Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
limistéar region, area
" Cé go bhfuil taobh amháin de na hocht mbonn mar an gcéanna ar fud an 12 thír i limistéar an euro, tá an taobh eile difriúil ó thaobh dearaidh de i ngach tír - cláirseach a dhear Jarlath Hayes atá roghnaithe againne.
réigiún riaracháin administrative regions
" Beidh cead ag na 21 réigiún riaracháin san Iodáil athruithe a dhéanamh ar chodanna áirithe den churaclam, ach beidh na treoirlínte ginearálta á dtabhairt ag an Stát.
fíor-Ghaeltachtaí true Gaeltacht regions
" Tá daoine ann a deir gur cheart teorainneacha na Gaeltachta a atarraingt sa chaoi nach mbeadh fágtha ach fíor-Ghaeltachtaí, cibé atá i gceist acu leis an téarma sin.
réigiún Grianchreasa Sunbelt region
" Tá The Villages i lár stát Florida ar cheann de na pobail do lucht scoir is mó a mheallann daoine sna Stáit Aontaithe agus is léiriú maith é ar an saghas áite a bhíonn i gceist sna pobail seo sa réigiún Grianchreasa.
sa dúthaigh seo in this region
" "Tá cúrsa againn ar gharraíodóireacht órgánach a bhuaigh an chéad áit in Éirinn; ba mhaith liom go bpréamhófaí an fheirmeoireacht orgánach sa dúthaigh seo fad is bheidh na scileanna ag na daoine ar conas prátaí a chur, tuiscint don gcré, don aimsir, don síolchur agus mar sin de.
geilleagar an réigiúin the region's economy
" Cé gur ceantar talmhaíochta a bhí sa mBaváir roimh an Dara Cogadh Domhanda, d'éirigh go han-mhaith le geilleagar an réigiúin i ndiaidh an chogaidh.
Oirialla Oriel, a region in southeast Ulster and north Leinster
" Céard go díreach atá ann? Pádraigín Ní Uallacháin: Cur síos é ar thraidisiúin agur ar dhaoine a bhain le ceol i gceantar Oirialla - amhráin, béaloideas, ceol damhsa, bailitheoirí, ceoltóirí, nósanna.
sna réigiúin Artacha in the Artic regions
" Dá dtarlódh an tromluí ======= De réir an *scenario *a chuir Schwartz agus Randall chun cinn ina dtuarascáil, tiocfaidh deireadh tobann le Sruth na Murascaille am éigin thart ar 2010, toisc go bhfuil i bhfad níos mó fíoruisce ag teacht isteach san fharraige sna réigiúin Artacha de réir mar a leánn na leacacha móra oighir.
cheantar cósta na Críche ó Thuaidh the coastal region of the Northern Territory
" Tá siad sa leath thoir de cheantar cósta na Críche ó Thuaidh agus i gcúinne thoir thuaidh New South Wales.
i réigiúin na Meánmhara nó na hÁise in the Mediterranean or Asian regions
" Níl muid pioc níos cairdiúla ná na daoine i réigiúin na Meánmhara nó na hÁise.
na Críocha Lochlannacha the Scandanavian regions
" Tá tírdhreach álainn againn ach tá a leithéid ag Albain agus ag na Críocha Lochlannacha fosta.
aird rialtais an réigiúin the attention of the governments of the region
" Ach is ar Fhidsí is mó atá aird rialtais an réigiúin anois.
na réigiúin Cheilteacha eile, the other Celtic regions,
" D’oscail an chamchuairt sa Centro Cultural del Conde Duque i Maidrid i 1985 sular bhog sé go dtí an Palacio Municipal des Exposiciones in Corunna, an Ghailís agus ansin go dtí na réigiúin Cheilteacha eile, chomh maith le Sasana.
i ndiaidh filleadh ar an réigiún after returning to the region
" Mhaígh an tuarascáil seo go bhfuair daoine ó na Tiarnais Nua traenáil ó Al-Qaeda agus go bhfuil na daoine sin anois i ndiaidh filleadh ar an réigiún in iarthar na Síne.
i Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice in the Great Lakes Region of Africa
" In ionad an milleán a chur go róshimplíoch ar an bhfuath eitneach a bhí i gceist i dtíortha áirithe Afracacha, ar chóir “cinedhíothú” a thabhairt ar pholasaí na Stát Aontaithe i dtaca leis na corparáidí ilnáisiúnta i Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice i rith na tréimhse millteanaí seo?*Is as Cloch Shiurdáin i gContae Thiobraid Árann é Maidhc Ó Cathail ach tá sé ina chónaí sa tSeapáin anois, áit a bhfuil sé ag obair mar léachtóir ollscoile agus mar shaoririseoir.
thraidisiúin an réigiúin sin traditions of that region
" Ceiliúradh cultúrthaIs éard atá sna Géamannan ná féile a dhéanann ceiliúradh ar chultúr agus ar thraidisiúin an réigiúin sin ar a dtugtar an Ghàidhealtachd sa Ghàidhlig agus na Garbhchríocha sa Ghaeilge.
sna réigiúin is mó atá thíos leis an radachur in the regions which are most greatly affected by the nuclear fallout
" Is í an sprioc atá ag Roche, ag a heagraíocht agus ag na 5,000 oibrí deonach a dhéanann obair leo ná faoiseamh, dínit agus cúnamh a thabhairt do na páistí sna réigiúin is mó atá thíos leis an radachur.
réigiún a n-ionannaíonn thart ar 90 faoin gcéad dá phobal leis an Rúis. a region in which 90 per cent of its population identify themselves with Russia
" Tríd is tríd, tugadh neamhaird ar ghníomhartha uafásacha mar seo, agus cuireadh an tSeoirsia bheag i láthair mar íospartach neamhurchóideach sna meáin le linn d’arm na Rúise a bheith ag díbirt fórsaí de chuid na Seoirsia as an Óiséit Theas, réigiún a n-ionannaíonn thart ar 90 faoin gcéad dá phobal leis an Rúis.
na limistéir bheaga bhídeacha the small tiny pockets or regions
" Dar leis an “daonlathaí” seo, is le cine tofa Dé amháin talamh iomlán Iosrael, na limistéir bheaga bhídeacha atá fágtha i seilbh na bPalaistíneach san áireamh.
tuairim's in the region of, around
" Measann an PSNI go bhfuil tuairim's ar 300 ball ag na heasaontóirí.
tuairim is in the region of
" Na hOgoni Is réigiún é Ogoniland a chuimsíonn tuairim is 100,000 ciliméadar cearnach in oirdheisceart na Deilte Nigéirí agus áirítear gurb ann do leathmhilliún Ogoni, pobal atá ar cheann de 250 grúpa eitneach sa Nigéir.
tuairim is in the region of
" Meastar go deimhin, go dtagann tuairim is ocht milliún cuairteoir go hEryri (‘Snowdonia’ sa Bhéarla) gach bliain agus go bhfanann a leath acu siúd sa cheantar ar feadh dhá nó trí lá.
thuairim about, in the region of
" Ach anuas ar an tábhacht a bhaineann léi mar dhobharcheantar, is i bhForaois Mau atá cónaí ar thuairim is 10,000 Ogiek, fiagaithe-cnuasaitheoirí ar dhíbir a ndia go Mau iad, de réir an tseanchais, mar éiric as eilifint a mharú.
tuairim is in the region of
" Tír Fhuilteach Fhoréigneach Meastar go bhfuil tuairim is 70,000 Mandaean sa domhan sa lá atá inniu ann agus ba san Iaráic a bhí a bhformhór go dtí le déanaí.
tuairim is in the region
" Sa bhreis ar sin, meastar go bhfuil tuairim is 8,000 duine fásta ag foghlaim na teanga san am i láthair.
dúichí anama regions of the soul
" Sna dúichí anama atáimid an dul seo.
