Pota Focal Intergaelic
knot | net | nit | no | nob
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níl sé inmholta it is not advisable
" Ach fiú má bhíonn tú bréan de bheith ag féachaint air faoi dheireadh do shaoire, níl sé inmholta aon rud diúltach a rá faoi.
Cha ruaigeann tú muid You will not drive us
" Cha ruaigeann tú muid as do shlí.
Ná déanaimis Let us not make
" Ná déanaimis an botún céanna arís ar mhaithe le scéal maith a insint.
ní nach ionadh not surprisingly
" Ach ní nach ionadh, ba bheag aird a thugadh na daltaí scoile - an scór acu a bhí ann - ar Jeaic Sheáin Johnny ná ar a sheachrán sí má b'eol dóibh faoina leithéid.
ba mhinice ná a mhalairt more often than not
" Go deimhin, ba mhinice ná a mhalairt a mhúchaidís an raidió dá gcloisfidís é nó théadh ar thóir popamhráin faoi dheifir ar stáisiún éicint eile.
gan a theach a thaobhachtáil not to approach his house
" Ach dúirt sé leis féin ansin gur dóigh go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi nó go raibh fógra beo tugtha di gan a theach a thaobhachtáil ar a bhfaca sí riamh.
nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht would that not have the effect of making her more curious
" Dá dtabharfaí fógra fainice di nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht.
nach n-áirítear go coiteann not commonly thought of
" Caithfidh sé gurbh ea? Fear eile ar an gcoigrích thiar, nach n-áirítear go coiteann mar Ghael é, is ea Billy the Kid, nó mar a bheireadh sé air féin i ndeireadh achair, 'William Bonney'.
gan trácht ar not to mention
" Tar éis mheathlú na mblianta 1981 agus 1999 bhí sé soiléir do mhórán Coimeádach (gan trácht ar gach duine eile) nach raibh ag éirí chomh maith is a ceapadh leis an pholasaí *laissez-faire* ná le fiontraíocht phríobháideach.
chan not
" Ba í an t-aon chúis sóláis a bhí ann do Bhalor sa chéad eagrán den iris úr ná go raibh tús áite aige féin ar an chuach chantalach sin Antaine Ó Fartacháin, "An Rógaire Dubh" féin.
gan trácht not to mention
" Má thugaimid tús maith do pháistí - ón am a bhíonn siad sa mbroinn, go dtí an chéad chúpla bliain sa bhaile, go dtí na blianta scoile - cuirfear fad lena saol, gan trácht ar an bhfeabhas a bheidh i gceist.
le fáil thíos ná thuas not to be found anywhere
" Ní raibh Úna le fáil thíos ná thuas ach níor cronaíodh i bhfad í nó bhí lán á ndá súil rompu.
gíog ná míog not a word/sound
" Ní raibh gíog ná míog as Dónall le tamall anois, rud a bhí ag déanamh iontais dona lucht aitheantais.
Go fóill beag not yet
le fáil thíos ná thuas not to be found anywhere
" Ní raibh Úna le fáil thíos ná thuas ach níor cronaíodh i bhfad í nó bhí lán á ndá súil rompu.
gíog ná míog not a word/sound
" Ní raibh gíog ná míog as Dónall le tamall anois, rud a bhí ag déanamh iontais dona lucht aitheantais.
idir dhá cheann na meá undecided, not knowing which way to jump
" Bheadh sí ar uibheacha i rith an lae, í ag luascadh idir dhá cheann na meá - a bheith ciúin caoin ach gan luí fúthu san am céanna.
gan luí fúthu not to be too servile
" Bheadh sí ar uibheacha i rith an lae, í ag luascadh idir dhá cheann na meá - a bheith ciúin caoin ach gan luí fúthu san am céanna.
nach maithfeadh an pobal dóibh é that the public would not forgive them
" Tá a fhios acu go maith nach maithfeadh an pobal dóibh é dá rachaidís isteach i rialtas le Fianna Fáil tar éis geallúint a thabhairt nach ndéanfaidís amhlaidh.
a thaiscidh Dear/love (term of endearment, only used in intimate situations and with those you know extremely well, not for casual conversation. Usually reserved for the very young and very old)
" "Anois, a thaiscidh, nach bhfuil sin níos fearr? Tá a rún," arsa Nuala.
gan trácht not to mention
" Is beag cumann spóirt, gan trácht ar chumainn de chuid Chumann Lúthchleas Gael, atá lonnaithe sa cheantar lárchathrach.
níl caill ar é seo ina cheann he's not bad at it (i.e. he does it well)
" "Is deacair á shárú lá fuar geimhridh agus níl caill ar é seo ina cheann.
