Pota Focal Intergaelic
le | lice | lide | lief | lien
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bréaga mailíseacha malicious lies
" Tá na líomhaintí séanta go láidir ag Pell a dúirt gur bréaga mailíseacha atá iontu.
Nach réidh a tháinig an bhréag leat doesn't lying comes easy to you
" Bhris an gáire ar Frank ach char dhúirt Bróna ach "Nach réidh a tháinig an bhréag leat," agus shuigh sí isteach sa tacsaí.
na bréaga is déanaí the latest lies
" De ghnáth is thart ar an am céanna chuile thráthnóna a thagann na bréaga is déanaí amach.
ag insint bréag telling lies
" Tá fianaise le fáil sa tuarascáil sin go raibh na póilíní agus an t-arm ag insint bréag faoi na heachtraí a tharla in Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste anuraidh.
ag inseacht bréag telling lies
" Cé a shamhlódh é, caimiléirí ag inseacht bréag! *Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney.
sínte siar lying back
" Bhí Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánais sínte siar ag crú na gréine agus ag sú shú na heorna agus dar leo gur ag cumadh lúibín a bhí siad.
ag insint bréag telling lies
" Ach in áit do McLaughlin a rá go ndearna siad meancóg mhór agus leithscéal a ghabháil le cách, dúirt sé ar an raidió ar an BBC go raibh leithéidí Bruce Scott ag insint bréag.
ag bréagadóireacht telling lies
" Ní scéal nua é an Rialtas a bheith ag bréagadóireacht faoi na cúrsaí seo ach an oiread.
bréagach lying
" Tá an Toy-Boy is mó acu uilig anois ina bhoc mór ó thuaidh, an buachaill bréagáin bréige bréagach sin Ian Mór an Páiseadóir, an fear a dúirt riamh anall gur aige féin amháin agus ag a Shlánaitheoir, dar ndóigh, a bhí iomlán na fírinne agus an chirt (seachas nuair a bhíonn a Shlánaitheoir bog ar na Pápaigh, dar ndóigh.
luí leis to lie on
" " Ní thabharfadh sé de shásamh di éirí ar an toirt ach bhí a fhios aige nach raibh maith dó luí leis nó go ndéanfadh sí an oiread sin trup agus nach bhfaigheadh sé lá suaimhnis cibé.
múinteoir tuata lay teacher
" Ar mheánscoil na mBráithre Críostaí dó ansin, mhúscail Peadar Mac Cana, "múinteoir tuata agus fear iontach", suim Ken sa Ghaeilge.
cad atá romhat what lies in store
" "Bhuel tá sé scanrúil i slí mar ní bhíonn a fhios agat cad atá romhat.
bréan de bhréaga sick and tired of lies
" Bhí an chuid is mó de mhuintir na Spáinne bréan de bhréaga an oíche sin agus bhí léirsithe spontáineacha os comhair phríomhoifig an Partido Popular i Maidrid agus i gcathracha eile.
bréag chorpanta an out and out lie
bréaga lies
" Rinne an freasúra tréanionsaí ar an rialtas de bharr na tuarascála seo - dúirt siad gur thaispeáin sé go raibh bunús bréagach leis an ionradh.
chomh cleachtach sin ar an mbréag so accustomed to lies
" Tá an pobal chomh cleachtach sin ar an mbréag anois nach dtugann siad mórán airde uirthi.
éitheach lie
" Curadh mór na cainte contanóidí é gan dabht, gan amhras, gan bhréag, gan éitheach, gan agó, gan .
ba réidh a tháinig an bhréag sin leis he told that lie effortlessly
" An miste libh?" arsa Louis agus ba réidh a tháinig an bhréag sin leis.
uibheacha a bhreith to lay eggs
" Tá an iarracht is deireanaí bunaithe ar athrú géiniteach a dhéanamh ar an ainmhí sa gcaoi nach mbeadh ar chumas na gcinn óga fás agus uibheacha a bhreith.
