Pota Focal Intergaelic
bord | cord | dord | lord | or
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an t-ord the running order
" Bhí an t-ord ag athrú achan oíche fosta.
in ord agus in inneall in working order, organised
" "Beidh greim bí againn nuair atá achan rud in ord agus in inneall.
Ord Naomh Proinsias Franciscian Order
" Tá ballóga le feiceáil ansin a bhí mar mhainistir ag Ord Naomh Proinsias sa cheathrú haois déag.
bunaitheoir Ord na Toirbhearta founder of the Presentation Order
" Bhíomar páirteach i gceolchoirm bunaithe ar shaol Nano Nagle, bunaitheoir Ord na Toirbhearta, mar tá triúr againn ag múineadh sa scoil chéanna.
ord reatha running order
" Déanann sí cur síos ar ord reatha an lae ach, de réir mar a scairteann daoine ar an chlár ag tabhairt tuilleadh eolais ar ábhar nó ag tabhairt faoi dhuine de na haíonna, go minic is clár eile ar fad a bhíonn ann ón cheann a bhí beartaithe.
ord contráilte wrong order
" Dar leis gur tháinig mearbhall ar na seandéithe agus go raibh na míonna san ord contráilte acu i mbliana.
Ord Oráisteach The Orange Order
" Bhí 271 póilín ar dualgas ag na paráidí ar an 12 Iúil, ach ní gnó é an tOrd Oráisteach agus mar sin íocann muintir na háite as an chostas seo trí cháin áitiúil.
hord rialta religious order
" Bhí ráfla ag dul thart tamall ó shin nach mbeadh *Erectus* ar bith ann: gur scoireadh an Coiste agus gur cuireadh an t-iarAire Rialtais Micheál Mac an Adhmaid isteach ina n-áit; gur dhíol Mac an Adhmaid an rud ar fad le hord rialta ar €100 agus go raibh sé sásta gur margadh maith a fuair sé.
ord foriata enclosed order
" Is ord foriata é - bíonn siad ag guí go minic agus ní thagann siad amach.
ord nua new order
" Tríd an bhaint atá acu leis an rialtas, tá sé mar aidhm ag na grúpaí seo de chuid na heite deise ord nua a chur i bhfeidhm i gcúrsaí polaitíochta na tíre a bheidh faoi údarás rialtais "Chríostaí".
in ord aibítreach in alphabetic order
" (Is maith le hÉamonn Ó Doornail - eagarthóir *Beo Ar Éigean *- an uaim a bheith in ord aibítreach i gcónaí, agus éiríonn an fústaire rud beag fosaoideach agus fuadrach agus fuascrach fiú, mura ndéantar gníomh de réir a thola.
ceannasaíocht an Oird Oráistigh the leadership of the Orange Order
" Bhí ceannasaíocht an Oird Oráistigh ach go háirithe ar buile go sílfeadh an tUachtarán go raibh aon fhrith-Chaitliceachas beo beathach i measc na bhfear buí.
ord aibítre alphabetical order
" Cén fáth nach n-oibríonn an téacsáil réamhaithriseach i gceart? Ba chóir don ghuthán cabhrú leat agus focail a chríochnú go huathoibríoch ach de ghnáth piocann sé focal ait éigin eile – agus ní bhíonn na moltaí in ord aibítre riamh.
shéan gach ball sinsearach den Ord every senior member of the Order denied
" Le linn na racán i gceantar na Carraige Báine anuraidh, shéan gach ball sinsearach den Ord go raibh páirt ag baill de chuid an Oird san fhoréigean, in ainneoin é bheith le feiceáil ar na scáileáin teilifíse.
go ndéanfaí iad a dhíbirt as an Ord that they would be thrown out of the Order
" D’admhaigh Ard-Mháistir an Oird i Sasana, Ron Bather, atá ina chónaí i Learpholl, ar ndóigh, go raibh aithne phearsanta aige ar Roy Barwise agus John Irwin agus nach raibh sé cinnte go ndéanfaí iad a dhíbirt as an Ord.
grádaithe in ord deacrachta. graded in order of difficulty.
