Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ráitis statements
" Deir an GPA nach é sin atá uathu ach is deacair cuid de na ráitis atá déanta ag cuid de na himreoiri cáiliúla a thuiscint muna bhfuil "íoc agus imir" i gceist.
ráitis faisin fashion statements
" Is éard atá san "Ilchultúrachas" agus sa "Fhrithchiníochas" seo ná ráitis faisin ag daoine áille Bhaile Átha Cliath 4.
ráitis statements
" Bhí an t-albam seo amuigh agam agus bhí gach éinne ag rá go raibh sé dochreidte agus *brilliant* ach ní bhfuaireas aon *royalties* nó ráitis nó aon phingin ón gcomhlacht.
ráitis mhuiníneacha confident statements
" "Ó thaobh na hailtireachta de, bíonn muid de shíor ag iarraidh cur ina luí ar na cliaint a bhfuil Gaeilge acu gur ráitis mhuiníneacha iad na foirgnimh a dhearann muid, a bhfuil sé mar aidhm acu ardú meanman a thabhairt don phobal agus don teanga.
ráitis statements
" Toisc Arm na hÉireann a bheith chomh beag sin, is ar ráitis Rialtas na hÉireann a rinneadh neodracht an stáit seo a thomhas thar na blianta.
ráitis statement
" Dar ndóigh, tá a fhios againn uilig nach cruthú pictiúr deas is aidhm don ealaín, ach gan an *hype *a bhí ann de bharr Ghradam Turner, an mbeadh an oiread céanna spéise ag daoine sna saothair seo? Cad é a bheadh fágtha … ráitis mhóra chliste gan mórán taobh thiar díobh nó rud éigin fiuntach? Is é firinne an scéil, dar liom féin, ná gan an rírá agus daoine a bheith ag tógáil raice faoi Ghradam Turner nach mbeadh an duais chomh luachmhar sin.
ráitis chonspóideacha controversial statements
" Dhiúltaigh na ceardchumannaithe dóibh mar nach raibh na ráitis chonspóideacha iontu, ach d'ordaigh Ian Farmer, an leas-phríomhoide, don rúnaí gan iad a scríobh síos mar, ina thuairim siúd, ní raibh siad tábhachtach agus ní raibh spás ann do gach rud! Tar éis leathuaire ag argóint mar seo, mhol mise go foirmiúil na ráitis chonspóideacha a chur isteach.
Ráitis Misin Mission Statement
" Ach tá dualgas ar an choláiste, de réir a Ráitis Misin, oideachas comhphobail a chruthú agus a fhorbairt.
ráitis statement
" Trasnú na teorann ======= De réir ráitis a deineadh sa Dáil, tá fianaise ag an stát gur thrasnaigh fórsaí slándála ó na Sé Chontae an teorainn gan chead 812 uair idir Márta 1970 agus Bealtaine 1985.
ag athrá an ráitis os ard repeating the statement out loud
" "Ar chuala tú an cheist a chuir Simpleoir an eastáit úd thiar?" arsa duine amháin acu leis an duine eile, é ag athrá an ráitis os ard ag súil, b'fhéidir, go gcloisfeadh máinlia na scine í.
ráitis statement
" "We would like to reassure local residents as we believe this is an isolated incident," arsa an Ceannfort Don Brown, ach is beag duine a bhí ar a shuaimhneas tar éis an ráitis seo.
ráitis fhrith-Ghiúdacha anti-Semetic statements
" B'éard is cúis leis an raic ná ráitis fhrith-Ghiúdacha a dúradh a rinne an scríbhneoir Francis Stuart ar chlár teilifíse a craoladh ar Channel 4.
na ráitis éagsúla the various statements
" Agus an cás á éisteacht ag an mBreitheamh, léigh an ceannfort Tony Dowd ón gClochán na ráitis éagsúla a thug 25 fear a chaith seal i Leitir Fraic.
ráitis phoiblí public statements
" Ní dóigh liom gur taisme é gur gainne go mór na ráitis phoiblí a chualathas ó Bertie in 2003.
ráitis statements
" Ní dóigh liom gur taisme é gur gainne go mór na ráitis phoiblí a chualathas ó Bertie in 2003.
ráitis statement
" Níl seans ar bith go dtabharfaidh an UVF suas a ghunnaí, dar le Ken Wilkinson, urlabhraí an PUP - páirtí polaitíochta atá ceangailte leis an UVF – “(*as long as) republican dissidents continue to pose a threat to peace*”, de réir ráitis a thug sé don *Belfast Telegraph*.
ráitis na bhfáithe the sayings of the prophets
" “Léigh mé alt le John Shepard, ollamh i St Martin’s College i Lancaster, agus bhí seisean ag déanamh staidéir ar an Hadith (ráitis na bhfáithe) agus an Córán agus an Bíobla agus rith sé leis dá mbeifeá ag cuartú leithscéil le cinedhíothú a dhéanamh, go raibh sé le fáil sna trí leabhar seo,” arsa Fisk.
