Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ní mó ná sásta a bhí sé He wasn't one bit happy
" Ní mó ná sásta a bhí sé faoi sin.
Ní nach ionadh No wonder
" Ní nach ionadh, mar is é an samhradh an séasúr is gnóthaí i rith na bliana ar fad in Éirinn maidir le féilte ceoil.
ní nach ionadh not surprisingly
" Ach ní nach ionadh, ba bheag aird a thugadh na daltaí scoile - an scór acu a bhí ann - ar Jeaic Sheáin Johnny ná ar a sheachrán sí má b'eol dóibh faoina leithéid.
ní hionann sin is a rá that doesn't mean to say
" Ainneoin go bhfuil Caitlicigh breá sásta a gcreideamh a lua le duine ar bith, ní hionann sin is a rá go vótálfadh siad ar son Éireann Aontaithe.
ní bheidh díomá ort you won't be disappointed
" Agus más scléip atá uait, ní bheidh díomá ort ag an bhféile seo! Ach cén chaoi ar féidir leis an ngnáthdhuine daonna maireachtáil trí sheachtain iomlán de cheol, d'amhráin agus d'oícheanta fada? Grianghraf: Antaine Ó Faracháin Bhuel, tá a bhealach féin ag gach duine, ach tá cúpla rud bunúsach ba cheart duit a choinneáil i do chloigeann agus tú ar do bhealach síos sa charr chuig an bhféile.
ní imíonn a dhath uirthi she misses nothing
" Ach ní imíonn a dhath uirthi agus díreach nuair atá cos amháin istigh agus ceann eile amuigh agat ligeann sí liúigh aisti féin: "Gabh isteach anseo go bhfeicfidh muid tú".
Ní fhóireann sé duit ar dhóigh amháin ná an dóigh eile it doesn't suit you one way or the other
" Ní fhóireann sé duit ar dhóigh amháin ná an dóigh eile".
Ní aon aistíl it is no strange thing
" Ní aon aistíl an aidiacht a bheith ina hainmfhocal mar ainm abhann: tá an Bhodhair, an Dubh/an Duibh ann, fágaim agus eile.
Ní fheadair mé I don't know
" Sin, nó arís ar ais, an é gur fogha an Bhreatnaiseora é faoi **ro**-(ritheach) na Gaeilge a thabhairt leis ina chúpla focal breac-Ghaeilge? Is fada fiannach an lá, más ea, ó tosaíodh dúnghaois an chúpla focal Gaeilge sa phríomhchathair! Ní fheadair mé cé mhéad de lucht léite an ailt seo a ghlacfas le 'Y Life' mar shanasaíocht.
ní imíonn a dhath uirthi she misses nothing
" Ach ní imíonn a dhath uirthi agus díreach nuair atá cos amháin istigh agus ceann eile amuigh agat ligeann sí liúigh aisti féin: "Gabh isteach anseo go bhfeicfidh muid tú".
Ní fhóireann sé duit ar dhóigh amháin ná an dóigh eile it doesn't suit you one way or the other
" Ní fhóireann sé duit ar dhóigh amháin ná an dóigh eile".
ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha I could never tolerate whiskey
" "Ó ní bheidh, ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha .
ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha I could never tolerate whiskey
" "Ó ní bheidh, ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha .
ní bheinn gaibhte I couldn't be bothered
" " "Órú, caith canna beorach chuige," arsa Deirdre, "nó ní bheinn gaibhte ag éisteacht leis an lustráil a bheas air ar thóir dí.
ní bheinn gaibhte I couldn't be bothered
" " "Órú, caith canna beorach chuige," arsa Deirdre, "nó ní bheinn gaibhte ag éisteacht leis an lustráil a bheas air ar thóir dí.
ní ba bháúla more sympathetic
" Deirimid go mbeimis i bhfad ní ba bháúla leo dá mbeidís ní ba fhreagraí.
ní ba fhreagraí more responsible
" Deirimid go mbeimis i bhfad ní ba bháúla leo dá mbeidís ní ba fhreagraí.
