Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an fhorbairt mar a beartaítear í the development as it is intended
" Níl an Bord sásta, ag cur san áireamh an tionchar suntasach dochrach a bheadh ag an bhforbairt seo ar an timpeallacht, gurb í an fhorbairt mar a beartaítear í an réiteach is fearr le riachtanais leictreachais an limistéir a shásamh… Bheadh tionchar suntasach dochrach ag an bhforbairt atá beartaithe ar thaitneamhacht agus ar éiceolaíocht an limistéir agus ar fhiúntas an limistéir seo i gcomhair turasóireachta.
go bhfuil sé beartaithe aici that she intends
" Tá sí in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste faoi láthair agus tá sí ag baint oiread taitnimh as a tréimhse ansin go bhfuil sé beartaithe aici cúpla seachtain bhreise a chaitheamh sa choláiste.
ní rún domh I don't intend
" "Ólfaidh muid fíon mar sin," arsa an t-athair, "nó níor dhíol mé ar shon deoir uisce ariamh agus ní rún domh a dhéanamh anois.
Tá Gearóidín ag brath Gearóidín intends
" " Tá Gearóidín ag brath leanúint ar aghaidh leis an obair atá ar bun aici sna blianta atá amach romhainn.
Tá sé de rún aige he intends
" Tá sé de rún aige táille bhreise a ghearradh ar dhaoine a dhéanann a leithéid as seo amach.
Bhí sé ar intinn againn amharc ar na héin we had intended looking at the birds
" "Bhí sé ar intinn againn amharc ar na héin, ach rinne muid dearmad ar ár gcianghloiní.
bhí rún acu they intended
" I ngan fhios do na mná chuir siad bád in áirithe an oíche roimhe sin agus bhí rún acu lá a chaitheamh ar muir.
bhí rún acu they intended
" Rinne an bheirt ar an tuath nó bhí rún acu tamall a chaitheamh amuigh faoin aer lá breá mar seo.
ag brath intending
" Ní raibh Killoran i bhfad i seomra nuachta TG4, áfach, go dtí gur thosaigh sí ag brath míshocair arís.
ag brath freisin ar intending also
" Bhí an rialtas ag brath freisin ar an gcás a chur os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta san Háig.
beartaithe intended
" Chaith mé dhá lá i mbaile Bruges i mí Lúnasa ag baint taitnimh as an atmaisféar agus as na foirgnimh mheánaoiseacha, ag triail na mbeoracha áitiúla agus ag ithe go leor seacláide! Bhí sé beartaithe agam le fada iarracht a dhéanamh láithreacha catha an Chéad Chogadh Domhanda a fheiscint, toisc grinnstaidéar a bheith déanta agam ar an ábhar seo nuair a bhí mé i mo mhac léinn staire.
ag brath intending
" Nuair a luaigh sí lena hathair go raibh sí ag brath staidéar a dhéanamh ar an tSean-Ghaeilge, bhí sé thar a bheith sásta de bhrí gur chaith sé féin bliain ag plé leis an ábhar sin sula ndeachaigh sé leis an fhisic.
go bhfuil siad le droim láimhe a thabhairt le spriocanna Phrótacal Kyoto that they intend ignoring the Kyoto Protocol targets
" Mar shampla, is airteagal de chuid an Pháirtí Coimeádaigh é go bhfuil siad le droim láimhe a thabhairt le spriocanna Phrótacal Kyoto agus teacht ar réiteach Ceanadach.
Tá fúm I intend
" Tá fúm an Ghaeilge a thairiscint dóibh nuair a bheas siad níos sine.
tá sé beartaithe aici she intends
" Ní raibh deis ag Nikki an t-albam seo a sheoladh in Éirinn go fóill ach tá sé beartaithe aici é sin a dhéanamh nuair a bheidh sí i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair.
an bhfuil sé chun a scíth a ligean if he intends having a rest
" ” Fiafraím de Risteard ag deireadh an agallaimh an bhfuil pleananna móra aige ó thaobh oibre de sa todhchaí nó an bhfuil sé chun a scíth a ligean agus sult a bhaint as an saol.
ag brath intending
" Má bhí tú ag brath ar dhul go Fidsí, b’fhearr duit an turas a chur siar.
atá Gillett agus Hicks ag brath a thógáil anseo that Gillett and Hicks intend building here
" Sórt *theme park* a bhí ann ina raibh cluiche corr ar siúl sa chúlra, agus tá súil agam nach mbeidh an staid nua atá Gillett agus Hicks ag brath a thógáil anseo mar a gcéanna.
bhí rún aige it intended
" D’éirigh leis an Chomhairle Inmheánach an ruaig a chur ar cheannaireacht an UDA i dtuaisceart Bhéal Feirste agus bhí rún aige an rud céanna a dhéanamh in Oir-Dheisceart Aontroma.
a raibh sé ar intinn acu who intended to
" Ach bhain sé sárúsáid as bearta scanraithe le heagla a chur ar vótálaithe comhlúthacha a raibh sé ar intinn acu tacaíocht a thabhairt don ALP.
go bhfuil sé ar intinn that they intend
" Níl mórán déanta ag baill an Chomhrialtais ó aimsir an olltoghcháin le cruthú do thoghthóirí go bhfuil sé ar intinn acu na gealltanais ar fad a chomhlíonadh a rinne siad agus iad i mbun feachtais.
