá linn bainimis taitneamh agus sásamh as an gcuid eile den chraobhchomórtas nuair a thabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Chorcaigh agus Luimneach aghaidh ar an gClár.
in amanna at times
" Rinne daoine áirithe staicíní áiféise díobh féin in amanna leis an leagan éithigh seo a chur in iúl.
in am an Drochshaoil at the time of the Great Hunger
" Ar an dea-uair, tá leabhair scríofa ag beirt de na dídeanaithe a tháinig trí Learpholl in am an Drochshaoil agus a chuir fúthu i Lancashire: Mícheál Dáibhéid (1846-1906) agus Marcas Ó Roighin (1844-1940) , beirt a bhí bródúil i gcónaí as a dteanga dhúchais agus a thug tacaíocht do Chonradh na Gaeilge nuair a bunaíodh é 1893.
in am tráth at the proper time
" Déanfaidh an tAire cinneadh in am tráth, áfach, maidir le haon phríomhthoradh a bheadh ag eascairt as a chur faoi bhráid an phobail.
Fíorchuidiú na bhFíréan in Am Fíor real help from real people in real time
" Fíorchuidiú na bhFíréan in Am Fíor =============== An mhí seo caite seoladh Google Helpouts: cabhair ó shaineolaí nuair atá sé uait, nó mar a mhíonn Google ‘*Real help from real people in real time*.
caithfimid focal eile a roghnú in amanna mar seo we must change this word at times like this
" Ortha na Seiceála, Seachas na Seirce ============= Crios iompair súisí atá san áis, a chuireann duine i ndiaidh dhuine os comhair an úsáideora – fir amháin, mná amháin nó fir agus mná, de réir do shocruithe gnéasachta – agus a thugann rogha don úsaideoir – caithfimid focal eile a roghnú in amanna mar seo! - an duine a fheiceann siad a mharcáil le croí nó le crois.
In amanna at times
" " In amanna, oibríonn an cheannródaíocht, amanna eile, ní oibríonn ach is éigean, agus tá an t-ádh orainn go bhfuil daoine cosúil le hÚna sásta dul sa fhiontar.
in am díriú isteach ar bhliain úr time to pay attention to the new year
" Ach tá féile lár an gheimhridh thart, agus tá sé in am díriú isteach ar bhliain úr agus ar gach a mbaineann le tús nua, mar atá dea-rúin na hathbhliana.
díreach in am just in time
" Tiontaíodh compal míleata, Beairic Ebrington os comhair Halla na Cathrach ar an taobh eile den abhainn, ina piazza ealaíne díreach in am do thosach na bliana; beart a raibh intinn nath an Bhíobla faoi chlaimhte a bhualadh amach ina soic chéachta agus sleánna a thiontú ina gcorráin taobh thiar de ach, sa chás seo, gur deiseanna ealaíne an toradh a bhí ar an bhualadh amach.
in am do réamhbhreathnú na meán in time for the media’s precursory viewing
" Dúirt an tAire Deenihan go rabhthas leis na taifid a aistriú roimh dheireadh na bliana seo caite agus nach bhfuil aon riachtanas a leithéid a dhéanamh in am do réamhbhreathnú na meán.
in achar gearr ama in a short space of time
" Tá éirithe thar cinn leis na heagraíochtaí sin torthaí suntasacha a bhaint amach in achar gearr ama.
in ann breis ama a chaitheamh able to spend more time
" **CMacS: Cén caitheamh aimsire atá agat agus cén chaoi a gcaitheann tú do shaoire?** AÓC: Leis an gceathrar clainne tógtha, tá mé in ann breis ama a chaitheamh ar rudaí a thaitníonn liom - an drámaíocht agus an ceol.
níor éirigh mé in am I didn’t get up in time
" Ach níor éirigh mé in am don bhagún maidin lá arna mháireach.
in amanna occasionally
" Tar éis an tsaoil, má chuaigh an rialtas seo amú in amanna, agus má bhí sé míchumasach go minic, ní féidir a rá faoi gur chuir sé an tír ar bhealach a scriosta.
thar a chéile in amanna overlap at times
" Cé nach bhfuil ‘stair i gcoitinne’ ag Éirinn agus Sasana, téann stair na dtíortha thar a chéile in amanna (dúirt sé).
tá sé thar am é féin a chur in iúl it’s about time it appeared
" An comhartha é sin ar chomh lag is atá pobal na Gaeltachta? Má tá aon phobal rathúil Ghaeilge ann, tá sé thar am é féin a chur in iúl agus clampar a thógáil faoin gceist.
cruinnithe boird in amanna board meetings at times
" Dá olcas caighdeán na díospóireachta ag na cruinnithe boird in amanna, ar a laghad bhíodh guth ag an phobal i roghnú na gcomhaltaí.
Ní súil seirce go súil na máthar in am breithe there’s no loving eye like a mother’s at the moment of birth
" Ní súil seirce go súil na máthar in am breithe.
in am a ghátair in his time of need
" Is léir go raibh rogha chrua ag gaolta Bromson nuair a thuig siad go raibh sé beartaithe aige lámh a chur ina bhás féin ar 27 Iúil: bás uaigneach don seanfhear nó iad féin a chur i mbaol le fortacht a thabhairt dó in am a ghátair.
in am ag an stát time for the state
" Tá sé in am ag an stát rialú níos fearr a dhéanamh ar thionscal na bhfeirmeacha gaoithe, dar le Breandán Delap.