Pota Focal Intergaelic
| ale | E | íle | L
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha in competition with one another for gigs
" Nuair a thosaigh Altan sna hochtóidí, ní raibh ann ach cúpla grúpa mór traidisiúnta (na Chieftains, De Danann, Arcady) ach anois tá go leor grúpaí eile traidisiúnta in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha.
a bhuíochas le thanks to
" Tháinig meath arís ar an teanga le linn na gcaogaidí agus na seascaidí ach tá feabhas mór tagtha ar an scéal ó na seachtóidí ar aghaidh, a bhuíochas le dúthracht agus díograis mhúinteoirí na scoileanna agus an dream a roghnaigh an Ghaelainn mar theanga bhaile.
mór le rá important
" 'Is cóir cuidiú a thabhairt d'fheirmeoirí beaga agus d'fheirmeorí tionónta ach ní do dhaoine saibhre,' a dúirt an tUasal Watts, atá ina chathaoirleach ar ghrúpa feisirí ó iarthuaisceart Shasana agus atá mór le rá sa pháirtí.
ar mhaithe le for the sake of
" Ná déanaimis an botún céanna arís ar mhaithe le scéal maith a insint.
ghréasáin le bandaraon leathan networks with wide bandwidth
" Anuas air sin, tá na comhaid a ghintear millteanach mór agus níl sé indéanta iad a scaipeadh ach ar ghréasáin le bandaraon leathan, ar nós na gceann "broadband" atá le fáil go forleathan i Meiriceá agus coitianta i measc eagraíochtaí móra san Eoraip.
mbeidh a thionchar le brath its influence will be felt
" Cé go bhfuil Napster féin beagnach imithe, is cinnte go mbeidh a thionchar le brath ar an tslí a scaiptear eolas ar an idirlíon amach anseo.
le haimhleas an phobail Chaitlicigh to the detriment of the Catholic population
" Bheadh sé le haimhleas an phobail Chaitlicigh, dar leo fosta, gan iad féin a chur chun tosaigh.
nach dtig a iomrá 'fhad le Balor without word of it reaching Balor
" Is beag cat a chorraíonn nó cú a chacann ar an oileán ciachmhar, ciaptha seo nach dtig a iomrá 'fhad le Balor na Súile Nimhe luath nó mall.
le hinfheistíocht bhreise a mhealladh to attract extra investment
" Seo sampla iontach de dhream Éireannach a dhein iomaíocht le hinfheistíocht bhreise a mhealladh go hÉirinn; léiríodar go bhféadfaidís airgead an chomhlachta a shábháil trí ionad nua a bhunú sa Spidéal seachas é a lonnú i Meiriceá.
go snaidhmfí a shloinne riamh le that his surname would ever be linked with
" Cuid eile díobh sin as sraith 'ghallda' an liosta thuas, is féidir gur ag ceilt sloinne Gaeilge atáid: James Hawkins = Glaisne Ó hEachaidhean (= Haughian) Eugene Archibald = Eoghan Mac Giolla Easpaig (= Mac Gillespie) Timothy Bywater = Tomhaltach Ó Srutháin (= Sruffaun) Mary Barnacle = Mór Ní Chadhain (= Coyne) Lawrence Biggar = Lochlann Mag Uidhrín (= Mac Givern) Cé shamhlódh agus sinn ag tagairt thuas ar ball d'údar an duain 'Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh', Giolla na Naomh Ó hUidhrín, go snaidhmfí a shloinne riamh le logainm de chuid na hAlban, 'Bigger'? Is iomaí cor a chuireas an sloinne de scaití.
i gcomhar le in conjunction with
" Bord Oideachais don Ghaeltacht agus don Ghaeilge faoi Alt 31 den Acht Oideachais bainte amach i gcomhar le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna.