ní shamhlófá you wouldn't imagine
" An-smaoineamh, déarfá, ach de ghnáth ní shamhlófá tionscadal den sórt seo leis na Poblachtaigh choimeádacha, mar gheall ar an deighilt bhunreachtúil idir stát agus eaglais a bhíonn mar mhaide mullaigh acu ina gcuid fealsúnachta.
ní ligfeadh an náire di she was too embarrassed
" Níor lú ar Rita an diabhal ná Hobnobs ach ní ligfeadh an náire di gan a n-ithe.
Ní raibh brí míoltóige i Rita Rita was as weak as water
" Ní raibh brí míoltóige i Rita anois i ndiaidh na casachtaí sin uilig agus cé go raibh a fhios aici go raibh Caitríona ar á dícheall í a chur ar a suaimhneas, bhí beaguchtach uirthi i ndiaidh comhrá na beirte eile a chluinstin.
Ní dhéanfadh sé spaid bhanraí mar sin domhsa he wouldn't walk all over me like that
" Ní dhéanfadh sé spaid bhanraí mar sin domhsa, tá mé ag inse sin duit.
ní raibh uaidh he didn't want to
" Bhí sé ag dúil go mbeadh na prátaí i gceart nó ní raibh uaidh tuilleadh a cheannacht, ach bhí bachlógaí ar na sceidíní a bhí fágtha agus bhí siad righin seargaithe.
ní raibh sé ag déanamh lá difir it wasn't making any difference
" Ach is cuma cén chuimilt a thug sé don urlár ní raibh sé ag déanamh lá difir don tsalachar.
ní bheifeá ina dhiaidh sin air you wouldn't have blamed him for that
" Bhí Antóin marbh tuirseach agus ní bheifeá ina dhiaidh sin air agus an lá oibre a bhí istigh aige.
Ní raibh tada de sin there was none of that
" Ní raibh tada de sin ann le mo linnse.
Ní mhaím a chúram air I don't envy him his task
ní fhéadfaí Tadhg an dá thaobhachas a chur ina leith they couldn't be accused of being two-faced
" D'fheicfí go raibh an Lucht Oibre ag tabhairt teachtaireacht shoiléir don phobal agus ní fhéadfaí Tadhg an dá thaobhachas a chur ina leith.
ní raibh maith a bheith léi it was no use talking to her
" Rinne Nuala tréaniarrachta cur in iúl do Shinéad gur iomaí bean a bhí mar seo i ndiaidh an linbh ach ní raibh maith a bheith léi.
Ní raibh an dara rogha acu They had no choice
" Ní raibh an dara rogha acu, áfach, de bharr go raibh bearnaí le líonadh sa sceideal.
Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh When you give up your rights for security, you wind up having neither
" Chun casadh a bhaint as cuid focal duine de "aithreacha bunaithe na tíre": Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh".
Ní raibh de dhroch-nós dá raibh aige nach raibh leis He'd adopted every one of his bad habits
" Ní raibh de dhroch-nós dá raibh aige nach raibh leis.
Ní dhearna Cian ach moladh leis Cian agreed with him (to keep the peace)
" " Ní dhearna Cian ach moladh leis.
Trí ní three things
" Bhí mé amuigh ar an rothar agus chonaic mé Trí ní iontacha, Trí ní a chuir ag machnamh mé ar an tsaol agus ar m'áit sa tsaol sin.
ní ar bith nothing
" "Níl ní ar bith is áille ná 'n ghealach os cionn an tsáile, Nó bláth bán na háirne a bíos ag fás ar an droigheann.
ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó he would tell him straight out, i.e. not behind his back
" Ní raibh Fiachra dall ar an mheas a bhí ag Féilim ar a chuid éadaí agus ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó ach an oiread.