Ní raibh sé ar intinn agam I hadn't intended
" Ní raibh sé ar intinn agam go mbeadh a fhios ag an domhan mór faoin scéal.
tá rún againn we intend
" Ónár dtaobhna de, tá rún againn an cosc atá curtha ar fhógraíocht trí Ghaeilge a bhriseadh.
tá rún ag Foras na Gaeilge Foras na Gaeilge intend
" Ó mhí Aibreáin seo chugainn, áfach, tá rún ag Foras na Gaeilge gan maoiniú a bhronnadh feasta ach ar nuachtán seachtainiúil Gaeilge amháin agus tá siad ag iarraidh go mbeidh seirbhís leictreonach ag baint leis.
ar intinn ag intended
" Ach maidir le haidhmeanna Iosrael i leith Gaza, ainneoin na seafóide a scríobh colúnaí leis an *New York Times*, Thomas Friedman, ag an am a mhaíomh go raibh deis ag muintir Ghaza anois ‘Dubai ar an Meánmhuir’ a thógáil, ní raibh sé ar intinn ag na hIosraeligh deis dá laghad a thabhairt do na Palaistínigh an limistéar a fhorbairt ar chor ar bith.
Tá rún aige he intends
" Tá rún aige Londain a bhaint amach, ach ní thuigeann sé gur bóthar caoch é Calais dá leithéid.
Níl sé i gceist agam I don't intend
"Níl sé i gceist agam aon duine a mhaslú”, arsa Babs, “ach dá mbeadh Henry Shefflin (a scóráil aon chúilín déag sa chluiche) agus araile ag imirt ar a seacht ndícheall, ní bheadh Átha Cliath chomh gar dóibh ar chlár na scór.
i gceist acu they intend
" Daoine ag caint faoi na pleananna atá acu i gcomhair na laethanta saoire, cén áit a bhfuil sé i gceist acu dul agus cén t-achar a mbeidh siad ar shiúl.
rún intend
" Ach an bhfuil rún aici jab lánaimseartha a dhéanamh de? “B’fhéidir é.
ar intinn intend(ed)
" Bhí sé ar intinn agam roinnt rothaíochta a dhéanamh agus mé thiar.
ar intinn intended
" Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí nach raibh sé ar intinn cheannairí na Seapáine ionradh a dhéanamh ar an Astráil, ach gan amhras bhí an-imní ar mhuintir na hAstráile roimhe ag an am.
ar intinn intended
" ”* Níos déanaí an oíche sin, thug Sharon le fios go raibh sé ar intinn ag Tel Aviv feidhm a bhaint as an gcomhbhá sin, nuair a labhair sé ar theilifís Iosraelach.
Bhí fúm I intended
" Bhí fúm teacht amach arís go luath ina dhiaidh sin, ach bhí mo shaol féin ar tí casadh i dtreo eile ar fad.
Tá rún agam I intend to
"Tá rún agam éirí as an phost seo le Beo Ar Éigean!” a dúirt Balor an Bligeard os ard le haer cumhra na pluaise, “agus sin céad rún na bliana úire seo!” Ansin scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil, agus chinn sé ar chúpla rud a scríobh faoi na rúin a bhíonn aige féin agus ag daoine eile.
Bhí rún agam I intended
"Bhí rún agam an páirtí a fhágáil go ciúin nuair a tháinig an ghéarchéim (marú Moffett).
go raibh rún ag intended
" Cá bhfuil an Chríostaíocht le fáil ansin? D’fhiafraigh mé de Ervine, cad é go díreach an nasc PUP agus an UVF?  “Tuairiscíodh sna nuachtáin go raibh rún ag an PUP an nasc idir iad féin agus an UVF a choinneáil, ach caithfidh tú fios a bheith agat cén cineál naisc atá i gceist,” ar sé.
rún ag intends
" Anuas ar sin, thiocfadh leo nascanna láidre a chruthú le cuid de na Neamhspleácha ainneoin go bhfuil rún ag Mick Wallace “buíon theicniúil” a bhunú le cead cainte a fháil sa Dáil.
