Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an cheist achrannach the difficult question/matter
" Go follasach, choinnigh na páirtithe polaitíochta amach as an cheist achrannach.
chúrsaí caorach matters relating to sheep
" Chaith Balor a shúil nimhe ar chúrsaí caorach an mhí seo agus go háirithe ar Aoirí Maithe na tíre.
ábhar conspóide a matter of controversy
" Ba chúis díomá do go leor daoine agus ábhar conspóide an Stiúrthóir Declan McGonagle a bheith ag fágáil na dánlainne i ndiaidh do deich mbliana a chaitheamh ina bun.
feabhas a chur ar chúrsaí to improve matters
" An léiríonn sé seo go bhfuil siad den bharúil nach bhfuil aon ghéarchéim ann? Ar cheart stop a chur leis na deontais mhóra a fhaigheann na heagraíochtaí Gaeilge a bhíonn ag múineadh na teanga go dtí go mbeidh siad sásta a bheith ag comhoibriú lena chéile agus go dtí go léireoidh siad go bhfuil seirbhís cheart phroifisiúnta á cur ar fáil acu? Má thagann an deontas ag deireadh na bliana ar scor ar bith, is cuma cén caighdeán atá i gceist sa seomra ranga, cén fáth a ndéanfadh siad aon iarracht feabhas a chur ar chúrsaí? B'fhéidir gurbh fhiú d'Fhoras na Gaeilge roinnt machnaimh a dhéanamh ar an cheist seo.
cúrsaí toghchánaíochta electoral matters
" Shéan an rialtas go raibh aon bhaint ag cúrsaí toghchánaíochta leis.
Chuir an chinniúint a ladhar isteach sa scéal fate intervened in matters
" Chuir an chinniúint a ladhar isteach sa scéal ansin nuair a tharla an galar crúibe agus béil.
mar ábhar práinne as a matter of urgency
" Ceapaim gur gá díriú ar cheist páistí a thógáil le Gaeilge mar ábhar práinne.
ábhar práinne a matter of urgency
" Ag deireadh na míosa seo caite d'eisigh an eagraíocht idirnáisiúnta Amnesty ráiteas ag rá gur ábhar práinne a bhí ann go ngníomhódh an Rialtas ar an gceist seo.
síceolaíochta matters of psychology
" Thóg Ger Loughnane cúrsaí traenála agus ullmhúcháin (bhí béim mhór á cur aige ar chúrsaí síceolaíochta) céim eile ar aghaidh sna l990í le Contae an Chláir.
go neafaiseach matter of factly
" Tá na buanna agus na cáilíochtaí uilig aici, a deir sí go neafaiseach lom, ach gan sotal ar bith, chun tabhairt faoin obair seo.
stuama self-possessed, matter of fact
" Thosaigh muintir na hOllainne, a bhíonn chomh Cailvíneach agus stuama de ghnáth, ag éirí tochtach, bogchroíoch.
dóithín easy matter
" "Má tá Enron agus Worldcom ábalta na billiúin de bhrabach fealltach a ghnóthú, níl ann ach dóithín do dhochtúirí na hÉireann an ceann is fearr a fháil air sin.
cúrsaí airgeadais financial matters
" Is féidir billí de gach saghas a thabhairt isteach sa Seanad, ach amháin (ar nós fhormhór na dtithe uachtaracha) ní cheadaítear billí a bhaineann le cúrsaí airgeadais.
chúrsaí iompair transport matters
" Glacadh le moltaí a rinne an Seanad deireanach ar reachtaíocht ar chúrsaí iompair, agus ar an mbille oideachais do dhaoine míchumasacha.
chúrsaí gnéis sexual matters
" Amannta, castar daoine orm agus deir siad, 'An dtig leat scríobh faoi chúrsaí gnéis i nGaeilge?' Tá an dearcadh sin acu.
ag fiosrú an scéil investigating the matter
" Tá póilíní ón Indinéis, ón Astráil agus ó thíortha eile ag fiosrú an scéil.
