Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le cur in iúl do dhaoine to inform people
" Fiú tá comharthaí anois ag Údarás na Gaeltachta le cur in iúl do dhaoine go bhfuil siad sa Ghaeltacht.
cuireadh in iúl dó he was informed
" An bhliain chéanna, nuair a iarradh ar chór a raibh de Róiste ina bhall de ceolchoirm Nollag a thabhairt i mbeairic Bhaile an Chollaigh i gCorcaigh, cuireadh in iúl dó nach mbeadh fáilte roimhe féin.
chun an saol mór a chur ar an eolas to inform the wider population
" Ní bhíonn cead isteach ag iriseoirí chuig cruinnithe den choiste rúnda seo, agus ní eagraítear preasócáidí ina ndiaidh chun an saol mór a chur ar an eolas faoin méid a thit amach iontu.
ag cur in iúl dúinn informing us
" Is rí-chiniciúil an chaoi a gcaitheann an Rialtas le daoine dífhostaithe, ag cur in iúl dúinn gur leisceoirí iad uilig go léir ar chóir pionós de shaghas eicínt a ghearradh orthu.
gur cuireadh in iúl dó that he was informed
" ” *Anuas air sin dúirt sé gur cuireadh in iúl dó nach bhfuil an finné nua ag seasamh leis an ráiteas a thug sé d’aturnae mhuintir Fullerton agus go bhfuil ráiteas nua tugtha aige don Gharda Síochána ó shin.
chuir sé in iúl dúinn he informed us
" Cé go raibh sé i láthair ag an ócáid, chuir sé in iúl dúinn nach raibh an rialtas sásta pingin rua a thabhairt dúinn! Seo ag am nuair a bhí siad ag caitheamh €8 milliún ar an aeróg ghránna sin ar Shráid Uí Chonaill.
muid in iúl dóibh we informed them
" "Seachtain roimh an dunmharú, d'eagraigh an MRHPU cruinniú leis na póiliní agus leis an chomhairle áitiúil agus chuir muid in iúl dóibh chomh holc is a bhí rudaí sa cheantar.
nuair a chuir sé in iúl don mholtóir when he informed the referee
" Trí lá roimh an phionós ó UEFA, fuair Fowler moladh ó cheannaire FIFA, Sepp Blatter, as cothrom na Féinne a léiriú i gcluiche in aghaidh Arsenal nuair a chuir sé in iúl don mholtóir, Gerald Ashby, nach ndearna cúl báire Arsenal, David Seaman, feall air, rud a shíl an Ashby.
a fheasaí is a eolaí a bhíonn Polannaigh maidir le stair na Polainne how well-informed and knowledgeable Poleas are as regards Polish history
" Ach dá mhéad an tsuim a chuireann Éireannaigh i stair na hÉireann, is geall le suim soip í nuair a thuigtear a fheasaí is a eolaí a bhíonn Polannaigh maidir le stair na Polainne.
níor cuireadh in iúl di roimh ré she wasn't informed in advance
" Níor cuireadh an t-alt seo i gcló isníor cuireadh in iúl di roimh ré nach gcuirfí.
é sin a chur in iúl di to inform her of that
" Ba mhó an tuiscint a fuair sé ar chúrsaí bólachta ná ar chúrsaí polaitíochta le linn chuairt an Aire ar an mhí seo a chuaigh thart, áfach, agus ní raibh drogall ar bith air é sin a chur in iúl di an lá cheana, agus an bheirt acu arís ina suí cois na tine i bpluais Bhaloir.
le cur in iúl dóibh to inform them
" Chuir mé scairt ar mo chairde ar mo ghuthán póca le cur in iúl dóibh go raibh gach rud ceart go leor, focail dheireanacha cháiliúla, mar a deir an Béarla, mar cúpla bomaite ina dhiaidh sin thit mé i muc shneachta.
Cuireadh in iúl dó he was informed
" Agus an chúis a bhí lena chinneadh? Cuireadh in iúl dó nach mbeadh cead aige a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas.
cnuasach eolach aistí informed collection of essays
" Ar an ábhar sin amháin a chuirfinn fáilte roimh *Fáithe an Fichiú hAois* (Foilseacháin Ábhair Spioradálta) le Séamus Ware, cnuasach eolach aistí ar shaol dáréag a bhí eisceachtúil.
a chosmhuintir a chur ar an eolas to inform the grassroots
" Go deimhin, deis iontach atá ann do lucht maorlathais na hEorpa a chosmhuintir a chur ar an eolas faoi fheidhmiú an Aontais agus faoi na luachanna agus aidhmeanna atá aige.
le cur in iúl dom to inform me
" **Bás Sheáin**Bhí mé ag déanamh staidéir ar an dráma *Lá Fhéile Mhichíl* sa bhaile nuair a fuair mé scairt ó Mháirtín ar an 6 Márta 1988 le cur in iúl dom go raibh Seán agus a chomrádaithe marbh i nGiobráltar.
cinneadh oilte informed decision
" Cé gur cabhair éigin é leabhrán an Choimisiúin Reifrinn, ní féidir a rá go bhfuil sé soiléir go leor le sinn “a chur ar an eolas chun cinneadh oilte a dhéanamh”, mar a mhaíonn an Coimisiún féin ar chlúdach tosaigh an leabhráin.
tabhairt le fios informing
" B’ait go rabhas ag breathnú ar theachtaireacht dea-mhéine Ken Loach agus Eric Cantona ar an scáileán i Sydney ag tabhairt le fios nach mbeidís i láthair toisc gur seoladh domhanda tríchosach a gheobhadh an scannán seo i Manchain, Londain agus i mBleá Cliath sa tseachtain chéanna.