" Dá bharr sin tá na dlúthdhioscaí grádaithe in ord deacrachta.
ball sinsearach den Ord Oráisteach, a senior member of the Orange Order,
" Rún de chuid David McNarry, ball sinsearach den Ord Oráisteach, a bhí ann, agus seachtain i ndiaidh é a bheith curtha ar an chlár aige, chinn an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Edwin Poots, nach gcuirfí dúshraith reachtúil faoi chearta Gaeilgeoirí sna Sé Chontae.
san ord tosaíochta in the order of priority
" Tá an Roinn Talmhaíochta imeallaithe i dtreo na gcliathán mar aireacht san ord tosaíochta le blianta beag anuas.
in ord tábhachta: in order of importance
" *CMA: Ach cloisimid an méid sin faoi iomaíochas agus faoi chostais?* DMW: Tá siad sin ann go cinnte ach is mar seo a chuirfinn fadhbanna na tíre in ord tábhachta: ar dtús, margadh na tithíochta, na bainc agus na fiacha; ansin, pá san earnáil phoiblí; ar deireadh, na cuideachtaí ilnáisiúnta.
ord na bpriarachtaí order of priorities
" Tiocfaidh sé aniar aduaidh ar lucht ceannais na n-eagras Ghaeilge nach bhfuil oiread is taifead amháin sa Roinn ar an ábhar ainneoin a leithéid a bheith curtha go hard in ord na bpriarachtaí ag an Aire Ó Cuív ar ócáidí éagsúla le cúpla mí anuas in agallaimh le Nuacht TG4, RTÉ RnaG, Foinse, Lá Nua agus san iliomad meán eile.
ord ná eagar make nor shape
" Grád: C+ Mary Harney (Aire Sláinte): Gan ord ná eagar ar an chóras sláinte le dornán blianta anuas (nó Angola mar a bhaist an Taoiseach ar an Roinn fadó.
hOird Eaglasta religious orders
" É ag díol as peacaí a shinsir sa Roinn i dtaobh an socrú de €128m a rinne a réamhthachta sa Roinn, an Dr Michael Woods, leis na hOird Eaglasta agus slánú stáit á thiomnú orthu.
n-ord orders
" Go dtí go gcreidfear in achan teach in Éirinn gur éigníodh agus gur maraíodh gasúir in institiúidí na tíre a bhí faoi stiúir an stáit agus na n-ord Caitliceach in éineacht, níltear ag íoc mar is cóir leis an tslua bhocht daoine a sheol na breithimh isteach sna hinstitiúidí ar iompadh na boise.
Ord Oráisteach Orange Order
" Tá ceangal láidir le blianta idir an BNP agus cuid de na fir bhuí i Learpholl, ach bhí cnámh spairne eadarthu i gcónaí mar tá daoine gorma ina mbaill den Ord Oráisteach anseo agus in áiteanna eile.
ord na bpriarachtaí the order of priorities
" Óir níl spriocanna uaillmhianacha an Rialtais i leith na straitéise teanga ag teacht ná i dtiúin a bheag ná a mhór le tuairim An Bord Snip Nua nár cheart go mbeadh an Ghaeilge ró-ard in ord na bpriarachtaí feasta.
nOrd Dílse Loyal Orders
" I dtuaisceart na hÉireann, tá mórshiúlta na nOrd Dílse againn, cuid acu a cheiliúrann bua an Rí Liam ar an Rí Séamus 319 bliain ó shin, cuid eile a cheiliúrann an Protastúnachas agus dílseacht do Mhonarcacht Shasana.
ord agus eagar law and order
" org/wiki/The_White_Ribbon) Deir Haneke in agallamh le ‘Sight and Sound’ gur suim leis an ceangal idir phiúratánachas Liútarach thuaisceart na Gearmáine agus ‘cosaint’ na Naitsithe sin a mhaígh dá gcosaint féin nach raibh ach ord agus eagar á chur i bhfeidhm acu trí orduithe dleathacha a leanúint.
