Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
do mo mharú killing me
" "Tá mé ag obair ar leabhar eile anois, ach *God bless us*, tá sé do mo mharú! Tá sé ghearrscéal críochnaithe agam ach níl iontu ach an chéad dréacht agus níl meas dá laghad agam orthu.
á marú féin killing themselves
" Coirp iomlána a bhí ó thaighdeoirí na hollscoile is bhí neart acu siúd le fáil acu agus an oiread daoine ag fáil bháis is á marú féin go rialta.
marú seachbhreithiúnach extra-judicial killings
" Tá eagraíochtaí móra le rá mar Amnesty International agus Human Rights Watch ag iarraidh aird a tharraingt ar shárú cearta daonna i bPapua Thiar, ina measc coinneáil dhírialta, éigniú, céasadh, bualadh príosúnach faoi choimeád agus marú seachbhreithiúnach.
gur chóir na hainmhithe atá fanta a mharú that the remaining animals should be killed
" Tá lucht cearta ainmhithe ag rá gur chóir na hainmhithe atá fanta a mharú sa gcaoi nach mbeidís ag fulaingt de bharr an teasa agus an aistir gan staonadh atá orthu.
marú onóra honour killing
" In 2002 foilsíodh an leabhar *Forbidden Love *le Norma Khouri, scéal fírinneach a bhain le Dalia, dlúthchara leis an údar ar mharaigh a hathair í sna nóchaidí i "marú onóra" de bharr a cairdis le hoifigeach Críostaí in arm na hIordáine.
ag marú caorach killing sheep
" Nuair a cuireadh tús le feilméaracht sa stát sin ag tús an naoú céad déag, rinneadh clamhsán go raibh siad ag marú caorach agus ainmhithe eile.
marú brúidiúil brutal killing
" Thosaigh sé roimh an Nollaig le goid £26m ón Northern Bank ach ba mheasa i bhfad marú brúidiúil Robert McCartney mar gur ghoill sé go mór ar a bpobal féin.
gur thug cuid acu iarraidh péas a mharú that some of them tried to kill police officers
" ” Bhí siad chomh feargach sin gur thug cuid acu iarraidh péas a mharú, gur scrios siad a gceantracha féin, gur chuir siad moill ar na mílte duine agus iad ar a mbealach chun a gcuid oibre, chun na hotharlainne agus dá réir.
iarracht ar mharú attempted murder
" Níor ghlac an breitheamh leis gur iarracht ar mharú a bhí i gceist ach mórdhíobháil choirp agus d’iarr sé tuairiscí síceolaíochta Haddock sula bhfógródh sé an téarma príosúnachta.
gurbh éigean dóibh Caitlicigh a mharú that they had to kill Catholics
" ” Go rómhinic, dúirt an tOirmhinneach go raibh na Sé Chontae i lár géarchéime agus ghlac daoine leis gurbh éigean dóibh Caitlicigh a mharú le theacht slán as an “ghéarchéim”.
maruithe killings
" Tháinig an nuacht teilifíse ar siúl ag a cúig, agus mar is iondúil, ba iad maruithe san Iaráic príomhscéal an lae.
ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre on the number of people being killed on the roads
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
marú uafásach terrible killing
" Cuirfidh an DUP ceisteanna crua ar “Sinn Féin /PSNI” maidir le marú uafásach Robert McCartney agus airgead Bhanc an Tuaiscirt ach cá fhad a ghlacfaidh sé sula n-aithneoidh Paisley – agus Peter Robinson, atá i bhfad níos deimhní nó níos pragmataí ná bunús a chomhghleacaithe – a sean-namhaid, Gerry Adams, mar chéile rialtais? Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen.
a phléadáil ciontach as Pat Finucane a mharú who pleaded guilty to killing Pat Finucane
" San ionsaí ar an Devenish Arms agus ar Graham’s Bookmakers, ba iad na póilíní a thug an piostal Browning do na dúnmharfóirí! Cad é mar a fuarthas na gunnaí? Bhuel, mar a fuair an Breitheamh Peter Cory amach, chuaigh fear de chuid an UDA/UFF, Ken Barrett – an fear a phléadáil ciontach as Pat Finucane a mharú – isteach i mbeairic de chuid an UDR agus éide an UDR air.
