Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Murab ionann unlike
" Murab ionann is tíortha eile i Meiriceá Laidineach, caitheann cuid fear Ghuatamala feisteas traidisiúnta fosta.
Murab ionann agus unlike
" Murab ionann agus an duine féin, níor tháinig deireadh le fás cháil Morrison i 1971.
murab ionann agus unlike
" Ach tá taobh eile ag an ainmhí seo, mar murab ionann agus formhór na gcat is ar an alcól a mhaireann sliocht an Tíogair Cheiltigh.
murab ionann agus unlike
" Ag díriú ar an cheol ======= Is beag tagairt a dhéanann léirmheastóirí na laethanta seo don chlár a bheith i nGaeilge, murab ionann agus sna blianta tosaigh.
Murab ionann agus unlike
" Murab ionann agus Microsoft atá ag iarraidh córas síntiúis a chur i bhfeidhm áit a n-íocann tú bille gach mí chun éisteacht leis an gceol atá ar do ríomhaire, tá córas Apple níos solúbtha.
Murab é an seicteachas atá faoi bhláth if it isn't sectarianism that is thriving
" " Fir óga ======= Murab é an seicteachas atá faoi bhláth in Albain, céard atá ag tarlú, mar sin? Rud éigin eile ar fad, dar leis an Ollamh Steve Bruce, ó Ollscoil Obar Dheadhain: "Níl fadhb an tseicteachais ag Albain.
murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán unlike most of the people from the island
" Ní raibh aithne agam air nuair a bhí mé ar scoil, mar níor Chaitliceach é, murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán, ach chas mé air ag seisiún ceoil Ghaelaigh, mar go bhfuil an traidisiún céanna acu.
murab ionann agus unlike
" Ach murab ionann agus an lucht léinn traidisiúnta - a shamhlaítear go minic mar dhaoine ardnósacha, i seaicéid bhréidín, atá scoite amach ón ngnáthshaol - is scoláire nua-aimseartha agus duine iontach cairdiúil í Anna.
murab ionann agus unlike
" Ach, murab ionann agus tithe Paul McCartney agus John Lennon atá i seilbh an National Trust (*Beo!*, eagrán 34, Feabhra 2004), tá teach Ringo i mbaol léirscriosta agus is é polasaí an rialtais is cúis leis seo.
murab ionann is unlike
" Ní rud Meiriceánach, as Béarla amháin, é Wikipedia ach an oiread, murab ionann is a lán rudaí ar an idirlíon.
murab ionann agus an rógaire unlike the rogue
" Ar ndóigh, baineann formhór na ndaoine a úsáideann VoIP leas as an gcóras thar an tseirbhís leathanbhanda ar íoc siad féin as – murab ionann agus an rógaire a chonaic mé féin ar an tsráid.
murab ionann agus unlike
" Ba dheacair, i ndáiríre, gan a bheith tógtha leis an tír Anuas air sin, murab ionann agus tíortha eile na hEorpa i rith an tsamhraidh, ní raibh mórán turasóirí timpeall.
Murab ionann agus unlike
" Murab ionann agus go leor imreoirí eile, níor stop Donie de bheith gníomhach nuair a d’éirigh sé as an imirt.
murab ionann unlike
" Ach, murab ionann agus séipéil, ní léirithe de naoimh iad baill adhmaid na Maorach, ach léirithe dá sinsear diaga.
murab ionann agus fianaise Bhertie os comhair an bhinse fiosraithe, unlike Bertie's evidence in front of the tribunal,
" Cad é mar atá a fhios ag Balor an Bhéil Bhinn gur mar sin a bheas? Tá a fhios aige nó, murab ionann agus fianaise Bhertie os comhair an bhinse fiosraithe, ní bhíonn athrú dá laghad riamh ar an Oireachtas.
murab ionann agus an séasúr deireanach, unlike the last season,
" Tá atmaisféar dóchais ar an gcampas an fómhar seo, murab ionann agus an séasúr deireanach, nuair nár éirigh leo oiread agus bua amháin a bhaint amach.
murab ionann agus an lá inniu, unlike today,
" Bhíodh cead ag an am sin, murab ionann agus an lá inniu, an liathróid a chur thar an taobhlíne ó áit ar bith ar an bpáirc.
Murab ionann agus na himreoirí sin, unlike those players
" Murab ionann agus na himreoirí sin, bhí Mick óg agus bhí treise nádúrtha aige, agus dearcadh ar nós cuma liom aige i leith na n-ócáidí móra.
murab ionann agus go leor ceoltóirí, unlike a lot of musicians
" Ach, murab ionann agus go leor ceoltóirí, níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean.
