Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag milleadh an tírdhreacha tuaithe destroying the rural landscape
" Tá An Taisce go láidir den tuairim go bhfuil muintir na hÉireann ag milleadh an tírdhreacha tuaithe leis an tógáil atá ar siúl agus go mbeadh sé níb éifeachtaí agus níb fhearr don timpeallacht dá mbeadh forbairt á déanamh ar na bailte.
ag milleadh an cheoil ruining the music
" Ní dhearna Séamus gearán faoi dhuine ar bith eile a bhí ag seinm in aice leis, bíodh sé sin beagnach ag milleadh an cheoil ar achan duine eile.
milleadh devastation
" Tuigfidh lucht tógtha na ladrann faoi cheann roinnt blianta, áfach, nuair a thógfar na cúisimh éagsúla chun tosaigh ina n-éadan i gcúirteanna SAM féin, an milleadh agus an scrios a rinne siad in áiteanna ar fud an domhain mar a bhfuil cosmhuintir Mhuslamach beo bocht, cosmhuintir ar neamhní lena gcuid rialtas féin iad cuid mhaith.
milleadh destruction
" Thug na siúlóirí ‘Bóthar na mBrící Buí’ ar an milleadh seo, milleadh atá mar chuid de ‘fhorbairt na háite’! Deir fógra in aice leo: ‘Treoróidh na marcanna buí ar na clocha agus ar bholláin i dtreo thoir thuaidh thú ar ais go cosán rochtana an Oilithrigh.
milleadh mór great damage
" Rinneadh iarracht briseadh trí thródam gardaí ach theip orthu, cé go ndearnadh milleadh mór in áiteanna ó dheas as lár na cathrach.
ag milleadh an domhain destroying the world
" Is minice ráite gur dream uafásach sinn, an cine daonna ag milleadh an domhain, gan trácht ar aon chinéal feabhais, beag nó mór, a bheith tionscanta againn.
ba mhó a milleadh mostly that were ruined
" Ach b'ar na ceantracha cósta ba mhó a milleadh.
dá milleadh féin ruining themselves
" **SMM: Nár cheart daoibh cruthú thar cinn sa gcéad ollthoghchán eile, tharla Labour a bheith dá milleadh féin le dúnghaois déine Bhanc na hEorpa agus an Choiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta? Mura gcruthaíonn sibh thar cinn, comharthóidh sé go bhfuil rud éicint as alt ar fad, nach fíor dom é?** TÓC: Sílimse gurbh fhearr fás réidh, seasmhach a fheiceáil sa bpáirtí ná fás thar oíche, mar a chonaic mé i bPáirtí an Lucht Oibre san olltoghchán deireanach.
Is iomaí páiste ar milleadh a óige many children's childhood was ruined
" Is iomaí páiste ar milleadh a óige agus ar scriosadh a shaol dá dheasca.
d’ainneoin an milleadh go léir despite all the ruination
" Is tábhachtach an ghné dhearfach imshaoil ní mar gheall ar an leas atá ann féin, ach toisc gurb shin é an leithscéal atá an stát ag tarraingt chuige féin ina gcuid blúiríní eolais chuig na meáin chumarsáide, d’ainneoin an milleadh go léir a dhéanann siad chaon bhliain trí Bhord na Móna.
ag milleadh ruining
" An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.
ag milleadh na ndaoine ruining the people
" Bhí dáréag glic a d'fhan in uaimh le barr tuisceana gurb í an fhearthain a bhí ag milleadh na ndaoine.