Inseoidh tell, inform
" Inseoidh tú do cheann scríbe do stiúrthóir na mbus, agus aimseoidh seisean mionbhus duit a ghabhfas an bealach céanna leat.
sceite informing
" Leis na doiciméid sceite is déanaí, mar shampla, tá Wikileaks ag obair as lámh le nuachtáin idirnáisiúnta, The New York Times sna Stáit Aontaithe agus The Guardian sa Bhreatain Mhór san áireamh.
níos eolaí more informed
" Is beag duine atá níos eolaí ar stair an chaidrimh SAM-Iosrael ná é.
Cuireann siad ar an eolas sinn they inform us
" Cuireann siad ar an eolas sinn faoi aon chead pleanála ins an chathair agus rachaimid i dteangmháil leis an té atá ag iarraidh cead pleanála agus díolaimid an teanga leis an duine sin.
ag sceitheadh informing
" Dúradh go mbeadh imreoirí áirithe ag sceitheadh faoin méid a tharla as champa traenála sin.
is ar éigean gur cuireadh daoine muinteartha relations were hardly informed
" Ní hamháin sin, ach go mion minic is ar éigean gur cuireadh daoine muinteartha leis na íospairtigh ar an eolas faoi na maruithe go dtí gur chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh! Bhí 160 oifigeach ag obair ar an gcás, ag déanamh fiosrúchán ar 11,000 duine.
tugtar le fios dúinn we are informed
" Ó shonraí an daonáireamh a rinneadh i 2011 tugtar le fios dúinn go bhfuil 23,000 duine a labhrann Gaeilge achan lá.
thug sé le fios he informed
" Agus tuairisc an chromáin ríoga curtha ag Scott, thug sé le fios go ndeachaigh sé féin ar mhuin eilifinte cúpla geábh, ach nár scaoil sé urchar fúithi riamh.
cuireadh an iúl dom I was informed
" Foireann na Gailíse, ba ar éigean a d'fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh idir í agus cumann na bhFillos, ach gur cuireadh an iúl dom i ndiaidh an chluiche gur dheineas dearmad beag ina thaobh seo.
cuireadh in iúl do na baill the members were informed
" Ag cruinniú deiridh an Choiste Athbhreithnithe ar 15/6/2011, aontaíodh an cháipéis agus cuireadh in iúl do na baill go gcuirfí faoi bhráid an Rialtais í agus go bhfoilseofaí í an samhradh sin.
scéith a mháthair his mother informed
" Deir daoine eile gur scéith a mháthair, Margaret, eolas chuig na húdaráis faoin láthair i Loch Measca inar caitheadh coirp beirt bhall foirne le tiarna talún a chuaigh ar iarraidh go gairid roimhe sin.
ag coinneáil daoine ar an eolas faoi keep people informed about
" Caithfidh tú a bheith ag coinneáil daoine ar an eolas faoi do thogra.
le cur in iúl to inform people
" D’eisigh an Bord ráiteas ag an am le cur in iúl go mbeadh moladh faoina bhráid ag an chéad chruinniú eile an mhí seo chugainn le breathnú ar ainmneacha malairte Maoraise.
ag cur in iúl dóibh informing them
" Tá idir 150 agus 200 duine mar seo, iad uilig le litir acu ón Oifig Roinn an Tuaiscirt, ag cur in iúl dóibh nach bhfuil na póilíní ar a lorg.
na póilíní a chur ar an eolas faoi of informing the police about
" Is cosúil freisin, ámh, gur ghnách dó na póilíní a chur ar an eolas faoi dhaoine amhrasacha, seachas a bheith ag déanamh iomlán na póilíneachta é féin.
chuirfí na húdaráis ar an eolas the authorities would be informed
" Faoin gcóras isteach / amach chlárófaí go leictreonach sonraí na náisiúnach tríú tíortha a thagann isteach san AE ar bhonn gearrthéarmach agus chuirfí na húdaráis ar an eolas dá bhfanfaí san Aontas níos faide ná mar ba cheart.
thug le fios go raibh dlúthbhaint informed of the strong connection
" An lá sin, d'fhoilsigh nuachtán eile as Nua-Gheirsí scéal a thug le fios go raibh dlúthbhaint ag an nGobharnóir Christie le dúnadh na lánaí tráchta ar Dhroichead George Washington trí mhí roimhe sin le linn feachtas atofa an uachtaráin.
nochtadh scéal Gaeltachta being informed of G. matters (like that)
" Léiríonn nochtadh scéal Gaeltachta mar sin ag na Gradaim Chumarsáide a lárnaí is atá tionscal na físe i saol na Gaeilge.
san alt seo don mbailitheoir eolach in this article for the well-informed collector
" Tá moltaí DVD agus Blu-ray áirithe ag Pat Butler san alt seo don mbailitheoir eolach ar tháirseach na Nua-Bhliana.