cúis bhróid matter for pride
" "Bhí iontas orm nuair a fuair mé an duais seo, agus is cúis bhróid dom é," a dúirt Denis Maher liom.
chúrsaí airgeadais financial matters
" An gcreideann tú gach rud a léann tú ar an idirlíon? Bíonn cuid mhaith daoine ag brath ar an eolas a bhíonn ar shuímh ghréasáin éagsúla - idir fhoinsí nuachta, chomhairle sláinte agus eolas ar chúrsaí airgeadais.
réiteach na ceiste the solution to the matter
" Tá cainteanna atoisithe idir tromlach na bpáirtithe polaitíochta ó thuaidh le theacht ar réiteach na ceiste.
chúrsaí slándála security matters
" Mar gheall ar chúrsaí slándála dúirt sé nach bhféadfadh sé a rá cé mhéad acu a bhain le tír ar leith.
Díol spéise é it is a matter of interest
" Díol spéise é go raibh Ledwith mar dhara rogha na coitiantachta nuair a ceapadh an Cairdinéal Desmond Connell mar Ard-Easpag ar Bhaile Átha Cliath i 1988.
i gcúrsaí idirlín in Internet matters
" Tá mistéir mhór ag baint le coincheap an bhandaleithid leathain i gcúrsaí idirlín faoi láthair.
Ábhar suntais eile another matter worthy of notice
" Ábhar suntais eile ná go bhfuil Martin McGuinness i Meiriceá fá choinne cainteanna le Richard Haass, Comhairleoir George W.
ar chúrsaí on matters
" Tá mí na meala thart, agus muna dtagann feabhas mór ar chúrsaí idir seo agus an samhradh beidh faobhar á chur ar na sceana arís.
ábhar spéise matter of interest
" Beidh na cáipéisí a bhaineann le cinneadh an Rialtais faoi chásanna mhí-úsáid ghnéasach na hEaglaise - is é sin, go seasfaidh an stát formhór na gcostas - ar fáil am éigin sa bhliain 2007, nuair is cinnte go mbeidh an scéal seo fós ina ábhar spéise ag an bpobal.
cúrsaí tráchta traffic matters
" Measann Ó Snodaigh go bhfuil an rialtas seo níos tógtha le cúrsaí paraimíliteacha agus le cúrsaí tráchta ná mar atá siad le cúrsaí drugaí.
ag stiúradh cúrsaí cosanta directing defence matters
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements i bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
is díol spéise it's a matter of interest
" Maidir le cúrsaí iománaíochta, cé nach ionann bua sa tSraith Náisiúnta agus cinnteacht faoi bhua a bhaint amach sa Chraobhchomórtas ina dhiaidh sin, is díol spéise gur bhuaigh Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh an dá chomórtas sin i 2001 agus 2002 fé seach.
cúrsaí míleata military matters
" " Ach páirteanna breise fá choinne cad é? Mar a deir feachtasóirí de chuid FEIC, tá baint ag an chuid is mó de ghnó Raytheon le cúrsaí míleata.
ábhar subject-matter
" Nuair a tugadh cuireadh dom colún míosúil faoi chúrsaí spóirt a scríobh le haghaidh *Beo!* níor cuireadh aon srian nó laincis orm maidir le hábhar.
is cuma cén teanga a labhraíonn tú no matter what language you speak
" Tá a mórchuid bródúil as an teanga agus sásta í a labhairt má thugtar an spreagadh dóibh, ach i ndeireadh na dála is féidir leat a bheith cinnte go bhfaighidh tú fáilte is fiche anseo, is cuma cén teanga a labhraíonn tú.
cúrsaí ólacháin drinking matters
" Baineann an dara leath de theoiric Bhalor le cúrsaí ólacháin ar an oíche áirithe sin.
