Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
spiaire informer
" An t-ollruathar ar oifigí Shinn Féin i Stormont, nach dtángthas ar a dhath dá bharr; tógáil agus ceistiú státseirbhísigh mar dhallamullóg ("smokescreen" an focal a d'úsáid foinse shinsearach de chuid an PSNI féin!) le spiaire, nó *mole*, taobh istigh den IRA féin a chosaint; líomhaintí fá nascanna idir an IRA agus grúpaí sceimhlitheoireachta thar lear - tá daoine taobh amuigh den chlann phoblachtánach ag ceistiú bhunús na n-imeachtaí agus na líomhaintí seo.
brathadóirí informers
" Gardaí i mbréagriocht gnáthreachta (má thuigeann sibh mé) a bheas sna brathadóirí seo.
an dtig brath ar bhrathadóir can you depend on an informer
" Ceist mhór: an dtig brath ar bhrathadóir? Ní mhairfidh siad i bhfad gan aithint i dtábhairní na hÉireann gan crúsca ina nglaic acu agus gan iad bheith ag bladar go húdarasách fríd a gcuid tóineacha ar cheisteanna móra ár linne.
brathadóirí informers
" Bhí na meáin lán cainte le déanaí mar gheall ar spiairí agus brathadóirí - ach an gcreidfeá go bhfuil spiaire pearsanta ag leanúint 80% de dhaonra na hÉireann? Gach cúpla nóiméad bíonn na gutháin shoghluaiste atá ag os cionn dhá thrian de mhuintir na tíre ag craoladh eolais ar an áit ina bhfuil siad.
bhrathadóirí informers
" I lár na n-ochtóidí bhronn comhlacht saoire saor in aisce go dtí an Spáinn orthu, ach nuair a shroich siad an áit deir siad gur thairg beirt ó MI6 £10,000 dóibh ar an gcoinníoll go n-oibreoidís mar bhrathadóirí.
brathadóirí informers
" Ach tá an tuairim ann freisin go raibh Saor Éire á úsáid ag airí áirithe le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin, go raibh brathadóirí acu san eagraíocht agus gur b'in an fáth nár ciontaíodh riamh duine ar bith as dúnmharú an Gharda Fallon.
bhrathadóir informer
" Le linn na dTrioblóidí d'fheidhmigh an tUasal Fulton, arb as an Iúr dó, mar bhrathadóir do na seirbhísí slándála.
brathadóir informer
" Deir an tráchtaire Newton Emerson go bhfuil tuarascáil á foilsiú ag Ombudsman na bPóilíní i mbliana a mhaíonn go bhfuil ball den Mount Vernon UVF ciontach as corradh le 13 dúnmharú ach go bhfuil sé á chosaint ag Brainse Speisialta an PSNI mar gur brathadóir é.
brathadóir informer
" Fosta admhóidh sé gurb é féin an brathadóir cáiliúil contúirteach *Soupspoon*, a bhí ag sceitheadh scéalta faoi láithreacha scannánaíochta na hÉireann do Arnold Swartzenknickers, fear an dá hata: hata panama an Ghobharnóra agus hata *baseball *an léiritheora scannán.
brathadóir poblachtánach republican informer
" ”* An tAire Dlí agus Cirt Michael McDowell, 4 Aibreán 2006 Le linn na dTrioblóidí, aon uair a dúnmharaíodh brathadóir poblachtánach díríodh an mhéar i dtreo an IRA láithreach.
fhaisnéis sceite an bhrathadóra the leaked intelligence of the informer
" Seo ceist: An raibh O’Toole ag seasamh le líne eagarthóireachta an Raghallaigh, rud a mbítear ag súil leis, fiú muna dtacaíonn na fíricí leis an líne eagarthóireachta chéanna? Ar chreid O’Toole gur iarchomrádaithe neamhúdaraithe a bhásaigh Donaldson - ar son onóra agus ar son chuimhne na n-óglach a thit de bharr fhaisnéis sceite an bhrathadóra? Deir “srón” an tseaniriseora ormsa gur mar sin a bhí an scéal le Michael O’Toole.
sceitheoir informer
" inar mhaígh sé go raibh MI5 ag iarraidh é a earcú mar sceitheoir.
sceithire informer
" De réir an sceithire FBI, bhí Richard Perle agus Douglas Feith ag cur liosta de na daoine a bhí ag obair sa Pheinteagán ar fáil do Marc Grossman, an tríú duine is airde i Roinn an Stáit.
aitheantas an sceithire the name of the informer
" Is córas é WikiLeaks a thugann deis do dhuine eolas a sceitheadh ar an idirlíon gan aon bhaol ann go bhfaighfí amach aitheantas an sceithire.