Pota Focal Intergaelic
eat | mat | meal | mear | meas
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhlacht feola Éireannach an Irish meat company
" Tuairisc a rinne siad ar an chlár "Farm Diary" ba chúis leis seo, tuairisc ina ndúirt siad go raibh comhlacht feola Éireannach lárnach i bfiosrúchán a bhí ar bun san Iaráic maidir le caimiléireacht feola, agus gur baineadh míleas as scéim árachais de chuid an rialtais trí fheoil, nárbh fheoil Éireannach í, a chur isteach fúithi.
ag ithe scoth feola agus aráin eating the best of meat and bread
" Tá traidisiún na fáilte go láidir i Wisconsin, agus níor chlis ar an traidisiún an oíche seo ach oiread, sinn ag ithe scoth feola agus aráin an chultúir Ghearmánaigh i Wisconsin.
a slisní feola agus a ngircíní! their slices of meat and gherkins!
" Iad féin agus a slisní feola agus a ngircíní! D’iarr mé *schwarter tee*, ach mhothaigh mé mé féin ag socthumadh i lagar spride nuair a chonaic mé an boc seo ag líonadh cupa (sioctha) le huisce a bhí bogthe (ag an mhéid ab fhearr).
ciolar chiot mince-meat
" ) Tá ciolar chiot déanta de chúrsaí ach leanann Gregory Campbell de bheith ag tabhairt tacaíochta agus spreagtha do lucht aisling bhréige na hUltaise.
Feoiliteoir meat-eater
" Feoiliteoir marsúipiach ab ea an tílicín agus bhí imní ar na coilínigh go gcreachfadh an tíogar a n-ainmhithe clóis agus a gcuid eallaigh amuigh.
fheoil a roinnt meat is shared
" Déantar an fheoil a roinnt i dtrí chuid: cuid amháin don teaghlach é féin; cuid eile do theaghlaigh ghaolta; agus an train deiridh do na bochtáin.
feoil meat
" Deirtear go n-itheann na sionnaigh sméara agus ruainne ar bith a dtiocfaidh siad air san earrach, ach b’fhearr leo feoil na mionmíolta, nó creimirí beaga, in aimsir fuachta mar seo.
feoil an duine human meat
" Ní fios cén t-achar a raibh siopa búistéara i Moscó ag díol feoil an duine in ispíní sular tháinig amhras ar lucht údaráis faoin áit agus gabhadh daoine mar gheall air.
feoil an choiligh fhrancaigh turkey meat
" com/ca/app/gift-plan/id395091924?mt=8) Cosúil le feoil an choiligh fhrancaigh, ní don Nollaig amháin é an feidhmchláirín seo: cabhróidh sé leat bronntanais a réiteach i rith na bliana.
a cuid feola its meat
" Is baolach nach gcaitear a cuid feola, mar is ann di, ina spóla mór.
fheoil a bhí á caitheamh meat being eaten
" An sairdín an bia a shamhlaítear go traidisiúnta leis an bhféile seo, ach ba mhó go mór an fheoil a bhí á caitheamh i mbliana.
de ghrá a gcuid feola for their highly prized meat
" Bíonn fiach mór orthu de ghrá a gcuid feola.
feoil chapaill horse meat
" Níl siad ag maíomh as an mhéid sin ar ndóigh, ach ar a laghad ar bith tá na sluaite ag amharc ar Americas got Talent, ag ithe feoil chapaill agus ag sú isteach gach scéal i mbarr maide.
feoil a ithe to eat meat
" - Níl rud ar bith cearr le bia na hÉireann: prátaí agus tornapaí agus cabáiste agus meacain dearga… Ní bheidh cead ag lucht loicthe feoil a ithe feasta ach amháin idir an dá Nollaig – aon trí lá is maith leo.
feoil an mhíl mhóir whale meat
" Rith sé liom ag an am go raibh acmhainn dhorcha grinn ag an urlabhraí nuair a mhaígh sé go raibh orthu ainmhithe a mharú le heolas faoina n-ionchas saoil a bhailiú! Chothaigh an clár conspóid ón gcéad lá riamh, leis na stiallairí den tuairim go raibh bob á bhualadh ar an gCoimisiún ionas go mbeadh feoil an mhíl mhóir ar fáil i mbialanna agus in ollmhargaí sa tSeapáin, tír ina bhfuil an fheoil ina bia sóchais.
tír ina bhfuil an fheoil ina bia sóchais a country where the meat is a delicacy
" Rith sé liom ag an am go raibh acmhainn dhorcha grinn ag an urlabhraí nuair a mhaígh sé go raibh orthu ainmhithe a mharú le heolas faoina n-ionchas saoil a bhailiú! Chothaigh an clár conspóid ón gcéad lá riamh, leis na stiallairí den tuairim go raibh bob á bhualadh ar an gCoimisiún ionas go mbeadh feoil an mhíl mhóir ar fáil i mbialanna agus in ollmhargaí sa tSeapáin, tír ina bhfuil an fheoil ina bia sóchais.
fheoil meat
" D'éalaigh Balor bundúnslán ó na lúchorpáin agus bhuail isteach sa Ghaeltacht ar thaobh Loch Michigan le gairid, mar a bhfuil an bheoir saor agus an fheoil saorga.