ráitis statements
" Is minic an focal sin “*perception*” luaite i ráitis ó aontachtaithe agus ó dhílseoirí, agus ar an drochuair, ó lucht na n-eaglaisí Protastúnacha, ach cé tá ag cothú na mbraistintí seo? Má tá muinín ag daoine ionat, agus i bhfianaise an olltoghcháin dheireanaigh tá muinín ag an phobal aontachtach sa DUP, má deir tú le daoine go bhfuil siad beagmhaitheasach creidfidh siad tú, beag beann ar an fhianaise.
ráitis statements
" Ach tá ráitis ag teacht on pháirtí a léiríonn go bhfuil imní ag teacht orthu.
ráitis statements
" Tá an *News Letter *sásta ráitis ó na sceimhlitheoirí seo a chur i gcló ach ní fhaca mé riamh agallamh nó tagairt féin don ghrúpa POBAL a bhfuil sárobair déanta acu ag ullmhú don Acht.
ráitis statements
" Fuair sé ráitis ó na daoine agus chuir sé síos go beoga ar a gcuid gortuithe i bpaimfléad dar teideal *The Massacre of the Rosses.
na ráitis seo uilig all these statements
"na ráitis seo uilig agus tuilleadh mar iad cloiste againn go minic i rith na mblianta.
ráitis láidre strong statements
" Tá na beanna céanna aitheanta anois mar ráitis láidre de dhearcadh na bpobal a chruthaíonn iad agus mar phíosaí suntasacha ealaíne, agus tagann cuairteoirí ó gach cearn chun breathnú orthu agus pictiúir a ghlacadh díobh, ó tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm.
an cineál céanna ráitis the same kind of statement
" An bhfuil an rud céanna i ndán do Bertie Ahern tar éis dó an cineál céanna ráitis a dhéanamh? Dealraíonn sé anois go mbeidh ar Ahern éirí as a phost agus é a fhágáil faoi scamall – deireadh brónach le gairm amhra.
de bharr ráitis as a result of a statement
" Maítear gur cuireadh tús leis an díospóireacht seo sa bhliain 1988 de bharr ráitis a rinne John Howard le linn agallaimh ar an raidió.
ráitis a mhúsclódh fuath a sheachaint. to avoid statements that would incite hatred.
" **Dualgas** Sa chomhthéacs sin, is dóigh liom, bhí dualgas ar pholaiteoirí – go háirithe orthu siúd a bhí i gceannas na bpáirtithe móra – ráitis a mhúsclódh fuath a sheachaint.
ráitis daoine eile other people's quotes
" Is mór leis úsáid a bhaint as liricí, ráitis daoine eile agus filíocht agus é ag caint.
ráitis a chothódh easaontas statements which would feed disunity
" Is féidir leis an tír shaibhir seo caitheamh go fial le daoine bochta atá ag éalú ó chruatan ina dtíortha féin agus tá dualgas ar pholaiteoirí abhus ráitis a chothódh easaontas idir grúpaí éagsúla a sheachaint.
ráitis dhearfacha positive statements
" Ó thaobh Bhéal Feirste de, tá ráitis dhearfacha ag teacht ó lucht gnó, polaiteoirí, chomhairlí áitiúla, lucht turasóireachta agus ó gach earnáil ar lena leas é ráitis dhearfacha a dhéanamh.
ráitis statement
" ?! Caidé an cineál paradacsa sin? Corruair bheadh dúil agam Dictaphone a bheith agam agus an cineál seo ráitis a chasadh ar ais do na daoine a deir a leithéid.
fhógairt an ráitis seo announcing of this statement
" Seachtainí i ndiaidh fhógairt an ráitis seo, leagadh an balla agus tháinig deireadh le réim Honecker chomh maith leis an chóras chumannach Agus an balla imithe, thosaigh na sluaite ag pilleadh isteach anoir agus iad ar fad ag lorg saol nua dóibh féin.
ráitis statements
" Mar a thug scríbhneoir an bhlaig 3000 Versts of Loneliness faoi deara agus é ag scriobh fá bhaill an DUP: “Tá feachtas Ian McCrea ann le cosc a chur ar an Phápa theacht go Tuaisceart Éireann; ráitis lánfuatha Iris Robinson fá dhaoine aeracha; séanadh Sammy Wilson go bhfuil baint ag an chine daonna le hathrú aeráide; Edwin Poots agus a mhacasamhail a chreideann nach bhfuil an domhan ach 5000 bliana d’aois; Jim Wells atá in éadan wifi .
ráitis statements
" Agus murab ionann agus na hócáidí eile nuair a rinne sé ráitis mhóra thromchúiseacha eile, creideadh é an t-am seo.
ráitis statements
" Luaigh an bheirt acu ina ráitis gur chuir siad an-bhéim ar shocracht pholaitiúil fhadtéarmach agus iad ag déanamh cinnidh.
ráitis statements
" Guíonn bratacha agus póstaeirí rath ar an obair le ráitis den chineál ‘Le cúnamh Dé agus mhuintir na Brasaíle, atógfaimid ár gcathair’.