gur Fionn a bhí breá réidh leis na bréaga that Fionn found it fine and easy to lie
" " Mhol Eilís leis, ach bhí sí ag meabhrú di féin gur Fionn a bhí breá réidh leis na bréaga.
bréagadóireachta telling lies
" Chuaigh na Gardaí go dtí an láthair chontráilte an oíche sin agus b’éigean dóibh dul i mbun bréagadóireachta dá bharr le cor a chur ar dhaoine fiosracha.
bréagadóireachta telling lies
" Chuaigh na Gardaí go dtí an láthair chontráilte an oíche sin agus b’éigean dóibh dul i mbun bréagadóireachta dá bharr le cor a chur ar dhaoine fiosracha.
bréaga lies
" Fós, cuireann daoine an cheist: ‘Cad é a rinne na hÉireannaigh sa chogadh?’ agus bíonn bréaga ann faoi na Naitsithe bheith ag spaisteoireacht thart fá Bhaile Átha Cliath aimsir an chogaidh.
thuataigh lay people
" “Bhí meascán de bhráithre agus de thuataigh againn agus bhí siad garbh go leor.
bréagadóireacht lying
" Ar ndóigh, ní mór a mheabhrú do dhaoine gurb é seo an rialtas céanna a dúirt go raibh airm ollscriosta san Iaráic agus go bhfuil bréagadóireacht de chuile shaghas cleachtaithe acu le tamall de bhlianta.
Ag insint na seanbhréag telling the old lies
" Ag insint na seanbhréag a bhí sí, mar is gnách, ina measc go raibh barraíocht daoine sa tír in 1833 ("With almost eight million people, Ireland was considerably over-populated and having difficulty feeding its populace") agus nach ndearna na scoileanna náisiúnta iarracht ar bith an Béarla a bhrú ar na hÉireannaigh.
bréag lie
" Ón lá sin amach, tá dream beag ag cruinniú le chéile chuile Dé Luain i mo theach agus ní bréag a rá go bhfuil siad in ann an Ghaeilge a labhairt go maith.
bhréag lie
" Ach ní chreidim sa bhréag seo a chuirtear thart (cuirtear thart go minic í) gur chuir gluaiseacht na poblachta siar athaontú na tíre seo.
bunaithe ar bhréag based on a lie
" Amaidí agus ábhar maslach, a deir urlabhraithe na hEaglaise Chaitlicí é an scannán *The Da Vinci Code* agus go háirithe an tuairim a chuireann sé chun cinn go bhfuil cumhacht na hEaglaise Caitlicí bunaithe ar bhréag, bréag atá á ceilt leis na mílte bliain.
ar fhleasc a dhroma lying flat on his back
" Bean mhaith ghasta í an grátachán a d’fhág Mickey Stoned ar fhleasc a dhroma – í féin chomh crua le Carraig Ghiobráltair.
bréag bhréan a rotten lie
" Ní raibh sa tuairisc sin ach bréag bhréan ó bhréantachán éigin de chuid Fhianna *friggin’* Fáil.
cén chinniúint atá i ndán dó what fate lies ahead of it
" “Tá Aontroim Thoir-theas ar a chonlán féin, agus ar a chonlán féin oibreoidh sé amach cén chinniúint atá i ndán dó agus an bealach is fearr chun tosaigh,” arsa Kirkham.
ina leathluí half lying
" Ó, a Bhaloir, cad é a dhéanfaidh mé?” D’fhág Balor Séimí an Siúinéir ina leathluí thar an chuntar, na deora móra goirte ag sileadh go fras isteach ina phionta leathólta, agus lean sé lorg doiléir an airgid fholachasaigh gur casadh dó, faoi dheireadh, Diarmuid an Dearthóir Gairdíní.
uibheacha a bhreith to lay eggs
" Toisc nach mbíonn siad in ann iad féin a chothú, faigheann siad bás den ocras tar éis trí nó ceithre lá (ach bíonn seans acu uibheacha a bhreith sula gcailltear iad).
ag insint bréag. telling lies.