gan ord nó eagair in disarray
" Má bhíonn an t-eolas ar fad faoi do chustaiméirí, nó custaiméirí féideartha, gan ord nó eagair, beidh a shliocht ar an ngnó - ní bheidh an saol oibre ró-éasca.
in ord agus in eagar proper and tidy
" Tháinig ar an saol mar sin, ní hamháin *Quora*, ach na céadta seirbhísí eile atá ag déanamh iarracht an t-eolas a choimeád in ord agus in eagar don bhrabhsálaí idirlín.
Idir ord agus inneoin between a rock and a hard place
" Idir ord agus inneoin a bhí muintir na Cróite.
in ord agus in eagar ready and waiting
" Bhí na cruacheisteanna in ord agus in eagar ina intinn aige, agus níorbh fhada gur chuir sé an chéad cheann: **Balor: “Cad é mar atá tú, a Choimisinéir?”** Coimisinéir: “Réasúnta!” Bhí Balor réidh dá leithéid, agus chuir sé an dara ceist sula raibh seans ag an Choimisinéir teacht chuige féin arís i ndiaidh an chéad chinn.
ag cur ord agus eagar ar ordering and directing
" Bhí córas an stáit ag cur ord agus eagar ar dhílseoirí na hÉireann ag an am, ag sceanairt na náisiúnach ó thuaidh agus ag leagan buamaí ó dheas nuair a shantaigh siad sin a dhéanamh.
gan smacht gan ord irrepressibly and at random
" Déantar smidiríní de choinbhinsiúin sa saothar seo áit a léiríonn Criss-Cross idirtheanga gan smacht gan ord inar thig le rud ar bith tarlú.
uilig ina mbaill d’oird rialta all are members of religious orders
" Bá ar Leith le Colúnaithe agus Iriseoirí ================= Tá cúigear acu ann, agus tá siad uilig ina mbaill d’oird rialta in Éirinn.
Tá ord agus eagar ar gach rud everything is in its proper place
" Tá ord agus eagar ar gach rud; feicim go soiléir cé hiad na rudaí a bhfuil tábhacht leo agus cé na rudaí nach bhfuil.
d'fhealsúnacht an Oird of the Orders philosophy
" D'fhan an chuid seo d'fhealsúnacht an Oird le hÓ Cathasaigh, dar liom, ach níos soiléire arís, bhí sé faoi dhraíocht ag armáil na bProtastúnach.
baill den ord Oráisteach a member of the Orange Order
" Mar sin, bhí an dream frith-Mhoslamach *The North West Infidels* i láthair, chomh maith leis an National Front, BNP, baill den ord Oráisteach agus *Combined Ex-Services (CXF)*.
d’Ord na Slánaitheoirí dá bharr to the Salvation Order as a result
" Fuair an Rianach bás sa bhliain 1871 ach ní raibh sliocht ar a shliocht agus tugadh Galong d’Ord na Slánaitheoirí dá bharr.
ord dhá fhocal ar the order of two worlds
" Tar éis obair sé mhí ag foireann triúir nó ceathrar níor athraigh siad ach ord dhá fhocal ar cheann de na cláir ar an leathanach baile.
ar an ord geilleagair idirnáisiúnta in the international financial order
" Ní hamháin go bhfuil athrú ó bhun go barr ar an ord geilleagair idirnáisiúnta ach tá cuid mhaith de thíortha daonlathacha an iarthair tite chun mífheidhme.
seanchas an oird sin that order’s history
" Agus instear i seanchas an oird sin na gníomhartha móra gaile agus gaisce a dhein na ridirí uaisle sin.
in ord feabhas a n-imeartha according to their playing prowess
" Tá foirne iomána na hÉireann i mbliana curtha in ord feabhas a n-imeartha ag Colm Mac Séalaigh agus is cosúil iad lenar chruthaigh siad anuraidh.