Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ioncam fógraíochta advertising income
" Freisin, facthas do dhaoine go raibh na ciorruithe éagórach mar gur seirbhís phoiblí amach is amach é Raidió na Gaeltachta, agus nach bhfuil deis ag an stáisiún ioncam fógraíochta a shaothrú, mar atá ag Radio 1 agus 2FM.
íseal-ioncaim low-income
" Bíonn monabhar cairdiúil Spáinnise le cloisteáil san fhoirgneamh seo atá ina thearmann corcardhearg agus óir sa chomharsanacht íseal-ioncaim seo.
teacht isteach income
" Bhí a fear céile tinn i dtrátha an am sin agus deir sí go raibh uirthi tabhairt faoin obair seo chun a chinntiú go mbeadh teacht isteach sách mór ag an teaghlach.
theacht isteach ceart a proper income
" Fásann go leor comhlachtaí ollscoile ó ghrúpaí taighde agus ní bhíonn siad dírithe ar theacht isteach ceart, cé go raibh sé úsáideach áiseanna ríomhaireachta na hollscoile a úsáid i dtosach.
an teacht isteach atá acu a ardú to increase their income
" An gcuirfidh na hathruithe atá ag tarlú dá mbarr isteach ar zamano? "Tá na comhlachtaí móra sin ag iarraidh an teacht isteach atá acu a ardú.
theacht isteach income
" Tabharfaidh an t-eischeadúnas an cás beorach don mbuaiteoir atá in ann a chruthú nach Moslamach é agus go bhfuil níos lú ná deich faoin gcéad dá theacht isteach á chaitheamh aige ar alcól, má thuigim an scéal i gceart.
teacht isteach income
" Go tobann, áfach, ní raibh aon teacht isteach aige.
teacht isteach éadálach a lucrative income
" Saothraíonn smuigléirí teacht isteach éadálach ón striapachas.
teacht isteach income
" Ba mhór an trua é dá mbeadh orainn, cumann deonach le teacht isteach an-bheag sa bhliain, daoine a chur ó dhoras de bharr easpa áiseanna.
teacht isteach income
" Ba mhór an trua é dá mbeadh orainn, cumann deonach le teacht isteach an-bheag sa bhliain, daoine a chur ó dhoras de bharr easpa áiseanna.
teacht isteach income
"teacht isteach idir €300,000 agus €400,000 gach bliain ón choláiste sin.
dá dteacht isteach of their income
" Léirigh suirbhé a rinne 3com Ireland le déanaí gur beag gnó atá á dhéanamh go leictreonach in Éirinn - dúirt os cionn trí cheathrú de na comhlachtaí beaga go bhfuil níos lú ná 10 % dá dteacht isteach á ghiniúint ag tráchtáil leictreonach.
theacht isteach income
" D'aithin na Coimisinéirí Ioncaim i mBuiséad 1999 go raibh impleachtaí móra ag an idirlíon do theacht isteach cánach - impleachtaí a pléadh arís i gcomhthéacs Bhuiséad 2003.
dá theacht isteach of its income
" " De réir Tony Byrne ón chomhlacht próiseála éisc Norfish, atá lonnaithe i nDún na nGall, tagann 10% dá theacht isteach ón mhargadh Éigipteach agus dá dteipfeadh air sin chaillfí postanna.
teacht isteach income
" Bítear ag súil go mbeidh cúlra maith acu ag teacht isteach agus bíonn deis acu réimse leathan taithí a fháil laistigh den mbanc.
ioncam indiúscartha disposable income
" Tá méadú de sheacht déag faoin gcéad tagtha ar na praghsanna le cúpla mí anuas agus anois tá na bainc sásta morgáistí de chaoga faoin gcéad den ioncam indiúscartha míosúil a thabhairt dá gcuid custaiméirí ar feadh cúig bliana is tríocha.
teacht isteach income
" Ag an am céanna, táimid ag cur leis an teacht isteach ó úsáid an Árais agus imeachtaí an Chlub, agus táimid ag dul i bhfeidhm ar ghrúpaí ar nós Fhoras na Gaeilge agus FÁS chun a léiriú dóibh gur fiú tacaíocht a thabhairt dúinn.
