Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní hionann sin is a rá that doesn't mean to say
" Ainneoin go bhfuil Caitlicigh breá sásta a gcreideamh a lua le duine ar bith, ní hionann sin is a rá go vótálfadh siad ar son Éireann Aontaithe.
Is ionann é agus it's the same as
" "Is ionann é agus Rialtas Oliver Cromwell a bheith ag fiosrú cén fáth a raibh na hÉireannaigh imithe go Connachta," a dúirt múinteoir amháin liom.
ionann is cinnte nearly certain
" Thug Aontroim an-taispeántas i gcoinne Thiobraid Árann in 2002 agus is dóigh gurb iad a bhuafaidh Craobh Uladh arís i mbliana, cé go bhfuil sé ionann is cinnte go ndéanfaidh foirne Dhoire agus an Dúin an-iarracht stádas churaí Uladh a bhaint d'fhir na nGleannta.
murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán unlike most of the people from the island
" Ní raibh aithne agam air nuair a bhí mé ar scoil, mar níor Chaitliceach é, murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán, ach chas mé air ag seisiún ceoil Ghaelaigh, mar go bhfuil an traidisiún céanna acu.
ní hionann sin is a rá that doesn't mean
" Síleann sé go bhfuil barraíocht béime ar an ealaín a bheith faiseanta ach ní hionann sin is a rá, dar leis, go bhfuil doimhneacht nó fiúntas ag baint léi.
Ní hionann sin is a rá that doesn't mean to say
" Ní hionann sin is a rá go bhfuil an ruaig curtha ar an fhoréigean ó shráideanna an tuaiscirt ach níl muid ag léamh fá dhúnmharuithe agus fá phléascáin ar bhonn laethúil mar a bhíodh.
ní hionann sin is a rá that doesn't mean to say
" Fiú más fíor seo, ní hionann sin is a rá, dár ndóigh, gur robáil é a d’ordaigh an IRA.
Ní hionann sin is a rá that doesn't mean to say
" Ní hionann sin is a rá, áfach, go bhfaighidh tú seirbhís mhaith! Más mian leat do chomhlacht a aistriú ó lár na cathrach go dtí oifigí nua ar an imeall, cuimhnigh air seo: cé go mbeidh neart spásanna páirceála ann, is dócha go mbeidh sé deacair oibrithe sóisearacha a fháil, mar go minic ní bhíonn gluaisteán acu.
murab ionann is unlike
" Ní rud Meiriceánach, as Béarla amháin, é Wikipedia ach an oiread, murab ionann is a lán rudaí ar an idirlíon.
ionann is dodhéanta nearly impossible
" Scaipeann an galar íos mó i measc an phobail, seachas in ospidéil, agus bíonn sé ionann is dodhéanta srian a choinneáil air dá bharr.
ní hionann sin is a rá that is not to say
" Ach ní hionann sin is a rá go gcaithfidh dream ar bith dearmad a dhéanamh ar gach as ar tháinig siad le go mbeidh rath orthu.
ionann is dodhéanta nearly impossible
" Agus figiúirí den chineál sin i gceist, bheadh sé ionann is dodhéanta d’Albain neamhspleách dul i bpáirt leis an Euro mar atá mar chuspóir ag an SNP.
is ionann an dá chineál damhsa aonair the two types of solo dance are the same
" Diomaite de na bróga a bheith difriúil – agus cé go bhfuil “batar” (bunfhuaim) bunúsach an tsean-nóis níos mó cosúil le batar an tseitrince – is ionann an dá chineál damhsa aonair sa dóigh is go baineann siad araon le cruthú rithime leis na cosa in am leis an cheol.
ní hionann sin is a rá that is not to say
" Cuireadh an bhéim thuas ar mhórimeachtaí na féile, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil aon tábhacht ag baint leis na himeachtaí eile a bheas ar siúl i rith na Seachtaine ar fud na tíre agus thar lear.
ionann is dódhéanta nearly impossible
" Bhí go leor daoine den tuairim, áfach, go mbeadh sé ionann is dódhéanta an coinníoll teanga a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh air.
