Léiritheoir Rathúil
=========
Deir Catherine Morris, a bhfuil leabhar scríofa aici ar ról Ní Mhaolagáin san athbheochan chultúrtha, gur chruthaigh an bhean cheannródaíoch seo pobail nua ar bhealaí éagsúla: chruthaigh an Shan Van Vocht pobal léitheoirí in Éirinn agus i measc na n-imirceach Éireannach san Airgintín ach go háirithe; agus d’éirigh léi pobail áitiúla a thabhairt le chéile chun breathnú ar a cuid tableaux vivants, a thaispeáin
radhairc éagsúla a bhain le stair na hÉireann.