cúrsaí mar atá siad matters as they stand
" An é nach féidir an fhís a thabhairt i gcrích, go bhfuil traidisiún níos láidre ná pleanáil agus scéimeanna ar bith nó an é nach bhfuil an toil ann dáiríre? Tá go leor daoine sa Chumann Lúthchleas Gael atá sásta le cúrsaí mar atá siad agus nach bhfeiceann gur chóir airgead agus fuinneamh a chur "amú" ar scéimeanna "gan dealramh".
cúrsaí coireachta criminal matters
" Is léir ó cháipéis eile de chuid MI5 ar a dtugtar "Telegram to Washington" go raibh amhras ar cheannasaí rannóg na nGardaí a phléann le cúrsaí coireachta agus le cúrsaí slándála an stáit seo, An tArd-Cheannfort Bleachtaireachta Dermot Jennings, faoi Rupert.
cúrsaí slándála security matters
" Is léir ó cháipéis eile de chuid MI5 ar a dtugtar "Telegram to Washington" go raibh amhras ar cheannasaí rannóg na nGardaí a phléann le cúrsaí coireachta agus le cúrsaí slándála an stáit seo, An tArd-Cheannfort Bleachtaireachta Dermot Jennings, faoi Rupert.
cúrsaí tráchtála commercial matters
" "Agus ní cúrsaí tráchtála amháin (dlúthdhioscaí ar fáil go forleathan, daoine ábalta taisteal i bhfad níos éasca ná mar ba ghnách leo, etc.
is cuma cé as é no matter where he is from
" An bhfuil tréith amháin a bhaineann le gach fear dóiteáin, is cuma cé as é? Ní gá do Cole aon mhachnamh a dhéanamh ar an cheist.
i gcúrsaí cosanta in defence matters
" Agus, aisteach go leor, beidh focal le rá ag na Stáit Aontaithe, go hindíreach ar ndóigh, faoin moladh maidir leis na ballstáit tarrtháil a thabhairt dá chéile i gcúrsaí cosanta.
scríbhneoir aitheanta ar an cheist a recognised writer on the matter
" Ní féidir a shéanadh go raibh an-fhadhb ag an tír san am a chuaigh thart, ach anois? "Nílim ag rá nach bhfuil fadhb de shaghas éigin ag Albain a bhfuil cruth seicteach uirthi," arsa an Dr Mike Rosie, socheolaí in Ollscoil Dhún Éideann agus scríbhneoir aitheanta ar an cheist, "agus, cinnte, ní féidir aon rud eile ach 'seicteachas' a lua i gcás bhás Mark Scott.
saoltacht wordly matters
" Teorainn fhisiciúil- thuaidh/theas; creidimhe - Protastúnach/Caitliceach; fireann agus baineann; sean agus nua; an saol eile agus an saol seo; bás agus beatha; samhlaíocht agus saoltacht; baile agus tuath; Gaeilge agus Béarla; Gaeltacht agus Galltacht, agus araile.
ábhar orgánach organic matter
" Mar shampla, baintear úsáid as trealamh a dhéanann tomhas ar leibhéal Carbóin-14 chun aois ábhar orgánach a mheas, agus tá teicneolaíocht na grianghrafadóireachta á húsáid le fada chun taifead a dhéanamh ar na rudaí a aimsítear.
cheist matter
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Caithfidh mé an cheist sin a fhreagairt i gcomhthéacs Ceanadach.
an cheist seo a chíoradh to discuss this matter
" Is mór an trua, áfach, gur beag duine i measc na bhfeisirí eile a bheadh in ann an cheist seo a chíoradh i nGàidhlig.
gur chuma that it didn't matter
" Chonaic seisean go leor dá thaithí féin sa scannán chomh maith, agus dúirt sé gur chuma gur ar theaghlach as Éirinn a bhí an scannán ag díriú.
cúrsaí matters
" Ní scéal nua é an Rialtas a bheith ag bréagadóireacht faoi na cúrsaí seo ach an oiread.
ag fiosrú an scéil investigating the matter
" Ach tá an FBI ag fiosrú an scéil anois agus tugann sé sin dreach eile dó.