Murab ionann is cinniúint na Teamhrach, unlike the fate of Tara
" Murab ionann is cinniúint na Teamhrach, áfach, tá sé intuigthe go mbeidh dea-chríoch leis an scéal seo do dhaoine óga.
ionann is as much as
" Déanadh slad ar Údarás na Gaeltachta, mar shampla, agus baineadh ionann is €3m dá mbuiséad bliantúil.
Is ionann sin that's similar
" Is ionann sin agus €100,000 sa mheán gach mí le hocht mí déag anuas! Suim airgid é seo atá sa bhreis ar an mhéid a fhaigheann na hAirí mar chúiteamh ar a gcuid costas mar Theachtaí Dála, atá flaithiúil go maith iontu féin, agus a fhoilsítear go tráthrialta i nuachtáin éagsúla mar thoradh ar iarratais tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF).
ionann is dodhéanta almost impossible
" An tAiséirí Murab ionann agus dornálaithe, cuir i gcás, deirtear go bhfuil sé ionann is dodhéanta ag lucht rothair teacht ar ais mar iomaitheoirí tar éis dóibh éirí as an spórt ar feadh scaithimh ar an ábhar gur spórt thar a bheith dian é a éilíonn leibhéal an-ard aclaíochta, nirt agus crógachta.
ionann is as if
" Nuair atá faill acu craic a bheith acu leat i dteach leanna nó i gcaifé, labhróidh siad leat ionann is gur tógadh sa chomharsain chéanna sibh.
Is ionann sin is a rá that is as much as to say
" Is ionann sin is a rá nach bhfuil aon fhear ag teagasc i mbreis is 37% de bhunscoileanna an stáit.
Ní hionann sin is a rá that's not to say
" ” Nó le casadh úr a chur ar an sean-nath: “*Language rights are rights forever, not just for Christmas*!” Ní hionann sin is a rá nár cheart a bheith stuama faoin chostas a bhaineann le seirbhísí dátheangacha a sholáthar a choinneáil faoi smacht.
Is ionann is the equivalent
" Xinjiang Is in iarthar na Síne atá Réigiún Uathrialaitheach Xinjiang Uígireach, mar a thugtar air go hoifigiúil, agus Is ionann an réigiún agus breis is 15% de thalamh na Síne.
ionann is cinnte as sure as anything
" Tá sé ionann is cinnte anois go bhfuil deireadh ag teacht le Scéim Labhairt na Gaeilge, beag beann ar chur i bhfeidhm Thuarascáil an Bord Snip.
is ionann it's the same
" Seachas na mílte cóip de Cré na Cille atá á ndíol sna Gaeltachtaí, is beag an dea-scéala atá ann do lucht cultúir na tíre – agus, mar is eol dúinn uilig, is ionann lucht cultúir na tíre agus muintir na Gaeilge.
is ionann are the same
" Dar le Ottolenghi agus an Instidiúid Tras-Atlantach, is ionann frith-Shíónachas agus frith-Sheimiteachas.
is ionann it's similar
" pdf) Anois, de réir an Fhoclóra Bhig, is ionann falcaire agus lúbaire, agus deir Ó Domhnaill faoin duine a bheadh ag cúigleáil, ag cártaí, abraimis, gur ag déanamh caimiléireachta a bheadh sé nó gur calaois a bheadh déanta aige.
is ionann it's the same
" Faoin reachtaíocht nua is ionann a bheith i láthair i Stát Arizona go neamhdhleathach agus coir na foghla.
ní hionann is an duine as distinct from the person
" ) Tá ceisteanna beaga míne le réiteach istigh sa teanga féin, ceart go leor, ach tá deacrachtaí i bhfad Éireann níos tromchúisí ag baint leis na cainteoirí a labhraíonn an Ghaeilg, nó a dhéanann iarracht í a labhairt, is cirte a rá (agus a scríobh dá réir)! Is í an áit a mba cheart díriú, ar na deacrachtaí sa duine féin agus sa dóigh a mhíláimhseálann an tÉireannach (ní hionann is an duine) an teanga Ghaeilge.
Is ionann it’s equivalent
" Is ionann geilleagar agus eagar a chur ar an ‘gheill’, nó ‘gild’, ‘gold’, ‘guilder’agus ‘zloty’, más fearr leat.
is ionann is the equivalent
" 4% de dhaonra na Fraince os cionn na dtrí scór; i mbliana, is ionann agus 22.
ionann is imithe as good as gone
" Tá an náire faoin teanga ionann is imithe.
