Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
laghdú reduction
" Ar aon chuma tagann laghdú i rátaí tinnis nuair a mhéadaíonn rátaí ginearálta sláinte.
laghdú decrease, fall
" Roimh 1970, bhí cúig scoil sa pharóiste (ag Ceann Garbh, Loch Muc, Sealagán, Béal an Átha Mhóir agus Droim an Aonaigh) ach tháinig laghdú ar na huimhreacha mar gheall ar an imirce.
ag laghdú falling
" Tá an daonra ag laghdú le 100 bliain anuas agus tuilleadh.
laghdú fall, reduction
" Coicís tar éis an ionsaithe, bhí laghdú 75% ar an uimhir sin agus is léir go mbeidh sé roinnt achair sula mbeidh aon leigheas ar an scéal.
laghdú decrease, fall
" Ní hamháin go gcosnaíonn sé airgead an t-idirlíon a chur ar fáil in oifig, ach má bhíonn daoine á úsáid in ionad a bheith ag obair tagann laghdú mór ar tháirgiúlacht na n-oibrithe.
an ráta dífhostaíochta a laghdú to lower the unemployment rate
" Ansin, d'éirigh an Rialtas an-ghnóthach agus iad ag cur in iúl don phobal go rabhadar ag iarraidh an ráta dífhostaíochta a laghdú; bunaíodh coimisiún a raibh sé mar aidhm aige tuarascáil a chur ar fáil faoin dífhostaíocht! Sea, ó bhuaigh Schröder an t-olltoghchán in athuair i mí Mheán Fómhair 2002, táthar fós ag caint faoin tslí is fearr leis an ngéarchéim eacnamaíoch a shárú.
laghdú decrease
" Tugaim faoi deara go bhfuil laghdú ag teacht ar an mhéid Oráisteach atá ag freastal ar na paráidí gach bliain agus b'fhéidir go bhfuil an t-ord sásta go bhfuil leithscéal acu chun gearradh siar ar na himeachtaí.
laghdú luaidhe lead abatement
" " Idir an dá linn, rinne Cole obair i laghdú luaidhe, ansin fuair sé post mar chigire tógála.
laghdú decrease
" Tá na rialtais breá sásta béalghrá a thabhairt do chruachás na saoránach, ach ní dóigh liom go ligfidh siad do laghdú sna praghsanna agus caillteanas cothromais tarlú.
laghdú ar líon na dtaismeach agus na marbh a decrease in the number of casualties and dead
" Beifear ag guí chomh maith go dtiocfaidh laghdú ar líon na dtaismeach agus na marbh ar gach taobh, agus go n-éireoidh le náisiúin atá ag fulaingt tús a chur le hatógáil.
laghdú decrease
" Ó thaobh rannpháirtíocht an phobail in imeachtaí an Árais, tá an t-ionchur deonach an-tábhachtach ach, arís, is gné é seo nach bhfuil aon smacht againn air, agus tá laghdú mór go ginearálta i líon na ndaoine atá sásta obair dheonach a dhéanamh.
a gcostais táirgthe a laghdú to lower their production costs
" Idir an dá linn, bhí lucht drioglainne Bowmore ag iarraidh a gcostais táirgthe a laghdú, costais bhreosla go áirithe.
laghdú reduction
" Idir an dá linn, bhí lucht drioglainne Bowmore ag iarraidh a gcostais táirgthe a laghdú, costais bhreosla go áirithe.
laghdú decrease
" Deirtear go bhfuil laghdú tagtha i líon na ngairmeacha, agus tá dochar mór déanta do mhuinín daoine as an Eaglais.
a laghdú to reduce
" Cén uair a thiocfadh leat a rá go bhfuil níos mó luacha ag baint le rud a laghdú ná mar atá le rud a mhéadú? Cé mhéad uair a chuala tú duine ag gearán faoi chanbhás lom spárálach, é ag rá nach bhfaca sé rud ar bith ann, go raibh an praghas áiféiseach agus go dtiocfadh le duine ar bith é a dhéanamh? An bhfuil an freagra faighte agat go foill? Is ea, tá mé ag caint faoi ghluaiseacht ealaíne a tharla sna seascaidí agus atá go fóill ábalta díospóireachtaí fíochmhara a spreagadh idir daoine faoin fhiúntas a bhaineann léi agus an t-aitheantas atá nó nach bhfuil tuillte aici.