Murab ionann agus an tír seo, unlike this country
" Murab ionann agus an tír seo, tá ceart slí ag rothaithe ar raonta rothar i neart tíortha eile.
murab ionann i gcónaí agus conspóideach which is not always the same as controversial
" Agus ó tharla gur daoine spéisiúla iad, bíonn rudaí spéisiúla – murab ionann i gcónaí agus conspóideach – le rá acu.
murab ionann agus Clinton, unlike Clinton
" Ciallaíonn sé sin go bhfuil lucht an airgid ag tacú leis, murab ionann agus Clinton, arb í a gnáth-thoghthóir ná oibrí monarchan.
Murab ionann agus a réamhtheachtaí, unlike his predecessor,
" Murab ionann agus a réamhtheachtaí, tá cáil ar Cowen mar fhear atá sásta dul i ngleic le fadhbanna, cé nach bhfuil sé leath chomh garbh agus a bhí.
murab ionann agus an Eoraip unlike Europe
" Mar sin, murab ionann agus an Eoraip, níl bonneagar Mheiriceá réidh don athrú.
Murab ionann is cinniúint na Teamhrach, unlike the fate of Tara
" Murab ionann is cinniúint na Teamhrach, áfach, tá sé intuigthe go mbeidh dea-chríoch leis an scéal seo do dhaoine óga.
Murab ionann is unlike
" Murab ionann is blianta eile, tuigim go maith go bhfuil na pingineacha gann i mbliana ach bheinn buíoch duit cluais éisteachta a thabhairt dom.
Murab ionann agus unlike
" Murab ionann agus Johnson, laochra ab ea Louis agus Owens toisc gur bhain siad bua amach ar son Mheiriceá agus toisc, is dócha, nach rabhadar mí-urramach i leith lucht bán na tíre.
Murab ionann if not similar to
" An tAiséirí Murab ionann agus dornálaithe, cuir i gcás, deirtear go bhfuil sé ionann is dodhéanta ag lucht rothair teacht ar ais mar iomaitheoirí tar éis dóibh éirí as an spórt ar feadh scaithimh ar an ábhar gur spórt thar a bheith dian é a éilíonn leibhéal an-ard aclaíochta, nirt agus crógachta.
Murab ionann unlike
" Murab ionann agus tuairisceoirí na nuachtán agus na n-irisí Deutsche a ghlacann a scíste ar an Chósta del Lager Lout nó ar an Playa del Fíon Saor, bíonn Balor i gcónaí sásta fanacht i dtír na bPraghasanna Arda agus na Seirbhíse Slapaí – ar son na cúise, an dtuigeann sibh? Is breá lenár bpótaire mórbholgach, leathantónach, ollbhéil, leathchaochmhogallach a chuid Guinness, agus níl áit ar bith eile ar chlár na cruinne a mbíonn blas chomh deas air, an dtuigeann sibh? Níor éirigh leis fós dul i dtaithí ar an Pilsener nó ar an Dunkel.
murab ionann unlike
" Bhí áthas ar mhuintir na Somáile slán a fhágáil leo mar rinne an ‘cúnamh’ bia an-dochar do na feirmeoirí áitiúla, murab ionann agus na corparáidí agra-ghnó ar íoc cáiníocóirí Mheiriceá as a gcuid barr feirme.
Murab ionann unlike
" Murab ionann agus cohórt réabhlóideach na seanthuistí.
murab ionann unlike
" Bhí Amharclann an Stáit ag cur thar maoil, agus murab ionann agus dhá bhliain ó shin, fearadh fáilte chroíúil an dul seo roimh ‘Kino’.
murab ionann unlike
" Is i Meiriceá Theas ar ndóigh, idir an Airgintín agus an Bhrasaíl, atá Paragua agus cé go bhfuil Afra-Pharaguaigh in áiteanna éagsúla sa tír, ní ó sclábhaithe Pharagua a shíolraigh muintir Chambacuá, murab ionann is Afra-Pharaguaigh eile.
murab ionann unlike
" Bíonn sé de bhuntáiste ag tuairiscí nuachtáin go dtig iad a léamh agus a athléamh ar do shóchúlacht murab ionann agus tuairiscí teilifíse is raidió.
murab ionann unlike
" Agus murab ionann agus na hócáidí eile nuair a rinne sé ráitis mhóra thromchúiseacha eile, creideadh é an t-am seo.
Murab ionann unlike
" Agus bhí sí léi féin! Murab ionann agus mo mhacasamhail féin, ní chuireann míthuiscintí mar sin isteach uirthi a bheag nó a mhór.
Murab ionann is unlike
" Neamhaird ar Scoth na nImreoirí === Murab ionann is Veron, tá Zanetti fós ag imirt ag an leibhéal is airde agus níl a shéanadh air ach gur thug sé cinnireacht thar na bearta le linn séasúr fada strócánta Inter agus iad sa tóir ar thrí chorn mhóra a bhreith leo.