ráitis bhunúsacha basic statements
" Chun go bhféadfaí athrú agus rath a chur ar staid na hiomána sa phríomhchathair, d’áitigh an mheitheal go raibh na ráitis bhunúsacha seo a leanas lárnach don treoirphlean nó ‘blueprint’: - Theastaigh féiniúlacht shoiléir a chruthú don iomáint i mB.
ráitis fhríth-Gaeilge anti-Irish statements
" (Tá liosta an-mhaith de ráitis fhríth-Gaeilge, 1388-2011, in politics.
ráitis a statement
" Agus í ag léamh ráitis ar son Tymoshenko os comhair an tslua, dúirt iníon léi, Eugenia Tymoshenko, “Is é ár ndualgas diaga chun an Úcráin a shaoradh ón bhforghabháil chrualách choiriúil seo.
ráitis a fháil to obtain statements
" Bhí mise ag tabhairt cuidiú dó ráitis a fháil ó na heagrais Ghaeilge faoi na hathruithe a bhí beartaithe agus ag coinneáil súile ar an chlog lena chinntiú go mbeinn i dteach leanna éigin don chluiche mhór.
Léiríonn na ráitis a rinneadh the statements made demonstrate
" Ceardchumainn ina gCearrchumainn ================== Léiríonn na ráitis a rinneadh le linn na díospóireachta sa pharlaimint agus an reachtaíocht thuasluaite idir chamáin inti go raibh muintir na hÁise ar intinn ag na rannpháirtithe.
ráitis shínithe signed statements
" Thug beirt acu ráitis shínithe sular cuireadh chun báis iad inar admhaigh siad go raibh páirt acu san eachtra ach nach raibh Maolra Seoighe ciontach.
ráitis sna meáin statements in the media
" ”* Freagracht Lucht na Meán agus na Polaitíochta ========== Léigh sí slíocht dúinn as bileog eolais de chuid an English Defence League (EDL) a rinne cur síos ar *‘the scrounging Irish,’* ach mhaígh sí go bhfaigheann siad spreagadh ó na ráitis sna meáin agus ó na polaiteoiri.
na ráitis truamhéile seo the statements of pity
" Muna rabhadar sásta fiú smaoineamh i leith eisceacht sainiúil don bhean seo amháin, ní léir in aon chur cad ba chúis leis na ráitis truamhéile seo a leanas uathu: *‘The Court appreciates, of course, that from Ms.
foilsíodh sna meáin ráitis éagsúla various statements were published
" Mar fhreagairt ar an aitheasc seo, foilsíodh sna meáin ráitis éagsúla a rinne Abbott le blianta anuas a léirigh an saghas aigne a bhí aige i dtaca le mná, cuir i gcás an ceann seo a rinne sé sna 1970í: *I think it would be folly to expect that women will ever dominate or even approach equal representation in a large number of areas simply because their aptitudes, abilities and interests are different for physiological reasons* Maíonn Abbott go bhfuil athrú intinne tagtha air anois i dtaca le ról na mban sa tsochaí, d’ainneoin cheapacháin mhístuama a aireachta.
Eisean a ghlac ráitis ó na híobartaigh it was he who took the statements from the victims
" An rud is iontaí, duine amháin acu, i ndiaidh an ionsaí a raibh sé féin freagrach as, bhí sé ar ais sa bheairic leis an scairt gutháin éigeandála a fhail! Eisean a ghlac ráitis ó na híobartaigh! Ag seoladh an leabhair, bhris Ann Cadwallader síos agus í ag caint ar bhean a bhí chomh briste sin nuair a fuair sí amach gur scaoileadh a fear chéile gurbh éigean í a cheangal síos ar thocht san otharlann.
gur rabharta de ráitis dhiúltacha a tháinig that a torrent of negative statements came
" ’ Tugadh cuireadh d'achan roinn rialtais a gcuid tuairimí a nochtadh faoi mholtaí an phlean sular foilsíodh é agus ní haon áibhéil a rá gur rabharta de ráitis dhiúltacha a tháinig mar thoradh ar an iarratas sin.
fosta faoi chuid de na ráitis also about some of the statements
" Bhí sé míshuaimhneach fosta faoi chuid de na ráitis a bhí sa Phlean i leith cainteoirí Gaeilge a fhostú sa tseirbhís phoiblí, ionaid Ghaeilge a oscailt i gcathracha áirthe agus stáisiún teilifíse a bhunú.
ráitis sheicteacha sectarian statements
" Bhí sé suimiúil breathnú ar na hagallaimh a rinne Ian Paisley leis an BBc an mhí seo caite agus an t-iriseoir Eamon Mallie ag cur ceist air fá na ráitis sheicteacha a rinne sé agus é ag toiseacht amach mar pholaiteoir.
ráitis statements
" Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go bhfuil dochar mór déanta ag roinnt de na ráitis a rinne an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt mar gheall ar mhaoiniú Shinn Féin agus gur chun vótaí a mhealladh ina dtreo féin atá sé seo á dhéanamh acu.
ráitis statement
" Is cuma cén cineál ráitis a eiseoidh an IRA san míonna atá romhainn, diúltóidh na haontachtaithe dó, dar le Robert McMillen, de bhrí go bhfuil drogall orthu an chumhacht a roinnt leis na poblachtánaigh.