cur le chéile work together
" Tá tréimhse an-rathúil romhainn má bhíonn ar ár gcumas ar fad cur le chéile agus leas a bhaint as na deiseanna ar fad atá agus a bheas ar fáil dúinn.
le linn na trialach during the trial
" Cén bhaint atá ag seo le cúrsaí? Is é an pointe ar mhaith liom aird a tharraingt air ná gur cuireadh Simpson i gcarcair díreach i ndiaidh dhúnmharú Simpson Brown agus Goldman agus nár ligeadh amach ar bannaí é ag am ar bith le linn na trialach.
le hamhras a tharraingt air to make him a suspect
" Ar an lámh eile, tá cead a chinn tugtha do Blake, in ainneoin go bhfuil go leor fianaise ann le hamhras a tharraingt air.
le cur in iúl do dhaoine to inform people
" Fiú tá comharthaí anois ag Údarás na Gaeltachta le cur in iúl do dhaoine go bhfuil siad sa Ghaeltacht.
tacú le gnólachtaí support businesses
" An bhfuil sé in am ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn EOGO laghdú a dhéanamh ar dheontais do chomhlachtaí agus fiontair nach ndéanann a ngnó i nGaeilge? Má tá comhlacht ag feidhmiú i mBéarla, nár cheart dó a chuid tacaíochta a éileamh ó Enterprise Ireland nó ó fhoinse eile? Ar cheart go mbeadh sé mar pholasaí ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn gan ach tacú le gnólachtaí atá i ndáiríre faoi fhostaíocht agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge? Tá feachtas láidir leathan de dhíth le taispeáint do mhuintir na Gaeltachta gur fiú dóibh an Ghaeilge a úsáid.
tógtha le taken with
" Bhí mé iontach tógtha le hóstán an bhaile ó tharla coicís chrua a bheith caite agam ar an bhóthar.
le teacht i bhfeidhm come into being
" com" cláraithe anois, tá scata ainmneacha fearainn nua le teacht i bhfeidhm ag deireadh na bliana.
ag déanamh tríligh le chéile twittering away with one another
" Nuair a tháinig na héin bheaga chainteacha Lochlannacha anseo - na síodeitigh nó *bombycilla garrulus* - chuaigh mé ar an idirlíon fosta agus tháinig mé ar shuíomh gréasáin éaneolaithe áitiúla, a bhí ag déanamh tríligh le chéile, mar a déarfá, ar chlár plé.
cé nach raibh aon choinne aici luí le craoltóireacht although she wasn't expecting to become a broadcaster
" Bhí patachán trí bliana d'aois ag Neasa ag an am agus cé nach raibh aon choinne aici luí le craoltóireacht - bhí an chéim dhochtúireachta comhlíonta seachas an tráchtas - chuaigh sí sa tseans agus b'in sin! Thosaigh sí féin agus Seán Ó Tuairisc ag cur an chláir cúrsaí reatha "Cúrsaí" i láthair ag an am.
ag dul i ngleic le tackling
" "Ba mhór an dúshlán agus ba mhór an pléisiúr dúinn an tréimhse sin ar 'Cúrsaí', ag dul i ngleic le scéalta go laethúil.
ag treabhadh le chéile working together
" " An cheist a chuirfeadh sí ná "an bhfuil na polasaithe stáit go léir agus an bhfuilimid féin mar phobal ag treabhadh le chéile sa tslí is éifeachtaí ar mhaithe leis an teanga?" Tá obair mhór ar siúl ag an mbean ghníomhach seo, i mórán réimsí den saol.
le haghaidh an fhíorsheisiúin for the real session
" agus nuair a chríochnaíonn an rud foirmeálta tá sé de nós ag na fonnadóirí bualadh le chéile le haghaidh an fhíorsheisiúin ar chúl Thigh Uí Chléirigh (nó "The Blonde's" mar is fearr aithne air).
le fonn caointe feeling like they want to cry
" Ar an drochuair, tá an píosa áirithe talaimh sin ag titim isteach sa chlábar agus lucht féachana scanraithe ag breathú air le fonn caointe.
