Pota Focal Intergaelic
bone | cone | done | gone | hone
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha in competition with one another for gigs
" Nuair a thosaigh Altan sna hochtóidí, ní raibh ann ach cúpla grúpa mór traidisiúnta (na Chieftains, De Danann, Arcady) ach anois tá go leor grúpaí eile traidisiúnta in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha.
Ní mó ná sásta a bhí sé He wasn't one bit happy
" Ní mó ná sásta a bhí sé faoi sin.
ag déanamh tríligh le chéile twittering away with one another
" Nuair a tháinig na héin bheaga chainteacha Lochlannacha anseo - na síodeitigh nó *bombycilla garrulus* - chuaigh mé ar an idirlíon fosta agus tháinig mé ar shuíomh gréasáin éaneolaithe áitiúla, a bhí ag déanamh tríligh le chéile, mar a déarfá, ar chlár plé.
nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh that no-one ever wore
" Lena chois sin, bí cinnte go ndéarfaidh siad go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar an chnap éadaí atá ina luí fán teach nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh.
Ní fhóireann sé duit ar dhóigh amháin ná an dóigh eile it doesn't suit you one way or the other
" Ní fhóireann sé duit ar dhóigh amháin ná an dóigh eile".
nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh that no-one ever wore
" Lena chois sin, bí cinnte go ndéarfaidh siad go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar an chnap éadaí atá ina luí fán teach nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh.
Ní fhóireann sé duit ar dhóigh amháin ná an dóigh eile it doesn't suit you one way or the other
" Ní fhóireann sé duit ar dhóigh amháin ná an dóigh eile".
ceann beag wee one
" "An mbeidh ceann beag agat lena chois, a Chiain?" arsa Dónall.
ceann beag wee one
" "An mbeidh ceann beag agat lena chois, a Chiain?" arsa Dónall.
caitear casadh ar an mBéarla one must resort to English
" Is féidir gach gnó a dhéanamh san oileán trí mheán na Gaolainne, ach caitear casadh ar an mBéarla chun aon ghnó a dhéanamh lasmuigh den oileán nó leis an rialtas.
mar is dual don té as is natural for one
" Bhí sí luath mar is dual don té atá úr, is dócha, nó nár mhaith a bheith mall ar an chéad lá.
geolárnacha geocentric (no one part of the world is the centre)
" Meas ar chultúir ======= Agus muid ag gabháil don ghnó idirnáisiúnta anseo san ollscoil, bímid ag labhairt ar dhearcadh agus ar straitéisí eitnealárnacha nó geolárnacha.
an ceann tuáilleach the towelled one
" Le gach croitheadh dá cheann chroith ceann Bhrains fosta; an dá chloigeann, an ceann gruagach agus an ceann tuáilleach, ag dul anonn agus anall, mar a bheadh luascadán, iad beirt ar aon bhuille," dar leis an Chioclóp Scéalach.
céim chun tosaigh one step ahead
" Bíonn a fhios ag lucht gnó go dtarlóidh an patrún seo; an cleas ná do straitéis a athrú sula n-athraíonn na hiomaitheoirí í, agus a bheith céim chun tosaigh i gcónaí.
le clic nó dhó luiche with one or two mouse clicks
" Is féidir féachaint ar chuid mhaith de na pictiúir atá ar taispeáint go poiblí sa ghailearaí agus breis eolais a fháil mar gheall orthu le clic nó dhó luiche.
ag cuimilt cheirt an smearaidh ar a chéile blaming one another
" Ar ndóigh, ag cuimilt cheirt an smearaidh ar a chéile a bhíodar le blianta beaga anuas.
Ní raibh de dhroch-nós dá raibh aige nach raibh leis He'd adopted every one of his bad habits
" Ní raibh de dhroch-nós dá raibh aige nach raibh leis.
ceann ar cheann one by one
" Thug an fear a thug na ceachtanna tiomána treoirliosta dó agus bhí sé ag dul fríd ceann ar cheann.
dráma aonair one man show
" Is féidir é sin a rá go cinnte faoin dráma aonair le Diarmuid de Faoite, "Pádraic Ó Conaire".
nach bhfuil sé de chead ag éinne that no one has the right
" Measann sé nach bhfuil sé de chead ag éinne, áfach, brú a chur ar dhuine teanga a labhairt mura bhfuil sé ag iarraidh í a labhairt, ach, mar sin féin, ós rud é go bhfuil siad ag fáil airgead rialtais, gur cheart dóibh an iarracht a dhéanamh.
spriocdháta foilsithe amháin one publishing deadline
" Seachas luí isteach ar mhórthionscadal le spriocdháta foilsithe amháin, ba cheart cúpla spriocdháta foilsithe eatramhacha a bheith leagtha síos.