" Is é sin, bhí an margadh déanta i bhfad roimh an díospóireacht i Westminster agus nuair a dúirt Blair leis an Pharlaimint ar an 25 Feabhra 2003 go raibh an Rialtas ag tabhairt “one further, final chance to disarm voluntarily”, bhí sé ag insint bréag.
cos a leagan to lay a foot
" Den chuid is mó, ní bhíonn ár gcairde in Ocean Shores sásta fiú cos a leagan in Byron Bay.
an fhoireann eile go léir ina luí orm, and the other team all lying on me,
" Agus mé brúite isteach sa phuiteach acu, agus an fhoireann eile go léir ina luí orm, bhíos cinnte go bhfaighinn bás díreach ansin.
cad a bhí i ndán dóibh. what lay in store for them.
" Ní foláir mar sin nó gur léir do dhaoine a bhí ina seasamh i scuaine chun dul isteach i bhfoirgneamh na seomraí gáis cad a bhí i ndán dóibh.
Insíodh bréaga lies were told
" Insíodh bréaga agus coinníodh rúin leis an chaidreamh bréagach seo a choinneáil ag dul.
rialacháin a leagan amach lay down regulations
" Is cosúil ón acht go gciallaíonn “forordú” ná go gcaithfeadh an t-aire rialacháin a leagan amach agus iad a chur os comhair na Dála agus an tSeanaid.
cé go n-aithníonn sé go raibh an locht air féin go príomha, although he recognised that the fault, primarily, lay with him
" Níl cuntas iomlán tugtha ag Myers ar an taifead go dtí seo ar an tslí a ndeachaigh an eachtra i bhfeidhm air agus cé go n-aithníonn sé go raibh an locht air féin go príomha, ní raibh cuid de na nithe a thit amach tar éis fhoilsiú an ailt tuillte aige, dar leis féin.
don ghnáthdhuine to the ordinary, lay, person
" Ach b’fhéidir gurb é sin an moladh is airde a d’fhéadfaí a thabhairt ar véarsaíocht – go bhfuil sé thar a bheith cumhachtach don ghnáthdhuine mar aon le hí a bheith cumhachtach don té atá oilte uirthi.
lena gcás a leagan to lay their case
" Is cinnte fosta go mbeidh go leor daoine polaitiúla mór le rá na coigríche – idir lucht tacaíochta, dóibh siúd atá in aghaidh an chonartha agus “*headbangers*”, más fíor d’Enda Kenny – ag tarraingt ar an tír seo sna míonna beaga amach romhainn lena gcás a leagan os comhair an phobail.
bord tútach a lay board
" ” Thaitin tuismitheoirí na ndaltaí go mór le Liam agus deir sé gur faoiseamh a bhí ann a bheith saor ó thionchar na cléire – bord tútach a bhí ag rith na scoile agus ceapann sé go ndearna sé sin an-difríocht.
go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe. that he will be able to guide the newspaper through whatever troubled waters that lie ahead
" ***Athruithe ag an bharr:*** Ón 3 Márta, is é Dónall Mac Giolla Chóill a bheas mar eagarthóir ar *Lá Nua* agus táimid thar a bheith muiníneach go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe.
ag insint bréaga telling lies
" Rinne sé iniúchadh ar fhigiúirí an chomhlachta agus dheimhnigh sé an tuairim a bhí againn, is é sin, go raibh siad ag insint bréaga dúinn, go raibh ní ba mhó dlúthdhioscaí díolta acu ná an líon a bhí admhaithe acu agus go raibh airgead le híoc go fóill acu linn.
Fuarthas amach bréagach iad they were got out in their lie
" Agus é ar an ardán i mbun an tseó, chuir sé ceisteanna ar bheirt nó thriúr chun bhreith amuigh orthu! Fuarthas amach bréagach iad nuair a d’fhreagair siad na ceisteanna i mBéarla – ní raibh siad toilteanach iarracht a dhéanamh, fiú, cúpla focal a chur le chéile.
ag insint bréag telling lies
" Ní hamháin go bhfuil siad ag insint bréag dúinne, ach tá siad ag insint bréag dóibh féin! Deir siad nach bhfuil iasachtaí fophríomha sa tír seo, ach tá.
ligean chun bealaigh lay off
" D'fhógair Hewlett Packard, a bhfuil 4,000 duine fostaithe acu sa tír seo, go bhfuil siad chun 24,000 duine a ligean chun bealaigh ar fud an domhain.
bréaga lies
" Léigh tú sin ar an idirlíon, nár léigh? Bhagair mise an dlí ar an amadán sin as na bréaga sin a chur ar a shuíomh.
