Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhaide mullaigh mainstay
" An-smaoineamh, déarfá, ach de ghnáth ní shamhlófá tionscadal den sórt seo leis na Poblachtaigh choimeádacha, mar gheall ar an deighilt bhunreachtúil idir stát agus eaglais a bhíonn mar mhaide mullaigh acu ina gcuid fealsúnachta.
maidí tanaí míshláintiúla thin unhealthy sticks
" Taispeántas eile sa ghailearaí céanna a thaitin liom ná an ceann ar ghrianghrafadóireacht faisin, a léiríonn go mbíodh na mná scafánta níos mó sa bhfaisean ná mar atá na maidí tanaí míshláintiúla a chuirtear os ár gcomhair na laethanta seo.
maidí gailf golf sticks
" Gan choinne, tá an triúr timpeallaithe ag cúig óganach déag, cuid acu agus *balaclavas* orthu, gléas troda ag an uile dhuine, bataí adhmaid, maidí *baseball* agus maidí gailf.
Is mairg don té a ligeann a mhaidí le sruth. Woe to him who lets things drift.
" Is mairg don té a ligeann a mhaidí le sruth.
maidí sticks
" I bhfocail eile, níl ar a chumas an mála maidí a iompar ar a dhroim nó fiú a thiomáint roimhe ar thralaí beag leictreach ar nós mar a dhéanann daoine eile dá aois.
maidí rámha agus seolta oars and sails
" Tá sí déanta as adhmad, canbhás agus tarra, agus baintear úsáid as maidí rámha agus seolta.
nach ligeann an rialtas na maidí le sruth that the government doesn't derogate from its duties
" Cén t-ionadh, mar sin, go bhfuil cuid acu ag éirí róshócúlach agus róshotalach? Tá ról faire ag an fhreasúra mar sin lena chinntiú nach ligeann an rialtas na maidí le sruth agus le brú a chur orthu éirí as oifig má bhíonn aon ní cam ar bun acu.
ar mhaide stiúrach an Pháirtí on the rudder of the Party
" Ach idir shnípéireacht leanúnach na naimhde, eachtrach is inmheánach, dhá olltoghchán agus trí éirí amach páláis ina choinne thar thréimhse bliana idir 1982/83, (bhí tacaíocht an neamhspleáigh Tony Gregory de dhíth ar Haughey chun Rialtas Fhianna Fáil a chruthú tar éis Olltoghchán mhí Feabhra na bliana sin), chaill Haughey cumhacht i mí na Samhna 1982 agus bhí ceithre bliana aige sa fhreasúra chun lámh stuama a chur ar mhaide stiúrach an Pháirtí a bhí ag imeacht le sruth uaidh fá ualach poiblí na n-argóintí “oiriúnachta” inmheánacha.
maide a stick
" Seanfhear atá ann a bhfuil maide aige.
scoil maidí luascáin, trapeze school,
" Romhainn tá na Náisiúin Aontaithe, an bád seoil is mó sa chathair, aerfort ar uisce, scoil maidí luascáin, dún Sasanach ón 18ú haois, Wall Street, agus Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir.
ar mhaidí luascáin on a trapeze
" I gcaighean mór ar clé uainn agus muid ag rothaíocht thairis, bhí daoine ar mhaidí luascáin – díreach mar a bhíonn sa sorcas.
gur lig an Rialtas na maidí le sruth that the Government took their eye off the ball, derogated from their duties
" Maolaisnéis a bheadh ann a rá gur lig an Rialtas na maidí le sruth agus an “feachtas” ar son dhaingniú an Chonartha ar siúl acu.
ag bualadh a mhaide go tréan i gcoinne an urláir. hitting his stick strongly against the ground
" Bhíos sásta le mo chuid amhránaíochta, ach bhíos ní ba shásta fós nuair a chonaic mé athair Dhónail ag bualadh a mhaide go tréan i gcoinne an urláir.
is furasta na maidí a ligean le sruth. it is easy to derogate from duty
" Gan sin, is furasta na maidí a ligean le sruth.
maidí rámha oars
" Tiocfaidh leis an rialtas cuidiú linn agus tiocfaidh leo an bád a stiúradh chun cuain is chun calaidh, ach beidh ar an phobal tarraingt ar na maidí rámha.
