Pota Focal Intergaelic
| rare | | rí- | ríora
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rírá mór a great hubbub
" Céard a chiallaíonn an ceiliúradh seo ar fad chomh fada is a bhaineann sé linne anseo in Éirinn? Cén fáth gur eisceacht í ár bhfoireann sacair nár bhuaigh aon chomórtas riamh? An t-aon spórt geall leis nár éirigh linn comórtas idirnáisiúnta ar bith a bhuachaint ann, déanaimid mar náisiún ceiliúradh agus comóradh agus rírá mór mar gheall air.
rírá hubbub
" Ní dhéanfaidh duine ar bith dearmad ar an spiorad a bhí aige, a raibh an rírá a tharla ar an taobhlíne i Meiriceá nuair a bhí an réiteoir mall ag tabhairt ceada dó teacht ar an pháirc mar ionadaí mar léiriú maith air.
rírá hubbub
" Dar ndóigh, tá a fhios againn uilig nach cruthú pictiúr deas is aidhm don ealaín, ach gan an *hype *a bhí ann de bharr Ghradam Turner, an mbeadh an oiread céanna spéise ag daoine sna saothair seo? Cad é a bheadh fágtha … ráitis mhóra chliste gan mórán taobh thiar díobh nó rud éigin fiuntach? Is é firinne an scéil, dar liom féin, ná gan an rírá agus daoine a bheith ag tógáil raice faoi Ghradam Turner nach mbeadh an duais chomh luachmhar sin.
rírá hubbub
" An fhadhb lárnach ======= Agus an rírá agus ruaille buaille uilig ar siúl faoin Iaráic, tá dearmad á dhéanamh ar an fhadhb lárnach sa Mheánoirthear: Stát Iosrael.
laghad rírá lack of hubbub
" "Cén fáth nach dtógtar amach as an gcarr an créatúr bocht ar aon nós go bhfeicfidh muid cé hé féin," a d'fhiafraigh sé ansin agus díomá air faoina laghad rírá agus rúille búille a bhí timpeall láthair na timpiste.
rírá uproar
" "Cén fáth nach dtógtar amach as an gcarr an créatúr bocht ar aon nós go bhfeicfidh muid cé hé féin," a d'fhiafraigh sé ansin agus díomá air faoina laghad rírá agus rúille búille a bhí timpeall láthair na timpiste.
rírá hubbub, uproar
" Tá dhá cheist ag muintir na háite: "An ndearna dílseoirí ó Bhéal Feirste nó Bolton an t-ionsaí? Más rud é gurbh as Béal Feirste iad, an bhfuair siad faisnéis faoi theaghlach Adair ó dhílseoirí i mBolton? Bhí rírá sa bhaile i mí an Aibreáin 1996 nuair a d'eagraigh dílseoir áitiúil, Mark Dooley, paráid de chuid Printíseach Dhoire ansin, ócáid ag a raibh Gregory Campbell ón DUP le bheith mar aoichainteoir agus baicle ón ghrúpa faisisteach Combat 18 mar ghardaí cosanta.
rírá hubbub
" Ainmhithe picilthe, leapacha neamhchóirithe, cac eilifinte, spásanna bána agus solas lom iontu … An bhfuil rud ar bith fágtha amuigh ansin i saol na healaíne chun scannal a chur orainn nó an bhfuil ár sáith feicthe againn? Tá am Dhuais Turner tagtha arís agus an rírá agus ruaille buaille a théann leis.
rírá hubbub
" Agus ní thiocfadh linn gan tagairt a dhéanamh don raic agus rírá a bhí ann nuair a d'oscail *The Life of Brian*, le Terry Jones, i 1979, scannán ina ndearna an drong sin ó Monty Python scigmhagadh ar chuid de na cleachtais atá tagtha chun cinn i measc na gCríostaithe le dhá mhíle bliain anuas.
rírá uproar
" Cé go ndeirtear ar an suíomh go bhfuil *“moderator” *ann a dhéanann gach postáil a scrúdú le déanamh cinnte go bhfuil sé “cruinn agus cuí” sula gcuirtear ar líne í, agus gur féidir gach postáil atá gráisciúil nó mí-oiriúnach ar shlite eile a bhaint go furasta, tá an suíomh ag cothú go leor rírá i measc múinteoirí mar gheall ar na nithe gríosaitheacha atá ráite air.
Rírá uproar
rírá hubbub
" Is minic ag an am seo den bhliain, agus muid traochta i ndiaidh rírá na Nollag, go mbíonn sé go deas éalú ó dhuairceas an gheimhridh agus briseadh beag a thógáil i gceann de mhórchathracha niamhracha na hEorpa.
scoite amach ón rírá go léir isolated from all the hubbub
" Tá a fhios agam gur féidir le duine bheith gafa agus an-ghafa le foireann nó le cúrsaí spóirt, agus go dteastaíonn cur chuige an-dian le bheith san iomaíocht ag leibhéal ard, ach uaireanta, agus laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh ag teacht agus ag imeacht, bím scoite amach ón rírá go léir agus ní miste liom sin.
rírá rumpus
" Gan amhras, tá sé in aghaidh an dlí deoch mheisciúil a ól amuigh ar an tsráid, ach ón mhéid rírá a rinne na póilíní fá dtaobh de, shílfeá go raibh gunna i lámh an tsiúlóra, seachas deoch.
rírá hubbub
" Scaití bím ag ceapadh go mbíonn sacar ar an teilifís chomh minic leis na ‘Simpsons’, ‘Eastenders’ nó ‘Friends’ agus is minic a bhíonn! Le fírinne, bainim taitneamh as cláracha teilifíse ar nós ‘Match of the Day’ agus ‘The Premiership’ ach ní thuigim cén fáth go mbíonn an oiread sin rírá faoin bPríomhroinn chéanna.
rírá uproar
" In ainneoin gur ceoltóirí iad féin, d'fhógair siad i mí na Samhna 2005 go mbeadh deireadh le Parr Street mar láthair cheoil agus go mbeadh siad ag forbairt 41 árasán ansin mar fhoinse pinsin dóibh féin! Ar ndóigh, bhí rírá faoi seo i Learpholl agus labhair Ken Nelson amach go láidir i gcoinne an phlean.
rírá hubbub
" Chuaigh 23,000 acu amach go dtí an Aithin agus bhí praiseach agus rírá ag an staid dá bharr.
rírá an tsaoil the hubbub of life
" Is cuma cén t-am den lá nó den oíche a théann tú ann, beidh siad sna háiteanna céanna – ag siúl leo gan stró agus rírá an tsaoil ag dul ar aghaidh thart timpeall orthu.
rírá rumpus
" Le blianta beaga anuas, tháinig SARS agus ulpóg na n-éan agus d’imigh siad arís gan mórán dochair déanta acu, ainneoin an rírá fúthu ag an am.
Is mór an rírá a bhaineann de ghnáth leis there’s generally a great hubbub at
" Is mór an rírá a bhaineann de ghnáth leis an Biennale di Venezia, an taispeántas ealaíne is mó ar domhan, a tharlaíonn achan dara bliain i Veinéis agus atá ar siúl i gCathair na nDroichead faoi láthair.
ina rírá lena linn was in uproar at the time
" Bhí tionchar na meán san fheachtas toghchánaíochta ina rírá lena linn, an chaoi ar chuimsigh an preas é ach go háirithe.