fáil réidh le get rid of
" Tá Rialtas na Breataine ag iarraidh fáil réidh le Fadhb na hÉireann.
le seo by now
" " Thug Síle cluas bhodhar dó nó bhí a fhios aici go raibh braon maith sa ghrágán aige le seo.
cloí le modhanna polaitiúla stick to political methods
" Measann sé go raibh sé tábhachtach an fód a sheasamh agus foréigean a úsáid ach i ndiaidh uafás Inis Ceithleann tháinig sé ar an tuiscint go mbeadh sé níb éifeachtaí cloí le modhanna polaitiúla agus na gunnaí a chur ar leataobh.
le seo by now
" " Thug Síle cluas bhodhar dó nó bhí a fhios aici go raibh braon maith sa ghrágán aige le seo.
i ngleic le fighting with
" Tá grúpaí eile ar fud na tíre i ngleic le comhairlí contae atá ag iarraidh loiscneoirí a thógáil ina gceantar.
ag dul i ngleic le tackling
" Tagann deireadh le gach ré, áfach, agus is cinnte gur ré nua í seo d'Fhoras na Gaeilge agus an eagraíocht ag dul i ngleic le forbairt na Gaeilge ar an oileán uilig.
an col le machnamh the aversion to thinking
" Is gnéithe suntasacha dá gcultúr corparáideach an col le machnamh, le hathmheas agus le nuálaíocht.
le fáil thíos ná thuas not to be found anywhere
" Ní raibh Úna le fáil thíos ná thuas ach níor cronaíodh i bhfad í nó bhí lán á ndá súil rompu.
an samhnas le bia feeling sickened by food
" " "Gheobhaidh mise tacsaí," arsa Cian, agus fuair, nó ní raibh lá suime aige sa tseanrámhailligh a bhí ar Dhónall faoin "chloigeann mhór", "an teangaidh ramhar", "an goile dóite", "an samhnas le bia" nó "tinneas póite".
a gcaitear le mionlaigh that minorities are treated
" Tá an tslí a gcaitear le mionlaigh sa tír seo go mór i mbéal an phobail le déanaí agus mórán Éireann inimirceach idir theifigh, dhídeanaithe agus imircigh eacnamaíocha ag teacht chun na tíre.
le fáil thíos ná thuas not to be found anywhere
" Ní raibh Úna le fáil thíos ná thuas ach níor cronaíodh i bhfad í nó bhí lán á ndá súil rompu.
an samhnas le bia feeling sickened by food
" " "Gheobhaidh mise tacsaí," arsa Cian, agus fuair, nó ní raibh lá suime aige sa tseanrámhailligh a bhí ar Dhónall faoin "chloigeann mhór", "an teangaidh ramhar", "an goile dóite", "an samhnas le bia" nó "tinneas póite".
le haird a tharraingt to focus attention on
" Sheas Bernadette mar iarrthóir i dtoghchán Eorpach na bliana 1979 le haird a tharraingt ar na cimí a bhí ar an phluid sna Blocanna H.
inchurtha le comparable to
" Is minic a chuirtear an cheist eile seo: cén fáth nach féidir cúig iománaí dhéag a fháil i mBaile Átha Cliath a bheadh inchurtha le haon chúigear déag eile as aon chontae eile sa tír? Nach bhfuil milliún duine nó mar sin ina gcónaí i gContae Átha Cliath? Caithfidh sé go bhféadfaí foireann sách maith a fháil as an méid sin daoine! Ceist an-réasúnta í seo mar i ngach spórt eile bíonn foirne as Baile Átha Cliath in uachtar ó am go ham.
le dul in iomaíocht le to compete with
" B'fhéidir ansin go n-éireodh le hÁth Cliath foireann den scoth a chur chun páirce le dul in iomaíocht le Cill Chainnigh, an Clár agus araile.