formhór na maruithe most of the killings
" Bhí dlúthbhaint agam le formhór na maruithe a ndearna mé cur síos orthu sa leabhar – bhí mé ag scríobh faoi íospartaigh a raibh mé cairdiúil leo, a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú nó a raibh mé i láthair ag a sochraid.
as fear neamharmtha a mharú for killing an unarmed man
" Bhí triúr póilíní ar a dtriail as fear neamharmtha a mharú agus iad i ngnáthéadach taobh amuigh de chlub i lár na hoíche.
réabhlóid gan mharú bloodless revolution
" Ach níor míníodh cé a bhí ag tacú leis an réabhlóid gan mharú seo, ná cén fáth.
á marú de dheasca being killed because
" Tá daoine á marú de dheasca na teipe sin,” ar sé.
marú killing
" Bhrisfeadh sé do chroí nuair a thoisigh siad ag titim amach lena chéile, ag marú a chéile agus achan rud eile.
marú killing
" In aon lá amháin, de réir an chuntais chéanna, cuireadh cúigear saighdiúirí Éireannach chun báis i St Germain toisc go bhfuarthas ciontach iad i ngoid agus i marú (féach freisin ‘The Stuart Court in Exile and the Jacobites’, curtha in eagar ag Eveline Cruickshanks agus ag Edward Corp).
caora a mharú to kill a sheep
" Is nós leis an teaghlach Moslamach caora a mharú i gcuimhne ar an eachtra a ndéantar cur síos air sa Chóran ina n-iarrann Allah ar Ibrahim (Abrahám sa traidisiún Giúdach agus Críostaí) a mhac, Ísmeáéil, a mharú mar chruthúnas ar a umhlaíocht roimh Dhia.
Nil sa Straitéis ach Marú na ‘dTalaban the strategy is merely the killing of Taliban
" Nil sa Straitéis ach Marú na ‘dTalaban’ ================ Ach cén fáth nach bhfuil sé ag míniú don dream óg in Éirinn gur doirteadh fola in aisce atá i gceist, go mór mór sa chogadh san Afganastáin.
mharú killing
" Cloisim daoine ar RTÉ ag plé cuairt na banríona ar Éirinn roimh i bhfad, ach ní chloisim éinne i mbun scagtha faoi ról an teaghlaigh ríoga sa mharú in Afganastáin agus i dtíortha eile.
á marú being killed
" Cogadh uafásach ina raibh na mílte de mhuintir Vítneam á marú agus á ngortú agus na mílte de shaighdiúirí óga as Meiriceá á gcur sall ansan ar mhaithe, i ndáiríre, leis an maorlathas agus leis an gcos ar bolg.
á marú being killed
" Ach is i 2010 a tharraing siad aird na cruinne orthu féin, le foilsiú “Collateral Murder”, físeáin a thaispeánann sibhialtaigh san Iaráic á marú ag arm na Stát Aontaithe.
níl siad ag marú a dhath ar bith they’re not killing anything
" ” “A dhuine gan ainm agus gan ghnúis,” a d’fhiafraigh Balor, “cén dóigh a thig leo rud a fheabhsú má tá siad i mbun é a chur chun báis?” Tarrthaigh an Damhsa! ========= “Ach níl siad ag marú a dhath ar bith,” a d’fhreagair an duine gan ainm agus gan ghnúis.
gur lú an marú a rinneadh orthu less of them were killed
" Dúradh liom gur gnách le lucht ceannach éisc praghas na sairdíní a ardú sa tseachtain roimh an bhféile, agus gur lú an marú a rinneadh orthu i gcaitheamh mhí an Mheithimh i mbliana ná mar a dhéantar go hiondúil.
marú ar mhaithe lena córas coigistithe amábhair for the sake of its system of appropriation of raw materials
" Nuair nach bhfuil idir lámha ag impireacht an iarthair ach marú ar mhaithe lena córas coigistithe amábhair agus cead píblínte, bíodh nach bhfuil na comharthaí soirt air féin go feiceálach, tá deireadh a ré ar ghort an bhaile.