laghdú decrease
" Déarfaidh daoine leat a bhíonn sna tithe tábhairne go minic nach bhfuil an laghdú sin le feiceáil agus ní bheifeá ag súil lena leithéid i ndáiríre, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil siad ag mealladh daoine anois nach rachadh in aice le tábhairne roimhe seo de bharr na toite.
laghdú decrease
" Ach le cois na gceisteanna faoi na cúiseanna go bhfuil sé seo ag tarlú, tá ceisteanna deacra eile le freagairt, mar shampla: Cad go díreach is féidir a dhéanamh faoin titim seo i líon na nÉireannach i Nua-Eabhrac? Tá roinnt daoine, atá go mór i gcoinne inimircigh mhídhleathacha ar bith bheith sa chathair, ag cur ceiste ar cheart *rud ar bith *a dhéanamh faoin laghdú seo i líon na nÉireannach.
Laghdú reduction
" Dá gcuirfí ceist ortsa cén dúshlán is mó atá ag Éirinn sa bhliain atá amach romhainn, cén freagra a thabharfá ar an cheist sin? Laghdú a dhéanamh ar an slad ar na bóithre? An rialtas a athrú? Leapacha a fháil sna hospidéil dóibh siúd atá tinn agus sean? Praghsanna earraí agus seirbhísí a Laghdú? Scoileanna nua a thógáil agus bail a chur orthu sin atá i ndroch-chaoi? Tuilleadh gardaí bheith ag siúl na sráide? Iarracht a dhéanamh ar fhadhb an ólacháin a réiteach? Tá a thosaíocht féin ag gach duine, ag brath ar chúinsí a shaoil agus ar a riachtanais phearsanta.
laghdú reduction
" Dar leis go mbeidh laghdú ar an méid gortuithe don ghlúin agus don bhléin i gcás an chúl báire dá bharr seo.
laghdú decrease
" I mí Eanáir, mar shampla, bhí laghdú 15% ar an líon suíochán a dhíol Aer Lingus i gcomparáid leis an am céanna anuraidh.
ag laghdú falling
" Tá praghas na stampaí ag laghdú sa Nua-Shéalainn, agus tá ar New Zealand Post bheith i gcónaí á dhéanamh féin níos tana agus níos éifeachtaí.
laghdú suntasach noticeable decrease
" Tháinig na fógraí seo chun mo chuimhne le déanaí nuair a d’eisigh Cónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann tuarascáil a thug le fios go raibh laghdú suntasach tagtha ar líon na dturasóirí atá ag teacht go hiarthar na tíre.
ag laghdú falling
" Tá praghas na stampaí ag laghdú sa Nua-Shéalainn, agus tá ar New Zealand Post bheith i gcónaí á dhéanamh féin níos tana agus níos éifeachtaí.
laghdú decrease
" Bhí méadú i mbliana ar líon na ndaoine a chuaigh isteach sa chliarscoil i Má Nuad den chéad uair le fada (tá naoi gcléireach déag sa chéad bhliain ansin agus 75 sa choláiste ar fad, i gcomparáid le 75 an bhliain seo caite), ach seans gur laghdú a bheas i gceist má chuirtear an treoir nua seo i bhfeidhm.
ag laghdú de réir a chéile decreasing gradually
" Nuair a bhím sa tuaisceart aithním go bhfuil Béal Feirste caillte ag na Protastúnaigh, go bhfuil an móramh Protastúnach ag laghdú de réir a chéile agus cruthóidh sin fadhbanna.
Laghdú decrease
" Sa chas seo, léifimid scéalta mar a leanas: “Longa seoil tráchtála ar ais” “Pacáistiú plaisteach: ródhaor anois” “Suirbhé nua: bia áitiúil nó fiú ón ghairdín is mó a ithimid anois” “Laghdú mór sa líon gluaisteán ar na bóithre” Ag an chomhdháil, labhraíodh faoin tábhacht a bhain le fuinneamh a chaomhnú agus é a úsáid ar shlí níos éifeachtaí.
laghdú mór a big decrease
" Tugadh tacaíocht don dearcadh seo cúpla bliain ó shin nuair a foilsíodh staidéar sa mBreatain a thaispeáin go raibh laghdú mór tagtha ar an líon beach, féileacán agus éan i gceantar a raibh bia a raibh modhnú géiniteach déanta air ag fás ann.
laghdú decrease
" Óir, ainneoin an mhéadaithe ar rátaí úis, níl aon laghdú tagtha ar phraghsanna tithe, ná baol air.
