Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
treisiú reinforcing
" Bíonn daoine gan scrupall ina dtír féin a fhéachann le treisiú a dhéanamh ar an íomhá bhréagach seo; ligeann siad seo orthu féin go bhfuil teagmhálacha maithe acu san Iodáil, gur féidir leo lóistín agus post maith a eagrú don té ar mian leis dul ansin, agus baineann siad formhór an airgid a bhí sábháilte acu don turas dá n-íospartaigh.
treisiú reinforcing
" An raibh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa as ordú nuair a tharraing sí anuas ceist na pótaireachta i measc na nÉireannach agus í ag tabhairt oráide ag an chomhdháil "Reimagining Ireland" i Charlottesville, NC na Stát Aontaithe an mhí seo caite? Mhaígh daoine áirithe go raibh treisiú á dhéanamh aici ar íomhá na nÉireannach mar dhream atá tugtha don deoch agus gurbh fhearr i bhfad dá n-éistfeadh sí a béal, go háirithe agus í thar lear.
treisiú reinforcing
" " Creideann Bewick go bhfuil nasc idir daoine, agus go bhfuil reiligiúin an domhain in ainm is treisiú a dhéanamh ar an nasc sin, cé nach n-éiríonn leo i gcónaí é sin a dhéanamh.
treisiú reinforcing
" Rinneadh treisiú ar ár gcreideamh sa chóras toghchánach ar scoil; cé nach mbeadh cead againn a bheith páirteach sa chóras sin go mbeadh muid ocht mbliana déag, thosaigh muid ag dul i dtaithí air trí bheith rannpháirteach i "dtoghcháin" scoile gach ceithre bliana.
dlúthú forging, reinforcing
" Is mór againn an comhoibriú agus an dlúthú pobail sin.
Dearbhaíonn certifies, reinforces
neartú a dhéanamh ar to reinforce
" B’fhéidir gur cur-i-bhfeidhm na rialach is gá a leasú nó soiléiriú agus neartú a dhéanamh ar an riail féin chun go n-oibreodh sí níos fearr ar son na n-imreoirí.
níos daingne ná mar a bhí riamh more reinforced than ever before
" Tá an teorainn le Meicsiceo níos daingne ná mar a bhí riamh agus tá breis is milliún inimirceach díbeartha as an tír faoi réimeas Obama, líon díbeartach nach bhfacthas sna Stáit le breis is leathchéad bliain.
níos doimhne agus níos daingne deeper and more reinforced
" Is dócha gur ag trácht ar an Anti-Partition League agus an feachtas idirnáisiúnta a bhí ar bun ag Seán Mc Bride, mar Aire Gnothaí Eachtracha, a bhí de Blaghd nuair a scríobh sé i 1955 go mbíonn ‘ár gcuid Frith-Chríchdeighilteoirí de shíor ag déanamh a ndíchill go neamh-choinfheasach chun na hAondachtóirí agus na Náisiúntaigh a scarúint níos faide óna chéile agus chun an críchdheighilt a fhágaint tríd is tríd, níos doimhne agus níos daingne ná mar a bhí riamh!’ I bhfocla eile chuile uair a ardaíonn náisiúntóirí an cheist faoi Éire a athaontú, daingnítear i measc na bProtastúnach ó thuaidh an meon faoi léigear is cúis lena bhformhór mór a gcuid Éireannachais a shéanadh, amhail is gur cosaint é sin ar a dtraidisiúin mar Phrotastúnaigh, de shliocht na gcóilíneach.
daingnítear is reinforced

dhaingnigh sé sin an dearcadh a bhí agam it reinforced my opinion
" Is cuimhin liom féin lá an tórraimh agus an dúscaifte de dhaoine óga, idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh a d'fhreastail air, bhí oiread sin geana ag daoine ar Terry Óg ach cad é mar a chuaigh de i bhfeidhm ar Fheargal? "Bhuel, le linn na tréimhse sin, chonaic mé daoine a bhí ag obair ar son an phobail, m'athair agus mo dhearthair agus nuair a chonaic mé an dlúthphairtíocht i mo theaghlach i ndiaidh an dúnmharaithe, dhaingnigh sé sin an dearcadh a bhí agam ar cad is pobal ann.