corradh le more than
"corradh le 40 milliún Gael-Mheiriceánach sna Stáit Aontaithe, agus cé nach bhfuil an Ghaeilge ag mórán daoine, tá an líon daoine a bhfuil an teanga acu ag méadú le blianta beaga anuas.
le go mbeidh sé d'acmhainn acu so that they can afford
" Mheall siad réiteoir i ndiaidh réiteora le cluiche i ndiaidh cluiche a chríochnú le comhscór - athimirt i ndiaidh athimeartha agus milliúin i ndiaidh milliún punt ag dul isteach i gciste Ard-Chomhairle Chumann na gCleasaithe Lúbaireachta, le go mbeidh sé d'acmhainn acu bosca corparáideach a fháil ar cíos.
ag druidim le approaching
" Agus muid ag druidim le 2018, tá sé suimiúil go bhfuil na Sasanaigh agus na hÉireannaigh ar aon tuairim sa chás seo agus go bhfuil na haontachtaithe ina n-aonar.
ag tacú le supporting
" Is díospóireacht shuimiúil agus chasta í - an fíorealaín é saothar a chruthaítear go speisialta do chomhlacht idirnaisiúnta le táirge dá chuid a dhíol agus íomhá a chruthú dó? An gcailleann an saothar agus an t-ealaíontóir creidiúint de bharr go bhfuil siad ag tacú le fógraíocht nó an bhfuil an dá thaobh ag baint tairbhe as? D'fhéadfá a rá gurb é Andy Warhol an saineolaí ó thaobh sochar a bhaint as cúrsaí tráchtála lena shaothar féin a chur chun tosaigh.
Bhí an t-allas ina rith le Rita Rita was embarrassed (lit., 'sweating')
" " Bhí an t-allas ina rith le Rita fán am a tháinig Caitríona ar ais leis an tae agus na brioscaí.
le próiseáil to process
" Ar deireadh, dúirt an Nua-Shéalainn go dtógfaidís tuairim is trian de na daoine le próiseáil go bhfeicfí an teifigh i ndáiríre iad.
le titim amach to happen
" De dheasca an spriocama atá ann don alt, bíonn i gcónaí géarchéim réidh le titim amach nó ar tí á réiteach agus mé i mbun pinn.
a bheith le brath to be felt
" Dúirt sé gur paradacsa a bhí ann dó a bheith ina sheasamh i suíomh lán áilleachta agus ciúnais ach ag an am céanna brón a bheith le brath ann chomh maith.
téann na daoine seo le báiní these people become furious
" Chuile uair a bhíonn comhscór ann téann na daoine seo le báiní ar fad toisc go gcreideann siad, ní hea ach go bhfuil a fhios acu go maith, go líontar pócaí daoine áirithe leis an airgead a chaitheann gnáthmhuintir na hÉireann agus iad ag tabhairt tacaíochta dá gcontae dúchais.
Le mo linnse in my time
" Ní raibh tada de sin ann Le mo linnse.
ar comhaois le the same age as
" "Tá tú ar comhaois le Miss Gulliver, nach bhfuil?" "Is fíor sin," ar sise.
le clic nó dhó luiche with one or two mouse clicks
" Is féidir féachaint ar chuid mhaith de na pictiúir atá ar taispeáint go poiblí sa ghailearaí agus breis eolais a fháil mar gheall orthu le clic nó dhó luiche.
ar bís le leanúint ar aghaidh leis an obair we can't wait to continue with the work
" Tá mé féin agus mo chairde anseo i Milwaukee ar bís le leanúint ar aghaidh leis an obair.
le ceangal fit to be tied, angry
" Dá ndéanfaidís é sin bheadh an domhan Arabach le ceangal agus bheadh a Jihad ag bin Laden.
le ceansú to be appeased
" Tá cogadh aige le treorú, comhaontos le cothú agus pobal le ceansú.
réitíonn daoine le chéile people get on with each other
" Caithfidh mé a rá gur breá liom Harlesden, go háirithe mar gheall ar gur áit é atá go hiomlán ilchultúrtha agus de bharr go réitíonn daoine le chéile.
le haois asail for a long time
" "Bhí sé ar na bacáin le haois asail ach tá sé chugainn fá dheireadh," a mhaígh Balor an Scolardach Polaitíochta nuair a chuala sé an fógra ar dhíchoimisiniú ghunnaí an IRA.