An ceann is túisce a rithfeadh leat the first one that would occur to you
" An ceann is túisce a rithfeadh leat ná go bhfuilimid i dtaobh le foclóir Béarla-Gaeilge a ullmhaíodh go gearr i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
i mullach a chéile on top of one another
" "Bhíos ana-phríobháideach ionam féin agus níor thaitin sé liom a bheith i scoil le nócha éigin dalta eile agus b'fhéidir daichead bean rialta, agus sinn go léir i mullach a chéile, agus ag teacht salach ar a chéile.
sa chéad chás de on the one hand
" Tá mearbhall orthu de bharr go bhfuil, sa chéad chás de, an Rialtas, an Eaglais Chaitliceach agus go leor eile i bhfábhar an daingniú dlí a chur i bhfeidhm (mar gheall ar léamh na cúirte ar chás X) ach, os a choinne sin, go bhfuil páirtithe an fhreasúra ina aghaidh, chomh maith le grúpaí dlí agus ar a laghad beirt de na heaspaig Chaitliceacha, nach bhfuil sásta go bhfuil an moladh daingean go leor.
chomh gafa sin lena chéile so taken up with one another
" Gealltanais á dtabhairt, póstaeir á gcrochadh, leanaí á bpógadh: damhsa traidisiúnta na bpolaiteoirí agus na n-iriseoirí, iad chomh gafa sin lena chéile nach dtugann siad faoi deara go bhfuil an halla á thréigean ag an lucht féachana.
trácht aontreoch one-way traffic
" Bhí (agus tá) muintir na Gearmáine Thiar an-bhuíoch as an gcuidiú seo gan dabht, ach ní raibh trácht aontreoch i gceist ach oiread: ghnóthaigh na Stáit Aontaithe ní ba mhó cumhachta polaitiúla san Eoraip dá bharr.
Níor cúisíodh duine ar bith no-one has been convicted
" Níor cúisíodh duine ar bith as an choir seo go dtí seo, cé go bhfuil amhras go fóill faoi mháthair an tachráin, Maria Franzoni.
Chlochráin one confined to house or bed
" "Tá bhur seanchairde Éamonn Ó Caoimhnis agus Máire Ní Chlochráin ar ais agaibh, ach an bhfuil spás dóibh beirt anois go bhfuil Fat an Cóp ann fosta? Tá an oiread sin teachtaí neamhspleácha anois ann go bhfuil daoine in éadan dumpála agus daoine in éadan na ndaoine atá in éadan dumpála agus daoine atá ag gabháil a dhumpáil ar aon duine atá in éadan rud ar bith.
i gcomórtas lena chéile in competition with one another
" Samhlaím sa chás seo an pictiúr sin a fheicimid ar an teilifís den éan beag ar dhroim an tsrónbheannaigh - níl siad i gcomórtas lena chéile.
chaon duine againn every one of us
" Gan mac an éin bheo ag cur isteach ar cheachtar againn ach ag goradh ár mbonnachaí os comhair gríosach bhreá chlochmhóna agus chaon duine againn bíogtha ag an gclár teilifíse a bhí ag ceiliúradh Oíche Chinn Bliana na mílaoise ar fud an domhain.
Má shaolaítear i stábla tú if one is born in a stable
" B'fhéidir go bhfuil Celtic i mbun ceirde in Albain, ach faoi mar a dúirt an té a dúirt é: "Má shaolaítear i stábla tú, an ionann sin is a rá gur asal tú?" I rith an ochtú haois déag agus ag tús an naoú haois déag thug na mílte spailpín Éireannach aghaidh ar Albain, ag lorg oibre ar fheirmeacha go príomha.
ó cheann ceann na bliana from one end of the year to the other
" Daoine nach bhfeiceann a chéile b'fhéidir ó cheann ceann na bliana.
gan fiacail a chur ann not to mince one's words
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
ionas dá mba é an rud é gur shíl siad go raibh leathchois san uaigh aici as if she they thought she had one foot in the grave
" Bhí achan duine ag cur a tuairisce ionas dá mba é an rud é gur shíl siad go raibh leathchois san uaigh aici.