maidí gailf golf sticks
" Is minic a fheictear daoine, a bhíonn cuibhiúil deas de ghnáth, á marú le maidí gailf nó le haon uirlis troda a bhíonn áisiúil.
maidí sticks
" Dhá lá ina dhiaidh sin, chuaigh na mílte Han ar thóir Uígireach chun díoltas a bhaint amach agus iad armtha le scoiltirí agus le maidí.
maidí stick
" De mhuintir bhocht é nár imir aon spórt eile ach sacar ina óige mar, mar a d’inis sé féin, ní raibh bata leadóige aige chun leadóg a imirt, ná maidí gailf chun galf a imirt, ach, mura raibh, bhí liathróid de shaghas éigin i gcónaí ar fáil chun peil a imirt.
luascadh an mhaide leadóige the racket swing
" Rinne an príomhbhuaiteoir, Alexander Amini, tionscadal faoin gceannteideal Tennis sensor data analysis - anailís ar luascadh an mhaide leadóige agus ar thorthaí a bhaineann le cineálacha éagsúla buillí a tharraingíonn imreoir leadóige ar an liathróid.
cuir eang sa maide mullaigh one for the books, mark it down
" Dé Domhnaigh 12 Meitheamh - cuir eang sa maide mullaigh.
maide stick
" Tá sé á ghléasadh féin chun bóthair: maide fada cuilinn ina ghlaic, hata stuacach os cionn an dá chluais, casóg olla air agus crios aniar faoina lár.
an maide stiúrach helm
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil smacht caillte ag na polaiteoirí ar an gcipín – an maide stiúrach.
maide rámha oars
" Ach beidh The Draken Harald Fairhair (DHF) ar an atógáil is mó riamh, le 25 péire maide rámha ann - sin bád 50 buille - agus le beirt ar gach maide sin 100 fear iomraimh ar an fhoireann loinge 150 duine.
ligfeadh a mhaidí le sruth he wouldn’t take it easy
" Ní duine é de Stín a ligfeadh a mhaidí le sruth, agus tar éis dó éirí as an imirt i 1998, chuaigh sé i mbun cúrsaí riaracháin leis na Demons.
Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige taking off at a clipping pace
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
ag sú isteach gach scéal i mbarr maide devouring all type of nonsense
" Níl siad ag maíomh as an mhéid sin ar ndóigh, ach ar a laghad ar bith tá na sluaite ag amharc ar Americas got Talent, ag ithe feoil chapaill agus ag sú isteach gach scéal i mbarr maide.
Tú Féin atá ar an Maide Eolais you’re the one steering, on the rudder
" Tú Féin atá ar an Maide Eolais ============== De ghnáth, ó thaobh ríomhaireachta de, ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá ach rialacha a leagan síos faoin mbealach gur féidir leis an imreoir gabháil i ngleic leis an timpeallacht.
Bhí sé thar am luí siar ar an mhaide way beyond time for a rest
" Bhí sé thar am luí siar ar an mhaide ach ní raibh aon éalú ón bháisteach nó ón ghaoth, faraor.
Bhí mé chomh craplaithe le smután maide I was completely wrecked
" Bhí mé chomh craplaithe le smután maide fán am a bhain mé an Líonán amach agus deoir as achan ribe dom.
an maide draíochta atá ceaptha an taoille a chasadh the magic wand which is expected to turn the tide
" Is dócha go bhfeictear sa státseirbhís gur ‘dul chun cinn’ an méid sin i bhfianaise an dualgas reachtúil atá le 10 mbliain anuas ar na Ranna agus Oifigí Rialtais céanna, seirbhís tré Ghaeilge a chur ar fáil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla! Pleanáil Teanga ===== Chuireas spéis faoi leith sa ‘dul chun cinn’ a bhí le tuairisciú maidir le Pleanáil Teanga, an maide draíochta atá ceaptha an taoille a chasadh sa Ghaeltacht.
leis na maidí a scaoileadh le sruth to give up
" " Oide agus Sraith Físeán ========== Ach má tá buille nó dhó faighte aige le cúpla bliain anuas níl an chosúlacht air go bhfuil sé réidh leis na maidí a scaoileadh le sruth.
maide rámha gan riar an oar unmanned
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
a maidí le sruth their oars adrift
" Ní ligeann aon fhoireann, Cill Chainnigh san áireamh, a maidí le sruth san am nach mbraitear an dúshlán rompu rómhór.