Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ba mhinice ná a mhalairt more often than not
" Go deimhin, ba mhinice ná a mhalairt a mhúchaidís an raidió dá gcloisfidís é nó théadh ar thóir popamhráin faoi dheifir ar stáisiún éicint eile.
Níos minice ná a mhalairt more often than not
" Níos minice ná a mhalairt, áfach, níor ghá focal Béarla a úsáid toisc go raibh focal Gearmáinise leis an mbrí chéanna ar fáil.
cúig uaire níos minice ná an meán five times more often that the average
" Dar le Google, cliceálann daoine ar a fhógraí cúig uaire níos minice ná an meán d'fhógraíocht ar líne.
ní ba mhinice more regularly
" Bhí sé sin níb fhearr mar théadh an liathróid chugam ní ba mhinice agus bhíodh an-chraic agam á ciceáil as an bpáirc sula dtagadh an fhoireann eile anuas orm.
i bhfad níos minice, much more regularly
" Bogann an damhsóir céime i bhfad níos minice, i spás atá i bhfad níos mó.
níos minice more regularly
" De bhrí go bhfuil an brú aerthráchta ag méadú de shíor – i dtíortha atá i mbéal forbartha (an tSín, an India agus an Indinéis, cuir i gcás) agus i measc na n-aerlínte a bhfuil samhail ísealchostais á húsáid acu (Ryanair, mar shampla) – mura dtagann laghdú faoin ráta tionóiscí níos tapúla ná mar a thagann méadú faoin mbrú aerthráchta, tarlóidh sé go mbeidh tubaistí ag titim amach sa tionscal seo níos minice – tubaistí ar tragóidí do na híospartaigh iad agus tubaistí a chothóidh drochíomhá i leith na n-aerlínte agus i leith an tionscail trí chéile.
níos minice ná a mhalairt more often than not
" Is iomaí liathróid a chuireann sé san aer, ach níos minice ná a mhalairt is beag an toradh a bhíonn orthu.
níos minice more regularly
" Bímse ag tiomáint – ó, a Thiarna na dTiománaithe – Hyundai Trajet níos minice ná a mhalairt.
a mhinice as often
" Tharla an baile luaite aici, cén áit is baile di faoin am seo? Scramóg nó Sligeach? - “Bheul tá mé i mo chónaí i Sligeach le fiche bliain, áit ar cheannaigh mé teach sé bliain ó shin, ach a mhinice agus is féidir liom, téim go Ros Comáin mar a bhfuil roinnt de mo mhuintir ina gcónaí go fóill.
tagairtí minice frequent refrences
" Ní hionadh liom na tagairtí minice seo do dheirfiúracha is dheartháireacha nuair a fhaighim amach faoin teaghlach líonmhar inar tógadh é.
a mhinice as often
" Ní raibh clann ar Charlie agus Ella agus thug sin an t-am dóibh leanúint lena dtacaíocht do ghluaiseacht na Poblachta, ag cruinniú airgid don Chumann Cabhrach (eagraíocht fóirithinte na gcimí poblachtacha) mar shampla, agus thug sé an t-áiméar dóibh chomh maith saoire a chaitheamh sa Choireán i gCiarraí a mhinice is ab fhéidir leo.
a mhinice how often
" Is údar díomá é a mhinice agus a éasca is a mhaitear a n-iompar míshásúil d’imreoirí cáiliúla, agus an chaoi a dtugann idir bhainisteoirí agus choistí contae tacaíocht agus tarrtháil orthu.
dá mhinice as much as
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
níos minice more often
" Tá níos mó rónta glasa ná rónta beaga againn anseo, agus is dócha mar thoradh ar sin, go bhfeicfimid an rón glas níos minice sa tearmann ná mar a fheicimid a chara an rón beag.
Níos minice ná a chéile more often than not
" Níos minice ná a chéile, is carachtair neamhghníomhacha iad.