ábhar gáire laughing matter
" Tá sé ráite ag ollamh amháin, a dtugtar "the father of potty parity" air, nach ábhar gáire ar bith é seo.
cúrsaí geilleagair economic matters
" Ní mór cúrsaí geilleagair na tíre agus polasaithe an rialtais a chur san áireamh chomh maith.
fá dtaobh den cheist seo about this matter
" Cé go bhfuil dualgas ar gach fostóir, de réir an Health and Safety at Work Act 1974, sláinte a chuid fostaithe a chosaint, agus go ndúirt Cód Cleachtais ón Health and Safety Commission i Meán Fómhair 2000 go raibh an ceart ag freastalaithe i dtithe tábhairne a bheith ag obair in atmaisféar saor ó thoit, is cuma le rialtas Tony Blair fá dtaobh den cheist seo.
cúrsaí na mara marine matters
" Nó do na feidhmeannaigh a bheas ag plé le cúrsaí na mara i gContae an Chabháin, ceann den dornán contaetha nach bhfuil aon chósta leo.
cúrsaí riaracháin administrative matters
" Bhí dreamanna áirithe ann a raibh neamhspleáchas iomlán ag teastáil uathu ón Danmhairg, i réimsí mar oideachas, cúrsaí riaracháin agus cúrsaí gnó.
cúrsaí matters
" Bíonn baint ag cúrsaí ólacháin agus drugaí le cuid de na cásanna; deirtear go laghdaíonn na drugaí seo an toil a bhíonn ag duine troid i gcoinne an cathú a bhíonn air lámh a chur ina bhás féin.
cúrsaí matters
" Má leanann cúrsaí mar atá, beidh daoine go fóill ag sleamhnú isteach ar chúl leoraithe nó i bhfolach i mbáid fharantóireachta ó Le Havre nó Cherbourg.
nithe domhaine spioradálta deeply spiritual matters
" Tá sé den tuairim go gcaithfidh mic léinn na cliarscoile a bheith in ann déileáil le nithe domhaine spioradálta mar aon le nithe intleachtúla.
nithe intleachtúla intellectual matters
" Tá sé den tuairim go gcaithfidh mic léinn na cliarscoile a bheith in ann déileáil le nithe domhaine spioradálta mar aon le nithe intleachtúla.
cúrsaí sealúchais property matters
" Le breis agus bliain anuas bhí Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ag breathnú ar na hailt sa bhunreacht a bhaineann le cúrsaí sealúchais agus ag tús na míosa seo caite sheol an Príomh-Aoire Mary Hanafin a dtuarascáil.
comhshaoil environmental matters
" Dúirt grúpaí éagsúla nach raibh siad i gcoinne leathnú an Aontais agus nach grúpaí "frith-Eorpacha" iad, ach go raibh siad buartha faoin leagan amach a bhíonn ag institiúidí an Aontais maidir le cúrsaí eacnamúla, sóisialta agus comhshaoil, agus faoin easpa smachta a bhíonn ag an bpobal ar pholasaithe na n-institiúidí sin.
cúrsaí slándála security matters
"cúrsaí slándála anois faoi chúram fhórsaí míleata agus phóilíní na tíre.
chúrsaí reifrinn referendum matters
" Ach is ag díriú isteach ar chúrsaí reifrinn agus toghcháin atá sé.
cúis bhróid agus bhróin matter for pride and sadness
" " Tá rian fágtha ag an tubaiste ar mhuintir Learphoill, agus ba cúis bhróid agus bhróin dúinn anseo an t-ainm Paul Harrison a fheiceáil ar an fhoireann sa chluiche deireanach den séasúr in aghaidh Newcastle United.
cuma cé na foirne atá ag imirt no matter what teams are playing
" Tá aithne agam ar dhaoine a théann go dtí cluichí móra na gCraobhchomórtas Peile agus Iomána ar fud na tíre, cuma cé na foirne atá ag imirt.