Ní d'aon ghnó a dheineadar é They didn't do it deliberately
" Ní d'aon ghnó a dheineadar é.
ní raibh splinc chéille agam I had no sense whatsoever
" Deireann siad aga baile: 'Did you hear about the train in Buttevant that went off the rails like Nuala?' Bhaineas ana-shúp as an gcoláiste ach bhíos ró-óg agus ní raibh splinc chéille agam.
Ní féidir leat an craiceann is a luach a bheith agat You can't have it both ways
" Ní féidir leat an craiceann is a luach a bheith agat.
Ní bheidh tae ná tae agat you're definitely not having tea
" "Ní bheidh tae ná tae agat," arsa an mháthair.
ní nach hionadh no wonder
" Nuair a chas mé leis in Óstan an Shelbourne ag deireadh mhí an Aibreáin, bhí sé lán dóchais faoin todhchaí, agus ní nach hionadh.
ní nach hionadh no wonder
" Ba iad Caitríona Nic Ainmhire as Contae Dhoire agus Marcus Metz as Nauheim ("Baile Nua "!) in aice le Frankfurt a stiúraigh an bunchúrsa seo - ní nach hionadh go raibh béim ar chanúint Uladh sa chúrsa! Sin an chanúint atá ag Caitríona agus ba i dTír Chonaill a d'fhoghlaim Marcus a chuid Gaeilge.
Ní chuirfeadh sé aon ionadh orm it wouldn't surprise me
" Ní chuirfeadh sé aon ionadh orm dul chuig preasócáid i mBanc Ceannais na Eorpa anseo i Frankfurt ceann de na laethanta seo agus fógra a fheiscint ag an doras: "Fáilte roimh ghnó trí Ghaeilge! " *Is as Cathair Chorcaí Stiofán Ó Foghlú.
ní nach hionadh no wonder
" Ba iad Caitríona Nic Ainmhire as Contae Dhoire agus Marcus Metz as Nauheim ("Baile Nua "!) in aice le Frankfurt a stiúraigh an bunchúrsa seo - ní nach hionadh go raibh béim ar chanúint Uladh sa chúrsa! Sin an chanúint atá ag Caitríona agus ba i dTír Chonaill a d'fhoghlaim Marcus a chuid Gaeilge.
Ní chuirfeadh sé aon ionadh orm it wouldn't surprise me
" Ní chuirfeadh sé aon ionadh orm dul chuig preasócáid i mBanc Ceannais na Eorpa anseo i Frankfurt ceann de na laethanta seo agus fógra a fheiscint ag an doras: "Fáilte roimh ghnó trí Ghaeilge! " *Is as Cathair Chorcaí Stiofán Ó Foghlú.
Ní luaithe no sooner
" Ní luaithe Leamh Ó Cuinneagáin ina Chathaoirleach ar Údarás na Galltachta ná Eastát Tionsclaíochta Ghí d'Ór bánaithe aige; muintir Ruibéar Mótair sportha spíonta, agus gan de leithscéal ag teacht ón Uascán Ó Cuinneagáin ach: " Níor chóir dóibh bheith ag déanamh mótar as ruibéar ar chor ar bith ar scor ar bith! Nach bhfuil a fhios ag an domhan mór gur as iarann a dhéantar mótair.
ní shílim go bhfuil caitheamh mo chodach ionam I don't think I could face my food/eat a bite, I'm past hunger
" " "An bhfuil a fhios agat seo, ní shílim go bhfuil caitheamh mo chodach ionam, tá mé chomh tuirseach sin," arsa Bríd.
ní raibh an dara rogha acu they had no choice
" Ach chonaic an deartháir óg an dúnmharú agus ní raibh an dara rogha acu ach eisean a mharú chomh maith.
Ní nach ionadh it's no wonder
" Ní nach ionadh gur tugadh "ollscoil na réabhlóide" ar Frongoch.
Ní fhéadfá níos mó a iarraidh You couldn't ask for anything better
" "Ní fhéadfá níos mó a iarraidh," ar seisean.
ní hacmhainn linn we can't afford
" An praghas dá réir, faraor; ní hacmhainn linn oiread is ubhchupán a cheannach.
