Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar eagla lest, in case
" Is saol saor ó strus an saol a bhíonn ag Michael de ghnáth agus é ag dul don líníocht sa Ghleann agus, mar a dúirt sé liom, déanann sé cinnte go mbíonn sé cóngarach do thábhairne Toigh Roarty, nó do chaife an Chlacháin, ar eagla go mbuailfidh an tart é agus é ag líníocht leis! Stopann daoine agus é ag tarraingt fá choinne comhrá beag leis.
ar eagla lest, for fear of
" Leagadar rompu agus rinne uisce faoi thalamh le chéile le bheith cinnte gurbh é an náisiún mór, saibhir, an Fhrainc, agus nárbh é an tírín beag, bocht, Éire éidreorach (a bhí saibhir cúpla bliain ó shin ach nach bhfuil cianóg rua ná sciúrtóg fanta anois aige), a rachadh chun na hAfraice Theas an bhliain seo chugainn le himirt i gcomórtas Chorn an Domhain (sacar, ní rugbaí, ar eagla na míthuisceana).
ar eagla na míthuisceana lest there be a misunderstanding
" Is cóir a lua ar eagla na míthuisceana, go bhfuil tír is talamh faoi chomaoin mhór ag foireann RnaG agus TG4 as an tseirbhís ar dóigh agus as an tsaibhreas aisteach mhiorúilteach Ghaeilge a roinneann siad linn ó cheann ceann na bliana.
ar eagla lest
" Agus is leasc leo aird a tharraingt orthu féin nó ar an gcruachás ina bhfuil siad ar eagla go gceapfaí fúthu gur orthu féin atá an milleán má tá siad ina n-aonar.
ar fhaitíos in case, lest
" Nuair a d’inis Truman dá Rúnaí Cosanta nach raibh an dara rogha aige ach géilleadh do na Síónaigh ar fhaitíos go gcaillfeadh na Daonlathaigh stáit New York, Pennslyvania agus California, d’fhreagair Forrestal: *“I thought it was about time that somebody should pay some consideration to whether we might lose the United States.
ar eagla lest
" Is mór an baol anois go gcuirfear an saghas reachtaíocht radacach sin atá riachtanach ar an méar fhada, ar eagla go gcuirfeadh sí isteach ar dhreamanna a bhfuil bun mór acu sa chóras mar a bhfuil sé.
ar eagla na heagla lest
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil faitíos ar a lucht láimhseála é a scaoileadh amach ar an bpáirc imeartha róluath, ar eagla na heagla go ndéanfadh sé níos mó dochar ná maitheas do chás a pháirtí.
ar eagla go mbeadh orainn lest we’d have to
" Tá cóip dár dteastais bhreithe againn go léir i dtarraiceán éigin, ar eagla go mbeadh orainn clóichead a fháil nó cuntas bainc a oscailt.
ar eagla míchlú a tharraingt orthu féin lest they attract a bad name
" Níl aon saineolaí teanga sásta a rá go poiblí gur sprioc réadúil é an 250,000 cainteoirí laethúla Gaeilge, ar eagla míchlú a tharraingt orthu féin.
ar eagla go mbeadh dul amú ort lest you’d be mistaken
" Búrcaigh agus Uí Néill i gCroílár na Brataí ================= Lena ndílseacht a dhéanamh níos soiléire, bhí bratacha ag an *Aviva* a raibh meirge Uladh agus Bratach an Aontais i gcúinne amháin air, ar eagla go mbeadh dul amú ort.
Ar eagla na míthuisceana lest I’m misunderstood
" Ar eagla na míthuisceana, nílim ag iarraidh deireadh a chur leis na Coláistí Ghaeilge.
ar eagla go mbeadh ceann lest there be one
" Ní bheidh cead ag aon duine iris chráifeach ar bith a thabhairt isteach ar Thoraigh feasta, ar eagla go mbeadh ceann de na pictiúir náireacha seo istigh inti.
ar eagla lest
" B’amhlaidh gur theastaigh ó dhaoine a scéal a roinnt le muintir na hÉireann ar eagla, mar a dúirt duine amháin, go dtógfadh sé leis é go dtí an uaigh mura n-inseodh sé an scéal anois “Laoch mór ar lár” a dúirt Mícheál Ó Muircheartaigh.
ar eagla go ndéanfaí truailliú air lest it would be attacked
" Ní raibh ach na gaolta i láthair agus cuireadh in uaigh gan leic é ar eagla go ndéanfaí truailliú air.
ar eagla go spreagfadh sé clár faisnéise eile lest it might spark off another documentary
" ach ní mian liom a thuilleadh a rá faoi ar eagla go spreagfadh sé clár faisnéise eile!
ar fhaitíos go gcuirfinn bréantan ar an gcóisir lest I’d spoil the party
" D'inseoinnse an scéal ó thús deireadh go fial, fonnmhar, ach bhí daoine eile sa gcomhluadar, cuntasóir Béarlóra as Baile Átha Cliath, agus beirt as Londain, rud a thug orm freagra gonta a thabhairt ar an gceist ar fhaitíos go gcuirfinn bréantan ar an gcóisir le saineolas.
Bíonn blas ar an mbeagán lest is best
" Bíonn blas ar an mbeagán agus ní maith an rud barraíocht, de réir na seanfhocal.