Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
méaduithe dóchúla probable rises
" De réir na saineolaithe, tá rátaí úis ag bun a dtimthriall, rud a chiallaíonn gur fearr, b'fhéidir, dul le cuntas le ráta úis athraitheach chun buntáiste a bhaint as na méaduithe dóchúla sna rátaí úis i rith na gcúig bliana.
ardú pá pay rise
" Ardaíodh cánacha, gearradh siar ar sheirbhísí agus ba bheag airgead a bhí ar fáil leis na sráideanna a ghlanadh agus le dídean a thabhairt dóibh siúd a bhí gan áit chónaithe, gan trácht ar ardú pá a thabhairt d'oibrithe na cathrach.
ardú pá pay rise
" B'éigean dom a lán ama a chaitheamh ar achomharc chuig an phríomhoide agus sa deireadh, tar éis éisteachta fada, foirmiúla, fuair mé an t-ardú pá.
éiríonn aer te warm air rises
" Beidh an tionscadal bunaithe ar phrionsabal simplí fisice - éiríonn aer te.
ag ardú rising
" * Gluais • Glossary i gcoinne na dtonntrachaagainst the waves ag dreapadhclimbing gíogsqueak ionadhsurprise míthuiscintmisunderstanding a bhéic CathalCathal shouted bhfolachhiding an-mhíshasúilvery unsatisfactory ní chuirfidh mise isteach ortI won't bother you gáire meidhreachmirthful laugh ag útamáil thartfumbling around gan amhrasundoubtedly lig dom mo mhachnamh a dhéanamhlet me have a think ag déanamh aithrise arcopying a cásher situation bhraith séhe felt praiseachmess os ísealin a low voice mí-ádhbad luck piseogsuperstition caladhport, harbour Gháir SaidíSaidí laughed catachcurly chun é a ghríosadhto incite him ceangalbond an tríú mílaoisthe third millennium mí-ádhbad luck cinneadhdecision chun na líonta a tharraingtto draw the nets péarlachpearly íoróinirony i gcruachásin a predicament ag treabhadhploughing déanachlate ag ardúrising ag luascadh go fíochmharrocking fiercely fothainshelter fliuch báitesoaking wet cuma chrostaa cross look sorncooker doirtealsink cuisneoirfridge ar eagla go gcasfadh séin case he'd turn around Bhí sí i bponc ceart.
agus go n-ardódh luach an chapaill dá bharr sin and that the value of the horse would rise as a result
" Capall rása, nó leath de chapall ba chirte a rá, a bhí ann agus an plean ná go mbeadh an bainisteoir feicthe in éineacht leis an gcapall ag na hócáidí móra rásaíochta agus go n-ardódh luach an chapaill dá bharr sin - nó rud éigin mar sin, sílim.
éirí amach rising
" Tá sé 200 bliain ó tharla éirí amach Vinegar Hill (1804) agus 150 bliain ó tharla an Eureka Stockade (1854).
ag ardú de shíor forever rising
" Bhíodh na costaisí ag ardú de shíor ó thaobh na teilifíse de.
ag cothú neart díospóireachta giving rise to plenty of debate
" Tá an chaint seo ag cothú neart díospóireachta, gan trácht ar neart imní, i measc fhostaithe na n-ollscoileanna.
laochra na Cásca the Easter (rising) heroes
" Fimíneacht ======= Léiríonn rúin a cuireadh chun tosaigh agus ar glacadh leo ag Ard-Fheiseanna Fhianna Fáil idir 1968 agus 1970 go raibh céatadán mór den pháirtí a chreid gur fimínteacht a bhí ann a bheith ag comóradh laochra na Cásca agus ag an am céanna gan teacht i gcabhair ar a mbráithre i nDoire, an Dún, Ard Mhacha, Fear Manach, Aontroim agus Tír Eoghain agus iad faoi ionsaí.