Ní hionadh it's no wonder
" Ní hionadh cáil dhomhanda a bheith ar phicil na háite.
ní ba nimheanta more venomous
" A gclann mhac ní ba nimheanta in éadan a chéile ná mar a bhí a gcuid aithreacha, cé go raibh a gcuid aighnis ligthe i ndearmad le himeacht aimsire ó thréig na Seoigigh an ceantar tar éis bhás tragóideach an tSean-Seoigigh.
Ní raibh a raibh fán doras All of the stuff by the door
" Ní raibh a raibh fán doras ag cur lá buartha ar Derek agus mheas sé nár cheart dó a bheith ina ábhar buartha ag duine ar bith a raibh fios gnaithe aige agus iad ag tarraingt ar theach faire.
ní fheicfeá an dá shúil ina ceann leis an chaoineadh her eyes were swollen because of crying
" Bhí Bríd bheag sa tseomra ó tháinig an corp agus ní fheicfeá an dá shúil ina ceann leis an chaoineadh.
ní raibh corr ná alt dá saol nach raibh pléite there wasn't a twist or turn in her life that wasn't discussed
" Tharraing scéal amháin scéal eile agus sula raibh an oíche istigh ní raibh corr ná alt dá saol nach raibh pléite.
ní ba shuaimhní more relaxed
" De réir mar a chuaigh an comhrá ar aghaidh, áfach, bhraith mé gur éirigh sí ní ba shuaimhní agus go raibh sí ní ba thoilteanaí a bheith ag roinnt a cuid tuairimí liom.
ní ba thoilteanaí more willing
" De réir mar a chuaigh an comhrá ar aghaidh, áfach, bhraith mé gur éirigh sí ní ba shuaimhní agus go raibh sí ní ba thoilteanaí a bheith ag roinnt a cuid tuairimí liom.
Ní nach ionadh little wonder
" Ní nach ionadh mar sin go bhfuil méadú 50% tar éis teacht ar an líon daoine sa tír seo faoi 25 ar andúiligh acóil iad faoi láthair.
ní raibh sé chun deiridh á chur sin in iúl he wasn't backward/shy about letting that be known
" Ní raibh dúil ar bith aige sa bhean a bhí Mark le pósadh agus ní raibh sé chun deiridh á chur sin in iúl ach an oiread.
Ní fhágann sin that doesn't mean
" Ní fhágann sin nach n-aithníonn an Coiste leaganacha malartacha, go háirithe más léir go bhfuil glactha ag an bpobal leo.
ní féidir a shéanadh it can't be denied
" Ach ní féidir a shéanadh go ndearna sé éacht ina dhiaidh sin féin.
ní bhacann a bhformhór most of them don't bother
" Bíonn ar na léachtóirí saothar mór a chaitheamh chun na mic léinn a spreagadh le páirt a ghlacadh sna ranganna agus mar sin de ní bhacann a bhformhór leis seo a dhéanamh mar gur dóigh leo gur am amú é.
Ní raibh an dara rogha agam, ar bhealach I had no choice, in a way
" Ní raibh an dara rogha agam, ar bhealach.
Ní ligfeadh an eagla do dhuine ar bith eile no one else would dare
" Ní ligfeadh an eagla do dhuine ar bith eile éirí amach agus a leithéid orthu.
Ní bhuailfidh tú amach Pietr you won't outdo Pietr
" " "Ní bhuailfidh tú amach Pietr leis an éadach pléascach.
ní chluinfeá you wouldn't hear
" Roimhe seo, ní fheicfeá duine aerach ar an teilifís, ní chluinfeá duine aerach ag caint ar an raidió.
ní ba thúisce earlier
" Thug daoine eile faoi deara nach raibh aon tacaíocht ar fáil ó Howard do Michael Kirby, breitheamh san Ardchúirt, ní ba thúisce i mbliana nuair a cuireadh líomhaintí ina leith siúd agus go léiríonn an tacaíocht seo easpa seasmhachta.
ní hionann agus obair thaighde eile unlike other research work
" Tógann sé cuid mhaith ama agus níl mórán pléisiúir ag baint leis an chineál sin oibre, ní hionann agus obair thaighde eile.
