Pota Focal Intergaelic
lus | plás | plub | pluc | plug
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
móide plus
" Tá craobh Shinsear agus Mionúr na hÉireann i seilbh mhuintir Chill Chainnigh arís, móide Corn na Sraithe agus Craobh Laighean arís.
móide lucht bainistíochta plus the management
" Mar níl ach bealach amháin le déileáil le heachtra ar nós troid na hÓmaí agus is é sin gach duine a bhí páirteach ann, móide lucht bainistíochta (i.
móide plus
" Níl aon bhealach éasca ná simplí ann le feabhas a chur ar chúrsaí, ach is cinnte go mbeadh roinnt samhlaíochta móide a lán oibre ina gcabhair mhór.
móide a lán bonn eile, plus a lot of other medals,
" I gcás iarimreora amháin, JJ Bairéad a bhuaigh bonn uile-Éireann i 1962 agus ar bhuaigh a athair roimhe trí cinn móide a lán bonn eile, tharraing sé siar boinn a athar as Músaem Pháirc an Chrócaigh mar agóid i gcoinne amhrán náisiúnta Shasana a bheith á chasadh ag an gcluiche.
móide troscán traidisiúnta plus traditional furniture
" D’fhan muid in óstán a raibh páipéar ríse ar na ballaí móide troscán traidisiúnta, bord íseal agus mar sin de.
móide plus
" Iomaíocht ó iliomad spórt eile ar an teilifís, móide imeacht na n-urraí tobac go mór mór agus ísliú ar dhuaiseanna airgid dá bharr sin, a thugtar mar chúiseanna leis an staid sin.
maille leis plus
" Theip ar Lehman Brothers, an comhlacht mór infheistíochta, agus ar Merrill Lynch agus ar Washington Mutual, dhá bhanc ollmhóra, maille leis na scórtha comhlachtaí airgeadais beaga eile.
móide plus
" Sin daonra na hÉireann, móide daonra na hÍsiltíre, móide daonra na Fraince, móide daonra na Gearmáine.
móide plus
" Duaiseanna ===== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar, Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin le Pádraig Ó Baoighill, móide an dá dhiosca, ó Choiscéim: **Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin** (Séamas Mac Amhlaoibh) Pádraig Ó Baoighill Cuir síos anseo ar an scéalaí cáiliúil a rugadh sa bhliain 1879 agus a mhair sa Ghaeltacht Lár i dTír Chonaill.
móide plus
" A mhalairt de theanga is ea an Ghaeilge, mar a bhfuil an tsintéis – fréamh an bhriathair, gas na haimsire agus an phearsa, iad a dtriúr in éineacht – agus an briathar chun tosaigh san abairt (briathar +ainmní+cuspóir móide fonathanna dobhriathartha ama/áite/modha) Bíonn meas ag daoine atá fréamhaithe ina gcultúr féin ar an éagsúlacht a bhaineann le daoine as cultúir eile a mbeidh siad ag comhoibriú leo.
móide plus
" ) ==================== Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh, Eagrán úr méadaithe (ó 2001): Le Máirín Nic Eoin ISBN: 978-1-901176-27-8 Foilsithe: 2001 Leathanaigh: 96 Rogha dánta comhaimseartha le filí éagsúla ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh móide réamhrá léirmhínitheach le Máirín Nic Eoin.
móide plus
" Ba de dhéantús caoladóireachta móide tuí agus buarán na botháin, ar nós tithíocht go leor dár sinsear féin.
móide plus
" Tennis sensor data analysis an teideal a thug an buaiteoir óg, nach bhfuil ach cúig bliana déag d’aois, ar an tionscadal a rinne sé agus bhain sé duais €5,000 móide comhramh de chuid Chriostal Phort Láirge as ucht a chuid oibre.