Éirí Amach na Cásca the Easter Rising
" Ar an 10 Lúnasa, chonaic mé John Connolly, garmhac James Connolly, ag labhairt ar RTÉ faoin drochbhail atá ar 16 Sráid an Mhúraigh i mBaile Átha Cliath, an cheanncheathrú dheireanach in Éirí Amach na Cásca.
rud a chothaíonn niúmóinia marfach which gives rise to a deadly pneumonia
" Ionsaíonn an tocsaín an craiceann agus i gcásanna áirithe scaipeann sé sna scamhóga, rud a chothaíonn niúmóinia marfach.
a chothaíonn go leor deacrachtaí which gives rise to many difficulties
" De réir an tsainmhínithe ar an teaghlach sa Bhunreacht faoi láthair, ní aithnítear ach oiread cearta an tuismitheora aonair agus níl aon cheart bunreachtúil ag an athair i leith a pháiste, rud a chothaíonn go leor deacrachtaí d’aithreacha atá scartha ó mháthair a bpáistí agus iad ag lorg cead na páistí céanna a fheiscint.
nár aiséirigh riamh ó na mairbh who never rose from the dead
" Má chreidimid *The Da Vinci Code*, ní fear singil a bhí in Íosa Críost ach gnáthfhear a bhí pósta ar Mháire Mhaigdiléana, a fuair bás go nádúrtha agus nár aiséirigh riamh ó na mairbh.
ag ardú ar an taoide rising on the tide
" Ghairm Donogh O’Malley an Scéim Saor-Oideachais Iar-bhunscoile i 1966, agus bhí an chuma ar chúrsaí ná mbeadh lá gann arís ag éinne, anois go raibh “báid uilig Lemass ag ardú ar an taoide”.
agus chothaigh eagla and gave rise to fear
" Agus, idir an dá linn, chuir eachtraí an 11 Meán Fómhair tús le géarchéim sna haerlínte Meiriceánacha agus chothaigh eagla i measc mórán aerlínte eile faoina margadh.
ceannairí Éirí Amach 1916 leaders of the 1916 Rising
" Tagann buíonta eile atá ainmnithe as James Connolly agus ceannairí Éirí Amach 1916 anall le bheith ag seinm i bparáidí poblachtánacha agus tá Gaeil na hÉireann agus na hAlban ag teacht le chéile mar thoradh ar dhea-obair Cholmcille (nó Iomairt Cholmcille, mar a tugadh air).
comhthuiscint a spreagadh to give rise to mutual understanding
" “Tá tionscadail éagsúla a bhfuil an mianach iontu comhthuiscint a spreagadh agus meas a chothú ar chreidimh agus ar thraidisiúin éagsúla,” dar leis.
a ghineadh which used to give rise to
" freagra sin, mar aon le cuid mhór *fecks* agus *jaysuses*, i ndiaidh do mhuintir Fhianna Fáil sa bhaile beag Galltachta sin bagairt a dhéanamh go n-athróidís dath a gcuid léinte mura bhfaighidís cinneadh de réir a dtola? Bhuel, a Éamó? Fírinne ar bith?” “Céad slán le Bóthar Lansdún, leis an áit sin a ghineadh agus a ghineann fós amhras agus meascán mearaí faoi Éirinn, faoi Phoblacht na hÉireann, faoi *Norn Ire’and*, agus faoin teorainn féin – go ndéana Dia grásta uirthi.
Tosaíonn an cosán ag ardú the path begins to rise
" Tosaíonn an cosán ag ardú i dtreo **Alto del Perdón **(Ard an Mhaithiúnais), mám atá beagnach 800 méadar os cionn leibhéal na farraige.
Éirí Amach na Cásca the Easter Rising
" Foilsíodh an leabhar le comóradh a dhéanamh ar 90ú bliain Éirí Amach na Cásca agus, mar a mhíníonn an t-údar, leabhar don ghnáthléitheoir atá ann, is é sin, leabhar léitheoireachta nach gcuirfeadh eagla do chraicinn ort ó thaobh líon na leathanach nó nach mbáfadh faoi thonn mhór fonótaí thú.
agus go spreagann siad machnamh agus tuairimí éagsúla. and that they give rise to thought and various opinions.
" Ach is léir go bhfuil tuigbheáil ag cuid mhór daoine do na figiúirí stuama aonaracha seo agus go spreagann siad machnamh agus tuairimí éagsúla.
éirí amach rising
" Tá léarscáil eile ann, a rinneadh faoi stiúir William Roy i ndiaidh éirí amach 1745, a thaispeánann ní hamháin lonnaíochtaí sna gleannta, ach goirt freisin.
spreag sé tuairimí láidre. it gave rise to strong opinions.
