Pota Focal Intergaelic
lap | lea | leac | leag | leam
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dá léim ingearach for her vertical leap
" 5 soicind, na *splits *a dhéanamh agus preabadh 30 orlach dá léim ingearach.
bliain bhisigh leap year
" Tuilleann (*oops!*) - faigheann ceathrar acu breis agus míle euro an duine sa mhí mar chostais! Agus cad é a fhaigheann Balor Bocht in aghaidh na míosa? An méid céanna is a bhí á fháil aige nuair a tháinig an liarlóg seo amach an chéad lá riamh: ceithre cent déag; cúig cent déag má bhíonn tríocha a haon lá sa mhí; dhá cent déag i mí Feabhra agus trí cent déag gach ceathrú Feabhra nuair is bliain bhisigh a bhíonn ann - mar atá i mbliana, buíochas le Dia! Yahú! Bhí sé ag madraí an bhaile riamh anall gur daoine cruógacha a bhí i mbaill tofa an Údar Ass, cuid acu níos cruógaí ná a chéile, agus an ceathrar ar bharr an liosta is cruógaí ar fad acu: Pádhraic Ó Bia, Brains Ó Domhnaill, Daithí Elkhorn agus Randy Mac Gearailt.
an léim stairiúil sin that historic leap
" Ba mhaith liom go dtabharfaí an léim stairiúil sin anois idir lear mór daoine a bheith ann a bhfuil Gaeilge acu agus pobal ceart féinaitheanta Gaeilge a bheith ann.
bliain bhisigh, leap year
" Bhuel, tá bliain úr eile buailte linn – bliain bhisigh, a deirtear linn, agus tá muid ar fad ag súil le Dia go mbeidh biseach inteacht ar chúrsaí thar mar a bhí i rith na bliana atá díreach caite.
ní haon léim mhór é it's no great leap
" Tugadh faoi deara luath go leor i stair an phopcheoil go dtaitníonn saghasanna ceoil ar leith le daoine a éisteann le bannaí ar leith agus dá bharr, ní haon léim mhór é ón tuiscint seo go dtí feidhmchlár cliste a mholann ceoil nua duit ar an mbunús sin.
léim ollmhór a great leap
" Nuair a bhain Apollo 11 an ghealach amach ar an 20 Iúil, 1969 agus nuair a d’inis Neil Armstrong don domhan gur ‘céim bheag amháin d’fhear é ach gur léim ollmhór don chine daonna’ a bhí déanta aige, cuireadh idir ríméad agus iontas ar dhaoine gur éirigh leo a leithéid de rud a dhéanamh.
léimt a leap
" Bhí Bono tar éis léimt dhrámatúil a thabhairt anuas den stáitse le dul ag damhsa le cailín i measc an tslua.
Léim na Leimíní the lemmings leap
" Thug sé faoi deara agus é ag imeacht an lá dar gcionn go raibh bratacha Iosrael ar crochadh le mórtas sna ceantair dhílseacha! Léim na Leimíní le hAill ========= Tá cur síos drámatúil, buille ar bhuille, sa leabhar ar na laethanta beaga roimh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an ról a bhí ag na páirtithe éagsúla ann.
léimfidh shall leap
" Mar aon leis na héin, tiocfaidh an bláth ar an bhfál, an buinne ar an gcrann, léimfidh na loscainn romhat go fóill, agus beidh na gasúir amuigh ag spraoi leis an bhfad coiscéim coiligh atá ar chaon lá.
bhíog an domhan the world leapt
" Mullán cloiche a phléasc ón talamh aníos nuair a bhíog an domhan fadó fadó.
Bliain bhisigh a leap year
" Bliain bhisigh atá sa bhliain seo 2012 d’aois ár dTiarna, a deirtear linn, agus tá muid ar fad ag súil le Dia – agus Balor ag guí le Crom Dubh – go mbeidh biseach ar chúrsaí na hÉireann i rith na bliana seo.
bliain bhisigh a leap year
" B’in é fear Loch Garman ag maíomh os comhair an tsaoil nach raibh ina sheilbh ach trí chéad seasca is a cúig léine bhándearga – ceann in aghaidh an lae, mar a dúirt sé féin – nuair a léim duine de phór Fhine Gael ina sheasamh (Sin leid do lucht na gramadaí gur fear a bhí ann) agus a chuir i gcuimhne do Wallace gur bliain bhisigh atá ann i mbliana.
ag léim thar leaping over
" Bhí an uile dhream agus a thine agus a chuid bia féin á róstadh aige, agus iad ag léim thar an tine trí huaire le go mbeadh rath orthu sa bhliain amach romhainn.
agus é ar tí léim na tairsí chaitheamh when he was about to leap off from the door
" Ní hé gur duine é nach bhfuil an eagla ann mar mhothúchán, mar chuir sé síos ar na smaointe a bhí ina cheann agus é ar tí léim na tairsí chaitheamh – “ní ar churiarrachtaí nó ar an teicneolaíocht a bhí mé ag smaoineamh”, a dúirt sé, “ach ar an talamh a bhaint amach beo slán”.
Gheit mo chroí ar dtús my heart leapt initially
" Gheit mo chroí ar dtús ach d’éirigh liom guaim a chur orm féin tar éis tamaill.
ag preabadh chun cinn leaping ahead
" Bhí an t-airgead flúirseach, bhí rath ar na daoine, bhí an tír ag preabadh chun cinn.