Is ionann is the equivalent
" Is ionann ‘Bed’ na Briotánaise agus ‘bith’ againn agus ar ndóigh, Is ionann ‘penn’ acu siúd agus ‘ceann’ seo againne.
Is ionann sin that's the same as
" Is ionann sin agus ceithre mhilliún duine a mhothaíonn scoite amach ón gcuid eile den phobal nó ina n-aonar, nach mbíonn ach fíorbheagán caidrimh acu le daoine muinteartha leo, le comhghleacaithe oibre, le cairde nó le comharsana.
tá sé ionann is cinnte as sure as certain
" Ó d’fhógair Fianna Fáil go bhfuil an páirtí ar son deireadh a chur leis an tSeanad, tá sé ionann is cinnte nach mairfidh Teach Uachtarach an Oireachtais.
is ionann stádas status is similar
" De réir an tsuirbhé náisiúnta a rinne an tAthair Mac Gréil le gairid, tá seasamh ard ag an nGaeilge agus ag Gaeilgeoirí agus, ar ndóigh, is ionann stádas a bheith ag teanga agus rath a bheith ar theanga.
is ionann it’s the same
" I bhfocla eile, is ionann vótáil sa toghchán seo don Lucht Oibre agus vótáil ar son Enda Kenny mar Thaoiseach.
ní hionann is unlike
" Is é an t-iontas go mbeadh Taoiseach nó aon Tadhg an mhargaidh in Éirinn – agus bíonn – ag súil le rath ar a leithéid de chóras, ní hionann is roinnt tíortha thar lear mar a bhfuil ciall acu.
ní hionann is mó dhála féin unlike myself
" Bhuel le bheith cruinn, caithfidh sé go léann na hiriseoirí seo nuachtán amháin ar a laghad in aghaidh an lae, ní hionann is mó dhála féin.
is ionann it's the equivalent
" I measc dhaonra na Sé Chontae, is ionann Caitlicigh agus 43 faoin chéad.
ionann is cinnte as good as certain
" Nuair a thit an tóin as an Aontas Sóivéadach fiche bliain ó shin cheap aos eagna an Iarthair go raibh sé ionann is cinnte go leathnódh an córas caipitleachais a bhí acu ar fud an domhain agus go scaipfí an daonlathas dá réir.
Tá sé ionann is réidh it’s almost ready
" Tá sé ionann is réidh le cur ag na clódóirí.
ní hionann is athrú an ghairm bheatha unlike one’s changing profession
" Tá fostaí na linne seo an-soghluaiste ar chuile bhealach, ní hionann is athrú an ghairm bheatha san am a chuaigh thart.
ní hionann is ionad oideachais unlike an educational centre
" Coláiste mar a Thuairisc? ========= Cuireadh na mic léinn ag obair ar feadh laethanta fada ag iarraidh airgid ar dhaoine agus ba chosúil go raibh siad mar chuid de phróiseas mór bailiúchán airgid, ní hionann is ionad oideachais.
Tá ionann is scór bliain ann mar sin it’s as much as twenty years therefore
" Ní den Stuaim an Seanscéal =========== Tá ionann is scór bliain ann mar sin ó baineadh Peig den Ardteist.
Is ionann é sin that is
" Is ionann é sin agus na deartha digiteacha ar *Thingiverse* agus ar ndóigh roinnt maith de na patrúin ar Ravelry.
Is ionann tairbhithe an athraithe a d’fhógair the beneficiaries of the change announced (by Obama …) are just the same as
" Is ionann tairbhithe an athraithe a d’fhógair Obama i mí an Mheithimh agus na hinimircigh a thairbheodh den Dream Act dá n-achtófaí é.
