Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a racht feirge a ligean amach to vent their anger
" Ar an drochuair, áfach, bhí go leor Meiriceánach den tuairim go raibh sé de cheart acu a racht feirge a ligean amach le duine ar bith ar raibh cuma Arabach air.
a ligean le sruth let it go
" " Bhí oiread céille ag an gasúirí agus an ceann sin a ligean le sruth nó bhí a fhios acu go dtiocfadh le Tadhg a bheith ramhar sa réasún nuair a bhí sé tógtha.
ag ligean orthu féin pretending
" Ansin rith siad amach ar an bhóthar ag screadaíl agus ag ligean orthu féin go rabhthas tar éis briseadh isteach sa teach agus an bheirt a dhúnmharú.
ag ligean tithe ar cíos letting houses
" Ní fhéadfadh siad cónaí sa chathair féin de bharr go raibh an cíos chomh hard sin, agus diúltaíodh faoi dhó é nuair a ghlaoigh sé ar dhaoine a bhí ag ligean tithe ar cíos i gceantar an Spidéil de bharr go raibh páistí aige.
thig leat do scíste a ligean you can relax
" I ndiaidh do ranga, thig leat do scíste a ligean agus gloine fíona nó cupán caife a bheith agat agus tú ag amharc ar an ealaín agus ar na hearraí lámhdhéanta atá ar díol acu.
ag ligean a taca le balla leaning against a wall
" Ach, mar a dúirt sí lá amháin, agus í ag ligean a taca le balla i nGaillimh agus scíth á tógáil aici le faoiseamh a thabhairt dá cosa spuaiceacha, ní raibh an dara rogha aici: "Should I sleep the sleep of death, with my head pillowed against this wall, no matter.
do chuid rámhaí a ligean le sruth letting your oars go with the flow
" * Gluais • Glossary fáilteachwelcoming iontach fiafraitheachvery inquisitive lochtblame a mhalairt ar fadquite the opposite le haoibh an gháirewith a smile fial lena ndáimhgenerous with their affection croíúilcordial cumannfriendship luachmharvaluable tá dúil mhór agamI really like saoithiúlachtoddness snagcheol preabach an tráchtathe throbbing jazz of the traffic mo chéadfaímy senses ricseánnarickshaws gíoscánsqueaking uchtógabumps ag spréachadhspluttering pléascántaexuberant dordándrone siamsánhumming crónánmurmuring rosc ceoilrhapsody clapsholastwilight mheasfáyou would think searradhstretch fonn súchaitetrite melody solúbthaflexible spleodrachboisterous castaí úranew turns tromchúiseachimportant, weighty ag súgaíochtmaking merry gan spionnadhwithout vigour spreang spreagthaimpulse to inspire a dtiúin dhiamhair féintheir own mysterious tune rúndasecret léargasinsight mo thriallmy journey gaosánnose i dtólamhalways do chuid rámhaí a ligean le sruthletting your oars go with the flow i mbéal na séibesuddenly ní aimseoidh duine é féin go deoa person will never find himself balcóiníbalconies glas olóigeolive green stainnínístands síodasilk cadáscotton glébright gleoitepretty seodajewels tráchtáilcommerce dronggang an dubh a chur ina gheal ortto bamboozle you stuaicsullen appearance dreach diúltacha negative appearance a ndíograistheir enthusiasm a gcuid pionsúr amplachtheir greedy pincers téann siad i bhfostú ionatthey become entangled in you deilín na mbacachthe rigmarole of the tramps ag margáil leatbargaining with you ag dréim leatexpecting you a athrachany better bratógrag in aicearracht aimsirein a short period of time amhrasachsuspicious tuahatchet mangairísellers seálta ollawool shawls fidileachafiddles saoltachtwordliness spioradáltachtspiritiuality neamhchoireachinnocently manaslogan teachtairímessengers smailcmouthful dúidíní draíochtamagical clay pipes