Murab ionann unlike
" Murab ionann agus gach áit eile sa Pháirc, ní fheicfí seamróg ar bith ann ná leipreachán, ná léine ghlas ná folt rua bréige, ná bricín beag ná mór.
murab ionann is unlike
" Mar is gnách, bhí agóid taobh amuigh de Stoirmhonadh an lá sin, ach murab ionann is ócáidí eile, ba in éadan chogaidh san Iaráic a bhí an ceann seo.
Murab ionann unlike
" Murab ionann agus na hainmhithe eile, ní itheann siad ar chor ar bith le linn na tréimhse seo.
Murab ionann unlike
" Murab ionann agus diamhracht an leasa áfach, d'aithin mé boladh an chaca a luaithe is a shiúil muid isteach sa chéad bhothán cónaithe! Bhí an díon an-íseal agus bhí an t-áras uilig lán deataigh.
murab ionann unlike
" ”* Ach murab ionann agus tuairisc Marshall dhá chéad bliain roimhe, is beag Meiricéanach a chuala iomrá ar *The Passionate Attachment: America’s Involvement with Israel, 1947 to the Present* a tháinig amach i 1992.
murab ionann unlike
" Ach, murab ionann agus ainmhithe eile sa tír, caithfidh an triúr seo dul ar ais chuig an lochán nó an abhainn, chun tabhairt faoin síolrú.
Murab ionann unlike
" Murab ionann an corcán meascaithe, nó leáite, na Stát Aontaithe, tugtar sailéid ilchineálacha ar na comharsanachta agus ar na fobhailte thart orainn.
murab ionann agus an diallait rather than the saddle
" Is cosúil nár chuir Polanski an t-adhastar ar a phríomhaisteoir mná an babhta seo (murab ionann agus an diallait, nach bhfuil aon chur amach agam ar a úsáid ag Polanski, ná a neamhúsáid, sa chás áirithe seo, ná in aon chás eile, geallaimse duit.
murab ionann agus unlike
" Is follasaí scoilteanna na Spáinne ná deighiltí na Fraince a dhéanamh amach; ceantair chumhachtacha iad an Chatalóin agus Tír na mBascach maidir le geilleagar na Spáinne de (murab ionann agus an Ghailís) a bhíonn ag éileamh de shíor scarúint ó fhlaitheas na Spáinne (mar a dhéanann polaiteoirí Gailíseacha ó thráth go chéile).
Murab ionann is unlike
" Murab ionann is an cur chuige Tolamaes-each, áfach, tig linn ‘Kopernik-iú na faidhbe’ a shamhlú le cur chuige radacach ar bith a dhiúltaíonn do chrapall an aon pharaidím tuisceana amháin agus a thugann scóip do shaoirse na samhlaíochta d’fhonn réiteach nua a aimsiú—más féidir.
Murab ionann is unlike
" Murab ionann is an t-earra nó an ‘it’ réamhluaite, mothúchán nó braistint theibí is ea grá.
murab ionann is go leor eile unlike many others
" Na Cosa ag Éileamh ========= Poll eile sa chárta ach murab ionann is go leor eile, bheartaigh muid gan stad ag an loch le greim a ithe.
Murab ionann is unlike
" Cothroime don Aonteangachas Bhéarla ================ Murab ionann is na ceantair Ghaeltachta, is iondúil go mbíonn pobaltheanga na gcathracha agus na mbailte móra scoite amach óna chéile.
Murab ionann is gort na moráltachta unlike the world of morals
" Murab ionann is gort na moráltachta gona rialacha dochta daingne, cuirim i gcás, ní lochtaítear polaiteoirí i gcónaí má bhaineann siad feidhm as bréaga, deargbhréaga nó ‘bréaga amhra’ Platónacha, fiú, d’fhonn aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach.
Murab ionann agus unlike
" Murab ionann agus Gatherings na hÉireann, ní bhítear ag súil le hairgead ón Rialtas lena rith, ná ní bhíonn an Rialtas ag súil le go gcaithfear mórán airgid acu.
Murab ionann is unlike
" Murab ionann is an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ba phlean oibre teoranta a bhí ann le spriocanna ama a bhain leis an ghearrthréimhse seachas leis an todhchaí.
Murab ionann unlike
" Murab ionann agus Bryan O Brien thuas, grágheal Mary, tharla go raibh, agus go bhfuil fós, na cáipéisí cuí – ‘conar na bpáipéirí’ in irischaint na linne – im’ sheilbh.
Murab ionann is an gobadán unlike the sandpiper
" Murab ionann is an gobadán, bíonn sé in ann an dá thrá a fhreastal.
murab ionann agus roinnt unlike some
" Agus tá mo chuid paidreacha ar eolas agam, murab ionann agus roinnt daoine eile.
Murab ionann is unlike
" Murab ionann is blianta eile, tuigim go maith go bhfuil na pingineacha gann i mbliana ach bheinn buíoch duit cluais éisteachta a thabhairt dom.