Pota Focal Intergaelic
lot | lait | leoit | lit | loic | loite
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
loite damaged
" Tithe loite, carranna dóite, sibhialtaigh gortaithe.
loit destroy
" Déanann an mhianadóireacht guail an timpeallacht a loit chomh maith.
nach loitfidh an timpeallacht who will not destroy the environment
" Déanfar iarracht comhluadar útóipeach nach loitfidh an timpeallacht a chruthú mar chuid den teacht le chéile idirnáisiúnta Ecotopia2002, a bheidh ar siúl i lár na míosa seo ar bhruacha Loch Dearg in oirthear an chontae.
loite destroyed
" Bhí 674 foirgneamh, siopaí den chuid is mó, gnólachtaí agus stórais, loite … Fágadh idir 3,000 agus 4,000 oibrí gan fostaíocht.
a loit to damage
" Dar le go leor, iarracht a bhí anseo ag páirtithe eile feachtas Adi Roche a loit.
loite damaged
" Ach faoi dheireadh 2003 creidim nach iad an t-aon bheirt pholaiteoirí a mbeidh a n-ainm loite ag an bhfiosrúchán céanna.
agus a loit íomhá dhearfach na tíre and which destroyed the country's positive image
" Ní raibh mé ag súil leis na heachtraí a tharla, a d'athraigh an staid pholaitiúil agus a loit íomhá dhearfach na tíre os comhair tsaoil, ar bhonn fadtéarmach b'fhéidir.
a loit to spoil
" Níl aon amhras ach go ndéanfaidh dlíodóirí na nGardaí a bhfuil amhras fúthu gach iarracht clú agus, dá bhrí sin fianaise, Kevin Fulton a loit.
a loit to spoil
" "Fear a chailleann teanga atá i gceist anseo agus ní déarfaidh mé aon rud eile faoi mar tá sé le teacht amach go gairid agus níor mhaith liom an scéal a loit.
ár n-oidhreacht chultúrtha a loit to destroy our cultural heritage
" Agus dream ar bith atá sásta áilleacht na tíre a mhilleadh bí geall nach mbeadh drogall ar bith orthu ár n-oidhreacht chultúrtha a loit fosta.
loite ruined
" Tá na bóithríní loite le plaisteach dubh.
loite spoiled
" Pléifidh mé an bhlagadóireacht agus a mionsonraí níos mine amach anseo, ná bíodh aon buairt ort faoi sin! Is fearr an t-ádh ná éirí go moch! Tá muintir na hÉireann loite ó thaobh rogha córais nuachtlitreach leictreonacha.
loite ruined
" Deirtear ann go bhfuil an ceantar loite ag róthogáil agus ag barraíocht tithe saoire: “*the coast, dotted with white, sandy beaches, has been overrun by holiday homes.
nach loitfidh shall not spoil
" Tá mórán daoine den bharúil go mbeadh cuairt ó Bhanríon Shasana ina comhartha cinnte go bhfuil deireadh go deo le gortaithe agus leitheadais na staire, agus nach loitfidh siad riamh arís an gaol idir an dá oileán.
Loitfeadh would spoil
" Loitfeadh tuilleadh den gcúlscéal an scannán ort.
loiteadh maimed
" Rachaidh na scéalta daonna i bhfeidhm ar chuid acu agus caoinfidh siad deoir anois is arís nuair a altófar roimh bhia nó nuair a bhreathnóidh siad ar a gclann féin ar aon aois le roinnt de na daoine a loiteadh in oibríochtaí na ladrann seo.
loiteadh was injured
" Ní mharaítí aon duine an chuid is mó den am, ach is iomaí fear, bean is páiste a loiteadh go dona, a dalladh, nó a chaill leathlámh nó leathchos nuair a theilgeadh na hIosraelaigh sliogán den chineál sin le teach cónaí gan choinne, nó le teach i ndiaidh a chéile tríd na sráidbhailte.
atá loite ag which is ruined by
" Dhiúltaigh na breithimh Nicholas Kearns, Paul Carney agus Gerard Hogan cead a thabhairt do Mharie Fleming lánchead toilteanach a thabhairt dá fear chéile deireadh a chur lena saol, saol atá loite ag Multiple Sclerosis le níos mó ná scór bliain de shaol uafáis.
bhí sé loite ag an bháisteach the rain had ruined it
" Tugadh teastas dúinn sa Líonán mar éiric ar ár gcuid iarrachtaí ach fán am a rinne muid an turas deich slat trasna an bhóthair go dtí an t-óstán bhí sé loite ag an bháisteach.
gur cailleadh nó gur loiteadh na cáipéisí seo that these documents were lost or destroyed
" Glacadh leis gur cailleadh nó gur loiteadh na cáipéisí seo.
loite uilig completely ruined
" Is léir go gcruthaíonn an leagan Gaeilge deacrachtaí do na húdaráis áitiúla a bhfuil sé de dhualgas orthu leagan dátheangach a chur ar fáil mar is fíormhinic a fheicimid an leagan Gaeilge loite uilig ar chomharthaí.
Loiteadh was injured
" Loiteadh Albie Sachs go dona i mbuamáil a rinne an NIS air sa bhliain 1988.