Tá boladh ar dóigh agat There's a great smell (referring to the cooking, not the person!)
" "Tá boladh ar dóigh agat cibé," arsa Daire.
Isteach ar an fhuinneog came in the window (note 'ar' not 'fríd'); 'isteach fríd an fhuinneog nó doras' literally means 'through', as in breaking through the window or door.
" Isteach ar an fhuinneog a tháinig sé, is cosúil, agus chan anuas an simléir agus bhí ocras ar dóigh air fosta, nó níor fhág sé grabhróg den bhia a fágadh fána choinne ina dhiaidh," arsa Máire agus aoibh an gháire uirthi.
gan CBL san áireamh not including VAT
" Ní chosnaíonn an gnáth e-shiopa ach €2,500 (níos lú ná £2,000 Éireannach), gan CBL san áireamh.
Ná déanaimis dearmad Let us not forget
" Ná déanaimis dearmad gur vótáil daoine do na polaiteoirí seo agus go leanann go leor de mhuintir na tíre agus muintir a ndáilcheantar ag tabhairt tacaíochta do leithéid de dhaoine.
ag dul chun siobarnaí going to the dogs, not going well
" Ní dhearna McAllister ach cúpla nóta a scríobh agus ní raibh ar intinn Chiain ach go raibh gach aon rud ag dul chun siobarnaí.
ridire dubh black knight (sarcastic, not a nice person)
" " "Tá croí ag an ridire dubh i ndiaidh an iomláin," arsa Cian leis féin.
Níl an teachtaireacht sin in am ná in aicearracht That message is not timely
" Níl aird ar bith agam ar na rialacha atá ag dul sa lá atá inniu ann!" "Níl an teachtaireacht sin in am ná in aicearracht.
Dheamhan faic Not a damn thing
" " "Dheamhan faic," arsa Tadhg, "ach ní raibh do shaothar in aisce a Mháire.
gan éirí róchráite not to get too worked up
" An rud is tábhachtaí, dar leis, ná gan éirí róchráite faoi cheist na teanga.
ná deinimis dearmad ar let us not forget
" Má chloíonn an tionscadal leis an gclár ama seo, féadann muid talamh slán a dhéanamh de nach bhfeicfidh muid an foclóir foilsithe go ceann bliain nó dhó i ndiaidh na gcúig bliana sin, nach mbeidh foclóir nua Béarla-Gaeilge againn roimh 2006 ar a luaithe - beagnach in am do chomóradh leathchéad de Bhaldraithe (an foclóir Béarla-Gaeilge a foilsíodh i 1959)! Go deimhin, ná deinimis dearmad ar an *Dictionary of the Irish Language* a thosaigh Acadamh Ríoga na hÉireann in 1852 agus a críochnaíodh i 1975! Chomh dona céanna atá cúrsaí san fhoclóireacht Gaeilge-Gaeilge agus Gaeilge-Béarla.
Chan amháin not only
" D'fhoghlaim mé cuid mhór faoin tsaol, agus faoin Ghaeilge go háirithe, ó mhuintir na Gaeltachta, Chan amháin in Éirinn, ach thall i Nua-Eabhrac fosta.
gan trácht ar not to mention
" Tá cúpla dosaen sainfhoclóir foilsithe ag an nGúm féin, gan trácht ar ábhar atá foilsithe ag Coiscéim, Bord na Gaeilge, Fiontar agus eagraíochtaí eile.
Ná cuirimis an milleán ar fad ar na polaiteoirí Let us not put all the blame on the politicians
" Ná cuirimis an milleán ar fad ar na polaiteoirí.
ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó he would tell him straight out, i.e. not behind his back
" Ní raibh Fiachra dall ar an mheas a bhí ag Féilim ar a chuid éadaí agus ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó ach an oiread.
gan trácht ar not to mention
" Tá córas na gcreidiúintí i bhfeidhm sna scoileanna cheana féin (d'obair dheonach, mar shampla) agus is cinnte go gcuirfidh na hathruithe a dhéanfar air mearbhall ar na daltaí, gan trácht ar na tuismitheoirí.
gan duine ná deoraí not a soul
" De réir an daonáirimh in 1841, bhí 84 ina gcónaí orthu - 68 i nGabhla, 12 ar Inis Meáin, 4 ar Inis Sionnaigh agus gan duine ná deoraí ar Inis Oirthir.
Gan trácht a dhéanamh ar not to mention
" Cén fáth (nó cad chuige/cad ina thaobh) an Pholainn? Cad atá ann? Cá bhfuil sí? An Ghaeilge?! Na créatúir bhochta! Gan trácht a dhéanamh ar an méid uaireanta a chuala mé an seanphort céanna sin gurb ionann Lublin agus *Dublin* ach litir amháin a athrú.
gan trácht ar not to mention
" Láidreacht eile de chuid na heagraíochta ná in ionad duine nó beirt a bheith fostaithe aici le háiseanna ilghnéitheacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt, is féidir dul ar thóir na saineolaithe sna réimsí éagsúla le táirgí den chaighdeán is airde a choimisiúnú - ach is féidir leis seo bheith ina laige fosta, ar ndóigh, nuair a bhíonn na daoine is cáilithe do jabanna áirithe róghafa lena gcuid oibre nó dualgas féin! Ní laige de chuid an tionscadail nuabhunaithe í seo, ach ó thaobh fhorbairt ábhair theagaisc de, is míbhuntáiste mór atá ann do Bhreacadh an neamart atá déanta sa tír seo le blianta i dteagasc na Gaeilge scríofa agus léite do chainteoirí dúchais Gaeilge, ag leibhéal na bunscoile nó na meánscoile - gan trácht ar dhaoine fásta.
gan trácht not to mention
" Chomh luath is a shiúlann tú isteach, meallann rud éigin ar nós seanléarscála atá ar díol ann an tsúil nó ceann de na grianghrafanna de chuairteoirí cáiliúla atá crochta ar fud na háite, gan trácht ar an stór mór pictiúr, dealbh agus priontaí.
gan trácht not to mention
" Ní féidir taighde agus forbairt a dhéanamh gan buíon oibre ardoilte, agus ní féidir buntáiste iomaíoch a choimeád, gan trácht ar a fhorbairt, gan taighde agus forbairt.
gan trácht not to mention
" Tá sé deacair go leor ríomhaire a úsáid nuair atá tú i mbarr do shláinte, gan trácht ar cheann a úsáid nuair atá tú faoi mhíchumas ar shlí éigin.
níl Lillian ná a hiaradh gann san airgead Lillian and all belonging to her (her people) are not short of money
" Chosain sin pingin ach ina dhiaidh sin is eile níl Lillian ná a hiaradh gann san airgead.
Ní bheidh tae ná tae agat you're definitely not having tea
" "Ní bheidh tae ná tae agat," arsa an mháthair.
ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin trying not to choke on her own goodwill (i.e. it's not genuine)
" " "Tá an t-ádh oraibh mar sin," arsa Nell agus í ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin.
chan na dílseoirí not the loyalists
" Tá aontachtaithe frith-Chomhaontaithe oiread sin ar bís ag iarraidh cruthúnais go bhfuil an IRA - agus an IRA amháin, chan na dílseoirí - ag briseadh a shosa cogaidh, go gcreidfidh siad rud ar bith.
ag amharc uaibh looking around, i.e. not doing anything
" "Seo," arsa Tomás, "ná bígí in bhur seasamh ansin ag amharc uaibh.
Níos minice ná a mhalairt more often than not
" Níos minice ná a mhalairt, áfach, níor ghá focal Béarla a úsáid toisc go raibh focal Gearmáinise leis an mbrí chéanna ar fáil.
gan trácht ar not to mention
" ) Chun scéal fada brónach a dhéanamh gearr, léigh mé fógra faoi chúrsaí teanga i nDún na nGall agus chuala mé go raibh caighdeán ard múinteoireachta i gceist ansin, gan trácht ar an gcraic agus an scléip sna tithe tábhairne gach tráthnóna.
diabhal rian ar bith not a trace
" Tá Sinn Féiners ann agus Mé Féiners agus diabhal rian ar bith den dara pearsa, uatha ná iolra.
