Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a mhaíonn sé he claims
" Ar ndóigh chabhraigh sé go raibh beirt chuntasóirí mar stiúrthóirí ar an gcomhlacht!" Agus ar ndóigh chabhraigh sé freisin go bhfuil muinín aige as an gcomhlacht: "Is muidne an comhlacht soghluaiste idirlín is fearr ar domhan" a mhaíonn sé.
a mhaíonn which claim
" Is dhá shuíomh snasta iad sin a mhaíonn go mbaineann siad le hollscoileanna in Éirinn - dhá ollscoil nach bhfuil tásc nó tuairisc orthu sa tír seo.
a mhaíonn states
" "Bealach ar bith!" a mhaíonn Balor.
is a mhaíonn na meáin chumarsáide as the media claims
" Ach cad é a dhéanfas na Donaldsonistas? Measann daoine áirithe nach bhfuil Donaldson chomh láidir sin in éadan an Chomhaontaithe is a mhaíonn na meáin chumarsáide.
a mhaíonn who claims
" Ní mar mhagadh é seo do bhean a mhaíonn nach ndeir sí mórán.
a mhaíonn who claim
" 5 milliún duine anois ann a mhaíonn go bhfuil an teanga acu.
a mhaíonn states
" "Sterling stuff!" a mhaíonn Joe Mac Dunno, an príomh*eejit* gach uair a thagann iarratas isteach ó eagraíocht as an cheantar sin.
a mhaíonn which claims
" Ag scríobh dó in *Daily Ireland*, páipéar a mhaíonn go dtugann sé guth ar bhonn laethúil do náisiúnaithe na Sé Chontae, scríobh Tom McGurk, fear a bhfuil cáilíochtaí maithe poblachtánacha aige: *"… all the bitching and complaining about enemies and securocrats and historical reference points is just so much hot air.
a mhaíonn boasts
" “Dá mbeadh sé de mhisneach acu mise a roghnú, agus dá dtabharfadh an bheirt sin faoi Bhalor Beo, bheadh na *All Blacks *beirt gann faoi dheireadh an chluiche,” a mhaíonn Balor an Bóiscéalaí Bomannach.
a mhaíonn boasts
" “Dá mbeadh sé de mhisneach acu mise a roghnú, agus dá dtabharfadh an bheirt sin faoi Bhalor Beo, bheadh na *All Blacks *beirt gann faoi dheireadh an chluiche,” a mhaíonn Balor an Bóiscéalaí Bomannach.
a mhaíonn which claims
" Tháinig páipéar úr nuachta amach dar teideal an *Shankill Mirror *a mhaíonn go bhfuil “*Ulster at Crisis Point*”.
a mhaíonn who claims
" Anois, cén t-ainm seo arís atá ar an tráchtaire sin atá chomh daingean ina bharúlacha a mhaíonn gurb eisean an t-aon duine sa lá atá inniu ann atá toilteanach fimíneacht agus ainbhearta a nochtadh? An duine sin, a mbíonn sé féin agus Clooney de shíor in adharca a chéile? Ó, sea, Bill O’Reilly ó Fox News.
nuair a mhaíonn siad when they claim
" Nach raibh sé íorónta go raibh cuid de lucht an racáin ag caitheamh scaifeanna trídhathacha, a raibh dath bán na síochána idir an glas agus an t-oráiste orthu, agus iad i mbun círéibe? (Agus nach iontach an méid de na bithiúnaigh a raibh geansaí de chuid Celtic á gcaitheamh acu? Tionchar Roy Keane, b’fhéidir?) Tá dul amú ar aontachtaithe fosta nuair a mhaíonn siad nach bhfuil saoirse cainte acu ar an taobh ó dheas den teorainn.
de réir mar a mhaíonn sé féin as he claims himself
" Fear mór spóirt é ar scor ar bith, de réir mar a mhaíonn sé féin.
a mhaíonn who claim
" Sasana Is cosúil gur thosaigh an daorchluiche i Sasana san 18ú haois (cé go raibh cluichí dá leithéid thart le fada, agus tá daoine ann a mhaíonn gur eascair an daorchluiche ón gcluiche corr, a eagraítear faoi scáth Chumann Lúthchleas Gael in Éirinn!).
a mhaíonn na déantóirí claim the makers
" Ach cé nach bhfuil ach an craoltóir Sky ag craoladh in HD thar satailít faoi láthair, tá go leor daoine ag ceannach teilifíseán mór leathan – teilifíseáin, a mhaíonn na déantóirí, atá “HD Ready”.
a mhaíonn which claim
" 52 é ar an 1 Deireadh Fómhair) ach, de réir an *Daily Telegraph*, tá roinnt tuarascálacha faighte ag Gordon Brown a mhaíonn gur cheart go mbeadh rátaí pá íosta difriúla i réigiúin éagsúla na tíre.
a mhaíonn which claims
" Tá eagraíocht i Meiriceá ar a dtugtar NARTH (National Association for Research and Treatment of Homosexuality) a mhaíonn go bhfuil cóir leighis ann dó.