Is minice ráite it’s often said
" Is minice ráite gur dream uafásach sinn, an cine daonna ag milleadh an domhain, gan trácht ar aon chinéal feabhais, beag nó mór, a bheith tionscanta againn.
is minice most often
" Cré na Cille agus Na Cloigne ======= **SMM: Cén léiriú, clár, scannán nó sraith, is mó údar mórtais agus sásaimh duit?** CÓC: (Ag meabhrú) Shílfeá go mbeadh freagra a’m ar an gceist sin, ceann de na ceisteanna is minice a chuirtear ar dhaoine, ach tá sé deacair é sin a fhreagairt.
bogadh níos minice to move more often
" Tá níos mó tocsainí agus níos lú cothú i nduilliúr na n-eoclaipí mar gheall ar an athrú seo, agus bíonn ar na cóálaí bogadh níos minice ó chrann go crann le bia sa bhreis a fháil.
gur minice a theipeann ar an stát that the state more often fails
" Os a choinne sin tá daoine eile den bharúil gur minice a theipeann ar an stát, go háirithe nuair a bhíonn páistí i gceist, agus gur fearr i bhfad páistí a fhágáil lena dtuismitheoirí.
níos minice ná cheana more often than previously
" Ní féidir doineann ar leith a chur síos don athrú aeráide, ach chuir an spéirling Sandy, a bhuail Oir-Thuaisceart na Stát Aontaithe le gairid, daoine ag smaoineamh ar an fhíor-dhrochaimsir, atá, de réir cosúlachta, ag tarlú níos minice ná cheana.
gné aisteach is ea grá a bhaineann níos minice love is a strange thing which pertains more often
" Sa lá atá inniu ann, gné aisteach is ea grá a bhaineann níos minice le réimsí na tuisceana is geilleagair seachas le réimsí na braistinte agus an mhothúcháin, faraor.
i bhfad níos minice much more often
" Dúradh nach raibh baint ar bith ag an bhfírinne leis an scéal áfach, agus dúradh ina leith chomh maith go ndéanfar iniúchadh ar chuntais an Chéid Náisiúin i bhfad níos minice ná cuntais aon dream eile, agus gur minic a chuirtear iachall ar dhreamanna an t-airgead a chaitheamh go fánach, cé nach dteastaíonn uathu féin a leithéid a dhéanamh i gcónaí.
an carr is minice a gcuireann daoine ceisteanna orm fúithi the car people mostly ask me about
" Is í an Yeti an carr is minice a gcuireann daoine ceisteanna orm fúithi – cé go mbíonn a fhios acu go mbíonn bíonn roinnt de na carranna is deise agus is costasaí sa tír á dtiomáint agam! Is Maith Léi Turas Trastíre =========== Tá an Yeti go deas le tiomáint, cé nach bhfuil an roth stiúrtha thar mholadh beirte.
gnóthaithe níos minice won more often
" Spéis na nÉireannach ========= I dteannta na mbuanna sin uile, bhain Alex Ferguson go leor gradam eile: an bainisteoir is faide i bhfeighil Manchester United (26 bliain), an bainisteoir is faide ag saothrú sa Phríomhroinn agus ‘Bainisteoir na Bliana’ gnóthaithe níos minice ná aon duine eile.
is minice a choinníonn ar siúl muid most often keeps us going
" Níl Córas Saoi gan Locht ======== De réir Kahneman, is é an chéad chóras a dhéanann bunús na hoibre agus is minice a choinníonn ar siúl muid.
níos minice ná a mhalairt more often than not
" Ba bheag screadbhach nó foréigean a bhí le feiceáil mar, níos minice ná a mhalairt, ní oibríonn an ciníochas mar sin.
Níos minice ná a mhalairt more often than not
" Níos minice ná a mhalairt bíonn an litriú beagnach i gceart ag na húdaráis ach amháin go mbíonn an litriú agus úsáid an tsínidh fhada ach go háirithe mícheart le feiceáil os comhair an tsaoil ar chomharthaí.
Is minice ná riamh sinn ag teacht ar more often than before we find
" Is minice ná riamh sinn ag teacht ar eolas faoi bhás cairde linn ar an idirlíon.