Níl tarrtháil le déanamh ort There's no saving/helping you
" "Níl tarrtháil le déanamh ort.
le mo cheansú to calm me down
" Ach go bé go bhfuil Meic ansin le mo cheansú, níl a fhios cad é a dhéanfainn.
le taobh mar a bheidh sé compared to what he'll be like
" "Níl a dhath anseo le taobh mar a bheidh sé agus é ag gearradh fiacla.
le braithsean to be seen/perceived, referring to facial expression here
" Chonacthas do Nuala go raibh go raibh miongháire le braithsean ar ghnúis Shinéid.
le sárú to overcome
" Deacrachtaí ======= Beidh deacrachtaí le sárú ag an rialtas nua.
inchurtha le comparable to
" Déanann Fionnuala féin mír Ghaeilge a thaifeadadh i Today FM, cuir i gcás, agus deir sí nach bhfuil an trealamh atá acu siúd inchurtha le trealamh Raidió na Life ar chor ar bith.
i dtaca le costas de as regards cost
" Ach má amharctar ar an phróiseas mar leathnú ar an ghnó, is cinnte gurb ionann é agus ceann de na roghanna is éifeachtaí, i dtaca le costas de, do ghnólacht ar bith.
le cois áis chuardaigh as well as a search facility
" Tá sé furasta do bhealach a dhéanamh fríd an suíomh agus tá léarscáil ann ina bhfuil mionsceitsí de na táirgí go léir, le cois áis chuardaigh.
in iomaíocht le competing with
" " - *David Lee, eagarthóir na hirise ealaíne* The Jackdaw Bhí triúr eile in iomaíocht le Creed chun duais £20,000 an Turner a bhuachan: an grianghrafadóir Richard Billingham as Birmingham a úsáideann a theaghlach mífheidhmiúil mar fhoinse; an scannánadóir Isaac Julien as Londain a dhéanann scannáin, físeáin agus suiteálacha bunaithe ar bhunchruthanna ciníocha agus inscneacha; agus an t-ealaíontóir suiteála Mike Nelson a chruthaíonn timpeallachtaí bréagacha atá breac le tagairtí stairiúla, cultúrtha agus sóisialta.
réitíonn siad go maith le chéile they get on well with each other
" Tá triúr tánaistí aigesean agus deir sé go réitíonn siad go maith le chéile agus go dtugann siad tacaíocht láidir dá chéile i gcónaí.
thug sé sciord ghasta daofa le bréid he gave them a quick wipe with a cloth
" Thug sé faoi deara go raibh na scátháin chliatháin chomh dubh le súiche agus thug sé sciord ghasta daofa le bréid a bhí sa charr aige.
smut chomh fada le bliain a big long face
" Bhí sé de chlú ar McAllister go raibh smut chomh fada le bliain air agus nach raibh sé de nós aige pas a thabhairt do dhuine ar bith ar an chéad iarraidh.