agus chan ar sheirbhís d'ár gcuid féin and not on a service of our own
" Tarlaíonn sé sin mar go bhfuil muid ag craoladh mar chuid de sheirbhís Bhéarla agus chan ar sheirbhís d'ár gcuid féin.
duine ná deoraí not a soul
" Tá cearta an Ghaeilgeora á séanadh go fóill, mar a bhí nuair a bhí ar sheanóirí na Gaeltachta i 1926 an sagart paróiste nó an múinteoir scoile a bheith leo agus iad ag lorg phinsean an stáit, agus gan duine ná deoraí eile sa cheantar a bhí i bpost le haon saghas stádais nó tionchair in ann Gaeilge a labhairt.
neamhchiontach not guilty
" I Samhain 1999 fuarthas Hugh Byrne neamhchiontach.
Nára fada may it not be long
" Nár laga Dia thú a Bhreanndáin! Nára fada go gcaithfidh muid oíche go maidin arís lena chéile! Tá tuilleadh eolais agus cóipeanna den albam seo le fáil ó Bhreanndán Ó Beaglaoich ag 353-66-9155399; (breanndan@eircom.
níor mhaolaigh ar an bhéim ar thraenáil the emphasis on training did not decrease
" Um an dtaca sin bhí an ceacht foghlamtha agus gach foireann chontae i mbun an chineál traenála a mharódh capall! Agus níor mhaolaigh ar an bhéim ar thraenáil ach an oiread ach gach foireann i mbun na hoibre agus an chruatain chéanna ar mhaithe le Craobh na hÉireann a ghnóthú.
níl sé seo amhlaidh this is not so
" níl sé seo amhlaidh d'fhonn is go bhféadfadh an Ghaeilge dul leis an nua-aimsear; tá an Ghaeilge gach aon phioc chomh nua-aimseartha is atá aon teanga eile atá á labhairt, mar gach aon rud atá sa saol atá inniu ann, tá sé á phlé go nádúrtha ag cainteoirí na teangan.
gan fiacail a chur ann not to mince one's words
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
bheadh sé bliain fhada it would be a long time (not literally a year)
" Ní raibh sí cinnte cén réiteach a bheadh ar an scéal ach bheadh sé bliain fhada sula dtabharfadh a hathair maithiúnas do Mark.
Cothrom nó cothrom é whether it's fair or not
" " "Cothrom nó cothrom é," arsa Síle, "sin mar atá agus féadann tú suí siar agus sult a bhaint as, nó níl a dhath eile fána choinne.
as baile isteach from out of town, not from there
" Dhéanfá cuntas ar dhathanna na bhfear ar mhéara láimhe amháin, is é sin iad uilig ach Pietr arbh as baile isteach é.
Níl a dhath de sin that's not true
nach loitfidh an timpeallacht who will not destroy the environment
" Déanfar iarracht comhluadar útóipeach nach loitfidh an timpeallacht a chruthú mar chuid den teacht le chéile idirnáisiúnta Ecotopia2002, a bheidh ar siúl i lár na míosa seo ar bhruacha Loch Dearg in oirthear an chontae.
neamh-infheidhme not fit for service
" 'Poitín Chonamara! Cuir fríd an chóras uisce é agus fágfaidh sé iad neamhbhríoch, neamhéifeachtach, neamh-infheidhme agus neamh-amhrasach.
Ní hamháin gur chomhlíon sí an gheallúint sin not only did she fulfil that promise
" Ní hamháin gur chomhlíon sí an gheallúint sin, ach tá éacht déanta agus á dhéanamh aici ó thaobh na Gaeilge de i gCalifornia.
gan trácht ar not to mention
" Spreagadh mór dom a bhí i mborradh sin na Gaeilge agus táim fíorbhuíoch as gach foilseachán idirlín, bíodh sé *Beo*, *Lá *nó *An Teanga Bheo*, gan trácht ar na siopaí idirlín ar féidir leabhair a cheannach uathu.
beag beann ar phríobháideachas not caring about privacy
" As sin chuig an gcith, beag beann ar phríobháideachas ag an staid seo.
Níl baol orainn go fóill we're not in danger yet
" Déarfaidh tú leat féin, 'Níl baol orainn go fóill.
neamhchiontach not guilty
" Tá sé ag pleadáil neamhchiontach.