smálblemish clúreputation eiteogawings áras mórluachachimportant dwelling beadaíconceited tíorántatyrannical ceannsmachtupper hand daonlathasdemocracy éileamhdemand go slachtmharneatly neartplenty giollaservant ordúilorderly fairsingspacious fionnuarcool babhta trom meitifisicea heavy session of metaphysics toiteachsmoky mífholláinunhealthy truaillithe go holcbadly polluted galsteam ag sceitheadh ina scamaill dhubha ghalrachaescaping in black sickly clouds stúrdust ina phlá phlúchtachin a suffocating plague sceadamáinthroats scamhógalungs cársánachwheezy screamh ghlas sheileogachgreen salivary scum ag spaisteoireacht thartstrolling around gnúisface gnaíúilcomely ag rúscadhrummaging i gcarn bruscairin a pile of rubbish áilleagántrinket séarachassewerage bradaílpilfering lena ruaigeadh as bealachto drive them out of the way seilbh shaoltaworldly possessions burlabundle níos tibhethicker go bhfóirfeadh na bróga i gceart dóthat the shoes would suit him fine Tír Tairngire na féilethe Promised Land of generosity miantadesires Úll Mór na bhféidearthachtaíthe Great Apple of possibilities brioscbrittle tnáiteweary dílleachtaorphan brúidiúlachtbrutality gluaiseachtaímovements go míorúilteachmiraculously méithrich cothaitheachsustaining gealbhan binnehouse-sparrow broiddistress dia an áidh agus an rachmaisthe god of luck and wealth gaoiswisdom coimirceprotection bratógachragged barróghug
thuig siad go gcaithfí ligean lena n-athair corruair they understood that their father would have to be humoured sometimes
" Óg agus eile a bhí na páistí, thuig siad go gcaithfí ligean lena n-athair corruair agus shuigh siad beirt siar, ach ní le croí mór maith a rinneadh é.
do scíth a ligean have a rest
" Tá buidéal maith fíona le fáil anseo ar níos lú ná cúig euro - mar sin, ní bhíonn mórán imní ort má dhoirteann tú cuid de! Faoiseamh ======= Tá go leor leor páirceanna poiblí anseo, áit ar féidir leat do scíth a ligean agus faoiseamh a fháil ó chrá croí *la vie quotidienne*.
bhí leisce air ligean lena lasta he was loathe to led go of his load
" Chonaic Ifor deireadh agus bhéarfá mionna go raibh fonn air éirí; ach bhí leisce air ligean lena lasta agus shuigh sé ansin ag amharc ar Thadhg.
Le ligean ar cíos for rent
" Agus tá na comharthaí "Ar díol" agus "Le ligean ar cíos" le feiceáil ar go leor de na tithe i gcomharsanachtaí Éireannacha.
a bhfuil áit le ligean ar cíos aici who has a place to rent
" DENIS: Bhuel, tá aithne agam ar sheanbhean atá i dteach na ngealt faoi láthair a bhfuil áit le ligean ar cíos aici.
ag ligean uirthi pretending
" ‘Bhí sí ag ligean uirthi ar feadh bliana go leith roimhe sin nach raibh sí ag ithe aon rud,’ arsa Gearóid.
ag ligean uirthi pretending
" ‘Bhí sí ag ligean uirthi ar feadh bliana go leith roimhe sin nach raibh sí ag ithe aon rud,’ arsa Gearóid.
go bhfuil muid ag ligean dár bhfiacha imeacht ó smacht that we are letting our debts get out of control
" Ach tá fianaise ann go bhfuil muid ag ligean dár bhfiacha imeacht ó smacht.
agus ligean orthu gur chás leo todhchaí na Gaeltachta and to pretend that they were concerned about the future of the Gaeltacht
" Deis a bhí iontu ligean don rialtas na caoirigh a chur thar abhainn agus ligean orthu gur chás leo todhchaí na Gaeltachta.
ag ligean air féin pretending
" “Oh, you’re the journalist chappie, aren’t you,” a dúirt sé, ag ligean air féin nár thug sé faoi deara mé i mo shuí i m’aonar.