Murar scar sé le pingin mhaith if he didn't part with a fair amount of money
" Murar scar sé le pingin mhaith bheifí ag déanamh nach raibh meas madaidh aige uirthi.
a ligean le sruth let it go
" " Bhí oiread céille ag an gasúirí agus an ceann sin a ligean le sruth nó bhí a fhios acu go dtiocfadh le Tadhg a bheith ramhar sa réasún nuair a bhí sé tógtha.
smut chomh fada le bliain air face as long as a Lurgan spade, very sulky expression
" Bhí sé ina shuí ansin agus smut chomh fada le bliain air nuair a tháinig a chara Máire isteach.
le fanacht ar mo chiall to remain sane
" Tá cara agam as Baile Átha Cliath a chónaíonn i mBéal Feirste agus deir sise: "Caithfidh mé imeacht achan choicís le fanacht ar mo chiall.
cloí le stick to
" Má tá cuid mhaith grianghrafanna le clóbhualadh, d'fhéadfadh sé a bheith níos saoire cloí le gnáthcheamara, na grianghrafanna a réaladh go proifisiúnta agus ansin na pictiúir atá le cur ar ríomhaire a scannáil le scanóir.
i dtaobh le depending on
" An ceann is túisce a rithfeadh leat ná go bhfuilimid i dtaobh le foclóir Béarla-Gaeilge a ullmhaíodh go gearr i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
le haghaidh a fhoilsithe ar an láithreán for publication on the site
" ie* gach rud a d'éiligh Aogán, ach tá lúcháir orainn a rá go bhfuil liosta cuimsitheach téarmaí de chuid an Choiste Téarmaíochta curtha ar fáil ag an nGúm le haghaidh a fhoilsithe ar an láithreán.
cé acu a théann léine ghlas le briste gorm whether a green shirt goes with blue trousers
" Bhí an saol ag dul thairis aniar agus níor mhian le Fiachra é a chaitheamh á bhuaireamh féin fá cé acu a théann léine ghlas le briste gorm.
tá uisce le mo ghialltrachaí le dúil my mouth is watering with craving
" Agus mé ag suí chun boird le mo rogha de bhéile a phiocadh ón gclár leathan atá ar fáil le linn Sheachtain na Gaeilge tá uisce le mo ghialltrachaí le dúil! Ach ní fhéadfainn gan an choirm cheoil mhór in Break for the Border (i lár chathair Bhaile Átha Cliath) a bheas ar siúl Dé Céadaoin, 13 Márta a lua libh.
i mbaol báis le linn na breithe in danger of dying during the birth
" Beidh an ginmhilleadh ceadaithe fosta i gcás ban a bheas i mbaol báis le linn na breithe.
D'fhuáil go leor teifeach a mbeola le chéile Many refugees sewed their lips together
" D'fhuáil go leor teifeach a mbeola le chéile le sreang mhiotal in ionaid ar fud na tíre chun cur in iúl go soiléir nach rabhthas ag éisteacht leo.
ar mhaithe le cearta daonna for the sake of civil rights
" Impíodh ar an rialtas na hionaid choinneála a dhúnadh ar mhaithe le cearta daonna ach níor bhog siad óna seasamh cruachroíoch.
le cur fúthu ar tír mór to settle on the mainland
" Ach ó 1948 ar aghaidh, thosaigh na teaghlaigh a fhágáil Ghabhla agus na n-oileán eile le cur fúthu ar tír mór.
le béal ar leathadh with an open mouth
" "Cén béal? Cén druid? Cén chúis?" a fhiafraíonn Balor le béal ar leathadh.
i gcomórtas le compared to
" Maireann an cúrsa seo trí huaire a chloig gach seachtain go cionn dhá bhliain, agus cé nach mór an líon ama é i gcomórtas le hábhair eile is tréimhse í a thugann seans domsa agus do Emma Nic Chárthaigh, an múinteoir eile Gaeilge, roinnt mhaith den teanga a mhúineadh dóibh.
castáil le to meet
" **Antaine:** Cén fhís atá agaibh nó céard ba mhaith libh a bhaint amach le Cumar? **Neansaí:** Deis a thabhairt do na ceoltóirí óga castáil le daoine eile ar comhaois leo féin agus ceol maith a chloisteáil agus a fhoghlaim.