Tha e an urra ris the responsibility lies with
" Tha e an urra ris an neach-eagrachaidh, Brian Ó h-Eadhra, fear-ciùil agus co-chomhairliche ealain a tha stèidhte ann an Inbhir Nis, a' phròiseact a stiùireadh às leth goEvents.
bréagadóireachta lying
" Ba mhaith liom chomh maith, go ndéarfadh cumann na n-imreoirí, an GPA, go soiléir go bhfuil siad ar son cur i bhfeidhm rialacha na gcluichí agus údarás an réiteora, agus i gcoinne gach saghas calaoiseadóireachta, claonbheartaíochta, bréagadóireachta, imirt neamhspórtúil agus drochbhéasa ag imreoirí.
síneadh siar to lie back
" Áit le síneadh siar Níl in óstán do roinnt daoine ach áit le síneadh siar tar éis lá mór fada fánaíochta i gceantar coimhthíoch.
shleasluí lying on (his) side
" ) Bhí brionglóid ag Balor – tromluí trom, tromchúiseach, tromchiallach, tromsmaointeach a tháinig chuige agus é ar a shleasluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathaidh as an tsliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin.
scíste relax, lay back
" Murab ionann agus tuairisceoirí na nuachtán agus na n-irisí Deutsche a ghlacann a scíste ar an Chósta del Lager Lout nó ar an Playa del Fíon Saor, bíonn Balor i gcónaí sásta fanacht i dtír na bPraghasanna Arda agus na Seirbhíse Slapaí – ar son na cúise, an dtuigeann sibh? Is breá lenár bpótaire mórbholgach, leathantónach, ollbhéil, leathchaochmhogallach a chuid Guinness, agus níl áit ar bith eile ar chlár na cruinne a mbíonn blas chomh deas air, an dtuigeann sibh? Níor éirigh leis fós dul i dtaithí ar an Pilsener nó ar an Dunkel.
bréaga lies
" Anois, a léitheoirí dílse, tá scéal ag Balor daoibh; scéal fíor dar ndóiche, nó ní thig le Balor Bóibéiseach Boigéiseach bréaga a insint.
tuaithe ná eaglasta lay or clerical
" Dar liom féin, níl rud ar bith a mharós aon chreideamh, tuaithe ná eaglasta, chomh gasta le heaspa creidhimh san fhírinne.
bréag lie
" Ní insíonn an ceamara bréag, mar a deir an seanfhocal, ach tá conspóid ar bun anois faoi iontaofacht pictiúr clúiteach amháin a ghlac Capa a thaispeáineann mílísteoir Spáinneach ag rith síos le fána á scaoileadh le hurchar agus é ag titim sa ghleo.
i gcré na cille to lay to rest, in the cemetary
" Nuair a cailleadh Charlie i 1985 thiomáin sé an t-eileatram ón gCoireán suas go Baile Átha Cliath lena chara a thabhairt ‘abhaile’ agus é chur i gcré na cille in éineacht lena chéile, Ella.
bréag lie
" Bodach na Saoirse bréagaí Agus nárbh í an ghlúin sin páistí, ar ball, a leanfadh Ostarach eile go leaca fuara Ifrinn, agus tharstu? Ní ardaíonn Haneke an cheist sin sa scannán a bhain an Palme d’Or i Cannes ar deireadh dó i mbliana.
luí lofa lewd lying
" ” Maíonn Iris go bhfuil an Pápa ar aon fhocal léi faoi ghráiniúlacht an luí lofa sin, agus sa mhéid sin tá an ceart ar fad aici.