go raibh fúm that I intended
" D'inis mé dó go raibh fúm dreapadh suas Raeburns Gully ar Chreag Meagaidh (1130 méadar) Dé Domhnaigh, ach chuir sé scairt orm oíche Dé Sathairn le cur in iúl dom go bhfaca siad maidhm shneachta ansin i rith an lae agus bheadh sé róchontúirteach.
bhí rún aige he intended
" Chaith Reid blianta fada ag stocaireacht leis an taispeántas seo a chur i dtreoir agus bhí rún aige ón gcéad lá riamh go n-inseofaí scéal iomlán na nÉireannach ann.
bhí sé ar intinn againn we intended
" “Nuair a bhunaigh mé TnaG, nó TG4 mar atá anois air, bhí sé ar intinn againn i bhfad níos mó a dhéanamh de réir mar a bhí an teicneolaíocht ag forbairt agus an ré dhigiteach ag teacht isteach, ach fiú len é a chur ar an aer sa chéad dul síos, bhí sé uafásach.
tá sé ar intinn againn we intend
" Fuaireamar comhairle ón tréidlia faoi agus tá sé ar intinn againn é a sheoladh ar ais chun na farraige anois.
rún aige he intended
" Bhí na daoine ó dheas míshásta leis na daoine dalba ó thuaidh a bhí in éad leis an tsaoirse a bhí fá scread asail daofu ach é i dtólamh doshroichte - go dtí lá amháin, bhris an ceannaire ba mhó amach as an stáitin ó thuaidh agus fuair tacaíocht mhór ó Laighinibh agus rún aige an smúitín draíochta a ghoid.
níl sé ar intinn agam I don’t intend to
" Bhí sé chomh fiúntach sin gur lean mé ar aghaidh ag obair ann ó dheireadh na tréimhse sin go dtí anois agus níl sé ar intinn agam imeacht go luath.
fonn seilge air intending to hunt
" Cad a thug go dtí an Afraic é, agus fonn seilge air, nuair atá duine as ceathrar dá lucht géillsine gan obair ar bith? Baineann costas mór le turas mar é, is ní nós le ríthe tarraingt as a n-acmhainní féin.
Bhí sé ar intinn ag intended
" An Tús Óg an Tús Maith ========== Bhí sé ar intinn ag Fuller a ghnó féin a thosú chomh luath agus a bheadh deis aige agus bhí a chomhlacht tógála féin aige sula raibh sé fiche bliain d’aois.
de rún ag mná óga áille áirithe certain young beautiful women intend
" “Tá cluinte agam go bhfuil sé de rún ag mná óga áille áirithe cóipeanna de na hirisí seo a thabhairt isteach agus iad faoi cheilt ina gcuid éadaigh, le dáileadh ar bhunadh an oileáin; ach beidh mise ag fanacht leo ar an ché le hiad a friskeáil.
agus é i gceist acu críochnú ansin intending to finish it there
" Bhí na reathaithe ar an mbealach isteach go Cathair na Gaillimhe, agus é i gceist acu críochnú ansin, tar éis dóibh an tír a thrasnú.
agus é d'aidhm aici intending
" Mar shampla, le hairgead a bhailiú do Clocks, bhain Julie úsáid as an suíomh sluamhaoinithe, Fundit agus é d'aidhm aici €20,000 a thógáil.
de rún ag intend
" " Tá sé de rún ag lucht na ngunnaí cur ina luí ar dhaoine go bhfuil cónaí orthu i gCrios Cogaidh agus go gcaithfidh siad a bheith réitithe dó.
a bhfuil sé mar rún aige fanacht who intend to stay
" I gcomhthéacs na staitisticí seo is inimirceach duine a bhfuil sé mar rún aige fanacht sa Bhreatain ar feadh bliana ar a laghad.
Bhí rún againn we intended
"Bhí rún againn staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge, ar an Ghàidhlig agus ar an Albanais Uladh, ach shíl muid gur barraíocht a bheadh ansin agus chinn muid ar an Ghaeilge amháin mar ba mhó an tsuim a bhí ag an dá ghrúpa sa Ghaeilge.
Bhí sé ar intinn agam I had intended
" Bhí sé ar intinn agam alt a scríobh an mhí seo ag plé fógairt Google Glass agus Fóin Facebook, ag déanamh scéal mór de gur seoladh péire táirge ó Google, mar atá ann i ndáiríre.
más mian leo na Trioblóidí a thuiscint i gceart if the intend to properly understand the Troubles
" Beidh staraithe agus mic léinn ag brath ar an leabhar údarásach seo go ceann i bhfad más mian leo na Trioblóidí a thuiscint i gceart.
bhí rún agam scríobh faoin I intended to write about
" An mhí seo, bhí rún agam scríobh faoin Groundhog Day ó thuaidh.