ag iarraidh a gcumhacht a laghdú trying to lessen their power
" Gach áit a mbreathnaíonn na Stáit Aontaithe, ní fheiceann siad ach naimhde atá ag iarraidh a gcumhacht a laghdú.
gan laghdú ar an luas with no let-up in the speed
" Bhí siad ag teannadh leis an gcampa, gan laghdú ar an luas, mearbhall ina cheann ag Liam.
an laghdú laethúil the daily decrease
" Os a choinne sin, agus ceist na Gaeltachta á plé, is minic a léirítear imní faoi chás na scoileanna ansin agus an laghdú laethúil atá ar úsáid na Gaeilge iontu.
a laghdú to reduce
" Cé gur féidir le hiompar poiblí agus pleanáil chathrach fhadradharcach an gá atá le gluaisteáin a laghdú, beidh gluaisteáin de dhíth orainn go ceann i bhfad eile fós.
laghdú decrease
" Bhí sprioc níos fadtéarmaí ann fosta: an líon básanna a laghdú 25% idir 2000 agus 2006.
le hastuithe ceaptha teasa a laghdú. to reduce greenhouse emissions.
" Tá neart is féidir a dhéanamh i do theach cónaithe féin le hastuithe ceaptha teasa a laghdú.
costais inmheánacha a laghdú to lower internal costs
" D’eisigh Thomson Scientific ráiteas ag rá go raibh orthu an chéim seo a ghlacadh toisc go raibh orthu costais inmheánacha a laghdú chun dul in iomaíocht i gceart sa mhargadh.
laghdú decrease
" D’eisigh Thomson Scientific ráiteas ag rá go raibh orthu an chéim seo a ghlacadh toisc go raibh orthu costais inmheánacha a laghdú chun dul in iomaíocht i gceart sa mhargadh.
an difríocht sin eatarthu a laghdú. to reduce that difference between them.
" “Táim ag iarraidh an poll sin idir ficsean agus réalachas a líonadh – an difríocht sin eatarthu a laghdú.
an fhuaim ag méadú agus ag laghdú the sound increasing and decreasing
" Siosarnach ard ag teacht ó liáin na muilte, an fhuaim ag méadú agus ag laghdú le gach casadh den lann.
an nasc leis an mBreatain a laghdú, to lessen the link with Britain,
" Dúirt fear amháin, “Ní maith liom na dathanna, agus cén fáth go bhfuil tír ón taobh eile den domhan chomh mór sin ar mo bhratachsa?” Bhí daoine áirithe ag iarraidh an nasc leis an mBreatain a laghdú, agus luaigh go leor daoine an t-éan an cíobhaí mar shiombail neodrach a thaitneodh leis an tromlach.
laghdú dífhostaíochta. the reduction of unemployment.
" Cheap na hairgeadaithe nár chóir don rialtas cur isteach ar an gheilleagar, agus gur chóir an bhéim a chur ar shrianadh boilscithe, seachas laghdú dífhostaíochta.
laghdú reduction
"laghdú 7 faoin gcéad tagtha ar an ráta dífhostaíochta ó 2004, tá líon na n-earraí a onnmhairítear ag méadú an t-am ar fad, tá an-chuid infheistíochta coigríche sa Pholainn agus tá na céadta milliún euro á gcur abhaile ag Polannaigh atá ag obair i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.
ar féidir leis truailliú a laghdú which can reduce pollution
" Modh an-choitianta iompair atá sa rothaíocht sna cathracha seo, ar féidir leis truailliú a laghdú agus atá neodrach ó thaobh mhéid an charbóin a scaoiltear.
laghdú chomh mór sin such a big reduction
" Agus cionn is go dtéann an clár amach beo ar TG4, caithfear réamhchomórtas a reáchtáil sa dóigh is nach maireann an comórtas níos faide ná fad an chláir féin!Léiríonn seo ar fad an oiread suime is atá ag daoine sa cheird anois – rud atá go hiontach nó níl sé i bhfad ó shin ó bhí an t-iomrá ag dul thart go gcuirfí deireadh leis an chomórtas mar go raibh laghdú chomh mór sin tagtha i líon na rannpháirtithe.
a laghdú. to reduce
" Ní fhéadfadh *Lá Nua* dearmad a dhéanamh ar an bpobal arb as dóibh ach más mian leo leanúint de bheith ag foilsiú nuachtáin náisiúnta 32 chontae, is dóigh liom go gcaithfear an bhéim ar scéalta an Tuaiscirt a laghdú.