móide along with, plus
" I measc na ngnéithe lárnacha léirithe ann tá an t-alt agus inscne ainmfhocail; an tuiseal ginideach, an chopail ‘is’; briathra rialta agus na cinn neamhrialta; foghraíocht agus litriú; míonna agus laethanta; suíomh agus gluaiseacht; na hairde; aidiachtaí; uimhreacha ; forainmneacha pearsanta; forainmneacha réamhfhoclacha; aidiachtaí sealbhacha; réamhfhocail shimplí; réamhfhocail shimplí móide an t-alt.
móide plus
" Is féidir an-fhreagra a thabhairt ar an cheist amaideach sin a chuirtí sách minic roimhe seo, "what good is Irish to anyone?" mar “it can save you for at least four years more from the effects of Alzheimer’s”! B’fhéidir ach an taighde a dhéanamh amach anseo, go bhfeicfear mar gheall ar éagsúlacht leagan amach na dteangacha a bheadh i gceist, vso móide athruithe tosaigh in éineacht le hateanga svo, iad siúd abraimis, le hais dhá theanga svo móide ateanga svo eile, go mbeidh i bhfad níos mó ná ceithre bliana saor ó dhrochthionchar na mallréire i gceist.
móide plus
" Bhí gach cineál áise san ionad saoire sin – beár snámha, cluichí uisce, cúrsa mionghailf, móide togha na gréine gach lá.
plus ca change, plus cést la meme chose everything is changed and all is just the same
" Mar a deir na Francaigh – “plus ca change, plus cést la meme chose”!
móide plus
" Ach cén fáth gur i gcúinne beag, forimeallach den domhan a tharla forbairt na gcluichí atá chomh hiomráiteach inniu? Is cosúil go raibh tosca fisiceacha, nádúrtha i gceist ach, i ndeireadh na mbeart, gurb iad na tosca daonna - forbairt geilleagair, tionscail agus teicneolaíochta móide eagrú na sochaí agus na polaitíochta – ba thábhachtaí.
travailler plus pour gagner plus work more to win more
" Léirítear arís agus arís eile sna pobalbhreitheanna nach bhfuil muinín ag daoine a thuilleadh as a chumas an geilleagar a láimhseáil agus nach bhfuil san fhoirmle ‘travailler plus pour gagner plus’, foirmle a bhíodh le cloisteáil go minic ó bhéal Sarkozy le linn feachtas toghchánaíochta 2007, ach focla folmha.
Agallamh agus Urchair an interview plus bullets
"Agallamh agus Urchair ======== Ach, mar fheiceann muid sa dráma seo, ní i gcónaí a fhaigheann tú an faoiseamh a bhí tú ag iarraidh agus tú ar ais in Éirinn.
móide dd plus cd
" An Duais === **Cóip den leabhar 'Azzi idir Dhá Stól’,agus cóip den leabhar móide dd ‘Cillian agus an Rón’** **Azzu idir Dhá Stól:** Leabhar grafach le Sarah Garland a scríobh agus a mhaisigh Tá Azzi agus a tuismitheoirí i mbaol.
gearradh fíneáil £5 air móide he was fined £5 plus
" Diúltaíodh don iarratas seo gearradh fíneáil £5 air móide costaisí £23.
móide sonraí eile nach iad plus other details besides
" (A system of anarchy can only work in a society of altruists) Ar an mbonn sin, creidim go láidir go mbeidh ar an idirlíon glacadh le síneadh isteach ar chláir phlé faoi ainm ceart cruthanta amach anseo: ainm, sloinne, dáta breithe, móide sonraí eile nach iad.
Plus ça change, plus c’est la même chose the more things change, the more they stay the same
" Plus ça change, plus c’est la même chose.