Is ionann a leithéid seo this is just the same
" Is ionann a leithéid seo don teangeolaí agus réalt nua a aimsiú i bhfirmimint na foghraíochta.
bhfuil sruth na meala ionann is tráite the flow of honey has just about dried up
" Is léir go bhfuil sruth na meala ionann is tráite um a dtaca seo.
is ionann an gháinneáil ar dhaoine trafficking is the same as
" Sclábhaíocht ár Linne ========= Cé go léimid faoi chealú na sclábhaíochta sna leabhair staire, is ionann an gháinneáil ar dhaoine agus cineál sclábhaíochta.
céim ab ionann is breith stáit a step equivalent to birth of statehood
" Ghlac Comhthionól Coitinn na Náisiún Aontaithe ag deireadh mhí na Samhna le stádas taidhleoireachta a thabhairt don Phalaistín, céim ab ionann is breith stáit, sna tailte a bhí fanta fós acu fán bhliain 1967.
gurb ionann an triail sin is that trial is similar to
" Ar Maos in Umhlaíocht ========== Mhínigh sé an fhadhb seo do dhochtúir Breatnach amháin agus dúirt go gceapann Éireannaigh a théann fé bhráid na ndochtúirí gurb ionann an triail sin is a “mar a ghabhfá isteach ós comhair maithe móire nó tiarna talún fadó, ar crith agus go humhal.
Más ionann grianghraf is míle focal if a photo is worth a thousand words
" Más ionann grianghraf is míle focal, samhlaigh luach físeáin.
ní hionann is briseadh slabhra saíochta it’s not the same as the loss of cultural continuity
" ) Léiríodh ag an Tóstal chomh maith nach dtuigeann an sách an seang, is go n-amharcann cuid de mhuintir na Galltachta, bíodh sé ina hiar-Ghaeltacht, ina hath-Ghaeltacht, nó mar is fearr a sheachaint, ina húr-Ghaeltacht, ar dhíothú teanga na Gaeltachta mar dhíothú teanga ar bith, ní hionann is briseadh slabhra saíochta na mílte bliain.
tá ionann is leath as much as half
" Mar sin, tá ionann is leath na marcanna ag dul le haghaidh agallamh cheathrú uaire.
gurb ionann ciardhuán is inimirceach gan cead being black is equated to being an illegal immigrant
" Is dócha gurb ionann ciardhuán is inimirceach gan cead maidir le húdaráis Mharacó de.
Is ionann an líon sin that number is equal to
" Is ionann an líon sin agus 43% de na daoine san aoisghrúpa.
murab ionann is go leor eile unlike many others
" Na Cosa ag Éileamh ========= Poll eile sa chárta ach murab ionann is go leor eile, bheartaigh muid gan stad ag an loch le greim a ithe.
As ionann is 200 duine from almost 200 people
" As ionann is 200 duine a chur tús leis an aistear buile seo i mbliana, d'éirigh le 134 iomaitheoir ceann scríbe a bhaint amach.
is ionann an t-iontas a bhraithim the wonder I experience is the same
" ) le beagnach fiche bliain anuas anois agus is ionann an t-iontas a bhraithim faoin ábhar féin agus faoi gur féidir leis scéal casta, spéisiúil a chur os comhair an leitheora arís is arís eile.
Ní hionann is atarraingt airm na Róimhe unlike the Roman withdrawal
" Ní hionann is atarraingt airm na Róimhe ar ais as a críocha gafa thar na céadta bliain, d’fhéadfadh titim ó chumhacht impireachtaí ár linne féin a bheith iontach gasta.
Murab ionann is gort na moráltachta unlike the world of morals
" Murab ionann is gort na moráltachta gona rialacha dochta daingne, cuirim i gcás, ní lochtaítear polaiteoirí i gcónaí má bhaineann siad feidhm as bréaga, deargbhréaga nó ‘bréaga amhra’ Platónacha, fiú, d’fhonn aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach.
ní hionann i gcónaí cófra is a lucht you never know a book by its cover
" Ach ní raibh mé ag éisteacht i gceart leis in aon chor – toisc cuma chomh gránna sin a bheith ar an gcarr! Anois, tá ’s againn ar fad an nath cainte, ní hionann i gcónaí cófra is a lucht.
ionann is leath dá théarma in oifig caite as much as half of its term spent
" Fán am a scoirfidh an Dáil i mí Iúil, beidh ionann is leath dá théarma in oifig caite ag an rialtas seo.
bhfuil ré an tromlaigh ghlain ionann is imithe the era of a clear majority is as good as gone
" Drochsheans go mbeadh go leor suíochán ag ceachtar acu le rialtas mionlaigh a bhunú agus is cinnte go bhfuil ré an tromlaigh ghlain ionann is imithe fán tráth seo.