laghdú decrease
" Ghlacamar le laghdú cheana féin i líon na dTeachtaí Parlaiminte Eorpacha atá againn.
laghdú cúig déag faoin gcéad 15 per cent reduction
" Buaileann Rónán isteach agus labhraíonn an triúr againn faoi chúrsaí ceoil i gcoitinne – faoin gcéad singil a cheannaíomar, “Mull of Kintyre”, a bhí mar bhronntanas do mo sheanmháthair; faoin gcéad cheolchoirm ar fhreastalaíomar uirthi, Lark in the Park le U2 i 1978; faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain (le sé mhí anuas, cuir i gcás, tá laghdú cúig déag faoin gcéad i ndiaidh theacht ar mhargadh na gceirníní sna Stáit Aontaithe).
ag laghdú diminishing
" Agus sin mar atá sé faoi láthair: comhlachtaí ag titim as a chéile ar 'chaon taobh, agus na bancanna á náisiúnú; ár bpinsin ag laghdú lá i ndiaidh lae; praghasanna ár dtithe ag titim agus praghasanna an bhia ag árdú.
laghdú go suntasach to lessen considerably
" Is go faiteach a bheas go leor de na heagrais Ghaeilge ag tabhairt aghaidh ar an bhliain úr agus iad in amhras faoina dtodhchaí de thairbhe fainic a thug Aire na Gaeltachta san Fhómhar gur cheart a líon a laghdú go suntasach.
laghdú a decrease
" Nuair a thiteann an OTI (GDP), tagann laghdú ar an mhéid gháis cheaptha teasa a astaítear.
laghdú lessened
" Is cur amú airgead poiblí atá ann agus ba cheart é a leasú is a laghdú.
laghdú to lessen
" Chuidigh sé le goin chultúrtha a chneasú agus le corrabhuais shíceolaíoch an chomhthionóil a laghdú.
laghdú decline
" Tháinig laghdú mór tobann ar OTI (GDP) na tíre sin agus cuireadh brú mór ar an stát leasa shóisialaigh agus ar an chóras pholaitíochta i gcoitinne.
laghdú to diminish
" ’ Mar a scríobh Joe Lee sa leabhar céanna ‘Nuair a chuir an Mistéalach cinedhíothú i leith Shasana, séard a mhaigh sé ná gur bhain an rialtas feidhm d'aon ghnó as smoladh an bharr prátaí chun líon na nÉireannach a laghdú agus an náisiún Éireannach a scriosadh, oiread ab fhéidir leo.
laghdú lessen
" Anuas ar sin, cé go raibh an rialtas náisiúnta de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ag iarraidh an STA a chur i bhfeidhm, ba é ceannaire an fhreasúra choimeádaigh a chaill a phost dá bharr! Ba é cuspóir an STA ná astaíochtaí carbóin as tionscail a laghdú tríd praghas a ghearradh ar gháis cheaptha teasa.
laghdú to lessen
" Ach má shamhlaítear duit gur líon ollmhór básanna é seo, bíodh ’ fhios agat go raibh 8,253 bás ann sa tír de dheasca ar thionóiscí bóthair i 2001! Tá sé mar sprioc ag rialtas Sarkozy an líon seo a laghdú arís go 3,000 bás (nó níos lú) in aghaidh na bliana idir seo agus deireadh a thréimhse mar uachtarán i 2012.
laghdú méide downsizing
" Cur i gcéill agus séanadh atá i ráitisí na bpáirtithe móra tuaisceartacha atá ag caint ar sheirbhísí poiblí a chostaint ach a luaithe a bheas rialtas ag feidhmiú i *Westminster* agus staidreamh státseirbhísigh an Státchiste ina lámha acu, is cinnte go bhfeicfidh muid "ciorruithe", an "nuachóiriú" (*modernisation*) agus "laghdú méide" (*downsizing*).
laghdú lessening
" Deir Browne thar ceann an IRFU, go mbeidh laghdú de €12 milliún ar ioncam an Chumann Rugbaí má leantar ar aghaidh leis na moltaí, agus gurb é tuairim an chumainn nár chóir go mbeadh ról ar bith ag an Rialtas i gcúrsaí craolacháin spóirt in Éirinn chomh fada is a bhaineann leis an rugbaí ar aon nós.
laghdú to lessen
" Ina áit sin, caithimid úsáid pacáistíochta phlaistí a laghdú, agus feabhas a chur ar athchúrsáil agus ar bhailiú an mhéid a bhíonn againn.