Tá sé de rún againn we intend
"Tá sé de rún againn ollionad pobail a thógáil le sainchuspóir chun riar ar an chreatlach oibre atá luaite agam cheana.
raibh sé ar intinn aici she intended to
" Dúirt sí go raibh sé ar intinn aici trí rud ar leith a dhéanamh le linn a cuairte: gan pionta Guinness a ól; gan mórán ama a chaitheamh le polaiteoirí; agus lón a chaitheamh le Balor an Bhéil Bhinn.
is éard atá faoi Haneke a dhéanamh what Haneke intends to do
" Go bunúsach, is éard atá faoi Haneke a dhéanamh ná an dearcadh status quo sin a fhéachann ar an scannánaíocht mar ghné éadrom siamsaíochta a bhriseadh as a chéile agus feidhm níos bunúsaí agus níos dáiríre a bhronnadh ar an bhfoirm ealaíne seo in athuair.
Is í aidhm an leithscéil the apology is intended
" Is í aidhm an leithscéil, an ciúnas a sheachaint agus an chiontacht a choinneáil uait, go fóill.
go háirithe agus é i gceist particularly as it’s intended
" Is comhartha an-mhaith é seo, ach tá an earnáil iomlán ar bís agus iad ag súil le huimhreacha maithe ag deireadh na bliana, go háirithe agus é i gceist an cinéal seo cláruimhreach a bheith againn feasta.
de mhian ag na tíortha cumhachtacha the powerful countries don’t intend
" Léiríonn sé nach bhfuil sé de mhian ag na tíortha cumhachtacha deireadh a chur leis na hairm uafásacha sin ach oiread.
Ní shin é a bhí sa cheann in aon chor agam that’s not what I intended at all
" Ní shin é a bhí sa cheann in aon chor agam, ach n’a’ haon lá a bhíos ag obair sa raidió, bhíos ag foghlaim.
agus fonn air a chuid airgid a dh’fháilt intending to get his money
" Filleann sé ar an siopa agus fonn air a chuid airgid a dh’fháilt thar n-ais).
bhí mar aidhm aige múineadh a chur ar who intended to put manners on
" *’ Bhí macasamhail Elliot Ness ag na póilíní fosta a bhí mar aidhm aige múineadh a chur ar lucht an fhoréigin.
Tá rún ag Jamie cóir my good Jamie intends
" ” Cad é chomh hólta is atá, ní hamháin Jamie Bryson, ach na daoine a thugann creidiúint dó? Tá rún ag Jamie cóir agóidíocht a dhéanamh in éadan urraithe an CLG cionn is go bhfuil siad ag tabhairt cúnaimh do sceimhlitheoirí.
nach raibh rún ag an rialtas that the government didn't intend
" *’ Ba léir ón athrú sin nach raibh rún ag an rialtas glacadh leis an Phlean mar straitéis stáit ná aon airgead nó acmhainní breise a chur ar fáil le é a chur i bhfeidhm.
bhí mar spríoc acu they intended
" 350,000 cuairteoir gach bliain a bhí mar spríoc acu nuair a d’oscail siad an iarsmalann i Mí Iúil seo chuaigh thart.
tá sé i gceist agam achomharc a dhéanamh I intend to appeal
" Ar ndóigh, tá sé i gceist agam achomharc a dhéanamh chuig an Choimisinéir Faisnéise sa chás áirithe seo agus tá mé iontach dóchasach go rialófar ar mo shon.
Bhí sé ar intinn ag intended
" Bhí sé ar intinn ag Yanukovich an fód a sheasamh mar uachtarán, ach faoin am sin bhí cúrsaí imithe óna smacht.
ar intinn intended
" Labhair baill áirithe pháirtí Abbott in éadan an leasaithe freisin, lena n-áirítear an t-aon fheisire bundúchasach i dTeach na n-Ionadaithe, Ken Wyatt, a thug le fios go raibh sé ar intinn aige urlár an tí a thrasnú le vótáil ina choinne.
is mian linn we intend to
" Níl aon amhras orm ach go bhfuil an saineolas agus na hacmhainní againn, agus is mian linn na deiseanna úra seo a thapú.
go raibh sé ar intinn ag that (Ignatieff) intended
" Cruth na Tíre nó Cruth na Tiachóige =============== Cheap formhór na vótóirí liobrálacha fiú i gCeanada go raibh sé ar intinn ag Ignatieff an phríomhaireacht a úsáid chun snas a chur ar a churriculum vitae pearsanta.