ag ligean a scíthe resting
" I gcodarsnacht lom leis na pictiúir seo atá na cinn atá le feiceáil ó dheisceart na tíre ón tréimhse chéanna, ina bhfeictear radharcanna éagsúla, ina measc scaifte daoine curtha inár láthair ag Martin Parr agus iad bailithe i ngrúpaí beaga faoi chrainn ag fanacht ar theacht an Phápa Eoin Pól go Cnoc Mhuire i 1979 agus daoine ag ligean a scíthe cois farraige i gCiarraí sna hochtóidí i bpictiúir Harry Gruyaert.
ag ligean a scíthe taking a rest
" I gcás na Meiriceánach, seans go mb’fhearr le cuid acu ar aon nós a bheith sa mbaile ag ligean a scíthe ag deireadh séasúr fada, tuirsiúil ag carnadh na ndollar.
an bhfuil sé chun a scíth a ligean if he intends having a rest
" ” Fiafraím de Risteard ag deireadh an agallaimh an bhfuil pleananna móra aige ó thaobh oibre de sa todhchaí nó an bhfuil sé chun a scíth a ligean agus sult a bhaint as an saol.
ligean don phróiseas tarlú to let the process happen
" An rud a bhíonn deacair ná ligean don phróiseas tarlú agus iontaoibh a bheith agat asat féin, as pé rud a thagann amach.
ag ligean air pretending to him
" Chuaigh Drewe i dteagmháil leis ag ligean air gur fisiceoir núicléach a bhí ann ag cuardach pictiúr dá theach.
a scíth a ligean to rest
" Maidir leis na maoir eitleáin ar na haerbhealaí cianaistir - a thugann do bhia agus do dheoch duit idir Baile Átha Cliath agus Nua-Eabhrac - de réir na rialacha, is cóir go mbeadh deis acu a scíth a ligean ar feadh lá nó dhó tar éis dóibh gach turas trasatlantach a chríochnú.
ag ligean dá dtuismitheoirí letting their parents
" In 2005, thug an ciniceas agus an fhuarchúis an svae leo agus d'fhan lear mór vótálaithe óga sa bhaile, ag ligean dá dtuismitheoirí agus dá seantuismitheoirí PiS a thoghadh chun an Sejm.
sínte ar a leaba ag ligean a scíth stretched out a a bed relaxing
" Bhí siad sínte ar a leaba ag ligean a scíth Iad sona ar nós cuma liom ar snaoisín.
ag ligean air pretending
" "Ar chuala tú go ndéanfar an t-amhrán náisiúnta a athrú an bhliain seo chugainn?" arsa sé, agus é ag ligean air go raibh sé cantalach.
Bhí mé ag ligean orm go raibh mé éisteacht leis. I was pretending that I was listening to him
" Bhí mé ag ligean orm go raibh mé éisteacht leis.
do scíth a ligean relax
" Is féidir an-chuid de na príomhradhairc a fheiceáil in aon lá amháin agus do scíth a ligean ag ól Zywiec nó Ozocim, nó d’fhéadfá triail a bhaint as na céadta cineál éagsúil vodka atá ar fáil – má bhíonn tú cróga go leor! **Campaí géibhinn**Bhí seancheantar na nGiúdach, Kazimerz, mar chathair inti féin go dtí an bhliain 1791.
is furasta na maidí a ligean le sruth. it is easy to derogate from duty
" Gan sin, is furasta na maidí a ligean le sruth.
ligean chun bealaigh lay off
" D'fhógair Hewlett Packard, a bhfuil 4,000 duine fostaithe acu sa tír seo, go bhfuil siad chun 24,000 duine a ligean chun bealaigh ar fud an domhain.
lena racht a ligean to vent their feelings
" Mhothaigh roinnt daoine sa dá phobal san am corraithe sin gurb iad ballaí na dtithe agus na sráideanna an t-aon spás a bhí ar fáil acu féin lena racht a ligean, nuair a bhí cinsireacht ar bun sna gnáthmheáin chumarsáide agus nuair a bhí bac ar dhaoine labhairt amach.
a ligean le sruth to let drift
" Níor cheart dúinn daoine a ligean le sruth in am ar bith.
ligean dóibh allow them
" Is é sin, fanacht go ciúin agus ligean dóibh a muineál a shá sa tsealán lena dtarraingt os comhair coiste cúirte.