gceantar region
" Is leagan den sloinne Gaeilge Ó Glaisne é Giles, dála an scéil, i gceantar na Mí agus Lú go háirithe.
tuairim is in the region of
" Cé gur tréimhse an-fhada í sin, ní raibh ceist Arm na hAstráile sa chogadh ina cnámh spairne polaitiúil ná ina mórábhar i mbéal an phobail abhus go dtí le déanaí, in ainneoin gur maraíodh 21 saighdiúir agus gortaíodh tuairim is 150 acu ann.
ceantair regions
" Ar nós ceantair sa bhFrainc, tá bia agus deochanna faoi leith ag an mBriotáin – brioscaí ime ‘palets’ nó ‘galettes’, caramal le salann, crepes agus dar ndóigh bia mara.
cheantar Shliabh na Gile the Kilimanjaro region
" Tá an-tóir ar an Tansáin mar láthair thurasóireachta anois, idir cheantar Shliabh na Gile, nó Kilimanjaro, oileán coimhthíoch Sainsibeár agus ar ndóigh, na turasanna safari.
thart ar in the regions of
" Oibríonn thart ar leathchuid de phairlimintí daonlathacha an domhain ar chóras an aon seomra amháin, ach iad siúd a bhfuil an dara seomra acu is tíortha feidearálacha a bhformhór.
dáilcheantar electoral region
" Troid go hImirt Anama ========== Ach, mar is eol dúinn, tá olltoghchán ag drannadh linn agus tuigeann iarrthóirí Fhianna Fáil gur troid go himirt anama atá rompu i ngach aon dáilcheantar.
gceantar sléibhtiúil mountainous region
" Ar an 11 Eanáir, scrios láib agus uisce codanna móra de Teresópolis, Nova Friburgo, Petrópolis agus Sumidouro, ceithre chathair bheaga, chodlatacha i gceantar sléibhtiúil thart ar seachtó ciliméadar soir ó thuaidh as Rio de Janeiro.
tuairim's ar in the region of
" Bhíothas ag dúil agus ba é aidhm Thuairisc Patten ar an Phóilíneacht, go mbeadh ionadaíocht Chaitliceach sa PSNI tuairim's ar 33%.
an taoibh sin domhain of that region
" Is beag duine nach gcreideann go mbeidh Iosrael thíos leis na muirthéachtaí atá ag réabadh an Mhéanoirthir ó thús na bliana seo — in ainneoin na fianaise dochloíte ag léiriú gurb iad lucht Iosrael is mó atá ag tacú le heasaontóirí an taoibh sin domhain le roinnt blianta anuas.
gceantar region
" Is iomaí teaghlach i gceantar láidir Ghaeltachta a fhaigheann an deontas iomlán, ní mar gheall go bhfuil Gaeilge ón gcliabhán ag na gasúir ach mar go bhfuil Gaeilge mhaith foghlamtha acu ón scoil agus súite ón dtimpeallacht Ghaeilge ina bhfuil siad ag maireachtáil.
ceantar region
" Gaeltacht na Rosann ========== Is ceantar oifigiúil Gaeltachta an ceantar seo agus is cinnte go bhfuil Gaeilge ag neart daoine ach ní raibh mé i bhfad anseo gur thuig mé nach raibh aon mhaith a bheith ag labhairt Gaeilge le daoine.
fearann fiáin, aindleathach a wild bandit region
" Go príomha, caithfear a fhiafraí an féidir aon ní a choinneáil faoi choim in aois seo an idirlín? Óir is fearann fiáin, aindleathach é an an cibearspás nach n-aithníonn aon teorainn fhísiúil, chluaise ná scríofa.
gceantar region
" Chaith mé coicís i mbaile feirme darb ainm Dachbar i gceantar Samarkand sa Úisbéicisteáin le linn mo chuid taistil san Áise.
taobh tíre a region
" Maidir leis an dearcadh atá ag na mná in Koutal, más eisceacht go fóill é, is é an cineál ceannródaíochta é a chaithfear a leanacht mura bhfuil taobh tíre atá chomh mór le leath na hEorpa le bánú as seo go ceann glúin nó dhó.
