Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
duine de na lúthchleasaithe one of the athletes
" Rinne sé an bonn a dhearadh chomh maith ar an tóirse mór a bheas á lasadh ag duine de na lúthchleasaithe nuair a thosóidh na cluichí i gceann roinnt seachtainí.
Curadh-lúthchleasaí champion athlete
" Curadh-lúthchleasaí atá ann a chaith tamall san Astráil.
lúthchleasaí athlete
" Sílim go mbíonn meas ar leith againn ar an lúthchleasaí cumasach, an t-iománaí sciliúil agus mar sin de má tá siad uasal agus gnaíúil freisin agus nuair a iompraíonn siad iad féin ar nós an ghnáthdhuine.
lúthchleasaí athlete
" An druga is déanaí atá sa nuacht ná *tetrahydrogestrinone *(THG), agus tá an chuma ar an scéal gur cuid lárnach de bhiachlár an lúthchleasaí idirnáisiúnta (agus lucht spóirt eile, b'fhéidir) an druga seo.
lúthchleasaí Oilimpeach Olympic athlete
" Cé gur lúthchleasaí Oilimpeach agus pheileadóir uile-Éireann é Éamonn Mac Gearailt, is beag aird a tugadh air nó ar a chuid gaiscí le 45 bliain anuas.
amhrais i leith gach lúthchleasaí suspicion about every athlete
" Ar eagla na míthuisceana, nílim ag moladh dul síos an bóthar áirithe sin ach aontaím leo sin a deir go bhfuil íomhá románsuil an spóirt millte de bharr úsáid drugaí agus de bharr amhrais i leith gach lúthchleasaí, geall leis, a bhuann craobh Oilimpeach.
lúthchleasaithe athletes
" Ar an ábhar sin, déanann peileadóirí, iománaithe, lúthchleasaithe, dornálaithe, agus araile, diantraenáil gan smaoineamh ar an saol a bheas ann ina dhiaidh.
lúthchleasaithe athletes
" Tá Vallely ar na healaíontóirí Éireannacha is mó a bhfuil clú idirnáisiúnta orthu, clú atá bunaithe ar na pictiúir a dhéanann sé de cheoltóirí traidisiúnta agus de lúthchleasaithe.
lúthchleasaithe athletes
" Ní raibh aon Choiste Oilimpeach againn ag an am; ba faoi bhratach na Breataine a ghlac O’Connor agus lúthchleasaithe eile Éireannacha páirt sna cluichí.
lúthchleasaithe athletes
" Caitheadh tuairim is $43 billiún ar na Cluichí, agus is cinnte go bhfuair na Sínigh, na lúthchleasaithe agus an lucht féachana luach na mbilliún sin uilig.
lúthchleasaithe Oilimpeacha Olympic athlets
" Tá trua agam do na lúthchleasaithe Oilimpeacha a d’fhill ar an tír seo ón tSín ag deireadh mhí Lúnasa mar níltear ag tabhairt airde ar bith orthu níos mó.
lúthchleasaithe athletes
" Mar is iondúil le blianta anuas, bhí lúthchleasaithe na hAstráile rathúil in imeachtaí éagsúla le linn na gCluichí i mBéising ar na mallaibh.
lúthchleasaí athlete
" Ag siúl thart ar Amharclann an Ambassador, na seomraí lasta ag solas bog suaimhneach, titeann mo shúil ar fhear a bhfuil a chorp casta mar a bheadh lúthchleasaí de chuid na sean-Ghréige ann, a chuid matán ag lúbadh go teann.
lúthchleasaí athlete
" Cuirfidh mé cruth orm féin ar nós ‘An Smaointeoir’ (le Auguste Rodin) agus ainneoin nach bhfuil mo chorp mar a bheadh lúthchleasaí Gréagach ann, is féidir liom a bheidh gléasta cosúil lena leithéid!’ Féachaint na Feachtasaíochta Chomh maith leis na daoine atá ag lorg clú sna meáin dóibh féin, tá iarrataisí ann fosta ó lucht agóidí frithchogaidh, daoine i mbun feachtaisí athraithe aeráide agus foréigean teaghlaigh.
lúthchleasaí/lúithnire athlete
" Tá sé deacair do lúthchleasaí/lúithnire ar bith éirigh níos sine nuair atá a bhuaicré aclaíochta ag seacht nó ocht mbliain déag.
lúthchleasaithe athletes
" Ach rinne muid é go snasta agus go foirfe, a bhuíochas sin do mhuintir na hÉireann: na hoibrithe deonacha, na hurraitheoirí, na bailitheoirí airgid, na traenálaithe, na meantóirí, na tacadóirí, agus do na lúthchleasaithe féin.
lúthchleasaí athlete
" Is fearr teacht aniar aduaidh ar an bhfreasúra faoi mar a dhéanann lúthchleasaí atá ag díriú ar chraobh an domhain nó ar chraobh Oilimpeach.
lúthchleasaí díograiseach a serious athlete
" Is lúthchleasaí díograiseach é Tangi, a bhfuil go leor ciliméadar rite aige don Redadeg i mBrest, i bPorspoder, i Landerne agus i nDouarnenez! Ag deireadh an reatha i nDouarnenez, thug Michel Le Boulanger, stiúrthóir cultúrtha na Comhairle Ceantair, aitheasc agus rinne an scríbhneoir Mich Beyer amhlaidh.
lúthchleasaithe éagsúla various athletes
" Katie Taylor agus Slua Eile =========== Maidir leis na Cluichí Oilimpeacha, beidh muintir na hÉireann ag súil go n-éireoidh le lúthchleasaithe éagsúla na tíre dul chun cinn a dhéanamh sna spóirt éagsúla a mbeidh siad páirteach iontu.
lúthchleasaithe athletes
" Bhíodar ar nós lúthchleasaithe na hÉireann a dteipeann orthu an chuid is fearr a fháil astu féin sna Cluichí Oilimpeacha.
lúthchleasaithe athletes
" Is Mór an Ní a Bheith Ann ============ Dea-theist arís ar ghluaiseacht an gCluichí Oilimpeacha ná go mbíonn deis ag lúthchleasaithe as gach tír ar domhan páirt a ghlacadh sna cluichí a fhad is a shroicheann siad bunchaighdeán a bhíonn leagtha síos ag na heagraíochtaí spóirt iad féin agus go roghnaítear iad ar fhoireann Oilimpeach a dtíre féin.
tugtar urraim faoi leith do lúthchleasaithe a n-éiríonn leo successful athletes receive particular respect
" Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt agus tugtar urraim faoi leith do lúthchleasaithe a n-éiríonn leo i gcomórtais spóirt idirnáisiúnta, sna Cluichí Oilimpeacha ach go háirithe.
Tugadh cuireadh do na hiar-lúthchleasaithe ex-athletes were invited
" Tugadh cuireadh do na hiar-lúthchleasaithe Oilimpeacha Astrálacha cuaird onóra a dhéanamh sa searmanas oscailte, ach ní raibh Norman ina measc.
lúthchleasaí na linne seo contemporary athlete(s)
" Is léir nach féidir le colainn lúthchleasaí na linne seo réiteach agus imirt seachtain i ndiaidh seachtaine ar dhromchlaí crua nua-aimseartha faoi shíon is faoi fhearthain gan chliseadh.