Pota Focal Intergaelic
our | poor | pouf | pout | tour
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
steall sé amach he poured with gusto, lashed out
" Ach níor éist an fear fada léi agus steall sé amach gloine eile.
steall sé amach he poured with gusto, lashed out
" Ach níor éist an fear fada léi agus steall sé amach gloine eile.
ag spalpadh anuas pouring down
" Dá ndruidfeá do shúile agus tú i do shuí sa phuball Gaeltachta, shílfeá go cinnte gur ag Oireachtas na Gaeilge a bhí tú - ach amháin go raibh an ghrian ag spalpadh anuas! Gura fada buan Féile Milwaukee.
coincréit a scairdeadh pour concrete
" "Ní féidir leat coincréit a scairdeadh sa bháisteach.
ag doirteadh pouring
" Agus Réamó ag doirteadh *amach *cupán tae eile dó féin deir sé le hÉamó dul suas agus comhairle a chur ar an chréatúr bhocht *thuas *staighre sa seomra folctha atá ar shiúl sa chloigeann agus ar crith leis an fhuacht.
stealladh uisce water used to pour
" “Sa seanam, chuireadh seirbhíseach an t-innealra ar siúl, agus stealladh uisce as achan oscailt,” a mhínigh Romano dúinn.
ag stealladh báistí pouring rain
" Bhí sé ag stealladh báistí san iarnón agus bhí muid an-sásta Caisleán Beeston a fheiceáil i bhfad uainn mar go raibh muid ag stopadh thar oíche sa teach tábhairne míle amháin roimhe.
scaird thapaidh amháin one fast pouring
" Bhaineas cúpla súmóg as an bpionta Guinness (a tháinig chugam, tar éis scaird thapaidh amháin, i ngloine phlaisteach) sular thosaigh an t-achrann, agus nuair a caitheadh amach beirt in aice liom, thapaíos an seans, agus d'éalaigh amach arís.
a dhoirteadh to pour
" Tar éis di na piontaí a dhoirteadh, d'ordaigh mo dhuine seacht Jack Daniels.
ag doirteadh anuas pouring down
" Bhí sé ag doirteadh anuas agus ní raibh an dara rogha agam ach rith ar ais go dtí an teach.
ag stealladh báistí pouring rain
" Thosaigh sé ag stealladh báistí ar an Domhnach, ach fuaireamar síob ar ais go dtí Auckland ó bheirt Kiwis deasa.
ag doirteadh airgid isteach pouring money into
" * Ní thuigeann sé cén fáth a bhfuil na comhairlí contae ag tabhairt cead pleanála do na céadta teach nach labhrófar Gaeilge go deo iontu le linn do Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a bheith ag doirteadh airgid isteach sna ceantair Ghaeltachta leis an teanga a bhuanú.
ag stealladh báistí pouring rain
" Ba chuma cé acu a bhí sé ag stealladh báistí nó grianmhar, ní dhearna sé pioc difríochta domsa mar bhí na cuirtíní dúnta go daingean agam agus mé deas teolaí taobh istigh.
á dhoirteadh isteach sa tír. being poured into the country
" B'amhlaidh go raibh na hÉireannaigh ag baint sochair as an Aontas mar go raibh cuid mhór airgid á dhoirteadh isteach sa tír.
steallann báisteach anuas orainn rain pours down upon us
" Pléascann an spéir, steallann báisteach anuas orainn agus de cheal radhairc shoiléir, moillím an carr go cúig mhíle san uair.
ag doirteadh báistí pouring rain
" Lá breá a bhí ann (bhí sé ag doirteadh báistí in Éirinn!) agus ba mhór an taitneamh a bhaineamar as an atmaisféar, as na cluichí, as an mbia agus as an gcúpla deoch a d’ólamar i rith an lae.
ag sileadh astu pouring out of them
" D’fhágadh sé luchóga nó éin bheaga ar leac an dorais againn ó am go ham, fuil agus putóga ag sileadh astu.
doirte poured
" Dhiúg mé go tapa an leathghloine seirise a bhí doirte amach ag an bhfreastalaí dom.
an t-allas ina rith pouring sweat
" Bheir sé saoire iontach duit, agus diomaite de landáil isteach i bpub nó i rang ar an choláiste agus an t-allas ina rith leat, tá an rothaíocht ar an rud is fearr a thiocfadh leat a dhéanamh duit féin, do dhaoine thart ort agus don timpeallacht.
steall poured
" Bhí preasagallamh ag príomhaire Iarthair na hAstráile, Colin Barnett - atá ina bhall den Pháirtí Liobrálach - ar an lá céanna inar mhaígh sé gur tharla an pléascadh de dheasca gur steall daoine ar bord peitreal d’aon turas ar fud an bháid.
dhoirt poured
" Bhruith mé túlán uisce agus dhoirt mé seo thar na sliogáin dhubha agus chuir mé ar an ghás iad go dtí gur tháinig an t-uisce ar gail arís.
Doirtim I pour
" Conas is ceart onóir a thabhairt dá anam dílis? Doirtim uisce íonghlan ar a leac uaighe is cuirim paidir chiúin lena anam.
ag doirteadh pouring
" Bhí puthanna gaile ag doirteadh isteach sa seomra ó sheomra mór an hammam.
travailler plus pour gagner plus work more to win more
" Léirítear arís agus arís eile sna pobalbhreitheanna nach bhfuil muinín ag daoine a thuilleadh as a chumas an geilleagar a láimhseáil agus nach bhfuil san fhoirmle ‘travailler plus pour gagner plus’, foirmle a bhíodh le cloisteáil go minic ó bhéal Sarkozy le linn feachtas toghchánaíochta 2007, ach focla folmha.
choinnigh sé air ag dortadh it kept on pouring
" Thosaigh an bháisteach ag a naoi a chlog ar maidin, agus cé nach raibh sé chomh trom is a bhí báisteach Spéirling Irene, a thug cuairt orainn i 2011, choinnigh sé air ag dortadh go dtí an lá dár gcionn.
ag doirteadh tinne leáite pouring molten mettle
" I bhfreascó amháin feictear saighdiúirí ag doirteadh tinne leáite síos scornach mairtíreach agus i bpictiúr eile tá mairtíreach ina sheasamh go séimh i gcorcán lán le huisce bruite.
an fhaid is a tomadh leacht nimhiúil ina fhéitheacha while a poisonous liquid was poured into his arteries
" B’éigean do Hitchens suí os comhair teilefíse in otharlanna éagsúla an fhaid is a tomadh leacht nimhiúil ina fhéitheacha, leacht a thug “chemo-brain” dó an lá dár gcionn.
ag póirseáil trí pouring through
" Bhí John-Paul Mc Carthy ag póirseáil trí leabhar Dhónaill Mhic Amhlaigh, Dialann Deoraí, le blaiseadh de shaol na seanimirce as Éirinn ó dhuine a d’fhág cuntas foirfe ina dhiaidh.