dá n-ioncam seachtainiúil of their weekly income
" Má bhuaileann tinneas iad agus má bhíonn orthu cuairt a thabhairt ar dhochtúir agus oideas a fháil sa siopa poitigéara, tá an seans ann go mbeidh orthu idir 25% go 50% dá n-ioncam seachtainiúil a chaitheamh.
teacht isteach income
" Tá an-titim tagtha ar an teacht isteach sna ceantair thraidisiúnta turasóireachta mar Chill Áirne.
foinsí maoinithe sources of income
" Céard iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Tagann ár n-ioncam ó dhíol ár gcuid seirbhísí.
teacht isteach rialta steady income
"teacht isteach rialta agam féin agus is mian liom mo chuid páistí a chur chuig scoil Chaitliceach.
an chéad fhoinse airgid the initial source of income
" I Lucca, thóg an dream saibhir sna cathracha tithe faoin tuath, ach sa Bhreatain agus in Éirinn ghlac an t-uaslathas seilbh ar an talamh ar dtús de ghnáth, agus bhí an cíos a d’íoc lucht na tuaithe mar an chéad fhoinse airgid acu.
teacht isteach income
" Rinneadh anailís ar na postanna de réir sé shlat tomhais éagsúla: timpeallacht, teacht isteach, deiseanna sa todhchaí, éilimh fhisiciúla, daingneacht agus strus.
ioncam ollmhór a massive income
" Tuilleann CLG ioncam ollmhór ó na cluichí móra peile agus iomána gach bliain.
ár dteacht isteach our income
" Lasmuigh de sin, beifear ag plé féidearthachtaí maidir le feabhas a chur ar ár dteacht isteach, mar thoradh ar chomhoibriú le páirtnéirí atá lonnaithe i dtíortha agus réigiúin atá buailte linn, ionas gur féidir pleanáil do thodhchaí ina mbeidh níos mó deiseanna ann dúinn bheith ag oibriú lenár gcomharsana ná mar a bhí roimhe seo.
ag saothrú ioncam íseal earning a low income
" Is é an rud is scanrúla faoin bhorradh seo, áfach, ná go measann MABS go raibh breis is 60% de na daoine a chuaigh i dteagmháil leo dífhostaithe nó ag saothrú ioncam íseal.
foinsí maoinithe sources of income
" Mar bhainisteoir bím i gcónaí ag iarraidh laigí a aimsiú, agus caithfidh mé a rá gur rudaí cosúil leis sin den chuid is mó a tchím - ceantar ollmhór, áiseanna réasúnta teoranta don cheantar sin, easpa foinsí maoinithe.
teacht isteach income
" Bhí feirm bheag déiríochta ag mo thuismitheoirí nach raibh in ann teacht isteach ceart a sholáthar dúinn i ndáiríre agus sa deireadh bhogamar go Sydney.
foinsí maoinithe sources of income
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an gcomhlacht? An leor iad? Is leor go fóill.
foinsí maoinithe sources of income
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an gcomhlacht? An leor iad? Is leor go fóill.
ceantair íseal-ioncaim, uirbeacha low-income, urban areas
" Caithfidh tú dul isteach sna ceantair íseal-ioncaim, uirbeacha agus na ceantair iargúlta tuaithe leis an easnamh agus an fhaillí a fheiceáil i gceart.
an meánioncam bliantúil the annual average income
" Is féidir an t-uafás earraí ón Eoraip agus ó Mheiriceá a cheannach ann ach tá na praghsanna ard: 45,000 cedi (€4) ar bhosca Cornflakes agus 20,000 cedi (€2) ar bharra seacláide! (€250 an meánioncam bliantúil a bhí bunadh na tíre sa bhliain 2003.
foinsí maoinithe sources of income
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad?*** Faigheann muid ár mbunmhaoiniú ó Rannóg Gnóthaí Ógra na Roinne Oideachais agus Eolaíochta faoin Phlean Forbartha Náisiúnta, 2000 – 2006.
teacht isteach income
" I gceantair eile ar chósta an iarthair is mó i bhfad an teacht isteach a bhíonn ag feirmeoirí anois ó dhíol suíomh ná ó shaothrú na talún.