" D’úsáid sé siombailí teibí agus scéim datha dubh agus bán chun cur síos pearsanta a dhéanamh ar an lá uafáis sin agus nuair a nochtadh don phobal ar dtús é, spreag sé tuairimí láidre.
na himeachtaí ba chionsiocair leis an gCogadh Cathartha the events that gave rise to the Civil War
" Ríomhann an scannán na himeachtaí ba chionsiocair leis an gCogadh Cathartha nó Cogadh na gCarad.
éirí na gealaí the rising of the moon
" Nuair a shúigh mé isteach an t-aer úr, agus nuair a chonaic mé dul faoi na gréine agus éirí na gealaí an chéad oíche sin, bhí a fhios agam go raibh mé in áit ar leith.
ar tuar dóchais é. which gives rise to hope.
" Críochnaímis le sampla den chineál seo taighde ar tuar dóchais é.
cothaíonn na céimeanna ar fad deacrachtaí. all the stages give rise to difficulties.
" Tá ceithre chéim faoin gcóras seo agus cothaíonn na céimeanna ar fad deacrachtaí.
cothaíonn sé neart fadhbanna it gives rise to plenty of problems
" Dea-scéala é seo dóibh siúd a bhfuil cíocras mór orthu maidir le cúrsaí reatha ach cothaíonn sé neart fadhbanna don tionscal féin.
cumhrán róis rose perfume
" Luaitear níos mó ná uair amháin faoi Aisling, mar shampla, go bhfuil ribí dorcha gruaige ar a liopa uachtair agus samhlaítear cumhrán róis le Caoimhe.
dá n-ardódh leibhéal an uisce if the water level rose
" Mar sin, bhí smionagar réidh le titim dá n-ardódh leibhéal an uisce sa loch taobh thiar de.
Éirí na n-íochtarán Rise of the underdogs
" Shílfeá go seasfainnse ar leataobh ag breathnú ar an radharc seo go searbhasach – ach bhíos i lár baill ag canadh leo, gan de cheangal agam féin leis an ollscoil ach gur chaith mé seimeastar ag teagasc inti! Éirí na n-íochtaránThosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra.
éirí, rise,
" Ní raibh mé in ann análú, bogadh, éirí, screadáil – ní rabhas in ann tada a dhéanamh ach guí.
Éirí Amach na Cásca. Easter Rising.
" Anuas air sin, níor tugadh cead dom alt a scríobh don fhorlíonadh speisialta a cuireadh le chéile mar chomóradh ar nócha bliain Éirí Amach na Cásca.
san Éirí Amach in the Rising
" Lena chois sin, bhí clú agus cáil ar chuid acu as an tsárobair a rinne siad ar son na cúise in Éirinn, daoine mar Phiaras Béaslaí (1881-1965), Cesca Trench (1895-1918), Norma Borthwick (1862-1934) agus Séamas Ó Glasáin, a ghlac páirt san Éirí Amach i 1916 agus a bhí ina Thimire Gaeilge sna 1920í agus ina Ardmháistir ar an Cheardscoil i mBré níos déanaí.
an dtiocfaidh méadú faoi luach saothar fíorúil ealaíne ar leith, the value of a particular work will rise
" Bítear ag déanamh plé san iris maidir le cé acu an dtiocfaidh méadú faoi luach saothar fíorúil ealaíne ar leith, nó nach dtiocfaidh.
Is oth linn an t-ardú seo, we regret this rise
" Is oth linn an t-ardú seo, ach ó bhí an t-ardú deireanach praghais ann trí bliana ó shin, tá méadú suntasach tagtha ar chostais reáchtála an nuachtáin.
Spreagann an ráiteas sin that statement gives rise to
" Spreagann an ráiteas sin an chéad cheist eile: an bhfuil an locht ar an nuachtán féin? An amhlaidh nach bhfuil an táirge maith go leor chun go mbeadh fonn ar dhaoine é a cheannach? Go pearsanta, is breá liom cuid de *Lá Nua*: an dearadh ildaite agus tarraingteach; na colúin pholaitiúla le leithéidí Sheáin Uí Thuairisg; an podchraoladh laethúil, na colúin a scríobhann Conn Ó Muíneacháin ar chúrsaí blagadóireachta agus Idirlín; an deis a thugtar d’iriseoirí óga dála Mheadhbh Ní Eadhra; leideanna gnó Mháirtín Uí Mhuilleoir.