bréag a lie
" Ach tá an ré sin thart le fada an lá agus tá sé chomh a rá go mb’fhéidir nach raibh ann riamh ach bréag.
ní bréag a rá it’s not a lie to say
" Is iad na hathruithe a bhaineann le riaradh agus le leagan amach na gcraobhchomórtas sinsear peile agus iomána is mó a bhíonn faoi chaibidil agus ní bréag a rá nach bhfuil gach duine sásta lena bhfuil ag tarlú.
chur faoi léigear to lay seige to
" Agus cóir na gaoithe leo, bhí fad breise le buillí imreoirí Mhícheáil Bhreathnaigh agus bhí ag éirí leo cúl na nAlbanach a chur faoi léigear arís agus arís eile.
bréaga áiféiseacha ridiculous lies
" Ba mhó an masla dár bpobal tacaíochta é nuair a cumadh bréaga áiféiseacha faoin airgead a tugadh dóibh.
bhréag lie
" Deirtear nach n-insíonn an ceamara aon bhréag.
ag inseacht éithigh telling lies
" Ba cheart go mbeadh lucht oibre na tíre seo ag seasamh gualainn le gualainn le lucht oibre na Portaingéile, na Spáinne, na Gréige mar go bhfuileann siad súd ag fulaingt an ruda chéanna agus tá siad deighilte lena chéile i ngach tír, na meáin ag cur isteach orthu, ag rá nach bhfuil an tarna rogha acu ach é sin a dhéanamh, ag inseacht éithigh don chuid is mó mar gheall ar ana-chuid des na rudaí seo.
leagan amach plan, lay out
" Chuaigh an bothán sin agus leagan amach an tsráidbhaile féin go mór i bhfeidhm orm toisc go raibh a leithéid feicthe agam sa Pháirc Oidhreachta Náisiúnta i Loch Garman cheana, áit a bhfuil macasamhlacha de na ráthanna agus de na crannóga ina gcónaíodh muintir na hÉireann beagnach dhá mhíle bliain ó shin ann.
Seanmóirithe tuata lay preachers
"Seanmóirithe tuata a bhí sna Tolpuddle Martyrs, cuir i gcás.
leagan to lay
" Ag croílár an scannáin tá pobal Ros Dumhach agus cúigear fear a chaith 94 lá sa phríosún toisc gur dhiúltaigh siad gan cur isteach ar an ollchomhlacht idirnáisiúnta ola Shell agus iad ag iarraidh píplíne gháis ardbhrú a leagan ar leic an dorais acu, go deimhin, an píopa a leagan tríd a gcuid talún.
ubh a bhreith to lay an egg
" Maidir leis féin, fásfaidh eireaball ar ais le himeacht ama – roinnt seachtainí! Nuair atá siad réidh chun ubh a bhreith, ní thiocfaidh ach ubh amháin ag am faoi leith, agus clúdófar le lustran é ar ghrinneall an locháin.
bréag a lie
" Agus é ina chathaoirleach ar an gCácas Comhdhála um Chearta an Duine, chuir sé dallamullóg ar a chomhghleacaithe agus ar an bpobal maidir le ‘Nayirah,’ iníon ambasadóir Chuáit, a d’inis an scéal faoi shaighdiúirí Saddam ag caitheamh leanaí amach as goradáin otharlainne — bréag a chuir ina luí ar dhaoine tacú le Cogadh na Murascaille.
inár luí lying
" Ba nós linn an lá ar fad a chaitheamh ar an trá, inár luí faoi sholas na gréine faoi scáth na sléibhte ceannasacha i lár an oileáin.
cailín tuata a lay girl
" "Bhí mé ag féile i Los Angeles an uair seo agus chonaic mé scannán dar teideal Roses in December, a d’inis scéal triúr bean rialta agus cailín tuata, Jean Donovan, a éigníodh agus a maraíodh in El Salvador.
ní bréag a rá it’s not a word of lie
" Sa chlachán ag Balgowan atá sé agus ní bréag a rá go bhfuil radharc álainn thart timpeall ann.