Laghdú to lessen
" A Líon a Laghdú ======= Is díol spéise do thurasóirí é an crogall inbhir i dtuaisceart na hAstráile agus soláthraíonn comhlachtaí éagsúla turais ar thalamh agus i mbáid leis an míol réamhstairiúil seo a fheiceáil.
ag laghdú lessening
" Tá líon na ndaoine ar fheirmeacha agus atá fostaithe ar an talamh san abhantrach ag laghdú le blianta fada anuas agus cuireadh go mór leis an gclaonadh seo le linn an triomaigh thuas.
laghdú lessen
" Áitíonn siad nach n-aithníonn an bille nua go dtagann céatadán as cuimse d'astuithe carbóin na tíre seo ó earnáil na feirmeoireachta, agus toisc go dtagann 95% de na hastuithe sin ó ghnáthobair na feirme (de réir staidrimh ón ICMSA), bheadh sé fíordheacair iad a laghdú.
laghdú to lessen
" Tá cumhacht as cuimse ag bainisteoirí idirchontae agus caithfidh an CLG a ról a shainiú níos fearr agus ualach na hoibre a laghdú dóibh.
gur cheart líon na gcomhaltaí a laghdú ina leath the number of members ought to be cut in half
" Ar dtús báire, measaim gur cheart líon na gcomhaltaí a laghdú ina leath – ó trí scór go 30 Seanadóir.
laghdú ar a lessening of
" Tá méadú ar dhaonra na háite agus laghdú ar na hacmhainní atá ar fáil.
laghduithe ar thuarastail cuts in salaries
" Tá agóid ar bun le cúpla mí anuas idir an dream a bhíonn ag obair ann agus lucht bainistíochta an túir, mar gheall ar thuarastail nár íocadh agus laghduithe ar thuarastail a bheas le n-íoc.
laghdú go dtína leath to lessen by half
" Má tá aon bhunús leis an gcaint sin, déanfar an Ghaeltacht a laghdú go dtína leath.
Laghdú Foirne lessening of team members
" Cur isteach ar lá iomlán ceiliúrtha ab ea comórtas seo na caide, ach níor chuir sé sin as dá ndíograis ar pháirc an chatha i ndeireadh na dála! Laghdú Foirne ===== Toisc gurbh é an babhta deiridh de chraobh na bliana seo níor éirigh leis an uile fhoireann an turas a dhéanamh go dtí an Cruinne.
laghdú d’ocht a cut of eight
" Agus má chuir an rialtas fianaise os comhair an phobail a léirigh go gcuirfeadh laghdú d’ocht dTeachta le feidhmiú na Dála, ní fhaca mé í.
laghdú áirithe a certain slacking off
" Do réir na dtuairiscí, is cosúil go bhfuil laghdú áirithe tagtha ar ghnó na gColáistí Samhraidh sa Ghaeltacht an samhradh seo.
laghdú ar luach tithe a drop in house prices
" Tugann roinnt fianaise ó na Stáit Aontaithe le fios go dtagann laghdú ar luach tithe nuair a thógtar feirmeacha gaoithe in aice leo.
ach laghdú beag just a small loss
" Sa tréimhse chéanna, níor tháinig ach laghdú beag ar an ioncam a fhaigheann RTÉ ón gceadúnas agus sin de bharr go bhfuil an BAI anois ag úsáid sciar den cheadúnas le cláracha a choimisiúnú tríd an scéim *‘Sound and Vision’*.
ag laghdú bliain i ndiaidh bliana becoming smaller year in year out
" Sea, 58 mí! Tá an earnáil ag laghdú bliain i ndiaidh bliana le choir a bheith sé bliana anuas agus táthar ag tuar go mbeidh sé amhlaidh i 2013 fosta.
a laghdú go suntasach to lessen significantly
" Is amhlaidh go bhfuil sé mar bheartas ag rialtas na Breataine líon na n-inimirceach a thagann go dtí an Bhreatain in aghaidh na bliana a laghdú go suntasach.
na laghduithe inimirce of lessening imigration
" Ábhar Imní? ===== I gcomhthéacs seo na laghduithe inimirce, b’fhéidir gur cúis imní iad uimhreacha an daonáirimh a bhaineann le heachtrannaigh sa Ríocht Aontaithe.