Plus ca change nothing’s changed
cúrsa maith móide roinnt leabhar ar iasacht a good course plus some books on loan
" Nuair nach raibh an leabharlann áitiúil in ann cuidiú liom, thiomáin mé chuig an chontae is gaire dom, cláraigh leo in achar cúig bhomaite, agus fuair cúrsa maith móide roinnt leabhar ar iasacht.
móide abairtí samplacha Gaeilge plus sample Irish sentences
" Taobh leis an gceannfhocal Béarla tá an soláthar lom Gaeilge móide abairtí samplacha Gaeilge a léiríonn ceartúsáid an fhocail nó an nath ina chomhthéacs nádúrtha.
móide dhá cheann plus two
" Ó thaobh na peile de, tá sé cinn de chontaetha Roinn 1 den tSraith Náisiúnta móide dhá cheann as Roinn 3 ina ‘seasamh’ fós, tráth scríofa an ailt seo.
móide plus
" Le deich lá anuas rinne mé dhá agallamh do Raidió na Gaeltachta móide scannánú do cheann de na cláracha sa tsraith nua de Éagóir.
móide plus
" Cuairt seachtaine a bhí i gceist a raibh d’aidhm aici cuid de radharcanna Nua-Eabhrac agus Boston, móide a gcuid siopaí, a fheiceáil nó ruathar tapa a thabhairt orthu ar a laghad, agus cuairt a thabhairt ar ghaolta le mo bhean chéile idir shean agus óg, aintíní, uncail, col ceathracha, col cúigir agus eile, a bhaineann le contae na Gaillimhe, thoir agus thiar.
móide ócáidí siamsaíochta plus social occasions
" Dá bhrí sin, is é bunfhealsúnacht an chumainn dar liom deiseanna rialta, leanúnacha tríd an bpeil Ghaelach agus tríd an iománaíocht móide ócáidí siamsaíochta a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge agus ar an gcaoi sin comhluadar inmharthana teanga a spreagadh agus a neartú.
móide beirt plus two
" Nuair a bhuaigh foireann iomána Naomh Tomás craobh shinsearach na Gaillimhe den chéad uair in 2012, agus craobh clubanna na hÉireann ina dhiaidh sin, rinneadh iontas de dhéanamh na foirne mar go raibh seisear deartháireacha de mhuintir de Búrca móide beirt de mhuintir Uí Mhuirí, beirt de mhuintir Uí Chuana agus beirt de mhuintir Uí Scathail ar an bhfoireann.
Plus ça change, plus c'est la même chose it’s the same old story
" Plus ça change, plus c'est la même chose mar a deir an Fhraincis.
móide 3 bhearna plus three spaces
" Bíodh go bhfuil an leagan Gaeilge ‘Garraithe Náisiúnta na Lus’ níos giorra (23 litir móide 3 bhearna) ná an leagan Béarla (25 litir móide 2 bhearna), bheartaigh an t-údarás bóthair feidhm a bhaint as cló níos lú don ainm Gaeilge ar an gcomhartha a threoraíos daoine ann.
Plus ça change nothing essentially changes
" Plus ça change – bíonn an t-aos ‘léannta’ i gcónaí ag tabhairt amach faoin dream óg atá ag simpliú na teangan agus ag déanamh neamhaird de rialacha casta gramadaí! “Ar ndóigh, tá contúirt faoi leith ag baint le simpliú - nó truailliú - na Gaeilge sa lá atá inniu ann mar gur mar gheall ar thionchar mór an Bhéarla atá sé ag tarlú seachas mar gheall ar fhorbairt nádúrtha na teanga.
móide plus
" Is ait an mac an pholaitíocht; Martin McGuinness le labhairt ag Comhdháil na gCoimeádach? An DUP, na Tóraithe móide LibDem agus Sinn Féin, b’fhéidir, a deir Robert McMillen, gurb shin an meascán a bhéarfas an chaoinfhulaingt agus an fhíorpholaitíocht chun tosaigh.
an dóigh nár oibrigh Sé móide a Trí amach how six plus three didn’t work out
" Rianaíonn Robert McMillen san alt seo an dóigh nár oibrigh Sé móide a Trí amach ina hAon in am corrach na críochdheighilte.