deireadh leis an imreas ba chúis leis an stailc an end to the strife which gave rise to the strike
" Rinneadh éagóir ar Teddy Holland, an t-aon bhainisteoir riamh – go bhfios domsa – nach bhfuair deis a phraiseach féin a dhéanamh de rudaí! Cé go bhfuil stailc imreoirí CLG Chorcaí thart anois, an ndéarfadh mórán daoine go bhfuil deireadh leis an imreas ba chúis leis an stailc agus a chuir bearna mhór leathan idir imreoirí agus lucht bainistíochta an chontae? ** ** **Amhras**Beidh amhras agus drochfhuil, b’fhéidir, i gceist eatarthu go dtí go n-imeoidh an ghlúin peileadóirí atá ag imirt faoi láthair, ar a laghad, agus go dtí go dtiocfaidh an chéad ghlúin eile chun cinn.
a spreagann ceisteanna which give rise to questions
" Ach tá fiúntas ag baint le siamsaíocht – tá fiúntas i rudaí a osclaíonn do chuid súl, a spreagann ceisteanna agus a léiríonn bealach eile le smaoineamh ar chúrsaí, nó bealach eile le rud a chur in iúl.
rud a chothaigh deacrachtaí móra airgid which gave rise to big financial difficulties
" Cailleadh a athair nuair nach raibh Seán ach trí bliana d’aois, rud a chothaigh deacrachtaí móra airgid don teaghlach.
thiocfadh leis sin deacrachtaí a chothú that could give rise to difficulties
" ***Míbhuntáistí:*** Tá easpa téagair agus státaireachta ag baint leis agus thiocfadh leis sin deacrachtaí a chothú i gcomhchainteanna san Aontas Eorpach.
gur cúis féinmharaithe nó féindhíobhála í. that it gives rise to suicide or self-harm.
" Deir saineolaithe go dtarlaíonn sé go minic go mbíonn buairt aigne nó an galar dubhach ar íospartaigh a fhulaingíonn an cineál seo bulaíochta agus, i gcásanna áirithe, gur cúis féinmharaithe nó féindhíobhála í.
Éirí Amach na bhFíníní the Fenian rising
" Níl trácht ar bith ar Bhéaslaí sa leabhar seo agus chuir Ó Siadhail an cheist: "*How easy is it for someone to fall between the cracks? What's a life worth*?" Thug Pádraig Ó Siadhail cuairt ar reilig Chaitliceach Learphoill, áit a bhfuil leacht a tógadh mar chuimhneachán ar Éirí Amach na bhFíníní in 1867.
Taos fuar-ardaithe cold rise dough
" Taos fuar-ardaithe sáithithe le cáis, uachtar agus uibheacha, mmmm.
Réabhlóid na Rósanna Rose Revolution
" Cinnte, luadh sna meáin go bhfuil Saakashvili i gcumhacht sa tír sin ó tharla Réabhlóid na Rósanna sa bhliain 2003, ar cheann de na “Réabhlóidí Datha” í a bhí ar siúl san Iar-Aontas Sóivéadach.
in airde rising
" Labhraítear, cinnte, faoin ráta dífhostaíochta a bheith ag dul in airde, faoin éigeandáil sa tionscal mótair agus faoin ghéarchéim mhuiníne atá ag daoine as na forais airgeadais, ach feictear dom go ndéantar bainistíocht ghlic ar dháileadh na drochnuachta seo sa chaoi is nach gcuirfear lagmhisneach amach is amach ar na Francaigh.
éireoidh shall rise up
" ” An nglacfaidh muintir na hÉireann le bheith ina mbochtáin arís? Nó an éireoidh siad amach uair amháin eile -- má fhaigheann siad amach gur cuireadh dallamullóg orthu? Sin í an cheist mhór.
ardóigh shall rise
" Tiocfaidh síneadh beag ar na laetha go luath sa bhliain úr - oiread coiscéim coiligh gach lá – agus, cé go bhfanfaidh an aimsir go dona, ardóigh an ghrian ar an spéir de réir a chéile, agus beagnach i ngan fhios dúinn beidh an geimhreadh thart is beidh snafach faoin lus agus flúirse fáis ar ball arís ann.