mhaíonn proclaim
" “Anois an t-am le bheith ag ceannach, tá an margadh ag iompú,” a mhaíonn gníomhaithe eastáit go hardghlórach, ach ní chreideann aon duine iad! Mar shampla, táthar ag déanamh a mhór de Cheathrú an Titanic, forbairt níos mó ná £1 bhilliún in oirthear na cathrach, san áit ina mbíodh longlann Harland and Wolff.
mhaíonn claims
" “Cén cac? Siúr níl cac ar bith ann; agus cac an diabhail orthu siúd a mhaíonn go bhfuil.
mhaíonn claims
" ” Ar athraigh an scéal a dhath ó shin? An fíor don scéal a bhí ar leathanach tosaigh an Sunday World a mhaíonn gur ghríosaigh ball nó baill an PSNI an t-ionsaí frí theachtaireacht téacs a chur chuig duine de na dílseoirí a dúirt: “*The tricolours are still up in the town- are yis real men or what?*” Agus cad é fá na polaiteoirí? “Iompar frithshóisialta” a thug aontachtaithe ar an eachtra nó cuireadh an locht ar lucht curtha na mbrat in airde.
mhaíonn claims
" ” Is é foinse na géarchéime geilleagraí ná ‘comhdhearcadh’ a cuireadh ina luí orainn ár muinín a chur ann, a mhaíonn Jeff Gates in agallamh le Beo! Dar le Gates, a bhí ina abhóide don Choiste Airgeadais de chuid Seanad na Stát Aontaithe ó 1980 go 1987, go ndearna an dearcadh seo an-dochar do thromlach mór na ndaoine ar mhaithe le mionlach fíorbheag.
mhaíonn claim
" ” Ar dhroim sin uile, chuir lucht dlí al Megrahi na céadta leathanach a mhaíonn a neamhchiontacht ar shuíomh idirlín speisialta níos lú ná coicís ó shin: http://www.
mhaíonn claims
" Bhí scaifte nach beag ag léirsiú amháin ar an 23ú Deireadh Fómhair, nuair a bhí an aimsir go hainnis agus tá daoine ag éisteacht le teachtaireachtaí taobh amuigh den dioschúrsa coitianta a mhaíonn nach bhfuil rogha ar bith ann ach ní fios an iompóidh an míshásamh seo ina fhonn troda agus ina ghluaiseacht daingean.
mhaíonn claim
" Tá tráchtairí polaitíochta ann a mhaíonn gur mhúch Lula spiorad muirthéachta na cosmuintire le liúntais teaghlaigh, arduithe íosphá agus líon teoranta d’infheistíochtaí feiceálacha.
Táthar ann a mhaíonn there are those who claim
" Táthar ann a mhaíonn gurb iontach an rud é go bhfuil an cluiche nochta mar sin os ár gcomhair, agus de réir na hargóinte seo, treisíonn an fhollasacht nua an córas daonlathach a bhfuilimid in ainm is a bheith inár gcónaí.
mhaíonn claims
" “Is Eorpach mé ó bhonn mo chrúibe go barr mo bhraoi!” a mhaíonn fear na súile nimhe.
mhaíonn claims
" ” De réir an ADL, agus go leor eile nach iad, teoiric chomhcheilge fhrithrialtais a ba chúis le sléacht Anders Behring Breivik chomh maith; mar atá, coincheap “Eurabia” (a chum an “staraí” Síónach Bat Ye’or) a mhaíonn go bhfuil na Moslamaigh ar tí an Eoraip a choilíniú trí inimirce, a bhuíochas sin do leithéidí Páirtí Lucht Oibre na hIorua de bheith ag comhoibriú leis an namhaid.
mhaíonn claimse
" An Staidéar Teangeolaíoch ============= **SMM: An bhfuil tú ar aon tuairim le tátal an Staidéir Teangeolaíochta a mhaíonn gurb é teann a dícheall go seasfadh an Ghaeltacht fiche bliain eile?** DMFh: Shuigh muid uilig suas nuair a chonaic muid sin, ach caithfidh mé a rá, mar fhear Ghaeltachta, gur dhúirt sé an rud a shíl mé féin, agus go leor eile, a bhí ag tarlú ins na ceantair Ghaeltachta, go bhfuil an teanga faoi bhrú ins an Ghaeltacht.
mhaíonn claims
" Osclaíodh doirse na hiarsmalainne Titanic *‘The Maritime Museum of The Atlantic’* i Halifax, iarsmalann a mhaíonn an taispeántas is mó d’iarsmaí adhmaid ón soitheach cáiliúil.
líon na ndaoine a mhaíonn the number of people who claim
" Ach anois tá líon na ndaoine a mhaíonn go bhfuil Gaeilge acu méadaithe go 1.
mhaíonn go hurrúsach confidently claims
" Ní oirfeadh a leithéid do mhuintir na tíre seo a mhaíonn go hurrúsach gur gné shainiúil lárnach dá sochaí í cothrom na Féinne, nó a fair go mar a thugann siad air.
