Pota Focal Intergaelic
rún | ruin | rain | rein | réin | rin
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rúin eacnamaíocha economic secrets
" Ceaptar go bhfuil sé á úsáid chun rúin eacnamaíocha agus polaitiúla a bhailiú agus tá feachtas ag bailiú luais timpeall an domhain chun daoine a chur ar an eolas faoin gcóras seo.
rúin motion
" Rogha na n-imreoirí ======= Cuireadh tús le foireann iománaíochta Choláistí Átha Cliath sa bhliain 1994 de bharr rúin ar glacadh leis ag cruinniú cinn bhliana Chomhairle Choláistí Laighean, is é sin go mbeadh cead ag foireann thar ceann Choláistí Átha Cliath páirt a ghlacadh i gCraobhchomórtas Choláistí Laighean 'A'.
dea-rúin resolutions
" Cé mhéad againn féin a bhfuil coinsias iomlán gan smál againn? Cad iad na dea-rúin atá againn ar fad anois sa bhliain úr? Cad is féidir linn a dhéanamh le cinntiú go mbeidh polaiteoirí le dea-luachanna seachas iad siúd a bhfuil ceisteanna ann faoina gcaighdeáin eiticiúla i gceannas tar éis an chéad toghchán eile? *Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
nach bhfuil lá rúin aici that she has no intention
" Cén dóigh faoi Dhia a rachaidh sí i mbun tí nó teaghlaigh?" "B'fhéidir nach bhfuil lá rúin aici a leithéid a dhéanamh," arsa Úna.
rúin motions
" Is é argóint na hAstráile go bhfuil airm ollscriosta ag an Iaráic, nó á bhforbairt acu, agus go bhfuil sárú déanta acu ar rúin na Náisiún Aontaithe.
rúin na Náisiún Aontaithe the United Nations' motions
" Sin tír nach dtugann aird ar bith ar rúin na Náisiún Aontaithe, nó ar chearta daonna na bPalaistíneach.
rúin mhíleata military intentions
" Meastar go dtiocfaidh ráiteas ón IRA maidir leis na rúin mhíleata atá acu.
rúin seandálaíochta archaeological secrets
" Tháinig seandálaithe ar íomhánna nua a bhí greanta i gclocha Stonehenge i Sasana le déanaí trí úsáid a bhaint as léasair - ach tá an teicneolaíocht nua-aimseartha á húsáid chun rúin seandálaíochta a thabhairt chun solais le fada an lá.
dhea-rúin na bliana úire new year's resolutions
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú .
rúin resolution
" An raibh sé deacair? (Ag gáire) Lig mé orm nach raibh mé ag déanamh rúin ar bith ach ag staonadh ón gcéad cheann eile a ghlacadh agus d'éirigh go maith liom mar sin.
in aghaidh an rúin against the motion
" Labhair an comhairleoir Kiron Reid in aghaidh an rúin.
rúin motions
" Fimíneacht ======= Léiríonn rúin a cuireadh chun tosaigh agus ar glacadh leo ag Ard-Fheiseanna Fhianna Fáil idir 1968 agus 1970 go raibh céatadán mór den pháirtí a chreid gur fimínteacht a bhí ann a bheith ag comóradh laochra na Cásca agus ag an am céanna gan teacht i gcabhair ar a mbráithre i nDoire, an Dún, Ard Mhacha, Fear Manach, Aontroim agus Tír Eoghain agus iad faoi ionsaí.
rúin dhorcha dark secrets
" Fiú i ndiaidh blianta fada, níl daoine mar Clooney – ar breá leo a rá go bhfuil siad toilteanach rúin dhorcha Mheiriceá a nochtadh – sásta a n-aird a dhíriú ar fhíricí áirithe faoi Mheiriceá na nÉireannach a dhéanann daoine míshuaimhneach.
rúin motions
" Seo iad na rúin a dúirt siad ar glacadh leo: Glacann an t-ollchruinniú seo le héilimh áirithe i dtaobh leas imreoirí.
nach bhfuil lá rúin acu díchoimisiúnú. that they have no intention of decommissioning.
" Tá ráite acu nach bhfuil lá rúin acu díchoimisiúnú.
ar son an rúin in favour of the motion
" Sa vótáil ar an rún “that UK forces be used in Iraq” ar an 17 Márta 2003 i Westminster, bhí 412 Feisire ar son an rúin agus 149 ina aghaidh.
saghas rúin a kind of secret
" “Is saghas rúin atá ann, rún oscailte atá á chraobhscaoileadh agat agus tríomsa, go n-aithníonn daoine, b’fhéidir, cén sort rúin atá i gceist.
scaoiltear rúin secrets are divulged
" De réir a chéile, faigheann muid amach cad ba chúis le bás Jackie, agus scaoiltear rúin a coinníodh i bhfolach le fada an lá.
coinníodh rúin secrets were kept
" Insíodh bréaga agus coinníodh rúin leis an chaidreamh bréagach seo a choinneáil ag dul.