Is ionann an scéal it’s the same story
" Is ionann an scéal sna Stáit Aontaithe: cuirim i gcás gur tháinig titim de 10% ar an bhuirgléireacht i Nua-Eabhrac idir 2008 agus 2010.
ina intinn, is ionann gach in his mind both are the same
" Tá fuath aige ar phoblachtánaithe agus ina intinn, is ionann gach Caitliceach agus Poblachtach, dearcadh seafóideach a chuirfeadh alltacht ar David Ervine.
murarbh ionann is na hamhais mheisciúla óga unlike the young drunken louts
" Cé go dtugtar an t-arm craiceáilte ar na tacaithe Sasanacha caithfear a rá gur daoine deasa iad, fir mheánaosta a bhformhór acu, murarbh ionann is na hamhais mheisciúla óga a thacaíonn le foireann sacair Shasana.
is ionann seo agus this is tantamount to
" Is é mo mheas má shocraíonn tú gan bacadh le teicneolaíocht is ionann seo agus socrú ar neamhaird a dhéanamh de ghnóthaí airgid.
is ionann é nach mór agus it’s almost the same as
" An rud atá ag tarlú sa bPolainn anois, is ionann é nach mór agus an rud a tharla nuair a cuireadh na fleánna ceoil ar bun in Éirinn faoi choimirce Chomhaltas Cheoltóirí Éireann sna 1950í.
Ní hionann i gcónaí an cófra is a lucht one should not judge by appearances
" Ní hionann i gcónaí an cófra is a lucht.
Is ionann it equals
" Is ionann O’Keeffe vs Hickey et al agus diúltú na Cúirte Uachtaraí cead a thabhairt di faoiseamh a dh’fháilt ón Stát féin ós rud é ná raibh an Stát sin i bhfeighil de facto ar an gcóras bunscolaíochta a cruthaíodh le cabhair cánacha ginearálta.
is ionann an cur chuige seo this approach is the same as
" Seo lom-iarracht scagadh a dhéanamh ar leisciúlacht agus lagar spride an daonlathais Éireannaigh, agus is ionann an cur chuige seo agus an cur chuige níos ealaíonta a rinne Tom Garvin níos déanaí ach go háirithe sa leabhar ríthábhachtach aige, *Preventing the Future: Why was Ireland So Poor For So Long?* (2004).
Murab ionann is an gobadán unlike the sandpiper
" Murab ionann is an gobadán, bíonn sé in ann an dá thrá a fhreastal.
is ionann craiceann Gorm coirpeachas Black skin and criminality are synonymous
" Faraor, i súile an phobail Ghil, is ionann craiceann Gorm coirpeachas.
is ionann sin agus 10 léitheoir that’s as much as ten readers
" An amhlaidh nach bhfuil oiread is duine amháin acu siúd a bheadh sásta Gaelscéal a cheannach gach seachtain ach é a bheith curtha ar fáil? Dá bhféadfaí 5% den 200 a fháil leis an nuachtán Ghaeilge a cheannach go rialta, is ionann sin agus 10 léitheoir i mbaile nach raibh aon léitheoir ag Gaelscéal go dtí seo.
ní hionann sin is a rá that doesn't mean
" D'éirigh Bob Burke as a phost mar fhiaclóir i mBaltimore, Maryland anuraidh ach ní hionann sin is a rá go bhfuil sé ar tí éirí as a chuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn ina thír dhúchais.
Ach ní hionann sin is a rá But that is not to say
" Ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil na brandaí beaga beorach ag seasamh an fhóid, mar a mhíníonn Brian Ó Broin.
Ní hionann is spiaireacht, nó cogaíocht faoi choim unlike spying or a secret war
" Ní hionann is spiaireacht, nó cogaíocht faoi choim, ach thug Colm Ó Ceallacháin aghaidh ar an uisce faoi thalamh gar d’ionad chruinnithe an Ochtair, is é sin, uaimheanna an Marble Arch.
Is ionann is scéal ruin tantamount to being a hidden secret is
" Is ionann is scéal ruin achan ní a scríobhadh i nGaeilge ó bhunú an stáit anuas.