chúrsaí gnéis sexual matters
" "Ní hé go bhfuil an oiread sin faoi chúrsaí gnéis ann .
faoin gceist fhíor-thromchúiseach seo about this very extremely serious matter
" Bhí an tAire Spóirt faoi agallamh níos mó ná uair amháin in aghaidh an lae le gairid chun ceisteanna a fhreagairt faoin gceist fhíor-thromchúiseach seo.
dá fheabhas é no matter how good he was
" Nuair a fheiceann tú reathaithe na hAetóipe, cuir i gcás, ag rith l0,000 méadar gan stró ar bith tuigeann tú nach mbeadh seans ag Éireannach ina gcoinne dá fheabhas é.
i gcúrsaí ceardchumainn in trade union matters
" Tógadh é i dteach a bhí an-bhríomhar ó thaobh cúrsaí polaitíochta de - ba shóisialaí a athair a bhí sáite i gcúrsaí ceardchumainn sa chathair, chomh maith le bheith ina Chaitliceach cráifeach agus comaoineoir laethúil.
cúrsaí geilleagair economic matters
" Níl an méid sin difríochtaí eatarthu ó thaobh cúrsaí geilleagair.
cúrsaí teicniúla technical matters
" Lean sé ar aghaidh: "Bímis soiléir faoi - cúrsaí teicniúla, polaitíocht, cuntasacht - tabhair do rogha ainm air, is sofhriotail iad uilig ar an réaltacht úr a bhfuil ar an DUP dul i ngleic léi, is é sin go gcaithfidh siad an chumhacht a roinnt ar bhonn cothrom le poblachtánaigh nó nach mbeidh cumhacht ar bith acu.
chúis gháire laughing matter
" "An ag magadh atá siad?" Bhí a fhios agam an freagra - níorbh aon chúis gháire é seo.
i gcúrsaí iompair in transport matters
" Ceist agam ort: céard é an t-athrú ba shuntasaí agus ba thábhachtaí i gcúrsaí iompair na tíre le trí bliana anuas? Luas an dá bhealaigh? An síneadh nua ar an M1, an mótarbhealach idir Bhaile Átha Cliath agus Dún Dealgan? Éide nua na n-aeróstach in Aer Lingus? Déarfainn féin nach bhfuil ceann ar bith díobh sin inchurtha le hathrú radacach ach folaithe a thosaigh go ciúin agus a scaip thar chúig chontae is fiche i bhfaiteadh na súl.
cúrsaí teileachumarsáide telecommunications matters
" Bheadh dúshlán roimh aon aire ag glacadh freagrachta as cúrsaí teileachumarsáide sa tír seo.
is í an chloch is lú ar a bpaidrín í its the matter they're least concerned about
" In ainneoin go ndearbhaíonn siad gur cheart go mbeadh Giobráltar faoi chumhacht na Spáinne, i ndáiríre is cuma leo faoin gceist go ginearálta - is í an chloch is lú ar a bpaidrín í.
cúrsaí leasa shóisialaigh social welfare matters
" Baineadh de an aireacht Iompair agus cuireadh é ag plé le cúrsaí leasa shóisialaigh.
nár chuma what would it matter
" Mura n-éireodh leo nár chuma - bheadh a fhios againn ansin gurb é an córas atá ann an córas is fearr.
chúrsaí teicniúla technical matters
" Ní hamháin go bhfuil tuiscint ar chúrsaí teicniúla de dhíth (agus is léir gur bean theicniúil í - b'éigean di cuidiú leis an scríbhneoir seo nuair a bhí deacracht aici le deachtafón nua digiteach!), ach tá saineolas gnó agus dlí riachtanach de bhrí go bhfuil páirc dheacair le treabhadh ag an gcoimisiún ó thaobh dlí de.
chúrsaí tráchtála commercial matters
" Rith sé léi go gcuirfí níos mó béime ar chúrsaí tráchtála sa chomhlacht go luath.