breac le póstaeir full of posters
" Bhí an tír breac le póstaeir a thaispeáin a aghaidh ghriandaite agus ar a raibh manaí mar "cathracha níos sábháilte, post agus cánacha níos ísle do gach duine".
le dul i ngleic leis to tackle
" Cuireadh go mór leis an líon áiteanna atá ar fáil sna hInstitiúidí Teicneolaíochta le dul i ngleic leis an bhfadhb seo.
le blaiseadh to be experienced
" Tá láithreacha seandálaíochta anseo againn, iarsmaí ón luath-Chríostaíocht ann go flúirseach agus cultúr na nGael le blaiseadh ann.
le hiad a threorú to guide them
" Is idir Contae an Chláir agus Inis Oírr a sheoladh na soithí ar a mbealach isteach go Gaillimh agus ba ghnách leo píolótaí ón oileán a thógáil ar bord le hiad a threorú isteach sa gcuan.
le deireanas recently
" Ar chláracha TG4 "Geantraí" agus "Abair Amhrán" le deireanas cloiseadh an t-amhránaí Lasairíona Ní Chonaola, atá ar an dlúthdhiosca "Lights In The Dark" agus a bhfuil albam nua dá cuid ullmhaithe agus le foilsiú i rith an tsamhraidh; na ceoltóirí Pádraig agus Máirtín Ó Domhnaill; Mícheal Ó hAlmhain, atá gníomhach go náisiúnta i gComhaltas Ceoltóirí Éireann agus atá ina chónaí anois le fada in Inis Oírr.
le héalú go gasta to escape quickly
" Seans go mbeidh an t-airgead de dhíth orm le héalú go gasta ón áit seo.
le sonrú to be noticed
" Tá sé sin le sonrú ar a laghad imreoirí ar fhoirne na Gaillimhe agus Thiobrad Árann as na bailte móra a bhí páirteach ina mbua siúd anuraidh.
istigh agus amuigh le cúig bliana the better part of five years
" Cé go raibh seanaithne acu ar a chéile ó bhí siad beirt ar an ollscoil i nGaillimh, bhí sé istigh agus amuigh le cúig bliana ó chonaic siad a chéile anois.
le dath a chur air go díreach just to colour it
" " "Deor bheag bhídeach," arsa Nell, "le dath a chur air go díreach.
a croí ag brúcht le feirg raging/bursting with anger
" Níl inti ach tachrán," arsa Nell agus í ag smaoineamh siar ar na hócáidí sin uilig ar an choláiste a raibh a croí ag brúcht le feirg agus í i ndiaidh léasadh béil poiblí a fháil ó Lillian.
le cor a chur sa chaint to change the subject
" Sa deireadh, le cor a chur sa chaint, dúirt sí, "Tá boladh breá agat, Bolognaise ab é?" "Is é.
le hoidhreacht {they} inherit
" Faigheann siad teach a muintire le hoidhreacht, agus tarlóidh an rud céanna i gcás a gcuid páistí.
breac le striapacha full of prostitutes
" San oíche, bíonn cathracha móra mar Milano agus Torino breac le striapacha agus le trasghnéasaigh leathnochta, iad ina seasamh ar thaobh na sráide ag lorg custaiméirí.
inchurtha le comparable to
" " "Is iomaí spórt a thaitníonn le muintir na hÉireann," a mhaíonn Balor an Buachaill Báire, "Ach níl ceann ar bith acu inchurtha le hOlltoghchán.
imithe le sruth gone down the drain
" Tá go leor de na seandílseachtaí polaitiúla imithe le sruth faoin am seo, agus cuirfidh cuid de na torthaí an-iontas ar dhaoine.
ar maos le hairgead very well-off financially
" Tá fíric amháin faoi Shinn Féin nár chóir dearmad a dhéanamh air: tá an páirtí ar maos le hairgead, agus tig leat go leor a dhéanamh ach na pingineacha a bheith agat.