laghdú líon na laethanta lessening the number of days
" Guthaíocht faoin Teorainn Leis an fhoréigean a bhain le laghdú líon na laethanta a mbeadh brat na Breataine ar foluain os cionn Halla na Cathrach i mBéal Feirste, tuigeann muid cén fáth.
laghdú dífhostaíochta cutting unemployment
" Cheap siadsan nár chóir don rialtas cur isteach ar an gheilleagar, agus gur chóir an bhéim a chur ar shrianadh boilscithe, in ionad a chur ar laghdú dífhostaíochta.
laghdú ar bith any decrease
" Níl an chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh laghdú ar bith ar an réimse spéise seo ach an oiread.
tháinig laghdú ar an líon coireanna the crime figures decreased
" Ach léiríonn staidrimh choiriúlachta gur tháinig laghdú ar an líon coireanna le linn an chúlaithe is deireanaí.
is amhlaidh a tháinig laghdú beag there was actually a small decrease
" De réir dhaonáireamh na bliana 2011, is amhlaidh a tháinig laghdú beag ar líon na ndaoine atá ina gcónaí sa tír.
luaitear laghdú ar líon na mbásanna ar muir a lessening in the number of deaths at sea is mentioned
" Ós rud é go bhfuair breis is 17,000 duine bás idir 1993 is 2012 agus iad ag iarraidh dul chun nó fanacht san AE, ní hionadh go luaitear laghdú ar líon na mbásanna ar muir mar cheann d’aidhmeanna EUROSUR, leis.
laghduithe tuarastail a chur i bhfeidhm bringing in pay cuts
" An rogha a bhí aige ná laghduithe tuarastail a chur i bhfeidhm tré reachtaíocht nó tré iarracht eile a dhéanamh tíocht ar shocruithe leis na ceardchumainn, ceann ar cheann tré úsáid cliste a bhaint as an LRC.
i bhfianaise laghdú leanúnach in light of the continuing fall off
" Ag trácht ar na deacrachtaí atá ag nuachtáin chlóite sna laethanta seo a bhí sí, i bhfianaise laghdú leanúnach i líon na ndaoine atá ag ceannach nuachtán clóite.
an laghdú ar chostaisí rialtais the lessening of government costs
" Aontaíonn go leor leis, agus glaonn siad ‘Náisiún Ford’ orthu féin - taitníonn na ciorruithe cánach agus an laghdú ar chostaisí rialtais go mór leo.
laghdú ina sciar den mhargadh a drop in their share of the market
" Cé gur chuir cinneadh míofar GM go leor daoine le báiní abhus, bhí sé i gcomhfhios don saol mór le deich mbliana anuas go raibh an comhlacht ag sracadh leis an saol agus laghdú ina sciar den mhargadh le sonrú de réir a chéile.
laghdú beag a slight decrease
" Bhí méadú le sonrú in áiteacha – Cardiff agus ceantar na hardchathrach mar shampla – agus laghdú beag in áiteacha eile – Ceredigion agus iarthar tíre, cuirim i gcás.
laghdú cánach a tax cut
" Is é an sprioc atá acu sin leanúint leis an traidisiún scannáin mhóreachtraíochta a dhéanamh ann ach, gí go bhfuil tacaíocht rialtais ar fáil chomh maith le 25% de laghdú cánach faighte acu, níl ag éirí go maith le Cinecittà faoi láthair agus tá an bhainistíocht faoi bhrú le foinsí maoine eile a aimsiú.
bhfuil laghdú tagtha ar an líon oibre the amount of work (available) has fallen off
" Feiceann Muireann go bhfuil laghdú tagtha ar an líon oibre atá ar fáil agus go bhfuil ‘race to the bottom’ i gceist leis an ghairm chomh maith le neart tionscal eile in Éirinn.
an laghdú i líon na dturasóirí the decrease in the number of tourists
" Is mian leis an Rialtas san Astráil straitéis nua margaíochta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an laghdú i líon na dturasóirí atá ag tabhairte cuairte ar an tír le roinnt blianta anuas.
laghdú decrease
" Ní thiocfaidh athrú ar iompar thiománaithe na hÉireann ar na bóithre, agus ní thiocfaidh laghdú ar líon na dtaismí, go dtí go gcuirfear na dlíthe i bhfeidhm ar bhealach níos doichte.