scíth a ligean to relax
" ” Am Saor Is iomaí glao ar Ivana, gan aon agó, ach mar sin féin bíonn am aici a scíth a ligean chomh maith.
ligean síos let down, fail
" An airíonn tú go bhfuil freagracht, ar shlí, ort dá bharr san? - Gan an treibh a ligean síos? DÓS: Aon duine atá ar an teilifís, tá freagracht éigin orthu, iad féin a iompar i gceart.
ligean allows
" Cóiríonn de Caires Taylor ansin iad ar dhóigheanna suimiúla - fear ar rothar, fágaim, nó ciorcal figiúirí ina seasamh agus greim acu ar lámh a chéile – leagan amach a ligean do thumadóirí mara snámh thart timpeall orthu go furasta agus a ligean don solas ón bharr bualadh go haislingeach orthu.
ligean duit allows you
" com) ná go mbailíonn an bheirt bhan a chruthaigh an suíomh na bronntanais is fearr ó gach cearn den idirlíon: d’fhéadfá coimeádaithe na mbronntanas a thabhairt orthu! Sheol siad feidhmchláirín don iPhone le déanaí a ligean duit an faighteoir a shainiú ionas go mbeidh an cláirín in ann an bronntanas is oiriúnaí a roghnú duit.
ligean leis to let him off
" Ach níl sé fíor! Agus fiú má bhí, tá sé thart!” Spealadh na Neascóide ========= Ach ní raibh Balor sásta ligean leis gan cheist a chur air faoi Nessacóid Childers, Feisire Eorpach de chuid Pháirtí an Locht Oraibhse, a mhaígh i bParlaimint na hEorpa gur meilt airgid a bhí ann cáipéisí a aistriú go Gaeilge.
scíth a ligean relax
" Gheall fáilteoir dó nach raibh gá ar bith le teilifís a chur sa seomra toisc nach raibh ach cainéal áitiúil amháin ar fáil! Nuair a théarnaigh seisean ó easpa Sky News, thiteamar isteach go héasca ar an tslí cheart le scíth a ligean.
chun ár scíth a ligean to relax
" Tugadh ciseán míre don bheirt againn agus shocraíomar síos i lúib dheas den trá chun ár scíth a ligean tar éis ghníomhaíochtaí na maidine.
ag ligean scíth an mheánlae having their siesta
" I móinéar eile bhí an féar bainte agus scartha, agus an meitheal sínte fúthu ag ligean scíth an mheánlae.
le scith a ligean to relax
" Is áit é le scith a ligean agus leis na scéalta is úire a chloisteáil.
leis an lagar a ligean tharam to let the weakness pass
" Luigh mé siar leis an lagar a ligean tharam.
ag ligean orthu pretending
" D’fhéadfadh go rabhadar ag ligean orthu.
scíth a ligean to relax
" Anuas ar an deis a thug sé do lucht ragairne teacht chucu féin an lá dár gcionn, is áil le Spáinnigh i gcoitinne a scíth a ligean ar an Domhnach.
gan ligean not to allow
" Nárbh fhearr gan aird ar bith a thabhairt orthu?** Páidí: Ar léigh tusa stair na hÉireann riamh, a Bhaloir? An bhfuil scéal do shinsir ar eolas agat? Naomh Colm Cille, Pádraig Sairséal, Wolfe Tone, Dónall Ó Conaill agus Pádraig Mac Piarais a dúirt linn go neamhbhalbh ina gcuid scríbhinní gan ligean don lucht buí cos a chur ar thalamh naofa Ard Eoin.
a ligean duit breathnú ar which allows you to look at
" Tá dearadh álainn ar an bhfeidhmchláirín iontach seo a ligean duit breathnú ar na réaltaí ar neamhchead d’am nó don aimsir atá ann.
ligean do roinnt díobh filleadh allow some of them to return
" Mar gheall ar rialú a rinne Cúirt Bhreithiúnais an AE anuraidh, áfach, caithfidh an Stát ligean do roinnt díobh filleadh ar thír bhreithe a leanaí.