gineann sé seo ioncam breise this generates extra income
" Bíonn úinéirí na n-óstán sásta má íocann táillí na seomraí leapa pá na n-oibrithe; bíonn na cuairteoirí ag ithe agus ag ól sna hóstáin, agus gineann sé seo ioncam breise nach mbeadh ar fáil dá mbeadh na seomraí folamh.
ioncam fógraíochta advertising income
"ioncam fógraíochta de thart ar €4 nó €5 mhilliún sa mbliain againn.
grúpaí ardioncaim high income groups
" Baineann tromlach na ndaoine a imríonn spórt in Éirinn le grúpaí ardioncaim agus tá oideachas maith acu.
tionchar ioncaim agus oideachais ar an rannpháirtíocht, the influence of income and education on participation,
" Cé gur fíor go mbíonn níos mó fear ná ban páirteach i gcúrsaí spóirt agus go laghdaíonn imirt le haois, is láidre ná an dá thosc sin (gnéas agus aois) tionchar ioncaim agus oideachais ar an rannpháirtíocht, a deirtear sa tuarascáil.
teacht isteach income
" De bharr an tiomántán crua atá ar ghléasanna dvd anois agus de bharr seirbhísí ar nós SkyPlus, níl aon ghá go mbreathnódh aon duine ar chláir ag am a gcraolta a thuilleadh agus beidh impleachtaí móra aige seo don teacht isteach a fhaigheann na stáisiúin teilifíse ó fhógraíocht feasta.
ioncam indiúscartha disposable income
" Tá lear den ioncam indiúscartha seo acu, agus níl mórán acu lena chaitheamh air, ach amháin ar *goodies* dóibh féin.
gan dóthain teacht isteach, without enough income
" Maireann meáin chumarsáide chlóite na Gaeilge san fháinne fí sin go síoraí: gan dóthain léitheoirí, ní leor a dteacht isteach; gan dóthain teacht isteach, ní féidir feabhas a chur ar an gcaighdeán.
dá ghrúpa ioncam ceart a shaothrú ó na ceolchoirmeacha a dhéanann siad. the two groups trying to earn a proper income from the concerts that they do
" Deir sé go bhfuil cúrsaí i bhfad níos eagraithe na laethanta seo agus go bhfuil ag éirí leis an dá ghrúpa ioncam ceart a shaothrú ó na ceolchoirmeacha a dhéanann siad.
ioncam tábhachtach important income
" Faigheann an NWC ioncam tábhachtach as a bheith ag díol síolta agus bleibeanna, chomh maith le táillí iontrála a ghearradh.
ioncam income
" Is é Ciste Fiadhúlra an Domhain (CFD) an t-eagras caomhnaithe dúlra is mó ar domhan agus tá ioncam de $200 milliún in aghaidh na bliana aige.
ioncam náisiúnta national income
" *Ciarán Mac Aonghusa: Scríobh Alan Ahearne, ar ball é den mheitheal smaointe Bruegel atá lonnaithe sa Bhruiséil, go mbeidh an titim atá le theacht ar ioncam náisiúnta na hÉireann ar an titim is mó atá tagtha ar ioncam náisiúnta in aon tír shárfhorbartha ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann.
beag beann ar ioncaim regardless of income
" Bhí na cártaí leighis úra seo beag beann ar ioncaim.
ioncaim income
" * An tobhach ioncaim dúbailte – 2% os cionn €15,000; 4% ag €75,000; 6% ag €167,000.
cáin ioncaim income tax
" Déanfaidh mé cáin ioncaim 98% a fhógairt dóibh siúd nach dtiocfaidh isteach faoin bhratach ghlas, agus ní bheidh stró ar bith orm an dlí sin a chur fríd an Dáil.
teacht isteach income, earning(s)
" Is fada iad ag clamhsán gur beag sochar airgid a bhaineann siadsan as an siúl sléibhe agus nach bhfuil uathu ach a sciar féin den teacht isteach.
n-ioncam fógraíochta advert income
" Trí sprioc a bheas ag an Independent leis an chomhpháirtíocht seo: cur le líon a gcuid léitheoirí, cur lena n-ioncam fógraíochta agus glúin úr léitheoirí a mhealladh tríd an leas a bhainfear as Foinse i scoileanna na tíre.
ioncam reatha current income
" 6 billiún d’ioncam reatha ag a chomhlacht Apple.