Cé is móite d'eisceacht nó dhó apart from one or two exceptions
" Cé is móite d'eisceacht nó dhó, mar shampla, Uíbh Fhailí i gcoinne Chorcaí sa bhliain 2000, is beag cluiche iontach a tharla de bharr an chúldorais ó 1998 agus bhí go leor cluichí aontaobhacha ann i mbliana faoin gcóras a thugann an dara seans do gach foireann.
aontaobhacha one-sided
" Cé is móite d'eisceacht nó dhó, mar shampla, Uíbh Fhailí i gcoinne Chorcaí sa bhliain 2000, is beag cluiche iontach a tharla de bharr an chúldorais ó 1998 agus bhí go leor cluichí aontaobhacha ann i mbliana faoin gcóras a thugann an dara seans do gach foireann.
Ní ligfeadh an eagla do dhuine ar bith eile no one else would dare
" Ní ligfeadh an eagla do dhuine ar bith eile éirí amach agus a leithéid orthu.
níor ciontaíodh riamh duine ar bith no one was ever convicted
" Cé go bhfuiltear den tuairim gur fuadaíodh agus gur maraíodh cúpla páiste eile a d'imigh ar iarraidh agus nár aimsíodh, níor ciontaíodh riamh duine ar bith sa stát seo as coir den chineál a tharla i Sohom an samhradh seo.
ar leathshúil one-eyed
" Tá sé ainmnithe as seandún cinntíre inar chónaigh fathach darbh ainm Caochán a bhí ar leathshúil.
macasamhail an chinn seo like this one
" Tá gá ann le graiméar deifnídeach Gaeilge chomh maith le cinn eile, macasamhail an chinn seo, a shíolróidh ón cheann údarásach.
chun cinn nua a chumadh to compose new ones
" Le córas *webmail*, bíonn na teachtaireachtaí ríomhphoist ar ríomhaire lárnach i gcónaí agus úsáidtear brabhsálaí idirlín chun teacht ar na teachtaireachtaí sin agus chun cinn nua a chumadh.
Athosclaíodh ceann acu one of them was re-opened
" Athosclaíodh ceann acu, Coláiste na gCruach, arís cúpla bliain ó shin agus Breandán Ó Dufaí as Muineachán mar phríomhoide air.
híocaíochta amháin one payment
" D'fhógair Microsoft le déanaí go raibh siad ag bogadh i dtreo "seirbhís" a sholáthar in ionad bogearraí amháin agus go mbeadh siad ag lorg síntiús rialta ó chustaiméirí in áit na híocaíochta amháin a fhaigheann siad anois.
atá ar leathchois who is one leg
" Tá sheanbhean chéile chiúin atá ar leathchois ag Khan agus croí mór maith aici.
Gach ceann beo every single one
" ) a d'úsáid tú agus tú ag foghlaim na teanga? AH: Gach ceann beo atá i gcló, ceapaim! Na cinn ba mhó tairbhe domsa, ceapaim, ná *Learning Irish *le Micheál Ó Siadhail agus *Teach Yourself Irish*.
bhí mé in éadán achan uile cheann acu I was against every one of them
" "Chonaic," arsa an seanduine, "agus bhí mé in éadán achan uile cheann acu.
trian one-third
" Dar le suirbhé a rinne an comhlacht Amárach Consulting níos luaithe i mbliana, bíonn trian de na daoine fásta a bhíonn ag baint úsáide as an idirlíon in Éirinn á úsáid fhad is atá siad ag obair - sin os cionn 300,000 duine.
ní ghortaítí éinne no-one would be hurt
" Coimhlint ghéar agus chrua a bhíodh ann ach ní ghortaítí éinne mar bhí gach duine in ann aire a thabhairt dó féin.
cúilín amháin one point
" D'éirigh leo Craobh na Sraithe Náisiúnta a bhuachaint i gcoinne na Gaillimhe ach bhuaigh Corcaigh orthu le cúilín amháin sa chraobhchomórtas.
ceann a chur ar bun to start one
" An bhfuil éinne amuigh ansin atá sásta ceann a chur ar bun? Idir an dá linn, lig dom fógra beag uaim féin a chraobhscaoileadh: ná bac leis na siopaí an Nollaig seo, cuir bronntanas fiúntach chuig do ghrá geal agus cabhraigh le teaghlaigh bhochta sna tíortha neamhfhorbartha.
ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile she was barely able to put one foot in front of the other (i.e. she was walking with difficulty)
" " Ní raibh Gerry ina shuí i gceart nuair is seo anuas an staighre Aoife, ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile.
dhuine ab ansa a loved one
" Chuala mé féin (agus go leor iriseoirí eile) roinnt mhaith daoine ag rá go raibh sé deas go rabhthas ag cuimhneamh ar dhuine ab ansa leo a cailleadh, ach go rabhthas ag dul thar fóir leis an chlúdach.
ár soraidh céad slán le Fine Gael our one hundred goodbyes to Fine Gael
" Agus ár soraidh céad slán le Fine Gael, páirtí a chuir níos mó ná lámh amháin ina bhás féin.
ó cheann ceann na cathrach from one end of the city to the other
" Tá radharc ar an adharc ó cheann ceann na cathrach.
tairne i gcónra gach duine acu a nail in the coffin of each one of them
" Ach sin ráite, is dóigh liom go mbuailfear tairne i gcónra gach duine acu in 2003 a chinnteoidh nach fada eile a bheidh siad in oifig.
móramh amháin one majority
" Bhí móramh amháin sásúil go leor fad is a bhí an móramh sin ag aontachtaithe.
rang amháin a thairiscint to offer one class
" Ach chinn siad ar rang amháin a thairiscint, mar sin féin.
ár soraidh céad slán le Fine Gael our one hundred goodbyes to Fine Gael
" Agus ár soraidh céad slán le Fine Gael, páirtí a chuir níos mó ná lámh amháin ina bhás féin.
ó cheann ceann na cathrach from one end of the city to the other
" Tá radharc ar an adharc ó cheann ceann na cathrach.
níor cúisíodh aon duine no one was convicted
" Go dtí seo, níor cúisíodh aon duine as marú an Uasail Phelan agus tuigtear do *Beo! *go bhfuil an comhad fós oscailte ag na Gardaí.
gur dúnmharaíodh duine de na baill that one of the members was murdered
" Bhí brón ar mo rang Gaeilge i Learpholl an mhí seo caite, agus ar gach duine eile sa Chlub Éireannach ina bhfuil sé suite, nuair a chuala muid gur dúnmharaíodh duine de na baill.
más ceadmhach if one is allowed
" B'fhéidir beagáinín ródháiríre, más ceadmhach a leithéid a rá faoi cheannaire polaitiúil.
Droch-thoradh amháin one bad result
" Droch-thoradh amháin air sin, ar ndóigh, ná gur fágadh seanmheon na rúndachta in áit, luachanna ón ré Victeoiriach a chabhraigh le daoine coimeádacha greim a fháil ar an gcumhacht agus í a choinneáil ar feadh i bhfad.
as éadan a chéile one after the other
" I ndáiríre, is é an tsamhail a bhí i m'intinn ná go raibh daoine ag dul i gcré as éadan a chéile, faoi bháisteach a bhí ag titim gan stad! Sea, *An Béal Bocht.
is ná dúistear mé and let no one wake me
" Ach táimse im chodladh is ná dúistear mé.
a mhacasamhail one like it
" Taobh istigh de thrí lá, chaith dílseoirí buama peitril ar theach Caitliceach ar an Lorgain i gContae Ard Mhacha agus a mhacasamhail ar theach i dtuaisceart Bhéal Feirste.
ceann de na teachtaireachtaí is tábhachtaí one of the most important messages
" " Conas is fearr an ruaig a chur ar an bpusadaíl seo, mar sin? Dar le hÓ Fiannachta gurb é ceann de na teachtaireachtaí is tábhachtaí sa Chríostaíocht ná go dtáinig Críost le go mbeadh lúcháir agus an bheatha go hiomlán ag daoine.
an tríú cuid one third
" Ag an am sin d'imigh an tríú cuid dár n-easpórtálacha mairteola chuig tuaisceart na hAfraice.
Páirtí aon-ábhair one subject party
" Páirtí aon-ábhair atá san UUP, dar le Sinn Féin, agus is é caitheamh amach Shinn Féin an t-aon ábhar a bhfuil suim acu ann.
an duine corr the odd one out
" Is cinnte gurbh é an Príomh-Aire an duine corr ar an ócáid sin, ós rud é nach raibh sé beartaithe ag rialtas na Spáinne trúpaí a chur amach go dtí an Iaráic.