Marú Dearthár the killing of a brother
" " Marú Dearthár ====== Agus an smaointeoireacht seo ina chloigeann, d'aithin Feargal go raibh a shaol sóisialta fite fuaite leis an streachailt a bhí ag dul ar aghaidh thart air.
cúrsaí coiriúlachta, maruithe matters of crime murders
" An líon is mó leabhar, go háirithe sna siopaí leabhair beaga, is le cúrsaí coiriúlachta, maruithe agus olcais trí chéile a bhaineann siad.
mharú le ladrainn to kill with a drone
" Le fada, ar ndóigh, is saghas arm rúnda é an CIA freisin, le cead duine ar bith, nó daoine, timpeall an domhain a mharú le ladrainn.
ag marú nó ag gabháil killing or arresting
" Cé gur fhás sé aníos beo bocht sna sléibhte os cionn na Meánmhara, dhreap Hafez dréimire an airm óna óige, agus d'éirigh leis uachtaránacht na Siria a bhaint amach le meascán de ghliceas agus den láimh láidir sna 1960aí agus na 1970aí, ag marú nó ag gabháil gach duine a sheas ina aghaidh.
sé cinn de mharuithe eile six other murders
" An raibh an BBC i mBéal Feirste an oiread sin ar meisce gur chaill gach tuairisceoir dá chuid an scéal faoi mharú Roseanne Mallon, máthair mhór 74 bliana d’aois, go raibh baint ag an ghléas airm lenar maraíodh í le sé cinn de mharuithe eile, go raibh sé mar chuid den lastas a thug an spiaire Briotanach, Brian Nelson, go hÉirinn.
mharú ar bhonn neamhthráchtála to kill on a non-commercial basis
" Thug alt amháin den státchairde cead do bhaill an Choimisiúin míolta móra a mharú ar bhonn neamhthráchtála, áfach, i gcomhair taighde eolaíoch.
ag marú beirt acu killing two of them
" Agus é marbh, sciurd an carr a raibh sé ann i dtreo na bpáistí, ag marú beirt acu, Joanne agus Andrew, i bpreabadh na súl, an tríú páiste, John ag fáil bháis an lá ina dhiaidh.
á marú being killed
" Tá Robert McMillen den bharúil nach bhfuil na póilíní sna Sé Chontae róbhuartha faoin aighneas fuilteach atá ar siúl idir an UVF agus an LVF, in ainneoin go bhfuil daoine neamhchoireacha á marú.
marú seicteach sectarian murder
" Caithfidh daoine athrú agus bogadh amach as an aois seo chuaigh thart a deir Robert McMillen, óir ní gné de shaol na linne seo é an marú seicteach, ná ní leithscéal ar bith é go raibh bratach ar foluain sa cheantar nó nach raibh.
marú killing
" Neamart an pholaiteora i leith fhulaingt agus marú saighdiúirí na hAstráile san Afganastáin a tharraing aird Bhearnaí Uí Dhoibhlin.
mharú to kill
" Ógánaigh amhulchacha dífhostaithe gríosaithe faoin teideal *‘Irish’* le daoine a mharú i sráidbhailte bochta na hIaráice agus na hAfganastáine? An mar sháirsint earcaíochta a rachaidh Banríon Shasana ar cuairt go hÉirinn a fhiafraíonn Tony Birtill?
marú killing
" Ní as an aer a thosaigh an réabadh agus an marú.
ag marú killing
" Éireannaigh ina saighdiúirí tuarastail ag marú daoine i dtíortha thar lear faoin ainm ‘Irish Guards’ agus a bheith á marú ag daoine thar lear chomh maith mar a mhíníonn Tony Birtill.
bheith á marú being killed
" Éireannaigh ina saighdiúirí tuarastail ag marú daoine i dtíortha thar lear faoin ainm ‘Irish Guards’ agus a bheith á marú ag daoine thar lear chomh maith mar a mhíníonn Tony Birtill.
i ndiaidh marú after the death
" Is ionadh le Tony Birtill go maraítear daoine neamhurchóideacha 30 bliain i ndiaidh marú Kevin Gately i lár Londain.
mharú dleathach legal killing
" Bhí údar buartha ag daoine faoi mharú dleathach Troy Davis le gairid mar a mhíníonn Brian Ó Broin.