iad a ligean amach in ard a gcinn to sing them in a full voice
" Bhí focail na n-amhrán ar fad acu, agus iad breá sásta iad a ligean amach in ard a gcinn.
scíth a ligean to relax
" Is deacair dóibh scíth a ligean agus go minic, bíonn siad ag léim timpeall gan smacht nó a mhalairt – sínte ar an tolg, an teilifís nó an ríomhaire os a gcomhair.
ag ligean leide giving a hint
" Seán Mac an tSaoi, Aire Stáit, go ndéana Dia a mhaith air, le linn freagraí sa Dáil ag ligean leide dúinn nach mbeadh sé fadmharthanach.
an fhaill a ligean thairis to let the opportunity pass
" ”* Bíonn leisce ar an údar an fhaill a ligean thairis gan chlisé nó steiréitíopa nó claontuairim a nochtadh faoi lucht labhartha na teanga.
chun a scíste a ligean to relax
" Tá sé anois chun a scíste a ligean agus dul i mbun machnaimh go lánaimseartha.
agus gan a ligean a theacht chun cinn nipped in the bud
" Ach tig liom a rá chomh maith gur féidir teacht roimh na fadhbanna seo agus gan a ligean a theacht chun cinn.
agus mo shainbhéic a ligean shouting my distinct yahoos
" Ná culaith leathair a chaitheamh agus mo shainbhéic a ligean le laochra an ghrúpa.
ag ligean do scíthe in aon chor relaxing at all
" An mbeidh tú ag ligean do scíthe in aon chor nó a ghlanmhalairt sa saol úr atá romhat, meas tú?** ÍNíCh: Ba mhaith liom leanacht ar aghaidh leis an gcraoltóireacht, más féidir.
ag ligean fuaimeanna arda míshásaimh astu making loud sounds of disapproval
" Níor luaithe na chéad teidil chreidiúna le feiceáil ar an scáileán nuair a thosaigh leath den lucht féachana ag ligean fuaimeanna arda míshásaimh astu a bhí le cloisteáil in ainneoin an bualadh bos a bhí á thabhairt ag an leath eile den slua a bhí bailithe le chéile i Sala Grande i bPálás an Chineama ar Lido na Veinéise.
ag iarraidh gan árasáin a ligean ar cíos seeking not to let a flat
" Chuirfeadh sé seo leis an ualach páipéarachais ar an tiarna talún is ar an inimirceach araon, ach níos measa fós, b’fhéidir go mbeadh tiarnaí talún ag iarraidh gan árasáin a ligean ar cíos le hinimircigh chun an dua breise a bhaineann leo a sheachaint.
lena scíth a ligean to relax
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
comhéadán a ligean duit an interface which allows you
" io ag am scríofa an ailt seo, comhéadán a ligean duit eolas a bhailiú ó “rud” ar Idirlíon Na Rudaí.
gan ligean do not letting
" Tá Oireachtas na Gaeilge molta agus mise im’ thost as na Gradaim a reáchtáil is gan ligean do na comhlachtaí seo, na craoltóirí Gaeilge ar na stáisiúin Bhéarla a bheith slogtha agus báite uilig gan aitheantas ar bith ag lucht tráchtála Bhéarla na tíre.
ag ligean scile air féin pretending to be skilled
" Tháinig sé go Ros Comáin an bhliain seo a chuaigh thart le cuidiú liom an mhóin a ghróigeadh, ach i ndáiríre is ag ligean scile air féin a bhí sé agus é ag plé le móin.
ligean to allow
" Cuireann na mná brú ar an sagart ligean d’Alina fanacht san áitreabh naofa seo agus ní bhíonn de rogha aige ach géilleadh dá n-achainí nó nach bhfuil áit ar bith eile aici le cur fúithi ann.
ligean allow, let
" Ní thig an bhréag a ligean chun tosaigh ar an fhírinne in aon scéal amháin nó is ag ceilt na córach ar chách a bheas tú.
ligean allow
" Do ghasúr óg a ligean i mbun an ríomhaire, as féin? Ba cheart go mbeadh sé furasta a dhéanamh gan buaireamh.