Níl mé ag gabháil a spochadh as duine ar bith I'm not going to make fun of anyone
" Níl mé ag gabháil a spochadh as duine ar bith nó tá an rud ar fad ró-thromchúiseach agus ró-léanmhar go mór.
níl an cháipéis sin ar fáil ar líne that document is not available online
" Tá comhairle curtha ar fáil ag an Irish Internet Association d'fhostóirí ar conas bainistiú a dhéanamh ar úsáid an idirlín, ach ait go leor, níl an cháipéis sin ar fáil ar líne.
níor cúisíodh an Dr Shipman Dr Shipman was not charged
" Ós rud é gur maraíodh í roimh 1995, áfach, níor cúisíodh an Dr Shipman as an dúnmharú sin mar go raibh sé roimh an "cut-off date" a leag na póilíní síos.
níl sin le rá that's not to say
" Tá neart Gaeilge ag bunadh an bhaile, ach níl sin le rá nach bhfuil brú mór ar an Ghaeilge, go díreach mar atá i ngach ceantar eile sa Ghaeltacht.
Nílid ag déanamh faic they're not doing anything
" Antaine: Céard faoi na scoileanna sa cheantar - an bhfuil aon rud ar siúl iontu sin? Éilís: Nílid ag déanamh faic deireadh seachtaine na hÉigse i mbliana ach táid á dhéanamh an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin.
as an chuntas not included
" Bí cinnte nach aon bhiotáille bhroghach bháite de chuid Jameson nó Paddy nó fiú Powers féin a bhí ann, ach fíor-bheathuisce Preispitéireach aduaidh as Bushmills, an cineál fuisce is fearr leis an chineál is fearr de dhaoine, Cathaoirleach Údarás na Galltachta as an chuntas! Ach, ar an drochuair, is dóiche ná a mhalairt nach bhfaighidh mé ach an gnáthdosaen cloigeann seanbhlastúil caorach arís i mbliana," a cheasnaíonn Balor na Baothchainte.
Ní mar a shíltear a bítear all is not what it seems
" Ní mar a shíltear a bítear i gcónaí ar an idirlíon.
nach leor an deontas that the grant is not enough
" Ar ndóigh, i ndiaidh blianta fada leatroime agus neamhairde beidh éileamh níos mó ná mar ba cheart ar an airgead agus ciallaíonn sin nach leor an deontas.
Ní chuirtear amú pingin not a penny is wasted
" Ní chuirtear amú pingin agus féachann na scoileanna féin i gcónaí le hiomlán tairbhe a bhaint as gach pingin a fhaigheann siad.
gan trácht ar not to mention
" Bíonn a lán comhluadair acu, idir na turasóirí agus an líon mór cairde atá acu sa cheantar, gan trácht ar an dá chat, Pollo agus Chico.
gan trácht ar not to mention
" Tá dearcadh idirnáisiúnta de dhíth ar bhainisteoir foirne náisiúnta agus tá an taithí sin ag John Aldridge ón am a chaith sé le Real Sociedad na Spáinne ó 1989 go 1991, gan trácht ar na cluichí idirnáisiúnta a d'imir sé le hÉirinn.
Ní hiad an chéad rogha atá agam They are not my first choice
" Ní hiad an chéad rogha atá agam, ach b'fhearr liom eachtraí Hercules nó Batman a thaispeáint do mo chuid gasúr in áit ligint dóibh síorfhógraíocht na Nollag a shlogadh isteach ón teilifís.
gan dóthain not enough
" Níl sé dóchasach go nglacfar le moltaí an *Blueprint*, mar tá an iomarca eile ag tarlú sa Chumann agus gan dóthain daoine sa CLG buartha faoin iomáint.
nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh who is not afraid to strike up a song
" Is fear deas éirimiúil é féin nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh ar son na cúise.
nach leor an deontas that the grant is not enough
" Ar ndóigh, i ndiaidh blianta fada leatroime agus neamhairde beidh éileamh níos mó ná mar ba cheart ar an airgead agus ciallaíonn sin nach leor an deontas.