Dá bhfaigheadh muid iarratas amháin if we got one application
" Dá bhfaigheadh muid iarratas amháin ó chuile chraobh bheadh an-chomórtas againn! Dá mbeinnse i mbun Chonradh na Gaeilge i Loch Garman, mar shampla, nó in aon chontae eile sa tír, bheinnse ag iarraidh go mbeadh seaimpín áitiúil ag seasamh an fhóid ar son Loch Garman ag an Oireachtas.
rugadh ar leathchois eisean he was born with one leg
" Ní raibh éinne acu sa staid sin ariamh, fiú cléireach an Bhainc mar gur rugadh ar leathchois eisean agus nár ghá fáil réidh lena leathchos nach raibh ariamh air.
ar a leathchois with his one leg
" Ní fhéadfaí í a chur go hifreann, siúráilte, fiú dá mba scabhaitéara a bheadh ann mar thiocfadh dó aithrí agus gníomh croíbhrú a dhéanamh, go háirithe anois ó bheadh neart ama aige le smaoineamh air féin ar an saol seo agus ar an saol eile sul má léimfeadh isteach ann ar a leathchois.
duine a aithint as a leathchois to recognise someone from one leg of his
" Agus ní bheadh éinne cinnte go barainneach cé leis í, ara ba dheacair duine a aithint as a leathchois dá sainiúla í, mura mbeadh marc nó *tatoo *faoi leith uirthi.
duine de na lúthchleasaithe one of the athletes
" Rinne sé an bonn a dhearadh chomh maith ar an tóirse mór a bheas á lasadh ag duine de na lúthchleasaithe nuair a thosóidh na cluichí i gceann roinnt seachtainí.
Boc amháin one fellow
" Boc amháin atá breá ábalta é féin a chosaint, agus atá in inmhe tabhairt faoi dhaoine eile fosta, is ea mo sheanchara, Éamon Ó Druncaí.
céim amháin chun tosaigh one step ahead
" Ní raibh mise ach céim amháin chun tosaigh ar na daltaí eile.
ghalúin go leith one and a half gallons
" Le héifeacht an ghalúin go leith Red Bull a bhí ólta ag Rí an Oileáin chuaigh sé thart ag pógadh gach a raibh i láthair, idir fhir agus mhná, é á thachtadh féin le mórchúis agus le paisean na hócáide, agus an mhuintir bhocht a d'fhulaing na póga á dtachtadh féin le samhnas.
Ceann de na slite is éifeachtaí one of the most effective ways
" Ceann de na slite is éifeachtaí le tabhairt faoi seo ná bunús eacnamúil a thabhairt don Ghaeilge trí ghnólachtaí agus fiontraíocht a chothú a mbeidh an Ghaeilge lárnach iontu.
thar a bheith aontaobhach extremely one-sided
" Anois d'fhéadfadh sé go bhfuil cúiseanna praiticiúla agus cúiseanna a bhaineann le hairgead agus araile ag baint leis na cinntí atá luaite thuas ach ardaíonn siad dhá cheist bhunúsacha: an é go bhfuil an pheil níos tábhachtaí ná an iománaíocht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael agus an bhfuil RTÉ i gceannas maidir le roghnú na gcluichí a thaispeántar beo? Mar shampla, bhí an cluiche peile idir Áth Cliath agus An Lú beo ar an teilifís - cluiche thar a bheith aontaobhach, gan dealramh.
leathshúil one eye
" B'éigean dó a mhuinéal a chasadh siar chomh fada agus a thiocfadh leis, leathshúil a bheith aige ar an bhealach mhór agus ar an scáthán le déanamh cinnte nach raibh ag teip air "ball dall" ar bith a fheicéail.
ceann ar cheann one after the other
" "Bhuel," arsa Máire, "cén dóigh is fusa tabhairt faoi seo?" "Ó tharla gan ach an bheirt againn a bheith ina cheann, níl a dhath fána choinne ach na bocsaí a thabhairt isteach ceann ar cheann.
a thaiscidh pet, treasured one
" "Is dócha go bhfuil tú marbh tuirseach, a thaiscidh," ar sise.
bearna orlaí a one inch gap
" Ar chúis an-phraiticiúil a cuireadh a céad iarrachtaí fileata i gcló! Nuair a tosnaíodh ag foilsiú na hirise *Comhar* sna daichidí, bhíodh a lán den obair ar siúl in íoslach theach Mháire i bPáirc Leeson; ó am go ham, dhéantaí botún agus bhíodh bearna orlaí nó mar sin idir altanna, agus lorgaíodh na heagarthóirí dán uaithi leis an mbearna sin a líonadh! Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair? *An tOileánach*: an lámhscríbhinn iomlán curtha in eagar ag Seán Ó Coileáin.