leagan síos to lay down
" Iarradh ar an dá staidéar critéir theangeolaíochta a leagan síos do phobail ag a dtabharfaí stádas Gaeltachta.
nochtadh to lay bare
" Dúirt Rivera faoi shaothar a mhná gur sampla gan comórtas é d’ealaíontóir a stróic oscailte a brollach agus a croí lena cuid fíormhothúcháin a nochtadh.
lámh a leagan to lay a hand
" Bhí fásra mara agus an mhórsceir le feiceáil go soiléir faoin uisce freisin ach níl cead ag na turasóirí lámh a leagan orthu toisc a leochailí is atá siad.
na bréaga a scagadh to comb through the lies
" Le bheith fíreannach, ní minic a éistim leis an uachtarán solabhartha a thuilleadh — b’fhearr liom na bréaga a scagadh sna tras-scríbhinní — ach le cúpla lá anuas táim tar éis éisteacht le dhá aitheasc a thug sé le déanaí.
bréagadóireacht an idirlín internet lying
" Tá codarsnacht shoiléir le sonrú sa chás seo idir inchreideacht na meán fhadbhunaithe agus bréagadóireacht an idirlín.
fód a anama where his heart lay
" Rugadh i nDoire Cholm Cille i 1939 é agus in ainneoin gur chaith sé tréimhse shuntasach dá shaol i mBaile Átha Cliath agus i Loch Garman, ba é Inis Eoghain fód a anama i dtólamh agus chaith sé cuid mhór ama ansin.
Eagraíochtaí Mírúin Iompar na Bréige malicious organizations who deliver lies
" Suimiúil go leor, scríobh Jeffrey Goldberg, iriseoir Meiriceánach a bhfuil an-tionchar aige i ndiaidh a bheith ina gharda príosúin san arm Iosraelach le linn an chéad Intifada, ar an 25 Lúnasa: *“Now that Muammar Qaddafi, perhaps the most prominent proponent of the so-called one-state solution for Israel and Palestine – the solution being the elimination of Israel and its replacement by an Arab-majority state – has other things to worry about, such as staying alive until sunset, how about we put this ridiculous and offensive idea to rest?”* Eagraíochtaí Mírúin Iompar na Bréige =================== Ar ndóigh, ba mar gheall ar lucht Iosrael go raibh rudaí eile le bheith buartha faoi ag Qaddafi.
bhréaga lies
" * Sin mar a chonaic Aontachtaithe an Riail Dúchais, ach cad é mar a chonaic Náisiúnaithe é? Chuir páipéar náisiúnaíoch amháin, The Frontier Sentinel, síos ar theachtaireacht an Chúnaint mar a chonaic an nuachtán é - diúltaíonn sé go bhfuil sé de cheart agus de chumas ag Éireannaigh iad féin a rialú; gurb iad Caitlicigh na hÉireann “the spawn of the devil” nach bhfuil d'aidhm acu ach Protastúnaigh a scor; gurb é an móramh Protastúnach/Aontachtach i gceithre contae de chuid Chúige Uladh amháin a chleachtann an fhíor-Chríostaíocht agus iarrann an Cúnant ar Dhia a bheith ina fhinné ar bhréaga, dar leis an Sentinel.
cibé ball eile ina luím siar mo cheann where ever else I lay my head
" Ní minic gur leasc liom éirí i ndeireadh scannáin le tabhairt arís fá na cnoic, nó na machairí, nó fá cibé ball eile ina luím siar mo cheann.
bréag chorpanta a huge lie
" Mhaígh sé go ndéanfadh a leithéid an-dochar do gheilleagar na hAstráile agus go mbeadh “people’s revolt” i gcoinne na cánach de bharr gur inis an Príomh-Aire bréag chorpanta dóibh.
laoi maidneachan lae the dawn lay
" Is amhrán ársa atá i laoi maidneachan lae.