Ní chuirtear amú pingin not a penny is wasted
" Ní chuirtear amú pingin agus féachann na scoileanna féin i gcónaí le hiomlán tairbhe a bhaint as gach pingin a fhaigheann siad.
ná cuireadh sé iontas ar dhuine ar bith let it not surprise anyone
" Ach ná cuireadh sé iontas ar dhuine ar bith más é 2003 an bhliain a osclóidh iallacha a bhróga agus a mbainfear tuisle as.
ní hamhlaidh atá sé it's not the same
" Ach ó thaobh na cánach de, ní hamhlaidh atá sé nó tá na comhlachtaí ollmhóra mar Siemens agus BMW saor ó cháin.
an meall is mó ar deireadh last but not least
" Agus an meall is mó ar deireadh: tá drogall ar na Gearmánaigh a admháil gur chlis ar an gcóras a rabhadar chomh bródúil sin as.
nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh who is not afraid to strike up a song
" Is fear deas éirimiúil é féin nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh ar son na cúise.
gan corraí aisti not a stir out of her
" Bhí Sue ina suí ag tábla na cistine anois agus gan corraí aisti.
Nílim chun seinnt di siúd! I'm not playing for her!
" "Nílim chun seinnt di siúd!" a dúirt mé.
Gan éirí as not to give it up
" Nuair a thagann an cnag ar an doras is ansan a bhím cantalach! AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar cheoltóir óg? CDeB: Gan éirí as, is cuma cad a tharlaíonn, más aoibhinn leat a bheith ag seinnt.
ach chan TG4 but not TG4
" (Níl an tír sin ach fiche míle ó Learpholl agus tá muid ábalta S4C a fháil go soiléir anseo, ach chan TG4!) *Scousers *a thugtar orainn agus cé go bhfuil a lán dílseoirí anseo freisin, tuigeann an chuid is mó de bhunadh na háite an tionchar a bhí ag na hÉireannaigh ar Learpholl trí na blianta.
Ná scaoiltear gunnaí let guns not be fired
" Ná scaoiltear gunnaí ar aon chúis le linn an tsosa cogaidh, a deir riail amháin a tugadh do na baill.
nach bhfeictear go rómhinic not often seen
" Cé go raibh na cruinnithe seo beag, áfach, léiríonn siad taobh eile de chathair Nua-Eabhrac, taobh nach bhfeictear go rómhinic ar an nuacht nó i scannáin Hollywood.
siocar nach bhfuil sí le cluinstin thart orthu because it is not to be heard around them
" Easpa deiseanna ======= Tá triúr páistí agam féin agus an rud a chuireann as go mór dom ná nach bhfuil deis ar bith acu an Ghaeilge a úsáid go rialta agus go bhfuil leisce orthu í a labhairt siocar nach bhfuil sí le cluinstin thart orthu.
ní gan ábhar not without reason
" Nuair a bhíonn lá maith ann, bíonn an t-oileán le feiceáil ina luí amuigh ag bun na spéire mar a bheadh fathach mór sínte siar ina chodladh; laetha eile ní bheadh a fhios agat go bhfuil sé ann mar go mbíonn sé clúdaithe i gceo agus an fharraige mhór ag briseadh ar na clocha fá chladaí an oileáin - ní gan ábhar a thugtar "Tonnaí Thoraí" ar an damhsa! Tá an t-oileán é féin trí mhíle ar fhad agus míle go leith ar leithead agus tá daonra 180 duine aige.
nach bhfuil chomh hoilte céanna who are not quite as skilled
" Sin patrún atá le feiscint i Sasana freisin - tá Sky ag díriú orthu siúd nach bhfuil chomh hoilte céanna is atá na daoine a bhí ag baint úsáide as an tseirbhís go dtí seo.
Ná cuireadh sé iontas ar aon duine let it not surprise anyone
" Ná cuireadh sé iontas ar aon duine más comhlachtaí Francacha agus Gearmánacha seachas cinn Bhriotanacha agus Éireannacha is mó a thiocfaidh i dtír ar na margaí nua a osclóidh Próiseas Barcelona.
chan Éireannaigh not Irish people
" "Samhlaigh dá mbeadh comhlachtaí déanta Semtex nó Kalashnikov ag cur fúthu anseo! Bheadh fearg as cuimse ann! Ach is cosúil gur cás difriúil é seo, mar úsáidtear airm Raytheon thar sáile le daoine eile a mharú, chan Éireannaigh.