éirí amach rising
" Is é a bhí de dheasca an chos ar bolg seo ná éirí amach i 1963 a stiúraigh Hocine Ait Ahmed, fear de na Kabyle a bhí ina cheannaire sa ghluaiseacht frithbheartaíochta in aghaidh na bhFrancach is a bhunaigh Fronta na bhFórsaí Sóisialacha chun cás na nImazighen a chur chun cinn.
réalta éirítheach rising star
" Conas a chinnteofaí go bhfaigheadh siadsan gur leo cearta an ábhair íocaíocht ar na cearta céanna? Don duine aonair, don bhfógraitheoir nó do mhargaitheoir nó réalta éirítheach, b’fhéidir gur chuma, ach do na comhlachtaí ceoil, scannáin is teilifíse, ba dheacracht mhór é.
ardú teochta temperature rise
" Dar le Richard Alley, ollamh le geolaíocht, dá mbeadh ardú teochta sa réimse 2°C go 7°C ann leáfaí oighearchaidhp na Graonlainne ar fad.
Éirí Amach Rising
" ar an dearcadh a bhí sa Fhrainc ar Éirí Amach na Cásca, ábhar a raibh spéis aige ann i gcónaí.
Éirí Amach na Cásca the Easter Rising
" Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh a fhios againn céard a thug sinn go dtí an pointe seo, go dtuigfimis an Drochshaol, Cogadh na Talún, Éirí Amach na Cásca, Titim Gheilleagair 1929 agus 1999.
Éirí Amach Rising
" Rinneadh trácht ar 1916 agus ar an Éirí Amach, agus ar an fhuil a doirteadh ar son an neamhspleáchais.
ardú mór a large rise
" Agus leis an chúlú airgeadais in Éirinn faoi láthair, le lánchosc ar earcú d'Arm na hÉireann, cloisim go bhfuil ardú mór ar líon na n-earcach ag dul le harm Shasana: 35 i 2005/06, 40 i 2007/08, 50 i 2008/09 agus 85 i 2009/10.
D’ardaigh sé sin that rose, brought about
" D’ardaigh sé sin ana-chuid ceisteanna in ana-chuid daoine óga, mé féin ina measc agus is saghas dul chun cinn nádúrtha é as san, is dóigh liom, ceistiú a dhéanamh faoi rudaí agus aigne a athrú.
éirí aníos to rise up
" An Chéad Toghchán eile ============== Tá ré chumhachta Fhianna Fáil thart ach d’fhéadfadh an Lucht Oibre deis a thabhairt dóibh éirí aníos arís trí dul isteach i gcomhrialtas le Fine Gael.
ag dul in airde rising
" Ní thosaíonn an bóthar ag dul in airde i gceart go dtí go bhfágfar Moutiers, baile gruama faoi scáth na sléibhte a dtugtar baile tairsí na nAlp air sna bróisiúir thurasóireachta.
éirí aníos to rise up
" An Chéad Toghchán eile ============== Tá ré chumhachta Fhianna Fáil thart ach thug an Lucht Oibre deis dóibh éirí aníos arís trí dul isteach i gcomhrialtas le Fine Gael an iarraidh seo.
Éirí Amach na Cásca the Easter Rising
" (Mo thrua nach raibh ceamaraí againn ar lucht athscríofa na staire, pé áit a rabhadar, nuair a d’aithin an Bhanríon Eilís a Dó, ina beart sa Gháirdín Cuimhneacháin Náisiúnta, nár choirpigh, ach saighdiúirí in Arm na Poblachta na fir sin a d’fhear Cogadh na Saoirse agus Éirí Amach na Cásca ar an Choróin).
n-ardóidh líon na n-íospartach the number of victims shall rise
" Tá an chuma ar an scéal, faraor, go mb’fhéidir go n-ardóidh líon na n-íospartach de réir mar a fhiosrófar eachtraí nár reitíodh ag dul siar chomh fada le 1998.
fás mall réidh na Naitsíoch á scagadh aige he studied the slow rise of the Nazis
" Jackson, príomh-abhchóid na Meiriceánach ag trialacha Nuremberg agus fás mall réidh na Naitsíoch á scagadh aige trí chuimhní brónacha a mháthar.
an t-éirí amach a chur síos to suppress the rising
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
chun deireadh a chur leis an éirí amach ann to end the rising there
" ”* Ba léir do Chruise O’Brien gur bhagair na Náisiún Aontaithe go n-úsáidfí foréigean in Katanga dá mba ghá chun deireadh a chur leis an éirí amach ann agus chun ionracas fisiciúil Phoblacht an Chongó a athbhunú.