Is bréaga iad they’re lies
"Is bréaga iad na ráflaí atá ag cur inár leith nach bhfuilimid go hiomlán macánta ó thaobh an airgeadais de, nó nach bhfuil comhlacht neamhspleach ag déanamh iniúchadh ar chuntas an chomhlachta.
saol tuata lay life
" Ritheann sé le Balor go mbeadh sé thar a bheith áisiúil mar arm agus mar uirlis smachtaithe i saol tuata na hÉireann.
luíonn domhain sa gcnámh lies deep in the bone
" Thuigeas ón gcéad chúig neomat ina cuideachta go raibh aithne agam uirthi ó chianaibh - aithne a shíolraigh ó cheann de na mistéir nach soilsítear bun ná barr di dúinn - an chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di ach an rud a thagann anuas chugainn ó na sinsir - an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil, a luíonn domhain sa gcnámh agus nach feas dúinn i gceart a bhun ná a bharr ná a bhrí.
Is iomaí bréag many lies
agus í i gcré na cille as she lies in the cemetery
" Ach in ainm Dé nach bhfuil sé thar am anois suaimhneas a thabhairt don bhean bhocht agus í i gcré na cille le breis is leathchéad bliain anuas.
chun an tslí a leagan amach to lay out the pathway
" Mar shampla, mhol mé dóibh an cosán a choinneáil ar imeall na haille nuair a bheas siad á dheisiú, agus tugaim faoi deara go bhfuil na cipíní a chuir siad síos chun an tslí a leagan amach, go bhfuil siad san áit cheart, go dtí an t-ardchlár roimh Chosán an Aon Fhir agus an mullach.
ar a bhfuil rompu amach anseo about what lies ahead for them
" Thuigfeá dá réir sin go bhfuil faitíos mór ar Chríostaithe na tíre sin ar a bhfuil rompu amach anseo.
deargbhréaga fúm out and out lies about me
" Shíl mo ghasúr go raibh sé ag magadh ach d'inis an fear eile deargbhréaga fúm, gur scríobh mé maslaí ar leathanach Facebook a dheirféar agus mar sin de! Is breá liom David, bíonn an-chraic againn ag éisteacht le ceol, ag ithe i mbialanna, ag dul chuig clubanna, ag magadh ar a chéile, ach beidh orm a rá leis go gcaithfidh muid scaradh má tá cairde dá chuid naimhdeach liom cionn is gur Caitliceach náisiúnaíoch Gaelach mé.
fleasc bláthanna a leagan ag to lay a wreath at
" Ba é an chéad rud a rinne sé sa cathair ná fleasc bláthanna a leagan ag an leacht cuimhneachán an Drochshaoil i ngairdín Naomh Luke in éineacht leis an Ard-Mhéara Sharon Uí Shúilleabháin agus leis an Chomhairleoir Wendy Turner.
shléacht siad le hómós they lay down before it out of respect
" shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch á rá: “Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?” Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead.
treoracha a leagan síos do to lay down guidelines for
" Theastódh an cás a dhéanamh go gonta san aighneacht agus impí ar Airí Cultúir na hEorpa, treoracha a leagan síos do Rialtas na hÉireann faoi chaomhnú na Gaeilge sa gcuid sin den Eoraip ina bhfuil sí fós á labhairt.
Bréag atá anseo this is a lie
" Bréag atá anseo ar ndóigh.
ag craobhscaoileadh na bréige spreading the lie
" Léiríonn figiúirí oifigiúla go bhfuil an dífhostaíocht giota maith níos airde i measc na gCaitliceach ná mar atá sé i measc na bProtastúnach agus is ceantracha Caitliceacha iad 16 as an 20 bardas is mó atá faoi míbhuntáiste ó thuaidh ach tá aontachtaithe ag craobhscaoileadh na bréige go bhfuil gach "lamháltas" á thabhairt do Chaitlicigh, agus buanú na deighilte "iad" agus "muid".
a leagan as to lay off
" D’fhógair Ericsson féin roimh an Nollaig go bhfuil uathu céad duine atá ag obair i mBaile Átha Luain a leagan as.