Ní ach nó ach é no buts
" "Ní ach nó ach é, druid an doras agus siúil leat," arsa Frank agus é ag cailleadh foighde.
ní raibh brí míoltóige inti she had no energy at all (lit. there wasn't the strength of a midge in her)
" Shuigh Bróna síos nó cé nár thuirling sí ar thalamh ach deich mbomaite roimhe sin ní raibh brí míoltóige inti anois leis an teas seo.
Ní hamháin gur chomhlíon sí an gheallúint sin not only did she fulfil that promise
" Ní hamháin gur chomhlíon sí an gheallúint sin, ach tá éacht déanta agus á dhéanamh aici ó thaobh na Gaeilge de i gCalifornia.
Mura féidir leat damhsa ní féidir leat iomáint If you can't dance, you can't play hurling
" Dúirt fear eile liom, fear a chaith a shaol ar fad geall leis ag teagasc scileanna na hiomána do ghasúir: "Mura féidir leat damhsa ní féidir leat iomáint".
Ní bheidh sé i bhfad he won't be long
" "Nár dhúirt muid a seacht a chlog?" "Ní bheidh sé i bhfad," arsa Áine.
ní rún domh I don't intend
" "Ólfaidh muid fíon mar sin," arsa an t-athair, "nó níor dhíol mé ar shon deoir uisce ariamh agus ní rún domh a dhéanamh anois.
ní raibh agam ach I only had to
" Bhí sin agamsa ag fás aníos domh - ní raibh agam ach suí síos ag éisteacht.
ní fhéadfainn a bheith dáiríre I couldn't be serious
" Muna mbeinn ní fhéadfainn a bheith dáiríre faoin chuid is mó de na rudaí atá ar siúl agam! Beidh an dráma Aingilín le feiceáil ar na dátaí seo thíos: ======= **Caife Bananaphoblacht, Sráid Doiminic, Gaillimh** Dé Sathairn, 16 Samhain, 8.
ní mór it is necessary
" D'fhéadfadh na hionaid sin a bheith ina mbunchlocha le forbairt níos fearr a dhéanamh ar chuid d'acmhainní móra an cheantair - an fharraige agus an Ghaeilge.
ní aithneoidís barra ceoil thar bharra sópa they couldn't tell a bar of music from a bar of soap
" Cuid mhór acu ní aithneoidís barra ceoil thar bharra sópa, nó céim damhsa thar chéim sa Ghaeilge Ársa.
úr-nite newly-washed
" ) Is minic a bhí spota buí ar mo dhrár féin - é ann siocair sprionga meirgeach ar an phioga lenar cheangail mé mo dhrár úr-nite ar líne an níocháin.
ní mian leis é a admháil they don't want to admit it
" Tá a fhios ag an Rialtas é sin, ach ní mian leis é a admháil.
ní ghortaítí éinne no-one would be hurt
" Coimhlint ghéar agus chrua a bhíodh ann ach ní ghortaítí éinne mar bhí gach duine in ann aire a thabhairt dó féin.
Ní scríobhtar leabhair i mbeáir Books aren't written in bars
" "Ní scríobhtar leabhair i mbeáir," a dúirt McEvoy, ar fear giorraisc go maith é, leis an *Irish Voice *an mhí seo caite, le linn lóin i mbialann Indiach ar 29th Street.
ag ní leo washing away
" Os cionn gach portráide tá pictiúr de rudaí ar nós péire bróg ard, leaba chompordach, eitleán, gluaisrothar - comharthaí truamhéalacha de na rudaí, b'fhéidir, a bhí in intinn na mban agus iad ag ní leo.
Ní mar a shíltear a bítear all is not what it seems
" Ní mar a shíltear a bítear i gcónaí ar an idirlíon.