mhaíonn siad they claim
" Cur i gCoinne Contráilte ======== Tá Sinn Féin agus Vincent Browne mícheart ar fad nuair a mhaíonn siad go gcuirfidh an conradh leis an éagothroime sa tír.
mhaíonn claim
" Ach, is deacair glacadh leis an méid a mhaíonn an lucht airgeadais féin, mar atá, gurb iadsan agus an córas casta airgeadais is cúis leis an dul chun cinn mór geilleagair sna tíortha saibhre le daichead bliain anuas.
mhaíonn claims
" Gach uair a labhraíonn Ferguson fé fhréamhacha ár “sibhialtacht domhanda” nó fés na *“killer applications”* dar thug an lámh in uachtar don Iarthar nó fé bhorradh as cuimse na Síne, is maith is cuimhin liom an t-alt sin in aiste Nietzsche nuair a mhaíonn: *“What is history then other than the way in which the spirit of man takes in the events which are impenetrable to him, something in which only God knows whether there is a relationship holding it together, in which that spirit replaces an incomprehensible thing with something comprehensible, from the outside underwrites with his ideas of purposefulness a totality which really can be known only from within, and also assumes chance events, where a thousand small causes were at work.
mhaíonn claims
" Nár chiallmhar mar sin pobal daoine sa Pholainn a mbeadh roinnt díobh acmhainneach ar obair a thabhairt chun rialtachta? Tabhairt chun Rialtachta in Éirinn ============== Déarfá nach bhféadfaí áitiú eacnamaíochta a dhéanamh in Éirinn ar son scéim a thabharfadh inimircigh lasmuigh den dlí chun rialtachta ach tá feachtas ar siúl ag Ionad Chearta na nInimirceach in Éirinn (MRCI) a mhaíonn go bhféadfadh an stát suas le 100 milliún euro a thuilleamh ó cháin a d’íocfadh inimircigh a thabharfaí chun rialtachta agus a bhfostóirí araon.
fear a mhaíonn a man who claims
" Ar a chamchuairt thart fá cheantair na ndílseoirí sa chathair cois cuain a bhí Balor nuair a casadh dó Cú Chulainn Mac an Mheirge, fear a mhaíonn gur athraigh sé a ainm in ómós do chosantóir Chúige Uladh, agus a shloinne le hurraim do bhratach na Ríochta Aontaithe.
a mhaíonn who claim
" Go bhfios dom, níl a leithéid de scrúdú le déanamh ó dheas (ní maith linne, nordies, an Phoblacht a thabhairt air go dtí go mbeidh an gnó gan chríochnú críochnaithe) ach rith sé liom gur ceart scrúdú saoránachta a chur ar dhaoine a mhaíonn gur Éireannaigh an tuaiscirt/ tuaisceartaigh na hÉireann iad.
mhaíonn said they claim
" An scéal céanna leis na corparáidí ola nuair a mhaíonn said go bhfuil said ag cosaint an chomhshaoil, nó leis na corparáidí teicneolaíochta nuair a shéanann siad an imghabháil chánach.
teoiric ann a mhaíonn a theory which claims
" I gcás na nGearmánach ansin, tá teoiric ann a mhaíonn go bhfuil foinse ‘Ghaelach’ ag a n-ainm sa Bhéarla.
a thátal a mhaíonn his conclusion which claims
" ’Sé sin, a thátal a mhaíonn gur chóir don drámaíocht iarracht a dhéanamh anam an duine a ghlanadh ‘le trua agus le hár’.
claonta fosta ar son beartais a mhaíonn also biased positively for policies which claim go gcruthaídís poist that they would have created jobs
" Tá siad claonta fosta ar son beartais a mhaíonn go gcruthaídís poist, fiú amháin nuair nach bhfuil ciall cheart geilleagair leo.
mhaíonn claims
" Rud eile a mhaíonn Skoda ná gur féidir barrluas 230 cíliméadair san uair a fháil aistí.
mhaíonn faoin tionchar which proclaim the influence
" Bíonn TG4 breac le cláracha faisnéise a mhaíonn faoin tionchar a d'imir an teanga ar an saol mór.
a mhaíonn who claim
" Tá siad ann a mhaíonn go bhfuil “an t-iarthar” chomh dona leis an Rúis nó le tír ar bith eile nach nglacann le “luachanna an iarthair”.
a mhaíonn who claim
" Cé ar an locht faoi sin? De réir Dhaonáireamh 2011, tá beagnach 200 duine i mbaile Longphort a mhaíonn go n-úsáideann siad an Ghaeilge go seachtainiúil ar a laghad lasmuigh den chóras oideachais.
a mhaíonn gur féidir teanga a fhoghlaim iontach mear who claims that one can learn very fast
" Bhuail Seosamh Mac Muirí le fear siúlach scéalach as an Chabhán a mhaíonn gur féidir teanga a fhoghlaim iontach mear ach an cur chuige s’aige a leanacht.
ar leabhar a mhaíonn at a book which claims
" Amharcann Breandán Delap ar leabhar a mhaíonn gur cheart deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach sa chóras oideachais.