Go dtí go n-ardaíonn an deatach till the smoke rises
" Go dtí go n-ardaíonn an deatach ón urlár aníos.
níor thit an spéir anuas the sun still rises in the east
" Agus ar ndóigh tá siad i gcomhrialtas sna sé chontae ón bhliain 2007 agus níor thit an spéir anuas go dtí seo.
a deirim ar ball ag éirí dom le himeacht I said after a while as I rose up to leave
" “B’fhéidir go bhfeicfidh mé anseo arís thú,” a deirim ar ball ag éirí dom le himeacht.
ag dul in airde on the rise
" Tá an céatadán de dhaoine óga a chríochnaíonn oideachas bunscoile ag dul in airde, cé go bhfuil a dhá n-oiread níos airde i measc an chine ghil is atá sé i measc an chine ghoirm.
ag éirí níos airde rising higher
" An ghrian ag éirí níos airde sa spéir anois agus an tsráid á téamh ag solas na maidine.
an dordán aníos as a rising murmur
"an dordán aníos as mo dhá chois ag éirí níos callánaí.
D’éirigh lán an tí ina seasamh the whole crowd rose up on their feet
" Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais =================== D’éirigh lán an tí ina seasamh le bualadh bos a thabhairt do Ghearóid Ó Cairealláin nuair a fógraíodh chun an ardáin le Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais a ghlacadh ón Aire Stáit Donnchadh Mag Fhionnghaile.
ilstóraigh high rise buildings
" Rugadh Muireann Ní Chuív in Indreabhán i bhfad ó ilstóraigh Manhattan ach tá sí féin agus a fear chéile ag baint suilt as an saol cois Hudson.
an t-ardú suntasach seo this noticeable rise
" Webber, a fheicfear an t-ardú suntasach seo ó thaobh fadhbanna murtaill ach ag gach aon bhall de na 53 tír.
an éirí amach a mharaigh the rising which killed
" Gan obair, agus gan airgead, chuaigh go leor de na Sunnaígh (cuid mhaith acu iaroifigigh airm) isteach sna ceannaircigh, agus b’shin ba chúis leis an éirí amach a mharaigh na mílte saighdiúirí Meiriceánacha sa tír sin thar thréimhse cúig bliana nó mar sin.
fear an Éirí Amach the man in the Easter Rising
" Tá siad ag obair ar scannán ar Sheán Mac Diarmada, fear an Éirí Amach, faoi láthair agus ba spéis liom é nuair thiocfas sé amach.
Chomh maith le dualgas a ghabháil ann as well as the duty of going there (as a Rose)
" Chomh maith le dualgas a ghabháil ann mar Rós, chuaigh gach duine taobh m’athar amach ar imirce ansin ach aon duine amháin.
ag cothú easaontais giving rise to disagreement
" Níor cheart cead a thabhairt cluichí eile a imirt i bPáirc an Chrócaigh agus níor chóir go mbeadh an cheist áirithe seo ag cothú easaontais idir cuid ball Chumann Lúthchleas Gael.
go gcothóidh an vótáil leictreonach fadhbanna móra that electronic voting will give rise to big problems
" Tá Uinsionn Mac Dubhghaill den tuairim go gcothóidh an vótáil leictreonach fadhbanna móra le linn thoghcháin na bliana seo in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe.
ag cothú go leor fadhbanna giving rise to plenty of problems
" Tá níos mó fíona á tháirgeadh ar fud an domhain na laethanta seo ná mar atá á ól, rud atá ag cothú go leor fadhbanna do thionscal an fhíona san Astráil agus i dtíortha eile.
ag cothú go leor díospóireachta agus conspóide giving rise to plenty of debate and controversy
" Ar an 15 Meán Fómhair, noctadh dealbh i gCearnóg Trafalgar i Londain atá ag cothú go leor díospóireachta agus conspóide mar go léiríonn sé bean faoi mhíchumas agus í torrach.
a chothú to give rise to
" Tá an scannán (i)The Wind that Shakes the Barley(/i) tar éis díospóireacht a chothú faoi stair na hÉireann ach, dar le Robert McMillen, tá staraithe áirithe ar mian leo neamhaird a thabhairt ar chomhthéacs eachtraí áirithe mar Chogadh na Saoirse.
Éirí Amach Rising
" Samhlaíonn Breandán Delap cad é a bheas le rá ag ceannaire nuathofa Fhianna Fáil Nua ina aitheasc d'Ard Fheis a pháirtí sa bhliain 2016, tráth a bheas céad bliain Éirí Amach na Cásca á chomóradh.