ábhar conspóide matter of controversy
" Tá na fuinneoga mar ábhar conspóide idir Campbell's Catering, úinéirí an chaife, agus Treasury Holdings, úinéirí an fhoirgnimh.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, fiú dá mbeadh an bua ag plean Ibarretxe i reifreann, tá sé fógartha cheana féin ag Alava, ceann de na trí chúige i dTír na mBascach, nach mbeadh siad sásta bheith páirteach in aon chor i dtír a bheadh neamhspleách ón Spáinn.
cúrsaí infheistíochta investment matters
" " Tá Balor sásta comhairle a chur ar na robálaithe maidir le cúrsaí infheistíochta, nó is saineolaí de chineál é féin i ndiaidh dó fortún a dhéanamh as na pinginí a shaothraigh sé ó *Beo Ar Éigean* le cúpla bliain anuas a shuncáil i bhfuillimh éagsúla.
cúrsaí reachtaíochta legislative matters
" Baineann feidhm Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge le cúrsaí reachtaíochta.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, tugtar le fios go raibh ar a laghad beirt sásta bás a fháil in onóir iad siúd a bhásaigh rompu, cé go raibh a fhios go maith acu nach raibh seans faoin spéir go mbainfidís na cúig éileamh a bhí á lorg acu amach.
i gcúrsaí slándála in security matters
" An bhfaighidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Aer Rianta mar a bhí) an bronntanas luachmhar seo? Nó an mbeidh críochfort príobháideach ann agus é in iomaíocht leis an bhfoirgneamh atá ann anois (rud a chuirfeadh gliondar ar chroí crua Mhíchíl Uí Laoire, atá ag lorg a leithéid – go glórach – le fada)? Nó an dtiocfar ar chomhréiteach, agus an mbeidh comhlacht príobháideach ag reáchtáil an chríochfoirt agus é ar cíos aige ón Údarás? Níor chabhraigh an phraiseach i gcúrsaí slándála le déanaí le cás an Údaráis, agus níor chabhraigh nochtadh a fhiacha ach an oiread, ach níl an bhean ramhar ag gabháil fhoinn fós agus ba chróga an té a chuirfeadh a phinsean ar gheall go bhfágfar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath as an gcluiche go huile agus go hiomlán.
i gcúrsaí iomána in hurling matters
" Tá spéis mhór aige i gcúrsaí iomána (“an t-aon spórt a thuigim agus an t-aon spórt a leanaim!”), mar a bheifeá ag súil i gcás duine as Tiobraid Árann.
chúrsaí dlí agus cirt justice matters
" Níl dabht ach go bhfuil seo ag brath go mór ar Rialtas na Breataine géilleadh do phríomhéileamh Shinn Féin, gur rialtas Stormont a bheidh i gceannas ar chúrsaí dlí agus cirt agus cúrsaí slándála na Sé Chontae agus nach mbeidh seirbhísí rúnda ar nós MI5 agus MI6 ag rith cúrsaí mar atá faoi láthair.
ar ábhair dhifriúla on different matters
" Comhairle ======= Agus tú ag obair in áiteanna éagsúla, faigheann tú neart píosaí beaga eolais ar ábhair dhifriúla.
cúrsaí eitice agus dlí ethical and legal matters
" Cuimsíonn sé gnéithe éagsúla den cheird, ón iriseoireacht go dtí an chraoltóireacht, cúrsaí eitice agus dlí agus an taobh teicniúil.
chúrsaí slándála security matters
" Go príomha, muna dtugtar cúram chúrsaí slándála Thuaisceart Éireann do rialtas i Stormont ina a mbeidh Sinn Féin páirteach, laistigh de thréimhse ghairid, ní bheidh muinín ag na náisiúnaithe as an PSNI, tiocfaidh na seanfhadhbanna chun tosaigh arís agus de réir a chéile méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair.