Ní chuirtear amú pingin not a penny is wasted
" Ní chuirtear amú pingin agus féachann na scoileanna féin i gcónaí le hiomlán tairbhe a bhaint as gach pingin a fhaigheann siad.
Ní bhíonn muid ag fáinneáil thart we don't hang around
" Ní bhíonn muid ag fáinneáil thart.
ní ba mheasa worse
" "Bhí coinníollacha na ngnáthchimí ní ba mheasa fiú ná coinníollacha na gcimí polaitiúla.
ní ionadh ar bith it's no wonder
" De bharr go bhfuil an méid sin Éireannach ag an Stadium of Light, ní ionadh ar bith go bhfuil clubanna lucht leanúna Sunderland i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste anois.
ní ba thoilteanaí more willing
" De bharr pholasaí neodrachta an stáit seo, agus go háirithe an seasamh a ghlacamar ar cheist na bPalaistíneach thar na blianta, bhí tíortha Moslamacha an Mheánoirthir agus thuaisceart na hAifrice ní ba thoilteanaí earraí Éireannacha a cheannach seachas earraí ó thíortha eile.
Ní hiad an chéad rogha atá agam They are not my first choice
" Ní hiad an chéad rogha atá agam, ach b'fhearr liom eachtraí Hercules nó Batman a thaispeáint do mo chuid gasúr in áit ligint dóibh síorfhógraíocht na Nollag a shlogadh isteach ón teilifís.
ní féidir le RTÉ an dá thrá a fhreastal RTÉ can't do two things at once
" Ceart go leor, ní hiad is measa, ach ní féidir le RTÉ an dá thrá a fhreastal.
Ní thiocfadh liom a bheith gaibhte I couldn't be bothered
" Ní thiocfadh liom a bheith gaibhte ag treabhadh fríd seo.
Ní bhfaighir cortha go deo you'll never get tired
" Ní bhfaighir cortha go deo lena bhfuil de sheanchas ar fáil anseo.
Ní bheidh an darna suí sa bhuaile agam I'll have no choice
" "Ní bheidh an darna suí sa bhuaile agam ach dul ar ais chuig mo sheanphost i *Timire An Chroí Ró-Naofa*, ag cumadh litreacha ó na léitheoirí agus freagraí ó Dhia, mura scríobhfaidh mé altanna a mbeidh an guilpín sin sásta leo," arsa an Laoch Liteartha agus cuma iontach míshásta ar a ghnúis.
Ní chuirtear amú pingin not a penny is wasted
" Ní chuirtear amú pingin agus féachann na scoileanna féin i gcónaí le hiomlán tairbhe a bhaint as gach pingin a fhaigheann siad.
ní bhrúfaí rudaí orainn things wouldn't be forced on us
" Bheadh ár gcomharsana Eorpacha deas linn i gcónaí, ní bhrúfaí rudaí orainn.
ní mhothaíonn Ruth Ruth doesn't feel
" " Tromlach ======= Na laethanta seo, ní mhothaíonn Ruth ar chor ar bith gur strainséirí iad an pobal Caitliceach.
ní shamhlaím I don't imagine
" Cé go gcreidim go bhfaighfear an tUasal Lowry ciontach in 2003, ar bhealach éigin - fiú más amhlaidh go raibh caimiléireacht i gceist, agus níl aon dabht ach go bhfuil rian na caimléireachta ar an ghnó uilig - ní shamhlaím go gcruthófar aon fheall ina choinne maidir le bronnadh an chonartha teileachumarsáide ar an Uasal Denis O'Brien.
Ní fheicim aiste mór ar bith ar na fir atá thart ortsa I don't see many of the men around you taking the bait
" "Ní fheicim aiste mór ar bith ar na fir atá thart ortsa ach an oiread.
ní thig an aclaíocht domhsa cibé exercise doesn't suit me anyway
" "Órú, ní thig an aclaíocht domhsa cibé.