Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Curadh-lúthchleasaí champion athlete
" Curadh-lúthchleasaí atá ann a chaith tamall san Astráil.
lúthchleasaí athlete
" Sílim go mbíonn meas ar leith againn ar an lúthchleasaí cumasach, an t-iománaí sciliúil agus mar sin de má tá siad uasal agus gnaíúil freisin agus nuair a iompraíonn siad iad féin ar nós an ghnáthdhuine.
lúthchleasaí athlete
" An druga is déanaí atá sa nuacht ná *tetrahydrogestrinone *(THG), agus tá an chuma ar an scéal gur cuid lárnach de bhiachlár an lúthchleasaí idirnáisiúnta (agus lucht spóirt eile, b'fhéidir) an druga seo.
lúthchleasaí Oilimpeach Olympic athlete
" Cé gur lúthchleasaí Oilimpeach agus pheileadóir uile-Éireann é Éamonn Mac Gearailt, is beag aird a tugadh air nó ar a chuid gaiscí le 45 bliain anuas.
amhrais i leith gach lúthchleasaí suspicion about every athlete
" Ar eagla na míthuisceana, nílim ag moladh dul síos an bóthar áirithe sin ach aontaím leo sin a deir go bhfuil íomhá románsuil an spóirt millte de bharr úsáid drugaí agus de bharr amhrais i leith gach lúthchleasaí, geall leis, a bhuann craobh Oilimpeach.
lúthchleasaí athlete
" Ag siúl thart ar Amharclann an Ambassador, na seomraí lasta ag solas bog suaimhneach, titeann mo shúil ar fhear a bhfuil a chorp casta mar a bheadh lúthchleasaí de chuid na sean-Ghréige ann, a chuid matán ag lúbadh go teann.
lúthchleasaí athlete
" Cuirfidh mé cruth orm féin ar nós ‘An Smaointeoir’ (le Auguste Rodin) agus ainneoin nach bhfuil mo chorp mar a bheadh lúthchleasaí Gréagach ann, is féidir liom a bheidh gléasta cosúil lena leithéid!’ Féachaint na Feachtasaíochta Chomh maith leis na daoine atá ag lorg clú sna meáin dóibh féin, tá iarrataisí ann fosta ó lucht agóidí frithchogaidh, daoine i mbun feachtaisí athraithe aeráide agus foréigean teaghlaigh.
lúthchleasaí/lúithnire athlete
" Tá sé deacair do lúthchleasaí/lúithnire ar bith éirigh níos sine nuair atá a bhuaicré aclaíochta ag seacht nó ocht mbliain déag.
lúthchleasaí athlete
" Is fearr teacht aniar aduaidh ar an bhfreasúra faoi mar a dhéanann lúthchleasaí atá ag díriú ar chraobh an domhain nó ar chraobh Oilimpeach.
lúthchleasaí díograiseach a serious athlete
" Is lúthchleasaí díograiseach é Tangi, a bhfuil go leor ciliméadar rite aige don Redadeg i mBrest, i bPorspoder, i Landerne agus i nDouarnenez! Ag deireadh an reatha i nDouarnenez, thug Michel Le Boulanger, stiúrthóir cultúrtha na Comhairle Ceantair, aitheasc agus rinne an scríbhneoir Mich Beyer amhlaidh.
lúthchleasaí na linne seo contemporary athlete(s)
" Is léir nach féidir le colainn lúthchleasaí na linne seo réiteach agus imirt seachtain i ndiaidh seachtaine ar dhromchlaí crua nua-aimseartha faoi shíon is faoi fhearthain gan chliseadh.