cúrsaí círéibe riot matters
" Alt ar leith atá ag Balor an Bhéil Bhinn daoibh an mhí seo, a léitheoirí, go háirithe daoibhse ón iasacht, nó i gConamara, nó i gCorca Dhuibhne, nach dtuigeann cúrsaí círéibe in Éirinn, nó nach dtuigeann meon na ndílseoirí ó thuaidh.
i gcúrsaí slándála in security matters
" Ach, faraor, níl an infheistíocht chéanna déanta i gcúrsaí slándála acu agus go minic fágtar an doras ar oscailt d’aon duine atá ag iarraidh briseadh isteach ar an ngréasán úd agus úsáid a bhaint as an gceangal idirlín iad féin.
go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist until the media drew attention to the matter
" ” Cé gur scríobh an dlíodóir arís chuig an Aire ag tús 2005, ní go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist i mí an Mheithimh go ndearnadh rud ar bith.
go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist until the media drew attention to the matter
" ” Cé gur scríobh an dlíodóir arís chuig an Aire ag tús 2005, ní go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist i mí an Mheithimh go ndearnadh rud ar bith.
saineolaí i gcúrsaí inbhuaine an expert in sustainability matters
" Labhraíonn an tUasal Richard Douthwaite, eacnamaí agus saineolaí i gcúrsaí inbhuaine, faoi “mhéadú na táirgiúlachta daonna trí fhuinneamh saor” in aois na tionsclaíochta.
cúrsaí airgeadais financial matters
" Cén ról atá agat féin in An Droichead agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise comhordaitheoir an tionscadail, rud a chiallaíonn go bhfuil mé (a) freagrach as bainistiú na foirne agus an lárionaid, (b) i mbun cúrsaí airgeadais agus scríobh iarratas maoinithe, agus (c) mar stiúrthóir laethúil na heagraíochta iomláine.
i gcúrsaí piseog in matters of superstition
" Níl suim dá laghad agam féin i gcúrsaí piseog ach mhothaigh mé ar an lá sin gurbh áit faoi leith an tigín sin agus gur duine cneasta, cineálta, dílis a bhíodh ina chónaí ann.
i gcúrsaí diagachta in theological matters
" Rinne seisean a dhícheall, agus tá sé á dhéanamh go fóill, chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcúrsaí diagachta agus d’éirigh go maith leis.
cúrsaí póilíneachta policing matters
" Tá siadsan ag fanacht le go bhfeicfidh siad an reachtaíocht atá á hullmhú ag rialtas Blair maidir le cúrsaí póilíneachta, a bheihd ar fáil an mhí seo chugainn.
cúrsaí iompair transport matters
" De ghnáth, nuair a phléitear cúrsaí iompair, iompar paisinéirí a bhíonn i gceist.
cúrsaí smachta agus iompair matters of discipline and behaviour
" Le filleadh ar an *ethos*, is dóigh liom féin go bhfuil meon áirithe laistigh de CLG atá débhríoch ar a laghad maidir le cúrsaí smachta agus iompair i measc imreoirí agus daoine eile.
cúrsaí geilleagair economic matters
" Ar an drochuair bhí cúrsaí geilleagair go han-dona in Éirinn ag am sin agus chinn mo thuismitheoirí ar dhul go Sasana mar gheall ar go raibh sé níb fhusa obair a fháil.
ábhair spairne poiblí matters of public contention
" Dúirt an tAire go raibh sé de dhualgas air an pobal a chur ar an eolas faoi ghníomh coiriúil a chuirtear i leith duine atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe ó tharla go raibh an té a bhí i gceist ina Phríomhfheidhmeannach ar eagraíocht a cuireadh ar bun le hiniúchadh a dhéanamh ar ábhair spairne poiblí.
Nach cuma duit what does it matter to you
" ” “Nach cuma duit,” arsa an dara bean.