ar ais nó ar éigean one way or another
" Cé go bhfuil sí ag fanacht le scéala ón chomhlacht árachais go fóill, tá sí ar bís faoin obráid agus tá rún daingean aici dul faoin scian, ar ais nó ar éigean.
a leathshúil one of his eyes
" Bhí a leathshúil druidte go teann le faitíos roimh an fhís fhíochmhar a nochtaíodh dó: Éire mar a bheas i gcionn deich mbliana! Éire i samhradh na bliana 2013! Bhí sé scanrúil, scéiniúil, scáfar mar aisling.
formhór na gceann gairid most of the short ones
" com" cláraithe ar an idirlíon - agus tá formhór na gceann gairid agus simplí ina measc.
cumarsáid aon-treoch one-way communication
" Tá feabhas an-mhór tagtha ar na scéimeanna trína gcuirtear maoiniú ar fáil, ach ní cumarsáid aon-treoch a bhíonn ann; bíonn tionscal na foilsitheoireachta ag forbairt i gcónaí agus braithimid go bhfuil dualgas orainne mar fhoilsitheoirí deiseanna a chur ar a súile do na heagrais mhaoinithe.
aon naoú cuid Ungárach one-ninth Hungarian
" Tá mé aon naoú cuid Ungárach, dhá naoú cuid Mohawkach, trí naoú cuid Gearmánach agus trí naoú cuid Éireannach.
mo leathshúil i lár chlár m'éadain my one eye in the middle of my forehead
" Nuair a chonacthas mo leathshúil i lár chlár m'éadain cuireadh fáilte romham.
Ní leomhfadh éinne no-one would dare
" Ar cheart bunreacht a thabhairt air in aon chor ? Ní leomhfadh éinne an focal "bunreacht" a lua fiú amháin i gcomhthéacs na hEorpa dhá bhliain ó shin.
Dá bhfoilseofaí níos mó ná téacs amháin if more than one text was published
" Dá bhfoilseofaí níos mó ná téacs amháin ag deireadh, teip a bheadh ann.
comhaontaíodh ar an aon téacs amháin one text was agreed on
" Ach comhaontaíodh ar an aon téacs amháin atá le cur in ionad na gconarthaí uile atá ann cheana.
ceann ar cheann one by one
" Bíonn ar an úsáideoir bocht na fuinneoga breise sin a dhúnadh ceann ar cheann - agus go minic nuair a dhúntar ceann amháin, osclaíonn ceann eile.
aon chúilín chun tosaigh one point ahead
" Ghlacadar le gach ar chaith Corcaigh ina dtreo maidir le scil, croí agus paisean agus, in ainneoin go ndeachaigh na Corcaígh aon chúilín chun tosaigh, choinnigh báireoirí chois Feoire guaim orthu féin agus d'aimsíodar cúl cinniúnach in éadan threo na himeartha chun forlámhas a fháil in athuair ar a gcéile comhraic.
na cinn ba mhoille the slowest ones
" Bhí 22 carr páirteach ar fad agus thóg sé tuairim is seachtain ar na cinn ba mhoille an t-aistear a chur dhíobh.
na ceanna atá anois againn the ones we now have
" Ní bheidh aon athrú ar an scéal sin go dtí go mbeidh aon chineál nua cairr le fáil ar phraghas cosúil leis na ceanna atá anois againn, a bheas in ann taisteal go neamhspleách de ló is d'oíche ar a laghad 400 nó 500 ciliméadar sula mbeidh gá le tuilleadh breosla agus go mbeidh sé sin le fáil go sciobtha, go héasca agus ar phraghas réasúnta.
cheann de na forbairtí is nualaígh one of the most innovative developments
" Is fiú trácht a dhéanamh chomh maith ar cheann de na forbairtí is nualaígh atá tar éis tarlú i gcás TG4, is é sin an córas Webcast.
idir chinn dhúchasacha agus chinn ón Bhreatain both native and British ones
" Chinnteodh comhairle reachtúil go mbeadh ar gach nuachtán a dháiltear sa stát seo, idir chinn dhúchasacha agus chinn ón Bhreatain, cloí leis na rialacha céanna.
dhianchúrsa lánaimseartha bliana a one-year full-time intensive course
" " "Agus mo chéim bainte amach agam, d'aithin mé go raibh orm Gàidhlig a fhoghlaim i gceart - mar sin, chun bóthair liom chuig Coláiste Sabhal Mòr Ostaig san Oileán Sgitheanach ar dhianchúrsa lánaimseartha bliana.