teacht isteach income
" Is dócha go bhfuil an teacht isteach céanna ón gceol b’fhéidir agus atá as na leabhair, ach go bhfuil i bhfad níos mó oibre i gceist leis na leabhair a chur amach ná leis an gceol.
tuarastal income
" Carthanas Mháthair na bPiarsach =============== Tar éis bás Michael Mallin, bhí an teaghlach fágtha gan aon tuarastal.
ollioncam overall income
" (Is siocair amháin é seo leis an fhás ar CBT mar chéadatán den ollioncam sa chuid is mó de thíortha an ECFE le fiche bliain anuas).
fhíorioncaim real income
" Ba ar éigean a tháinig aon mhéadú ar fhíorioncaim an ghnáthdhuine sna Stáit Aontaithe ó 1970 go dtí an cúlú mór.
an teacht isteach ó dhíol maoine income from selling assets
" 5m de bhuiséad caipitil mar aon leis an teacht isteach ó dhíol maoine).
gan aon teacht isteach with no income
" Is tionscal réasúnta tábhachtach é tionscal na gcamán agus tá thart ar 150 déantóir camán in Éirinn faoi láthair, ach má scaipeann an galar seo beidh a bhformhór sin gan obair, gan aon teacht isteach.
ioncam fógraíochta advertising income
" Ní léir go raibh aon pholasaí cinnte ná straitéis riamh ag an stáisiún maidir leis an nGaeilge ach a chinntiú nach gcaillfeadh an stáisiún an iomarca lucht féachana agus ioncam fógraíochta de bharr am craolta a thabhairt don ‘teanga náisiúnta’.
tíocht isteach ón gcíos income from the rent
" B’fhearr leis an *‘landlady’* nach mbeadh an lóistéir sa teach ach caithfear cur suas leis mar go dteastaíonn an tíocht isteach ón gcíos.
ioncam tráchtála commercial income
" Buaileann an lag trá fógraíochta ioncam tráchtála RTÉ agus buaileann RTÉ an méad a chaitear ar ghníomhaíochtaí nach bhfuil déanta ar bhonn tráchtála.
d’ioncam reatha of current income
" 5% d’ioncam reatha Spotify ag teacht ó na síntiúsóirí.
thráigh tobar luachmhar ioncaim a great source of income dried up
" Cionn is gur ghearr an Feidhmeannas ó thuaidh siar ar líon na bhfógraí stáit a bheadh sna nuachtáin, thráigh tobar luachmhar ioncaim, mar sin níl na hacmhainni airgid ag na nuachtáin infheistíocht a dhéanamh san iriseoireacht iniúchach, gné atá an-chostach ó thaobh airgid agus ama de.
an t-ísliú ioncaim the lessening of income
" Rinneadh go leor gearán faoin ghearradh ar an liúntas gutháin do phinsinéirí, ach tríd is tríd ó thús na géarchéime, is beag an t-ísliú ioncaim a fuair siad le hais an teaghlach óg a bhfuil cúram leanaí orthu agus, anuas ar chiorraithe an rialtais, a chaill post nó ar gearradh siar ar a dtuarastal.
nach bhfuil ioncaim a ndóthain acu who haven’t enough income
" Le blianta beaga anuas, tá cúrsaí imithe chun donais do theaghlaigh nach bhfuil ioncaim a ndóthain acu chun íoc as a bhfiacha pearsanta agus mar thoradh, tá 54% dá gcliaint céasta ag tearc-rochtain fuinnimh.
nach bhfuil de theacht isteach ag the only income (Alina) has
" Tugtar leideanna nach bhfuil de theacht isteach ag Alina ach pé airgead a ghnóthaíonn sí sa réimse manglamach sin a bhfuil an striapachas agus an phornagrafaíocht le sonrú air.
teacht isteach rialta regular income
" Más mian leat saol breá sócúlach a bheith agat agus post le seasmhacht agus teacht isteach rialta, ná bí i d'ealaíontóir - sa tír seo go háirithe.
an cháin ioncam income tax
" Tá drogall ar an Aire Airgeadais Charlie McCreevy an cháin ioncam a ardú sa cháinaisnéis, ach tá seifteanna eile aige chun airgead a aimsiú, seifteanna, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, a chuirfidh brú mór ar chomhairlí contae ar fud na tíre.