is as críocha aineoil anama it’s from the unknown regions of the soul
" Cibé bealach a rachaidh na hÉireannaigh chun cinn, is as críocha aineoil anama slua beag daoine ina measc a eascróidh gach fuinneamh le hiad a iompar chun tosaigh i réimsí bitheolaíochta, ríomhaireachta, fuinnimh, nó cibéard a bhéarfas rath.
i réimse leigheas na cainte in the region of speech therapy
" Is dóigh liom gur thosaigh sé ag obair i réimse leigheas na cainte.
ceantair chumhachtacha powerful regions
" Is follasaí scoilteanna na Spáinne ná deighiltí na Fraince a dhéanamh amach; ceantair chumhachtacha iad an Chatalóin agus Tír na mBascach maidir le geilleagar na Spáinne de (murab ionann agus an Ghailís) a bhíonn ag éileamh de shíor scarúint ó fhlaitheas na Spáinne (mar a dhéanann polaiteoirí Gailíseacha ó thráth go chéile).
a shiúil sna críocha tirime tura seo who travelled these dry parched regions
" Ach ní mise an chéad Éireannach a shiúil sna críocha tirime tura seo.
ar na chéad cheantair one of the first regions
" Bhí an Damaisc ar na chéad cheantair inar scaipeadh an Chríostaíocht.
a cumhacht sa réigiún a mhéadú tuilleadh in increasing their power in the region still further
" Dá dtarlódh a leithéid, bheadh ar na Stáit Aontaithe gníomhú le cinntiú nach n-éireodh leis an Iaráin a cumhacht sa réigiún a mhéadú tuilleadh.
ins na críocha aisteacha sin in those strange regions
" Sionfóin ins na críocha aisteacha sin atá idir aithnidiúil agus coimhthíoch san am céanna dúinn, ina bhfuil glóranna cian is congar na dúichí ag bagairt orainn is ina sólás dúinn san am céanna.
tuairim is in the region of
" Bhí ardú 11% ar líon na ndaltaí a thug faoin scrúdú ardleibheál Ghaeilge i 2012 – sin tuairim is 1,600 dalta breise ón bhliain roimhe sin.
suas is anuas le something in the region of
" Is é Corn Ryder, ceann de na comórtais foirne is mó ar domhan, suas is anuas le 900 milliún a bhíos ag breathnú air.
oirthuaisceart na tíre i bánaithe gceantar the northeast of the country in the deserted region
" Agus tá oirthuaisceart na tíre i bánaithe gceantar Bhrandenberg.
inár gcomharsanacht in our region
" Tugtar an chuid is mó den chúnamh seo do thíortha beaga bochta inár gcomharsanacht.
cailleadh tuairim is were killed in the region of
" Measann na taighdeoirí gur cailleadh tuairim is 3,000 coilíneach sa chogadh agus gur maraíodh 30,000 ar a laghad den mhuintir dhúchais.
tuairim is in the region of
" Chuir Holden tús le táirgeadh gluaisteán abhus sa bhliain 1949 agus tá tuairim is 2,900 duine fostaithe ag an gcomhlacht faoi láthair, sa dá stát, Victoria agus an Astráil Theas.
ceantar na hardchathrach the capitol city region
" Bhí méadú le sonrú in áiteacha – Cardiff agus ceantar na hardchathrach mar shampla – agus laghdú beag in áiteacha eile – Ceredigion agus iarthar tíre, cuirim i gcás.
tuairim is in the region of
" Is as Éirinn a thagann tuairim is 70% de na cuairteanna seo agus is as tíortha eile ar fud an domhain an 30% eile.
gceantar region
" Tá PJ Mac Gabhann den tuairim nach dtabharfaidh slad millteanach Mohamed Merah i gceantar Toulouse aon bhlas faoisimh nó taca do fheachtas Sarkozy ina iarracht chun na huachtaránachta ar an 22 Aibreán.