ar son an rúin in favour of the motion
" **Stádas**Ní raibh stádas na heagraíochta nua soiléir go dtí Ard-Fheis CLG i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 nuair a vótáil na hionadaithe ar son an rúin go mbeadh Comhairle na Breataine ina comhairle cúige agus go mbeadh seaimpíní na Breataine páirteach i gcluichí ceannais na hÉireann ag leibhéal na sóisear.
beidh sé mar dhea-rúin na bliana úire agam it will be a new year's resolution for me
" Mar sin, beidh sé mar dhea-rúin na bliana úire agam tréan-iarracht a dhéanamh gan dul ró-chóngarach do leoraithe agus mé amuigh ag siúl, ar mo rothar nó ag tiomáint.
go scaoilfidh sé rúin ar bith that he'll give away any secrets
" Ní dócha go scaoilfidh sé rúin ar bith a thabharfaidh léargas glinn dúinn mar gheall ar an fhear seo a raibh baint aige le cor cinniúnach in Éirinn.
dhea-rúin na bliana úire the nice ruins of the clay year
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú.
rúin secrets
" Fanfaidh na rúin is tábhachtaí ina rúin.
Ag moladh an rúin supporting the resolution
" Ag moladh an rúin sna Náisiúin Aontaithe a cheadaigh an t-ionsaí, mhaígh SAM gur bhagairt don tsíocháin agus don chobhsaíocht idirnáisiúnta a bhí i staid pholaitiúil na Somáile.
rúin secrets
" Léim sé siar ón tine, tháinig claochlú ar a ghnúis ghránna agus thosaigh sé ag tuar agus ag tairngreacht de réir mar a nochtadh rúin na bliana 2010 dó.
rúin secrets
" Úráiniam ar an Margadh Dubh Agus ní amháin go hIosrael agus don Tuirc atá rúin eithneacha SAM ag dul.
rúin na sochaí social secrets
" Nuair a tháinig fadhbanna inimirce chun cinn i dtíortha eile san Eoraip, bhreathnaigh siad ar an Ísiltír, an tírín beag ceannródaíoch úd a raibh rúin na sochaí ilchultúrtha oibrithe amach aici.
Scéal Rúin a secret
" Scéal Rúin ==== Chaith Sharon Commins, oibrí leis an eagraíocht Goal, mar aon lena comhghleacaí, Hilda Kawuki, breis agus 100 lá i mbraighdeanas i 2009 nuair a ghabh fir faoi airm iad ón áit a raibh an bheirt acu ag obair in Kutum i dtuaisceart Darfur.
dhea-rúin good resolutions
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo thús na bliana ach díriú isteach ar dhea-rúin na bliana úire.
ar son rúin for the motion
" Cuireadh go mór leis an bhfeachtas ar son an athraithe nuair a labhair an tAire Airgeadais, an Seanadóir Penny Wong, ar son rúin ag tacú le pósadh comhghnéis, a ritheadh ag comhdháil den pháirtí san Astráil Theas.
rúin motions
" De réir an chórais seo, bíonn ar gach ball de pháirtí, nó de pháirtithe, an rialtais vóta a chaitheamh ar son rúin an rialtais sa Dáil.
rúin resolutions
" Níorbh ionann iompar Arm na tíre seo sa Liobáin agus iompar airm thíortha eile na Náisiún Aontaithe ann, cé go raibh siad go léir ag feidhmiú sa Liobáin faoi na rúin chéanna le UNIFIL.
nochtadh rúin na bliana the year’s secrets were revealed
" Léim sé siar ón tine, tháinig claochlú ar a ghnúis ghránna agus thosaigh sé ag tuar agus ag tairngreacht de réir mar a nochtadh rúin na bliana 2012 dó.
díriú isteach ar dhea-rúin na bliana úire stuck into the new year resolutions
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú isteach ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú, a bhriseadh.
orduithe agus rúin éagsúla various orders and resolutions
" Cheap O Brien agus taidhleoirí eile nár scoilt mhídhleathach iarracht Katanga stádas poblachta neamhspleách a chur uirthi féin, agus d’fhéadfadh sé orduithe agus rúin éagsúla ó Choiste Slándála na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac a bhéimniú d’fhonn an mhídhleathacht sin a mhíniú.
dea-rúin na hathbhliana new year’s resolutions
" Ach tá féile lár an gheimhridh thart, agus tá sé in am díriú isteach ar bhliain úr agus ar gach a mbaineann le tús nua, mar atá dea-rúin na hathbhliana.
dea-rúin resolutions
" Tá comhairle ag Balor dóibh siúd go léir ar mian leo dea-rúin a scríobh ach nach bhfuil fonn orthu cloí leo.
dea-rúin resolutions
" Tá comhairle ag Balor dóibh siúd go léir ar mian leo dea-rúin a scríobh ach nach bhfuil fonn orthu cloí leo.
cloí leis na rúin to stick to the resolutions
" Cé gur theip ar Cholm Ó Snodaigh cloí leis na rúin a leag sé síos do 2006, tá cinn nua aige don bhliain atá romhainn…